Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026O1473

Treoirlíne (AE) 2026/1473 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Bealtaine 2026 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-Ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna (BCE/2022/8) (BCE/2026/11)

ECB/2026/11

IO L, 2026/1473, 1.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/1473/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/1473/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1473

1.7.2026

TREOIRLÍNE (AE) 2026/1473 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 4 Bealtaine 2026

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-Ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna (BCE/2022/8) (BCE/2026/11)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1 agus Airteagail 17, 18 agus 22 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Meitheamh 2021, chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil feidhmiúlacht socraíochta trasairgeadra i gcóras socraíochta íocaíochta meandraí TARGET (TARGET instant payment settlement, TIPS) i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha an Eurochórais. De thoradh an chinnidh sin, ceadóidh TIPS, ón 14 Samhain 2026, do rannpháirtithe TIPS a chloíonn le scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí Aon Leg Amháin Amach (OCT Inst) SEPA an Chomhairle Íocaíochta Eorpach (European Payment Council, EPC) íocaíochtaí a sheoladh agus a fháil leo.

(2)

Ón 15 Meitheamh 2026, tabharfar saoráid isteach chun go mbeidh rannpháirtithe in ann a leachtacht a bhainistiú ar bhealach níos fearr trí aistrithe leachtachta uathoibríocha a chumasú idir príomhchuntais airgid (main cash accounts, MCAnna) rannpháirtí agus a gcuntais airgid thirim thiomnaithe (dedicated cash accounts, DCAnna TIPS), a luaithe a shárófar tairseach nó uasteorainn arna socrú ag an rannpháirtí.

(3)

Ón 1 Iúil 2026, leasófar na táillí do shealbhóirí cuntas airgid tiomnaithe ollsocraíochta fíor-ama (real-time gross settlement dedicated cash accounts, DCAnna RTGS).

(4)

Is gá soiléiriú a dhéanamh ar incháilitheacht rannpháirtithe iarrthacha atá faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh nó ag aon Bhallstát de bhun Airteagal 65(1)(b), Airteagal 75 nó Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhfuil garéifeachtaí dócmhainneachta acu, chun a áirithiú go gcaitear le rannpháirtithe iarrthacha den sórt sin go comhréireach, agus rogha an oibreora comhpháirte TARGET a bheith fíorbheag ina leith sin.

(5)

Cé gur gá go leanfadh bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) den chumas a bheith acu faoi na coinníollacha comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht i TARGET dlús a chur le hoibleagáidí rannpháirtí i gcás ina mbeadh foirceannadh rannpháirtíochta an rannpháirtí sin mar thoradh ar mhainneachtain, ba cheart, mar sin féin, go mbeadh an rogha ag BCNanna gan dlús a chur le hoibleagáidí i gcás ina mbeadh fionraí rannpháirtíochta mar thoradh ar mhainneachtain.

(6)

Is gá freisin athbhreithnithe eagarthóireachta áirithe a thabhairt isteach ar Threoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (1).

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) mar a leanas:

1.   in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír 28a seo a leanas:

‘(28)

“scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí Aon Leg Amháin Amach (OCT Inst) SEPA an Chomhairle Íocaíochta Eorpach” nó “scéim SCT Inst”;’;

2.   in Airteagal 2, scriostar pointe (63a);

3.   leasaítear Iarscríbhinn I le héifeacht ón 15 Meitheamh 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

4.   leasaítear Iarscríbhinn III le héifeacht ón 15 Meitheamh 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

5.   leasaítear Iarscríbhinn I le héifeacht ón 14 Samhain 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

6.   leasaítear Iarscríbhinn III le héifeacht ón 14 Samhain 2026 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

Airteagal 2

Teacht in éifeacht agus cur chun feidhme

1.   Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht ar an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2.   Glacfaidh bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus na bearta sin a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a chur i bhfeidhm ón 15 Meitheamh 2026, agus na bearta sin a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus (2) agus Iarscríbhinní III agus IV a chur i bhfeidhm ón 14 Samhain 2026. Tabharfaidh siad fógra faoi na téacsanna agus faoi na meáin a bhaineann leis na bearta sin do BCE faoin 18 Bealtaine 2026 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 4 Bealtaine 2026.

Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Nua Giniúna Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras- Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2022/912/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) mar a leanas:

1.   

Leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘1.   Tá na cineálacha eintiteas seo a leanas incháilithe le bheith ina rannpháirtithe i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre], arna iarraidh sin:

(a)

institiúidí creidmheasa a bunaíodh san Aontas nó sa LEE, lena n-áirítear nuair a ghníomhaíonn siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE;

(b)

institiúidí creidmheasa a bunaíodh taobh amuigh de LEE, ar choinníoll go ngníomhóidh siad trí bhrainse a bunaíodh san Aontas nó sa LEE;

(c)

BCNanna na mBallstát agus an BCE;

ar choinníoll nach bhfuil na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh nó ag aon Bhallstát de bhun Airteagal 65(1)(b), Airteagal 75 nó Airteagal 215 den Chonradh a bhfuil d’éifeacht acu aistrithe nó íocaíochtaí chuig eintiteas den sórt sin nó uaidh a chur ar fionraí nó teorainneacha a fhorchur orthu, ar aistrithe nó íocaíochtaí iad atá comhchosúil le fionraíochtaí nó teorainneacha in imeachtaí dócmhainneachta.’

;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

‘2.   Féadfaidh an rannpháirtí rogha a dhéanamh fógra a fháil má sháraítear an íosteorainn nó an uasteorainn. Ina theannta sin, i gcás MCAnna nó DCAnna RTGS, féadfaidh an rannpháirtí a roghnú go spreagfaidh an sárú ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe.’

;

(c)

in Airteagal 27(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

aon teagmhas mainneachtana eile nó aon teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 25(2) as ar eascair foirceannadh [cuir isteach más infheidhme: nó fionraí] rannpháirtíocht an rannpháirtí, d’ainneoin tús a bheith curtha le haon imeachtaí dócmhainneachta i leith rannpháirtí agus d’ainneoin aon sanndh, astú breithiúnach nó astú eile nó diúscairt chearta an rannpháirtí nó diúscairt ina leith:’;

2.   

Leasaítear Cuid II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(4):

‘4.   Féadfaidh sealbhóir MCA a MCA a údarú le bheith curtha do dhochar i gcás go sáraítear íosteorainn i gceann amháin nó níos mó de DCAnna RTGS nó MCAnna sonraithe atá laistigh den ghrúpa aistrithe leachtachta céanna i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] nó i gcóras comhpháirte eile de TARGET. Trí údarú a thabhairt a chuntas a bheith curtha do dhochar, tugann sealbhóir an MCA treoir do [cuir isteach ainm BC] ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a fhorghníomhú lena tugtar creidmheas do DCA(nna) RTGS nó MCA(nna) aon uair a sháraítear an íosteorainn.’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Comhthaobhacht incháilithe le haghaidh creidmheasa

Beidh creidmheas ionlae, agus rochtain ar shaoráid chreidmheasa an chontrapháirtí lárnaigh, bunaithe ar chomhthaobhacht incháilithe. Beidh comhthaobhacht incháilithe comhdhéanta de na sócmhainní céanna atá incháilithe le húsáid in oibríochtaí bheartas airgeadaíochta an Eurochórais, agus beidh sí faoi réir na rialacha céanna maidir le luach agus rialú priacail leo siúd atá leagtha síos i [cuir insteach forálacha náisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm Cuid a Ceathair de Threoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/22) (*1).

(*1)  Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le cur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2024/22) (IO L 3129, 20.12.2024, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj).’;"

()  Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le cur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2024/22) (IO L 3129, 20.12.2024, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj).’;

3.   

i gCuid V, cuirtear isteach an tAirteagal 7a seo a leanas:

‘Airteagal 7a

Orduithe aistrithe leachtacha riailbhunaithe

1.   Féadfaidh sealbhóir DCA RTGS íosteorainn agus/nó uasteorainn a shonrú le haghaidh idirbheart arna bpróiseáil trína DCA RTGS.

2.   Trí uasteorainn a shocrú agus ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a roghnú, más rud é, tar éis ordú íocaíochta nó ordú aistrithe AS a shocrú, go sáraítear an uasteorainn, tugann sealbhóir an DCA RTGS treoir do [cuir isteach ainm BC] ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a fhorghníomhú lena tugtar creidmheas do MCA arna ainmniú ag an sealbhóir DCA RTGS sin. Féadfaidh an MCA creidiúnaithe bheith i seilbh rannpháirtí eile i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] nó i gcóras comhpháirte eile de TARGET.

3.   Trí íosteorainn a shocrú agus ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a roghnú, más rud é, tar éis ordú íocaíochta meandraí, freagra dearfach aisghairme nó ordú aistriú leachtachta a shocrú, go sáraítear an íosteorainn, tionscnaítear ordú aistrithe leachtachta riailbhunaithe a chuireann MCA arna údarú ag sealbhóir MCA chun dochair. Féadfaidh an MCA atá le cur do dhochar bheith i seilbh rannpháirtí eile i TARGET- [cuir isteach ragairt BC/tíre] nó i gcóras comhpháirte eile de TARGET. Ní mór do shealbhóir an MCA le cur do dhochar a údarú go gcuirfear a MCA do dhochar ar an mbealach seo.’

;

4.   

i gCuid VII, Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh sealbhóirí cuntais theicniúla AS TIPS an fheidhm teachtaireachta craolta a thairgeann TIPS a úsáid, a ligeann do shealbhóir DCA TIPS nó do shealbhóir cuntas teicniúil AS TIPS teachtaireacht a sheoladh chuig gach sealbhóir DCA TIPS eile agus sealbhóirí cuntas teicniúil AS TIPS, chun teachtaireachtaí craolta a sheoladh sna catagóirí seo a leanas:

(a)

“Tosú aga neamhfhónaimh láithreach”;

(b)

“Deireadh aga neamhfhónaimh láithreach”;

(c)

“Aga neamhfhónaimh beartaithe”.’

;

5.   

Leasaítear Foscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

in alt 3, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairtín tosaigh:

‘1.   Go dtí an 30 Meitheamh 2026 roghnóidh sealbhóirí RTGS DCAnna ceann amháin den dá rogha praghsála seo a leanas:’;

(b)

in alt 3, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

‘1a.   Ón 1 Iúil 2026 roghnóidh sealbhóirí RTGS DCAnna ceann amháin den dá rogha praghsála seo a leanas:

(a)

táille mhíosúil, chomh maith le táille seasta idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta (iontráil dochair).

Táille mhíosúil

EUR 400

Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta

EUR 0,80

(b)

táille mhíosúil, chomh maith le táille idirbhirt bunaithe ar mhéid na n-orduithe íocaíochta (iontráil dochair) agus arna ríomh ar bhonn carnach mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas. I gcás rannpháirtithe i ngrúpa billeála déanfar méid míosúil na n-orduithe íocaíochta (iontráil dochair) do na rannpháirtithe uile sa ghrúpa sin a chomhiomlánú.

Táille mhíosúil

 

EUR 5 000

Méid míosúil na n-orduithe íocaíochta

Banda

Ó

Chuig

Táille idirbhirt in aghaidh an ordaithe íocaíochta (EUR)

1.

1

10 000

0,60

2.

10 001

35 000

0,50

3.

35 001

80 000

0,40

4.

80 001

135 000

0,20

5.

135 001

200 000

0,125

6.

200 001

300 000

0,08

7.

Os cionn 300 000

 

0,05’


(*1)  Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le cur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2024/22) (IO L 3129, 20.12.2024, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj).’;


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn III de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (55):

‘(55)

ordú aistrithe leachtacha riailbhunaithe” ordú aistrithe leachtacha a spreagtar mar thoradh ar: (a) an iarmhéid ar MCA nó DCA RTGS nó DCA TIPS a sháraíonn íosteorainnr nó uasteorainn réamhshainithe; nó (b) cistí neamhleordhóthanacha ar fáil chun orduithe íocaíochta práinneach scuaine, orduithe aistrithe AS nó orduithe íocaíochta ardtosaíochta ar DCA RTGS a chumhdach;’.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) mar a leanas:

1.   

Leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

más iarratasóir é ar DCA TIPS, gur chloígh sé leis an Scéim SCT Inst trí Chomhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach SEPA a shíniú agus, más ábhartha, gur chloígh sé leis an scéim um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéimneach (OCT Inst) tríd an gComhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéim Amháin a shíniú’;

(b)

in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

más iarratasóir í ar chuntas teicniúil AS TIPS, tá fianaise curtha ar fáil aici gur soláthraíodh don Chomhairle Íochtaíochta Eorpach (EPC) an litir nochta lena léirítear go bhfuil sé ar intinn aici a bheith ina Sásra Imréitigh agus Socraíochta (CSM) atá comhlíontach le SCT Inst agus, más ábhartha, a bheith ina TSC atá comhlíontach le SCT Inst’;

(c)

in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

más iarratasóir é ar DCA TIPS, fianaise gur chloígh sé leis an scéim SCT Inst trí Chomhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach SEPA a shíniú agus, más ábhartha, gur chloígh sé le scéim Inst OCT tríd an gComhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéim Amháin a shíniú’;

(d)

in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

(d)

‘má dhéanann an t-iarratasóir iarratas ar nós imeachta socraíochta AS TIPS a úsáid, deimhniú gur sholáthair sé an litir nochtaithe do EPC lena léirítear go bhfuil sé ar intinn aige a bheith ina CSM comhlíontach SCT Inst agus, más ábhartha, CSM comhlíontach OCT Inst’;

(e)

in Airteagal 18(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

meastar go ndéantar orduithe íocaíochta meandraí a bheith curtha isteach i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] agus a bheith neamhinchúlghairthe ag an nóiméad a fhorchoimeádtar na cistí ábhartha ar DCA TIPS an rannpháirtí nó ar a chuntas teicniúil DCA TIPS’;

2.   

Leasaítear Cuid V mar a leanas:

(a)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuirfidh sealbhóir DCA TIPS [cuir isteach ainm BC] ar an eolas sula bhfeidhmeoidh sé a rogha glacadh le horduithe íocaíochta meandracha de réir Scéim Inst OCT.’

;

(b)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Féadfaidh sealbhóir DCA TIPS páirtí inrochtana amháin nó níos mó a ainmniú agus cuirfidh sé [cuir isteach ainm BC] ar an eolas má ghlacann aon cheann de na páirtithe inrochtana sin le horduithe íocaíochta meandracha de réir scéim Inst OCT. Beidh páirtithe inrochtana tar éis cloí leis an scéim SCT Inst trí Chomhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach SEPA a shíniú, agus, más ábhartha, trí scéim Inst OCT a shíniú tríd an gComhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéime a shíniú.’

2.   Soláthróidh sealbhóir DCA TIPS fianaise do [cuir isteach ainm BC] gur chloígh gach páirtí inrochtana ainmnithe leis an scéim SCT Inst. agus, más ábhartha, leis an scéim OCT Inst.

3.   Cuirfidh sealbhóir DCA TIPS [cuir isteach ainm BC] ar an eolas mura gcloíonn aon pháirtí inrochtana ainmnithe leis an scéim SCT Inst a thuilleadh agus/nó, más ábhartha, le Scéim Inst OCT agus glacfaidh sé, gan mhoill mhíchuí, bearta chun cosc a chur ar an bpáirtí sin rochtain a fháil ar DCA TIPS.’

;

(c)

in Airteagal 4(1), scriostar pointe (aa);

(d)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tar éis glacadh le hordú íocaíochta meandraí mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, seiceálfaidh TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] an bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ar DCA TIPS an íocóra chun socraíocht a chur i gcrích agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

mura bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí;

(b)

má tá cistí leordhóthanacha ar fáil, cuirtear an méid comhfhreagrach i gcúlchistí fad a bheifear ag fanacht le freagra an íocaí. I gcás go nglacfaidh an t-íocaí leis, socrófar an t-ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach. I gcás ina ndiúltaíonn an t-íocaí d’ordú íocaíochta meandraí, nó in éagmais freagairt thráthúil, de réir bhrí scéim SCT Inst nó scéim OCT Inst, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas ag an am céanna.’

;

(e)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Gan dochar do mhír 3, pointe (b), dúltóidh [cuir isteach ainm BC] d’orduithe íocaíochta meandraí má sháraíonn méid an ordaithe íocaíochta mheandraí aon iarmhéid meabhráin creidmheasa (CMB) is infheidhme.’

;

(f)

In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is éard atá san eolaire TIPS ná liosta de na BICanna a úsáidtear chun faisnéis a ródú agus cuimsíonn sé BICanna de:

(a)

shealbhóirí DCA TIPS;

(b)

páirtithe inrochtana.

Áireofar san eolaire TIPS faisnéis le haghaidh gach BIC i dtaobh an nglacann sealbhóir DCA TIPS nó an páirtí inrochtana le horduithe íocaíochta meandraí de réir scéim Inst OCT.’

;

(g)

In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Próiseálfaidh [cuir isteach ainm BC] orduithe íocaíochta meandraí shealbhóir DCA TIPS a bhfuil a rannpháirtíocht i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] curtha ar fionraí nó foirceanta faoi Chuid I, Airteagal 25(1) nó (2) agus a raibh cistí forchoimeádta ag [cuir isteach ainm BC] ina leith ar DCA TIPS de bhun Airteagal 6(3), pointe (b) roimh an bhfionraí nó roimh an bhfoirceannadh.’

;

3.   

Leasaítear Cuid VII mar a leanas:

(a)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh [cuir isteach ainm BC] ar iarratas ó AS a shocraíonn íocaíochtaí meandracha de bhun scéim SCT Inst, agus, más ábhartha, scéim OCT Inst agus, más ábhartha, íocaíochtaí beagnach meandracha ina leabhair féin, cuntas teicniúil AS TIPS amháin nó níos mó a oscailt agus a oibriú. Má fheidhmíonn sealbhóir chuntas teicniúil AS TIPS a rogha glacadh le horduithe íocaíochta meandraí de réir Scéim Inst OCT, cuirfidh sé [cuir isteach ainm BC] ar an eolas dá réir sin.’

;

(b)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5.   Féadfaidh córas coimhdeach orduithe íocaíochta meandraí agus freagraí dearfacha aisghairme a sheoladh chuig aon sealbhóir DCA TIPS nó chuig aon sealbhóir cuntais theicniúil AS TIPS, agus féadfaidh sé orduithe íocaíochta meandraí a sheoladh de réir scéim Inst OCT chuig aon sealbhóir DCA TIPS nó chuig aon sealbhóir cuntais theicniúil AS TIPS a roghnaigh iad a fháil.

6.   Gheobhaidh agus phróiseáfaidh córas coimhdeach orduithe íocaíochta meandracha, iarrata aisghairme agus freagraí dearfacha aisghairme ó aon sealbhóir DCA TIPS nó ó shealbhóir cuntais theicniúil AS TIPS.’; Má chuir sé [cuir isteach ainm BC] ar an eolas maidir le feidhmiú a rogha i gcomhréir le mír 1, glacfaidh sé le horduithe íocaíochta meandraí de réir scéim OCT Inst ó aon sealbhóir DCA TIPS nó ó aon sealbhóir cuntais theicniúil AS TIPS a roghnaigh iad a sheoladh.’

;

(c)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tar éis glacadh le hordú íocaíochta meandraí mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17(1), seiceálfaidh [cuir isteach ainm BC] an bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ar chuntas teicniúil AS TIPS an íocóra chun socraíocht a dhéanamh agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

mura bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí;

(b)

má tá cistí leordhóthanacha ar fáil, cuirtear an méid comhfhreagrach i gcúlchistí fad a bheifear ag fanacht le freagra an íocaí. I gcás go nglacfaidh an t-íocaí leis, socrófar an t-ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas go comhuaineach. I gcás ina ndiúltaíonn an t-íocaí d’ordú íocaíochta meandraí, nó in éagmais freagairt thráthúil, de réir bhrí Scéim SCT Inst nó Scéim OCT Inst, diúltófar don ordú íocaíochta meandraí agus cuirfear deireadh leis an bhforchoimeádas ag an am céanna.’

;

(d)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Gan dochar do mhír 3(b), dúltóidh [cuir isteach ainm BC] d’orduithe íocaíochta meandraí má sháraíonn méid an ordaithe íocaíochta mheandraí aon iarmhéid meabhráin creidmheasa (CMB) is infheidhme.’

;

(e)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfear an iarraidh ar aisghairm ar aghaidh chuig íocaí an ordaithe íocaíochta mheandraí socraithe a fhéadfaidh freagra athghairme dearfach nó freagra diúltach aisghairme a thabhairt.’

;

(f)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh cuntas teicniúil sealbhóir AS TIPS páirtí inrochtana amháin nó níos mó a ainmniú. Beidh na páirtithe inrochtana tar éis cloí leis an scéim SCT a shínigh Comhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach SEPA agus, más ábhartha, leis an Scéim OCT Inst a shínigh an Comhaontú Forleanúna um Aistriú Creidmheasa Meandrach Aon Chéime, agus, más féidir iad a sheoladh in TARGET mar shealbhóirí DCA RTGS, sealbhóirí BIC inteagmhála nó mar eintitis dá dtagraítear i gCuid III, Airteagal 3(1), pointe (a), tar éis dóibh a bheith údaraithe chun DCA RTGS a úsáid trí rochtain a fháil ar TIPS, beidh DCA TIPS acu nó beidh rochtain orthu trí DCA TIPS.’

;

(g)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Soláthróidh sealbhóir chuntas teicniúil AS TIPS fianaise do [cuir isteach ainm BC] gur chloígh gach páirtí inrochtana ainmnithe leis an scéim SCT Inst. agus, más ábhartha, leis an scéim OCT Inst.’

;

(h)

in Airteagal 7, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

‘3a.   Cuirfidh sealbhóir chuntas teicniúil AS TIPS [cuir isteach ainm BC] ar an eolas mura gcloíonn aon pháirtí inrochtana ainmnithe leis an scéim OCT Inst a thuilleadh.’

;

(i)

in Airteagal 8(1), scriostar pointe (d);

(j)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Is éard atá san eolaire TIPS ná liosta de na BICanna a úsáidtear chun faisnéis a ródú agus cuimsíonn sé na BICanna de:

(a)

shealbhóirí DCA TIPS;

(b)

páirtithe inrochtana.

Áireofar san eolaire TIPS faisnéis le haghaidh gach BIC i dtaobh an nglacann sealbhóir DCA TIPS nó an páirtí inrochtana le horduithe íocaíochta meandraí de réir scéim Inst OCT.’

;

(k)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Próiseálfaidh [cuir isteach ainm BC] orduithe íocaíochta meandraí shealbhóir chuntas teicniúil AS TIPS a bhfuil a rannpháirtíocht i TARGET-[cuir isteach tagairt BC/tíre] curtha ar fionraí nó foirceanta faoi Chuid I, Airteagal 25(1) nó (2) agus a raibh cistí forchoimeádta ag [cuir isteach ainm BC] ina leith ar chuntas teicniúil AS TIPS de bhun Airteagal 4(3), pointe (b) roimh an bhfionraí nó roimh an bhfoirceannad.’

;

4.   

Leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas.

(a)

in alt 4, mír (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

‘Cineál Teachtaireachta

Cur síos

Imréiteach agus Socraíocht Íocaíochtaí (pacs)

 

pacs.002

FIToFIPayment Status Report

pacs.004

PaymentReturn

pacs.008

FIToFICustomerCreditTransfer

pacs.028

FIToFIPaymentStatusRequest

Bainistiú Airgid (camt)

 

camt.003

GetAccount

camt.004

ReturnAccount

camt.011

ModifyLimit

camt.019

ReturnBusinessDayInformation

camt.025

Receipt

camt.027

ClaimNonReceipt

camt.029

ResolutionOfInvestigation

camt.050

LiquidityCreditTransfer

camt.052

BankToCustomerAccountReport

camt.053

BankToCustomerStatement

camt.054

BankToCustomerDebitCreditNotification

camt.056

FIToFIPaymentCancellationRequest

acmt.010

AccountRequestAcknowledgement

acmt.011

AccountRequestRejection

acmt.015

AccountExcludedMandateMaintenanceRequest

admi.004

InboundSystemEventNotification

Reference data (reda)

 

reda.016

PartyStatusAdviceV01

reda.022

PartyModificationRequestV01’;

(b)

in alt 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (e):

‘(e)

úsáidtear na fochineálacha teachtaireachta breise seo a leanas le haghaidh orduithe íocaíochta meandraí de réir Scéim Inst OCT:

Cineál Teachtaireachta

Cur síos

pacs.002.001.03

FIToFIPayment Status Report

pacs.008.001.08

FIToFICustomerCreditTransfer

pacs.028.001.03

FIToFIPaymentStatusRequest

Teachtaireachtaí a bhaineann le horduithe íocaíochta meandraí de réir scéim Inst OCT, sainaithneofar iad leis an iarmhír XCY sa phrótacal malartaithe teachtaireachtaí.’;

(c)

In alt 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deiridh neamhuimhrithe;

‘Má dhiúltaítear d’ordú íocaíochta meandraí nó freagra athghairme dearfach ar chúis ar bith, gheobhaidh sealbhóir DCA TIPS tuarascáil ar stádas íocaíochta (pacs.002), mar a thuairiscítear i gCaibidil 4.2 de na TIPS UDFS. Má dhiúltaítear d’ordú aistrithe leachtachta ar chúis ar bith, gheobhaidh sealbhóir DCA TIPS diúltú camt.025, mar a thuairiscítear i gCaibidil 1.6 de na TIPS UDFS.’;

5.   

Leasaítear Foscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

in alt 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (c):

‘(c)

Maidir le gach ordú íocaíochta meandraí nó freagra dearfach aisghairme a nglacann [cuir isteach ainm BC] mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, gearrfar táille EUR 0,001 ar shealbhóir DCA TIPS atá le cur chun dochair agus ar shealbhóir an chuntais theicniúil DCA TIPS nó AS TIPS atá le cur chun sochair, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú íocaíochta meandraí nó an freagra dearfach aisghairme a shocrú;’;

(b)

in alt 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (c):

‘(c)

As gach ordú um íocaíocht meandrach nó freagra aisghlaoch deimhneach a nglacann [cuir isteach ainm BC] mar a leagtar amach i gCuid I, Airteagal 17, gearrfar táille EUR 0,001 ar shealbhóir an chuntais theicniúil AS TIPS atá le cur do dhochar agus ar shealbhóir an chuntais theicniúil AS TIPS nó DCA TIPS atá le cur chun sochair, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú um íocaíocht ar an toirt nó an freagra dearfach aisghlaoch a shocrú.’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (16):

‘(16)

ciallaíonn “ordú aistrithe airgid” aon treoir ó rannpháirtí nó ó pháirtí atá ag gníomhú thar a cheann méid airgid ó chuntas amháin a chur ar fáil d’fhaighteoir trí iontráil leabhair i gcuntas eile agus ar ordú aistrithe córais choimhdigh, ordú aistrithe leachtachta, ordú íocaíochta meandraí, freagra athghairme dearfach nó ordú íocaíochta é;’;

2.

cuirtear isteach an pointe (28a) seo a leanas:

‘(28a)

Ciallaíonn “scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí Aon Chéime Amháin (OCT Inst) SEPA de chuid den Chomhairle Íocaíochta Eorpach” nó “scéim Inst OCT” scéim caighdeán oscailte lena soláthraítear sraith rialacha, caighdeán agus cleachtas idirbhainc atá le comhlíonadh ag rannpháirtithe na scéime Inst OCT, lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) idir-inoibritheacht a bhaint amach chun an chéim Euro d’aistriú creidmheasa meandrach idirnáisiúnta a sholáthar agus a oibriú;’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (33):

‘(33)

ciallaíonn “ordú íocaíochta meandraí”, i gcomhréir le scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraí SEPA (SCT Inst) de chuid den Chomhairle Íocaíochta Eorpach nó le scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraigh Aon Chéime (OCT Inst), ordú aistrithe airgid is féidir a fhorghníomhú 24 uair an chloig in aghaidh an lae aon lá féilire den bhliain, le socraíocht láithreach nó gar do shocraíocht láithreach agus fógra don íocóir, agus lena n-áirítear: (i) orduithe íocaíochta meandraí DCA TIPS go DCA TIPS; (ii) orduithe íocaíochta meandraí ó DCA TIPS go cuntas teicnIúil AS TIPS; (iii) orduithe íocaíochta meandraí ó chuntas teicniúil AS TIPS go DCA TIPS; agus (iv) orduithe íocaíochta meandraí ó chuntas teicniúil AS TIPS go AS TIPS;’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (34):

‘(34)

ciallaíonn “páirtí treorach” eintiteas atá ainmnithe amhlaidh ag sealbhóir DCA TIPS nó ag sealbhóir cuntas teicniúil AS TIPS, agus a cheadaítear chun orduithe íocaíochta meandraí nó orduithe aistrithe leachtachta a sheoladh agus/nó orduithe íocaíochta meandraí agus orduithe aistrithe leachtachta a fháil thar ceann an tsealbhóra cuntais sin nó páirtí inrochtana de chuid an tsealbhóra cuntais sin;’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (42):

‘(42)

ciallaíonn “íocaíochtaí beagnach meandracha” ordú aistrithe airgid a chomhlíonann Caighdeán NL maidir le próiseáil mheandrach aistrithe creidmheasa SEPA, nó a chomhlíonann Scéim Aistrithe Creidmheasa Meandraigh Aon Chéim Amháin (OCT Inst) SEPA de chuid den Chomhairle Íocaíochta Eorpach;’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (48):

‘(48)

ciallaíonn “ordú íocaíochta” aon treoir ó rannpháirtí nó páirtí a ghníomhaíonn ar a shon méid airgid ó chuntas amháin a chur ar fáil d’fhaighteoir trí iontráil leabhair i gcuntas eile agus nach ordú aistrithe AS, ordú aistrithe leachtachta, ordú íocaíochta meandraí nó freagra dearfach aisghairme é;’;

7.

scriostar pointe (63a).


ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/1473/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top