This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026L1472
Directive (EU) 2026/1472 of the European Parliament and of the Council of 17 June 2026 amending Directive 2012/29/EU establishing minimum standards on the rights, support and protection of victims of crime, and replacing Council Framework Decision 2001/220/JHA
Treoir (AE) 2026/1472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle
Treoir (AE) 2026/1472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle
PE/11/2026/REV/1
IO L, 2026/1472, 30.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1472/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1472 |
30.6.2026 |
TREOIR (AE) 2026/1472 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2026
lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2)(c) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go bhfaigheann íospartaigh na coireachta faisnéis, tacaíocht agus cosaint iomchuí agus go bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla, tá Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle glactha ag an Aontas (3). |
|
(2) |
Ina dhoiciméad inmheánach oibre an 28 Meitheamh 2022 maidir leis an meastóireacht ar Threoir 2012/29/AE, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, cé gur baineadh amach den chuid is mó le Treoir 2012/29/AE na tairbhí a raibh coinne leo agus go raibh tionchar dearfach ar chearta íospartach, gur ann fós d’fhadhbanna sonracha a bhaineann le cearta íospartach faoin Treoir sin. I measc na n-easnamh a sainaithníodh, ní leor an cumas atá ann chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, rochtain a fháil ar thacaíocht agus cosaint i gcomhréir le riachtanais aonair gach íospartaigh, páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla nó cinneadh a fháil maidir le cúiteamh ón gciontóir le linn imeachtaí coiriúla. Is é is aidhm don athbhreithniú seo ar Threoir 2012/29/AE freagairt do na heasnaimh a sainaithníodh sa mheastóireacht sin agus i roinnt mhaith comhairliúchán. |
|
(3) |
Tá baol níos mó ann go bhfulaingíonn íospartaigh a ndéantar idirdhealú trasnach orthu díobháil ó íospairt thánaisteach agus athíospairt. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, agus Treoir 2012/29/AE á cur chun feidhme, go dtugann na Ballstáit aghaidh ar riachtanais shonracha na n-íospartach a ndéantar difear dóibh de bharr an idirdhealaithe thrasnaigh. |
|
(4) |
Chun bealaí cuimsitheacha cumarsáide a áirithiú lena gcuirtear i gcuntas castacht riachtanais íospartach i ndáil lena gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, ba cheart gach íospartach, gan beann ar an áit san Aontas ina ndearnadh an choir agus na himthosca ina ndearnadh í, a bheith in ann rochtain a fháil ar líne chabhrach d’íospartaigh trí úsáid a bhaint as an uimhir theileafóin uile-Aontais 116 006. Ba cheart teacht isteach na huimhreach teileafóin uile-Aontais sin a bheith gan dochar do na huimhreacha teileafóin náisiúnta atá ann cheana, lena n-áirítear na huimhreacha sin le haghaidh línte cabhrach atá á mbainistiú ag eagraíochtaí neamhrialtasacha. Chomh maith le rochtain tríd an teileafón, ba cheart línte cabhrach d’íospartaigh a bheith inrochtana trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide eile, lena n-áirítear feidhmchláir ar líne agus suíomhanna gréasáin. Is féidir seirbhísí den sórt sin a dhéanamh inrochtana freisin trí bhoscaí comhrá. Ba cheart a áireamh freisin san fhaisnéis a sholáthraítear ar shuíomhanna gréasáin an fhaisnéis a shonraítear sa Treoir seo maidir le múscailt feasachta agus cumarsáid de chearta íospartach, lena ndéanfaí an fhaisnéis a sholáthraítear ar shuíomhanna gréasáin a chuíchóiriú agus dúbláil suíomhanna gréasáin ina bhfuil faisnéis faoi chearta íospartach a sheachaint. Le línte cabhrach, ba cheart íospartaigh a bheith in ann an fhaisnéis faoina gcearta agus tacaíocht mhothúchánach a fháil, agus ba cheart iad a chur ar aghaidh chuig na póilíní nó chuig seirbhísí eile, lena n-áirítear línte cabhrach speisialaithe eile, más gá. Is féidir tacaíocht mhothúchánach a thuiscint mar chur chuige ionbháúil i leith íospartach chun a chur ar a gcumas a mhothú go nglactar leo, go bhfuil siad sábháilte agus ionas gur féidir leo iad féin a chur in iúl gan bhac. Leis na línte cabhrach, ba cheart freisin íospartaigh a chur ar aghaidh chuig línte cabhrach speisialaithe eile, dá dtagraítear i gCinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún (4), amhail na huimhreacha comhchuibhithe a bhaineann leis na línte chabhrach do leanaí ‘116 111’, an líne chabhrach do leanaí atá ar iarraidh ‘116 000’ agus an líne chabhrach d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban ‘116 016’. Ba cheart na seirbhísí a sholáthraítear le línte cabhrach a bheith ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit, mar a chinntear lena dhlí náisiúnta. I gcás seirbhísí a sholáthraítear le línte cabhrach, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh soláthar na seirbhísí sin a áirithiú i dteanga amháin eile ar a laghad a thuigtear go forleathan sa Bhallstát lena mbaineann. Sa chás sin, is faoin mBallstát atá sé a chinneadh, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, cén teanga bhreise atá le roghnú. Teanga a thuigtear go forleathan is ea teanga a úsáidtear sa Bhallstát sa bhreis ar an teanga oifigiúil nó ar na teangacha oifigiúla agus ar féidir a bheith ag súil go réasúnach go dtuigfidh an t-íospartach í. D’fhéadfadh teanga a thuigtear go forleathan, mar shampla, a bheith ina teanga mhionlaigh i mBallstát, ina teanga de chuid daonra an-leochaileach nó ina teanga a úsáidtear go forleathan go hidirnáisiúnta. Maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear le línte cabhrach lena soláthraítear an fhaisnéis a shonraítear sa Treoir seo d’íospartaigh nó lena ndéantar iad a tharchur chuig seirbhísí ábhartha nó chuig línte cabhrach speisialaithe trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraítear iad i dteanga is féidir le híospartaigh a thuiscint, ar choinníoll gur féidir é sin a dhéanamh ar a laghad trí theicneolaíochtaí aistriúcháin agus ateangaireachta. Ba cheart na línte cabhrach a bheith á n-oibriú ar bhealach slán, lena n-áiritheofar nach ndéantar faisnéis, agus go háirithe sonraí, a mhalartú ar bhealach lena gceadaítear rochtain gan údarú cuí. Gan dochar do nósanna imeachta náisiúnta, tá sé tábhachtach bearta slándála iomchuí a chur chun feidhme chun aon rochtain neamhúdaraithe a chosc. Tá sé tábhachtach go bhfuil na línte cabhrach inrochtana ní hamháin trí ghlaonna intíre trí uimhir uile-Aontais 116 006, ach ó Bhallstáit eile freisin, go háirithe i gcás íospartaigh a d’fhulaing díobháil i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Ba cheart é sin a áirithiú, mar shampla, trí uimhir bhreise a sholáthar ar féidir glaoch uirthi ó Bhallstát eile chun an t-íospartach a nascadh leis an líne chabhrach ar gá dó nó di teagmháil a dhéanamh léi chun an cúnamh ábhartha a lorg. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tacaíocht a sholáthraítear le línte cabhrach gan dochar do cheart na n-íospartach chun faisnéis a fháil faoina gcearta agus faoina gcás agus chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla agus le seirbhísí tacaíochta ginearálta nó speisialaithe d’íospartaigh trí theicneolaíochtaí cumarsáide agus faisnéise iomchuí. Ba cheart na línte cabhrach a bheith á n-oibriú ag daoine a bhfuil oiliúint iomchuí orthu, lena n-áirítear saorálaithe, chun leibhéal ard seirbhíse a áirithiú agus ar bhealach atá íogair d’íospartaigh, i gcomhréir leis na caighdeáin tacaíochta cáilíochta atá ann cheana. Ba cheart na línte cabhrach a bheith á n-oibriú faoi na rialacha ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE mar a leasaítear leis an Treoir seo maidir le seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh agus a bheith á ngníomhú ar mhaithe le híospartaigh, agus ba cheart iad a bheith faoi rún agus saor in aisce. |
|
(5) |
Ba cheart feabhas a chur ar thuairisciú na coireachta san Aontas chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac, chun an athíospairt a sheachaint agus chun sochaithe níos sábháilte a áirithiú. Uaireanta ní bhíonn a fhios ag íospartaigh gur íospartaigh coire iad agus iad fós ag fulaingt díobhála, amhail íospartaigh na cibearchoireachta. Is gá neamhíogaireacht an phobail i leith na coireachta a chomhrac trí fheasacht an phobail a ardú, trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh, trí aon bhacainní ar thuairisciú coire a laghdú agus trí thimpeallachtaí níos sábháilte a chruthú d’íospartaigh chun coireacht a thuairisciú. Tá sé sin ábhartha go háirithe do na híospartaigh sin ar lú an dóchúlacht go ndéanfaidh siad coir a thuairisciú, ar gnách gurb iad na híospartaigh is mó a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Chun aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú, tá sé tábhachtach freisin tuairisciú do na húdaráis inniúla a éascú do dhaoine a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil amhras orthu de mheon macánta, go ndearnadh cion coiriúil. |
|
(6) |
I gcás nach dtuairiscítear cionta coiriúla nó i gcás a dtearcthuairiscithe, déantar difear leis don Aontas ar fad agus cuirtear bac ar fheidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh saoirse, slándála agus ceartais. Áirítear sa phróiseas chun cionta coiriúla a thuairisciú céimeanna éagsúla a shainítear sna rialacha nós imeachta is infheidhme a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Áirítear ar na céimeanna sin, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme, gearán a dhéanamh nó údaráis inniúla a bheith ag gníomhú ex officio. Ba cheart an próiseas maidir le tuairisciú cionta coiriúla a dhéanamh níos éifeachtaí chun feabhas a chur ar chosc na coireachta agus ba cheart é a bheith ina dhíspreagadh do chiontóirí ionchasacha. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/29/AE a leasú chun tuairisciú cionta coiriúla a éascú trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá inrochtana go héasca agus soláimhsithe don úsáideoir. |
|
(7) |
Chun rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú d’íospartaigh, ba cheart do na Ballstáit bealaí saor in aisce, inrochtana, soláimhsithe, sábháilte agus atá ar fáil go héasca a chur i bhfeidhm chun cionta coiriúla a thuairisciú. D’fhéadfaí a mheas go mbeadh sé ní b’iomchuí cionta coiriúla a thuairisciú go pearsanta, inter alia, i gcásanna práinneacha, amhail i gcásanna a bhaineann le garbhagairt, i gcásanna ina bhfuil gá le hobair leantach láithreach, i gcásanna inar gá fianaise a fháil gan mhoill, nó i gcás ina bhfuil gá le teagmháil phearsanta chun éifeachtacht an imscrúdaithe choiriúil a áirithiú. D’fhéadfaí a mheas gurbh iomchuí cionta coiriúla a thuairisciú trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, inter alia, i gcásanna áirithe neamhphráinneacha agus i gcás cionta coiriúla neamhfhoréigneacha. Baineann cásanna foréigneacha le foréigean fisiciúil nó síceolaíoch. Agus infhaighteacht an tuairiscithe sin á cinneadh, ba cheart do na Ballstáit leas an íospartaigh a mheas, agus é á chur i gcuntas acu an áiritheofaí le tuairisciú ar líne go ndéanfadh an t-údarás inniúil an tuairisc a fhíorú, a mheasúnú nó a phróiseáil go tráthúil, an gcruthófaí le tuairisciú ar líne riosca go gcaillfí fianaise nó go dtiocfadh meath uirthi, agus an ndéanfaí dochar don chás mar gheall ar agallamh moillithe nó neamh-leormhaith leis an íospartach. |
|
(8) |
Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú tríú páirtí a éascú. Le tuairisciú tríú páirtí, is féidir rogha eile a chur i láthair seachas tuairisciú go díreach chuig na húdaráis inniúla agus ceadaítear d’íospartaigh eolas faoi chion coiriúil a chur in iúl, de mheon macánta, do thríú páirtí atá oilte go hiomchuí, amhail eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta nó eagraíocht neamhrialtasach. Cuireann an tríú páirtí sin, le toiliú ón íospartach, i gcás inarb indéanta, na húdaráis inniúla ar an eolas ansin. Le tuairisciú tríú páirtí, is féidir rochtain íospartach ar an gceartas a éascú in imthosca ar leith, amhail i gcás ina bhfuil eagla orthu faoi iarmhairtí. Leis sin freisin, cuidítear chun aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú na coireachta. Is féidir leis na Ballstáit tacú le tuairisciú tríú páirtí agus é a éascú trí chomhar agus trí idirphlé níos dlúithe a chur chun cinn idir údaráis inniúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar dóigh dóibh faisnéis a fháil ó íospartaigh maidir le cionta coiriúla. Leis an gcomhar agus leis an idirphlé sin, is féidir a chur ar chumas na n-údarás tuiscint chruinn a bheith acu ar mhinicíocht na coireachta ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal sochaíoch. Tá tuairisciú tríú páirtí gan dochar do rialacha nós imeachta náisiúnta maidir le tuairisciú agus tíolacadh fianaise a chur ar bhonn foirmiúil. Tá an tuairisciú sin éagsúil le tríú páirtithe a bheith ag déanamh ionadaíocht ar íospartaigh in imeachtaí coiriúla agus tá sé gan dochar do na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir leis an nós imeachta is gá d’údarás inniúil chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh imscrúdú a sheoladh go foirmiúil i gcás áirithe. |
|
(9) |
Bearta a dhéantar chun íospartaigh a chosaint sula gcuirtear an ciontóir ar an eolas gur tuairiscíodh cion coiriúil, ní dochar iad d’Airteagail 3 agus 6 de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(10) |
Maidir le cion coiriúil a dhéantar i saoráidí amhail institiúidí meabhairshláinte agus cúraim shóisialta, dílleachtlanna agus tithe scoir agus aon suíomh dúnta poiblí nó príobháideach eile atá faoi rialú údaráis bhreithiúnacha, riaracháin nó údaráis phoiblí eile, nó aon institiúid phríobháideach nach bhfuil cead ag na daoine sin imeacht ar toil nó nach bhfuil sé nó sí ábalta imeacht dá dheoin nó dá deoin féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le daoine a bhfuil a saoirse srianta an cion sin a thuairisciú go héifeachtach. |
|
(11) |
Tá sé tábhachtach go ndéanann na Ballstáit uile sásraí níos éifeachtaí a fhorbairt chun teagmháil a dhéanamh le híospartaigh coireanna nach dtuairiscítear. Is suntasach scála fhadhb na coireachta neamhthuairiscithe. Fuarthas amach i suirbhé 2021 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal ‘Crime, Safety and Victims’ Rights’ [Coireacht, Sábháilteacht agus Cearta Íospartach], nach dtuairiscíonn íospartaigh coireanna i bhformhór na gcásanna. Baineann sé sin go háirithe le cineálacha áirithe coireachta, amhail foréigean teaghlaigh, agus le catagóirí áirithe íospartach, go háirithe iad siúd is leochailí. Chun aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun dea-chleachtais a mhalartú agus bearta nuálacha a mheas arb é is aidhm dóibh tuairisciú coireanna a mhéadú. Ina leith sin, tá beartais curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát bunaithe ar an gcur chuige ‘saor chun tuairisciú gan frithiarmhairtí’, lena gceadaítear do dhaoine coir a thuairisciú d’údaráis inniúla gan beann ar a stádas cónaithe nó gan eagla roimh fhrithiarmhairtí i gcás ina nochtar a stádas neamhrialta. Ba cheart do na húdaráis inniúla aon rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, go háirithe an prionsabal nár cheart sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an chríoch ar ina leith a bailíodh iad, ach amháin más ann do bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus i gcás ina bhfuil an phróiseáil chun na críche eile sin riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ag brath ar chuspóir na próiseála, ba cheart do na húdaráis inniúla an creat iomchuí cosanta sonraí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a tharchur idir údaráis éagsúla. |
|
(12) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar é a thaifeadadh go cuí an fógra a thugtar d’íospartaigh faoina gceart chun faisnéis a fháil faoi na himeachtaí coiriúla agus aon iarraidh ó na híospartaigh an fhaisnéis sin a fháil. |
|
(13) |
Ba cheart seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite a bheith ar fáil do raon leathan íospartach a bhfuil riachtanais shonracha acu. Ní hamháin gur féidir a bheith san áireamh ar na híospartaigh sin íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, ach chomh maith leis sin íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, íospartaigh na coireachta eagraithe, íospartaigh faoi mhíchumas, íospartaigh an dúshaothraithe, íospartaigh na fuathchoireachta, íospartaigh na sceimhlitheoireachta nó íospartaigh na céastóireachta, íospartaigh an fhuadaigh fhorfheidhmithe agus íospartaigh an chinedhíothaithe, na gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna, na gcoireanna cogaidh nó choir an fhogha mar a shainmhínítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 8bis de Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Mar chuid den fhreagairt spriocdhírithe chomhtháite d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, is féidir frithghiniúint éigeandála, cóireáil phróifiolacsach iartheagmhála, tástáil le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus rochtain ar ghinmhilleadh a bheith san áireamh ar na seirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil go dlíthiúil i mBallstát ar leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlíthe agus forálacha bunreachtúla. Ba cheart, leis sin, lánurraim a thabhairt do fhreagrachtaí na mBallstát maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 168(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(14) |
Is éard is seirbhísí tacaíochta ginearálta ann seirbhísí a bhunaítear chun tacú le híospartaigh uile na coireachta. Is iad seirbhísí tacaíochta speisialaithe seirbhísí atá saincheaptha do ghrúpaí sonracha íospartach nó do chineál sonrach seirbhíse. Is féidir na seirbhísí tacaíochta speisialaithe sin a sholáthar do ghrúpaí áirithe íospartach, mar shampla bunaithe ar an gcineál coireachta a bhain dóibh nó ar shaintréithe pearsanta an íospartaigh. |
|
(15) |
Ba cheart rochtain éasca a bheith ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe ar bhonn neamh-idirdhealaitheach roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina ndiaidh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur leordhóthanach dáileadh geografach seirbhísí ar íospartaigh, mar shampla go bhfuil seirbhísí i limistéir thuaithe, iargúlta agus inar tearc an daonra, agus tíreolaíocht agus comhdhéanamh déimeagrafach an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, agus ba cheart dóibh uaireanta oscailte iomchuí agus soláthar seirbhísí trí roinnt cainéal a áirithiú freisin. Ba cheart seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe a chomhordú go háirithe trí atreoruithe atá bunaithe ar riachtanais shonracha íospartach; ba cheart iad a bheith saor in aisce agus faoi rún, lena n-áirítear a bheith cosanta go leormhaith ar aon nochtadh míchuí. |
|
(16) |
Le linn géarchéimeanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá ar leith lena áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh na coireachta ar sheirbhísí tacaíochta i gcomhréir lena riachtanais aonair. Mar gheall ar an ngéarchéim, d’fhéadfadh sé a bheith deacair do na Ballstáit feidhmiú iomlán na seirbhísí uile a sholáthraítear d’íospartaigh de ghnáth a áirithiú. I gcás géarchéime, tá sé tábhachtach do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar a laghad ar bhunriachtanais aonair na n-íospartach. D’fhéadfaí go n-áireofaí ar na bunriachtanais aonair sin cúram éigeandála, ionaid dídine, agus bearta cosanta fisiciúla agus tacaíochta síceolaíche. |
|
(17) |
Ba cheart tacaíocht shíceolaíoch bhreise a bheith ar fáil d’íospartaigh a bhfuil an tacaíocht sin de dhíth orthu chomh fada agus is gá, i gcomhréir lena riachtanais aonair, i gcás inar sainaithníodh leis an measúnú aonair de bhun na Treorach seo go bhfuil gá speisialta le tacaíocht shíceolaíoch. |
|
(18) |
Chun iarmhairtí tromchúiseacha na híospartha ag aois luath a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shaol iomlán an íospartaigh a sheachaint, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfaigheann gach íospartach ar leanbh é, lena n-áirítear leanaí a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar choir a fheiceáil, an caighdeán is airde tacaíochta agus cosanta. Ba cheart do gach údarás inniúil cur chuige atá oiriúnach do leanaí a ghlacadh. Thairis sin, tá sé tábhachtach go rachaidh na seirbhísí tacaíochta agus cosanta spriocdhírithe agus comhtháite, lena n-áirítear cur chuige comhordaithe agus comhoibritheach na n-údarás breithiúnach agus na seirbhísí sóisialta, chun tairbhe do na híospartaigh is leochailí ar leanaí iad, i gcomhréir lena riachtanais aonair. Gan dochar do na córais tacaíochta náisiúnta atá ann cheana, moltar do na Ballstáit na seirbhísí tacaíochta agus cosanta sin a sholáthar laistigh den aon áitreabh amháin, i gcás ina bhféadfaí leis sin feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar chomhordú agus ar fholláine fhoriomlán an linbh. |
|
(19) |
Is féidir le rannpháirtíocht i dtriail a bheith ina heispéireas mothúchánach deacair agus dúshlánach d’íospartaigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtugtar cúnamh d’íospartaigh atá i láthair in áitreabh cúirte agus go bhfuil siad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sna himeachtaí coiriúla, i gcomhréir lena ról iontu. Ar an gcúis sin, gach íospartach a bhfuil faisnéis agus tacaíocht mhothúchánach de dhíth orthu in áitreabh cúirte ina mbíonn imeachtaí coiriúla ar siúl, go háirithe íospartaigh na coireachta tromchúisí, ba cheart dóibh faisnéis phraiticiúil a fháil maidir le gnéithe eagraíochtúla d’imeachtaí cúirte coiriúla, chomh maith le tacaíocht mhothúchánach. Is féidir le baill foirne cúirte, saorálaithe oilte, seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh nó údaráis inniúla, mar shampla, tacaíocht mhothúchánach a thairiscint, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit. Ní éilítear leis an gcúnamh sin saoráidí breise a sholáthar ná seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a bheith i láthair go buan san áitreabh cúirte. |
|
(20) |
Ba cheart gach íospartach san Aontas, i gcomhréir lena stádas in imeachtaí coiriúla, a chur ar an eolas faoi chinntí a rinneadh in imeachtaí cúirte agus lena ndéantar difear díreach dóibh. Ba cheart a áireamh sna cinntí sin ar a laghad cinntí maidir le hateangaireacht agus le haistriúchán le linn éisteachtaí cúirte agus cinntí maidir le bearta cosanta speisialta atá ar fáil d’íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha chosanta acu. Ba cheart an ceart a bheith ag íospartaigh freisin athbhreithniú a iarraidh ar chinntí a bhaineann lena gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin, lena gceart chun éisteacht a fháil agus lena gceart chun cúnaimh dhlíthiúil, i gcás ina ndéantar na cinntí sin le linn éisteachtaí cúirte. Maidir leis an gceart chun athbhreithniú a iarraidh, ba cheart é a fheidhmiú i gcomhréir le nósanna imeachta sa dlí náisiúnta agus le stádas na n-íospartach in imeachtaí coiriúla. Leis an gceart sin, ní cheanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásra nó do nós imeachta ar leithligh nó nua inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, más ann don sásra nó don nós imeachta sin cheana féin, agus níor cheart dóibh síneadh míréasúnach a chur le himeachtaí coiriúla ná iad a chur ar fionraí. Ba cheart é a bheith indéanta athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh laistigh den chás céanna, agus d’fhéadfadh an t-údarás céanna an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, b’fhéidir. Ba cheart é a bheith indéanta freisin an t-athbhreithniú a dhéanamh ó bhéal le linn na n-imeachtaí cúirte, agus urraim chuí á tabhairt do cheart an íospartaigh chun aistriúcháin agus ateangaireachta. |
|
(21) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach nochtar don chiontóir sonraí pearsanta a bhaineann le háit chónaithe nó sonraí teagmhála coibhéiseacha eile an íospartaigh. I gcásanna eisceachtúla inar cheart na sonraí sin a sholáthar don chiontóir, ba cheart don údarás inniúil, agus measúnú á dhéanamh aige i dtaobh an bhfuil an gá leis na sonraí sin a nochtadh, feidhmiú chearta na cosanta a chur i gcuntas, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 7 de Threoir 2012/13/AE chun nach ndéantar dochar do chearta na cosanta agus d’aon leas dlisteanach i nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ní ba mhó ná ceart an íospartaigh chun sonraí pearsanta a chosaint. I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá na sonraí sin a nochtadh, tá sé tábhachtach go ndéanann na húdaráis inniúla breithniú ar bhearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann go ndéanfaí díobháil shíceolaíoch nó fhisiciúil don íospartach a mhaolú. Ní dochar an Treoir seo don dlí náisiúnta maidir le trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis, atá bunaithe ar thraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. |
|
(22) |
Tá an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil fíor-riachtanach chun rochtain uilíoch ar cheartas agus ar rannpháirtíocht éifeachtach d’íospartaigh in imeachtaí coiriúla a áirithiú agus ba cheart, dá bhrí sin, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a chur ar fáil d’íospartaigh a bhfuil sé de cheart acu a bheith ina bpáirtithe sna himeachtaí coiriúla. Ba cheart a áireamh air sin na híospartaigh sin a bhfuil stádas páirtí acu tráth a thugtar isteach iarraidh ar chúnamh dlíthiúil, chomh maith leo siúd a gcinnfear a stádas foirmiúil mar pháirtí ag céim níos déanaí de na himeachtaí, amhail i gcás nach ndeonaítear stádas páirtí ach amháin tar éis cinneadh chun an ciontóir a ionchúiseamh. Ba cheart a chumhdach le cúnamh dlíthiúil na costais agus na speansais a bhaineann le cúnamh dlíodóra le linn imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear na costais sin a thabhaítear sula ndeonaítear stádas mar pháirtí. Agus tástáil fiúntais á déanamh, i gcás ina ndearnadh measúnú aonair de bhun na Treorach seo cheana féin, moltar do na Ballstáit torthaí an mheasúnaithe sin a chur i gcuntas. Catagóirí áirithe íospartach, amhail íospartaigh faoi mhíchumas, íospartaigh ar leanaí iad nó íospartaigh coireanna áirithe, agus go háirithe íospartaigh leochaileacha, a bhfuil sé de cheart acu a bheith ina bpáirtithe in imeachtaí coiriúla, ba cheart cúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh nuair nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu. Ba cheart do na Ballstáit na catagóirí sin a shainiú sa dlí náisiúnta. Ní chruthaítear leis an Treoir seo aon cheart chun bheith mar pháirtí in imeachtaí coiriúla. Moltar do na Ballstáit cúnamh dlíthiúil a dheonú d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, na sceimhlitheoireachta agus na gáinneála ar dhaoine gan beann ar thástáil acmhainne nó ar thástáil fiúntais. |
|
(23) |
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar gach íospartach ar bhealach tráthúil, leormhaith, éifeachtúil agus comhréireach, i gcomhréir leis an Treoir seo agus le nósanna imeachta náisiúnta atá ábhartha chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha na Treorach seo. Tá nósanna imeachta náisiúnta tábhachtach chun a áirithiú go gcuirtear bearta tacaíochta agus cosanta in oiriúint do riachtanais aonair an íospartaigh agus do na himthosca agus gur féidir leis na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eagrú praiticiúil na measúnuithe a chinneadh, lena n-áirítear na hinstitiúidí nó na comhlachtaí is iomchuí chun iad a chur i gcrích. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh an tacaíocht agus an chosaint a fhreagraíonn dá riachtanais aonair. Ba cheart an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta agus cosanta íospartach a bheith ag maireachtáil chomh fada agus is gá, ag brath ar riachtanais aonair na n-íospartach. Ciallaíonn sé gur féidir an measúnú sin a dhéanamh i gcéimeanna, mar shampla ní bheidh teagmháil ag roinnt íospartach ach le seirbhís póilíneachta, agus rachaidh íospartaigh eile faoi chéimeanna breise measúnaithe aonair. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar gach íospartach ag an gcéim is luaithe is féidir, amhail le linn a gcéad teagmhála le húdaráis inniúla, mar shampla údaráis forfheidhmithe dlí agus ionchúisimh, ar cheart a bhfoireann a bheith oilte go hiomchuí chun a áirithiú go sainaithneofar na híospartaigh is leochailí ag céimeanna an-luath sna himeachtaí. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar íospartaigh a bhfuil measúnú feabhsaithe de dhíth orthu, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar nó i gcomhordú le hinstitiúidí agus comhlachtaí ábhartha, agus le seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe, lena n-áirítear atreoruithe chucu, ag brath ar riachtanais aonair na n-íospartach agus ar chéim an nós imeachta. Is iad na seirbhísí agus na húdaráis forfheidhmithe dlí sin is fearr atá in ann measúnú a dhéanamh ar staid fholláine an íospartaigh. Ní mheastar gurb í teagmháil le línte cabhrach an chéad teagmháil le húdaráis inniúla. Ar na hinstitiúidí agus na comhlachtaí ábhartha, is féidir údaráis bhreithiúnacha inniúla agus údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a oibríonn le híospartaigh, chomh maith leo siúd atá freagrach as bearta cosanta a ghlacadh, a bheith san áireamh. Sa mheasúnú aonair ar riachtanais íospartaigh, ba cheart measúnú ar an ngá atá ag an íospartach le tacaíocht, ní hamháin le haghaidh cosanta, a áireamh. Tá sé bunriachtanach íospartaigh a bhfuil tacaíocht speisialta de dhíth orthu a shainaithint chun go ndéanfar tacaíocht spriocdhírithe, amhail tacaíocht shíceolaíoch, a sholáthar dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu. Agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais tacaíochta agus chosanta na n-íospartach, ba cheart díriú ar shábháilteacht an íospartaigh a chosaint agus ar thacaíocht agus cosaint spriocdhírithe a sholáthar, agus imthosca aonair an íospartaigh, tionchar na coire agus leochaileachtaí sonracha an íospartaigh, inter alia, á gcur i gcuntas. Go háirithe, ba cheart saintréithe pearsanta na n-íospartach a chur i gcuntas sa mheasúnú aonair, lena n-áirítear taithí ábhartha ar an idirdhealú, lena n-áirítear idirdhealú bunaithe ar fhorais thrasnacha, amhail inscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne, aois, míchumas, stádas cónaithe, reiligiún nó creideamh, teanga, bunadh ciníoch, sóisialta nó eitneach, agus gnéaschlaonadh. Ba cheart a chur i gcuntas sa mheasúnú aonair freisin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, na rioscaí a bhaineann leis an gciontóir, ar ciontóir é nó í a bhféadfadh stair foréigin a bheith aige nó aici, a d’fhéadfadh airm a úsáid nó a d’fhéadfadh mí-úsáid a bhaint as drugaí agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh rioscaí ní b’airde a bheith ag baint leis nó léi d’íospartaigh, chomh maith le cásanna ina bhfuil íospartaigh ag brath ar an gciontóir, mar shampla ó thaobh airgeadais de. Ba cheart an measúnú aonair a dhéanamh ar mhaithe le leas an íospartaigh, agus íospairt thánaisteach nó athíospairt a sheachaint. I gcás inarb ábhartha agus iomchuí, ba cheart riachtanais tacaíochta agus chosanta bhaill teaghlaigh an íospartaigh a chur san áireamh go cuí sa mheasúnú aonair. |
|
(24) |
Mar thoradh ar an measúnú ar riachtanais chosanta íospartach, ba cheart íospartaigh a bhfuil cosaint fhisiciúil de dhíth orthu, go háirithe i gcásanna atá bagrach don bheatha, a bheith in ann cosaint fhisiciúil a fháil i bhfoirm atá oiriúnaithe dá gcás áirithe. Ar na bearta le haghaidh cosaint fhisiciúil, ba cheart go n-áireofaí láithreacht údarás forfheidhmithe dlí nó comhlachtaí eile a sholáthraíonn cosaint fhisiciúil, bearta chun an ciontóir a choinneáil ar shiúl ón íospartach ar bhonn orduithe urchoisc, srianta nó cosanta náisiúnta nó atreoruithe chuig ionaid dídine agus socrú eatramhach eile. Is féidir leis na bearta sin a bheith de chineál coiriúil, riaracháin nó sibhialta. Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt i measc na n-údarás inniúil ábhartha maidir le hinfhaighteacht na mbeart cosanta sin agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear íospartaigh ar an eolas faoi infhaighteacht na mbeart sin agus faoina gceart iarratas a dhéanamh orthu. Tá ról ríthábhachtach ag ionaid dídine agus ag cóiríocht eatramhach iomchuí eile d’íospartaigh chun íospartaigh a chosaint ar ghníomhartha foréigin. Cuirtear cóiríocht shábháilte agus éigeandála ar fáil leo inar féidir le híospartaigh tearmann a lorg ó fhoréigean agus tacaíocht a lorg chun a saol a atógáil ar bhealach atá saor ó fhoréigean. Tá na Ballstáit faoi cheangal ag Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin (6) agus, dá réir sin, tá orthu ionaid dídine shonracha agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile a chur ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus an fhoréigin ghnéasaigh, ós rud é gur seirbhísí riachtanacha iad sin do na híospartaigh sin. |
|
(25) |
A luaithe atá cinneadh maidir le cúiteamh don íospartach déanta le linn imeachtaí coiriúla, ba cheart don chiontóir an cúiteamh a dhámhtar a íoc gan moill mhíchuí. Déantar moill a ríomh ó dhul in éag an lae dheireanaigh den sprioc-am le haghaidh íocaíocht deiridh, agus meastar í a bheith ‘míchuí’ i gcás ina sáraíonn sí an méid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach i bhfianaise imthosca an cháis. Is é an cúiteamh a dhámhtar dá dtagraítear sa Treoir seo an cúiteamh a dhámhtar tar éis cinneadh deiridh maidir le cúiteamh. Ba cheart bearta forghníomhaithe nó forfheidhmithe iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cabhrú le híospartaigh an cúiteamh sin a dhámhtar a fháil. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta forghníomhaithe nó forfheidhmithe sin, inter alia, urghabháil sócmhainní, forfheidhmiú ag báillí, gairnisiú ioncaim nó íocaíochtaí poiblí, nó nósanna imeachta sibhialta nó coiriúla eile lena n-áirithítear forfheidhmiú an chinnidh deiridh maidir le cúiteamh. Tá lánrogha ag na Ballstáit an cúiteamh arna dhámhachtain a réamhíoc go hiomlán nó go páirteach leis an íospartach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Le réamhíocaíocht an chúitimh, ní cheanglaítear ar na Ballstáit sásraí cúitimh nua a bhunú ná gníomhú mar phríomhíocóir an chúitimh. |
|
(26) |
Bíonn lánrogha ag údaráis inniúla agus na bearta iomchuí á gcinneadh acu chun go n-íoslaghdaítear na deacrachtaí a bhíonn ag íospartaigh atá ina gcónaí i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an cion coiriúil. |
|
(27) |
Mar thoradh ar ghlóiriú cionta coiriúla tromchúiseacha, mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta, amhail briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nó ómós a thabhairt don chiontóir i gcion coiriúil tromchúiseach, is féidir dínit na n-íospartach a bhaint agus a bheith ina chúis le fulaingt nó díobháil bhreise dóibh. Ba cheart rochtain a bheith ag íospartaigh den sórt sin ar na bearta tacaíochta agus cosanta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Mar thoradh ar na cionta sin, is féidir le híospartaigh a bheith soghonta go háirithe d’íospairt thánaisteach agus athíospairt, d’imeaglú agus do fhrithbheartaíocht. Is éard atá i mbriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, inter alia, gníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú, cion coiriúil faoi Threoir (AE) 2017/541. Ina theannta sin, is cionta coiriúla faoi Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle iad gríosú poiblí chun gníomhartha ciníochais nó seineafóibe a dhéanamh, nó tacú go poiblí le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh na daonnachta nó le coireanna cogaidh, nó diúltú dóibh, nó beag is fiú a dhéanamh díobh (8). Leis an Treoir seo, ní cheanglaítear ar na Ballstáit glóiriú cionta coiriúla tromchúiseacha a choiriúlú, ná ní cheanglaítear léi fuathchaint nó fuathchoireacht a choiriúlú. Sna Conclúidí ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir le feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta agus ar an aitheantas a thugtar dóibh, áirítear liosta luachmhar de dhea-chleachtais agus de bhearta chun cosaint níos fearr a thabhairt d’íospartaigh na coire sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta freisin chun tacú le híospartaigh cineálacha eile coireachta, amhail íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh atá i mbaol mór íospartha tánaistí agus ar féidir leo díobháil bhreise agus díothacht dínite a fhulaingt ó ghlóiriú na gcionta sin. |
|
(28) |
Bearta lena gcuirtear ar a gcumas d’íospartaigh agus dá mbaill teaghlaigh teagmháil leis an gciontóir a sheachaint, is féidir scáileáin mhóibíleacha a bheith ar fáil i seomraí cúirte a bheith san áireamh. |
|
(29) |
Ba cheart rochtain a bheith ag oifigigh ar dóigh dóibh teagmháil phearsanta a bheith acu le híospartaigh ar leibhéal is iomchuí dá dteagmháil le híospartaigh maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/29/AE agus ba cheart dóibh oiliúint thráthrialta leordhóthanach a fháil i leith an leibhéil sin. Tá oiliúint den sórt sin ábhartha go háirithe do phóilíní, d’fhoireann na cúirte, do bhreithiúna, d’ionchúisitheoirí, do dhlíodóirí agus dóibh siúd a sholáthraíonn tacaíocht d’íospartaigh agus do sheirbhísí ceartais aisiríoch, agus do chleachtóirí sláinte a mhéid a thagann siad i dteagmháil le híospartaigh. Ba cheart oiliúint d’údaráis inniúla a bheith éifeachtach agus idirdhisciplíneach agus ba cheart é a bheith mar aidhm léi leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun rannpháirtíocht agus idirghníomhaíocht a fheabhsú. Tá sé tábhachtach go gcumhdófaí le cláir oiliúna ábhair amhail an cineál díobhála a d’fhulaing íospartaigh a shainaithint, íospairt thánaisteach agus athíospairt a chosc, cumarsáid atá íogair d’íospartaigh agus ionbháúil, bearta leormhaithe tacaíochta agus cosanta a roghnú, chomh maith le comhordú éifeachtach agus atreoruithe chuig seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh. Ba cheart an oiliúint a bheith íogair ó thaobh inscne, míchumais, leanaí agus tráma de. Is féidir éifeachtacht na hoiliúna a fheabhsú tuilleadh trí chomhoibriú le heagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear comhlachais íospartach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá sé tábhachtach oiliúint fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc na n-údarás náisiúnta, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí, agus eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh chun tacaíocht agus cosaint níos fearr d’íospartaigh a áirithiú chomh maith le comhordú i measc na n-údarás agus na n-eagraíochtaí lena mbaineann. Meastar gur dea-chleachtas iad treoirlínte agus seicliostaí sonracha d’oifigigh forfheidhmithe dlí. Ba cheart díriú san oiliúint freisin ar an gcibearchoireacht chun a chur ar chumas daoine a thagann i dteagmháil le híospartaigh na cibearchoireachta freagairt dá riachtanais shonracha. |
|
(30) |
D’ainneoin na feabhsuithe suntasacha atá bainte amach ó tháinig Treoir 2012/29/AE i bhfeidhm, léirítear san fhianaise gur minic nach mbíonn íospartaigh ar an eolas go leordhóthanach faoina gcearta go fóill, rud lena mbaintear an bonn ó éifeachtacht na Treorach sin agus lena gcuirtear bac ar íospartaigh teacht ar bráid chun coireacht a thuairisciú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh na Ballstáit feachtais éifeachtacha múscailte feasachta i bhfeidhm chun feasacht na n-íospartach a mhéadú maidir lena gcearta faoi Threoir 2012/29/AE mar a leasaítear leis an Treoir seo, agus maidir le cearta eile faoin dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh freisin chun feasacht a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear i scoileanna. D’fhéadfaí na feachtais sin a sheoladh trí úsáid a bhaint as modhanna éagsúla cumarsáide amhail na meáin, lena n-áirítear na meáin shóisialta, póstaeir ar iompar poiblí, bileoga eolais sna cúirteanna, in ospidéil agus i stáisiúin phóilíneachta, nó feidhmchláir mhóibíleacha. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit feabhas a dhéanamh maidir le haimsiú na n-áiteanna ar féidir le híospartaigh dul chucu agus cabhair a fháil maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Treoir seo, cuir i gcás trí chomharthaíocht nó trí eolairí agus clárlanna poiblí a chur ar bun, mar shampla eagraíochtaí tacaíochta creidiúnaithe nó dlíodóirí. Tá sé tábhachtach go bhfuil sé d’aidhm ag na Ballstáit bearta den sórt sin a fhorbairt go cothrom do gach cineál coire. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aghaidh le bearta feabhsaithe ar riachtanais íospartach a bhfuil bacainní ar chumarsáid níos airde rompu ná mar atá roimh íospartaigh eile, lena n-áirítear íospartaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an choir, íospartaigh faoi mhíchumas agus íospartaigh ar leanaí iad. |
|
(31) |
Ní féidir le híospartaigh tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta chun faisnéise, chun tacaíochta agus chun cosanta i gcomhréir lena riachtanais aonair má bhíonn comhar agus comhordú ina gcórais cheartais náisiúnta neamhleor i measc na ndaoine a thagann i dteagmháil le híospartaigh. Gan dlúthchomhar agus comhordú a bheith i measc geallsealbhóirí ábhartha, amhail údaráis lárnacha i gcomhréir le struchtúr inmheánach na mBallstát, na n-údarás forfheidhmithe dlí, na n-údarás ionchúisimh, na n-údarás breithiúnach, na n-údarás coinneála, na seirbhísí ceartais aisiríoch, agus na seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, agus i gcomhréir le roinnt na n-inniúlachtaí iontu, i gcomhairle le heagraíochtaí gairmiúla ábhartha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, is deacair d’íospartaigh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach faoi Threoir 2012/29/AE. Moltar d’údaráis eile, amhail údaráis cúram sláinte, údaráis oideachais agus seirbhísí sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, a bheith páirteach sa chomhar agus sa chomhordú sin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás íospartaigh ar leanaí iad. |
|
(32) |
Mar fhreagairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa mheastóireacht ar Threoir 2012/29/AE, ba cheart do na Ballstáit prótacail nó treoirlínte sonracha a bhunú agus a chur chun feidhme. Tá na prótacail nó na treoirlínte sin ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfaighidh íospartaigh faisnéis faoina gcearta agus faoina gcás agus go ndéanfar measúnú leormhaith ar íospartaigh chun a chur ar a gcumas an tacaíocht agus an chosaint a fhreagraíonn dá riachtanais aonair a fháil, rud a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama. Is féidir le prótacail nó treoirlínte a bheith ceangailteach nó neamhcheangailteach, is féidir leo a bheith bunaithe ar bhealach is fearr a fhreagraíonn do dhlíchórais náisiúnta agus d’eagrú an cheartais sna Ballstáit. Ba cheart dóibh siúd a ndíreofar chucu iad prótacail nó treoirlínte a leanúint, agus iad á gcur chun feidhme. Ba cheart a chumhdach leis na prótacail nó na treoirlínte sin eagrú seirbhísí agus gníomhaíochtaí faoi Threoir 2012/29/AE, mar a leasaítear leis an Treoir seo, de chuid na n-údarás inniúil agus daoine a thagann i dteagmháil le híospartaigh maidir le faisnéis a sholáthar d’íospartaigh, éascú coireachta a thuairisciú do na híospartaigh is leochailí, lena n-áirítear iad siúd atá faoi choinneáil agus i suíomhanna dúnta, amhail i gcúram institiúideach, measúnú aonair ar riachtanais íospartach agus comhar idir seirbhísí tacaíochta. A mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar d’íospartaigh, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin simplí agus sothuigthe, go soláthraítear í go tráthúil, go soláthraítear í arís agus arís eile le himeacht ama, go soláthraítear í i bhformáidí éagsúla, lena n-áirítear ó bhéal, i scríbhinn agus go digiteach. Maidir le coireacht a thuairisciú, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil a saoirse caillte nó srianta, ba cheart a shonrú sna prótacail nó sna treoirlínte an rochtain atá ag íospartaigh ar fhaisnéis faoina gcearta agus ar thacaíocht agus cosaint i gcomhréir lena riachtanais, chomh maith leis na modhanna chun coireacht a thuairisciú. Sna prótacail nó sna treoirlínte, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le treoracha ginearálta, ar bhealach cuimsitheach ach gan bheith ag sonrú cásanna aonair, maidir le heagrú na seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe, agus le gníomhaíochtaí faoi Threoir 2012/29/AE mar a leasaítear leis an Treoir seo. Maidir leis na modhanna comhair agus comhordaithe atá ann cheana i measc na n-údarás inniúil agus daoine eile a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh sna Ballstáit, is féidir leo a bheith ina ndúshraith ag na prótacail nó na treoirlínte. |
|
(33) |
Chun modhanna nua-aimseartha gan uaim a sholáthar d’íospartaigh chun a gcearta a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit a chur ar a gcumas d’íospartaigh cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis na húdaráis inniúla náisiúnta trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide den sórt sin, d’fhéadfaí go n-áireofaí, mar shampla, ríomhphoist, comhráite beo, físghlaonna agus tairseacha ar líne ina mbeadh rochtain ag na rannpháirtithe cláraithe ar fhaisnéis. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé na modhanna cumarsáide is oiriúnaí i ndáil le forálacha éagsúla den Treoir seo. Ba cheart an deis a bheith ag íospartaigh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid, chun teagmháil a dhéanamh le línte cabhrach d’íospartaigh, admháil i scríbhinn a fháil maidir lena ngearán foirmiúil, coir a thuairisciú ar líne faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo, agus fianaise a thíolacadh, i gcás inarb indéanta. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag íospartaigh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá inrochtana, slán agus soláimhsithe a úsáid, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla agus le seirbhísí tacaíochta. Go háirithe, ba cheart iad a bheith in ann teicneolaíochtaí den sórt sin a úsáid, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, chun faisnéis a fháil faoina gcearta ón gcéad teagmháil leis na húdaráis inniúla agus chun faisnéis a fháil faoina gcás, lena n-áirítear an deis a bheith acu fógra a fháil faoi scaoileadh saor nó éalú an chiontóra ón gcoinneáil, agus aistriúchán a fháil ar an admháil i scríbhinn maidir lena ngearán foirmiúil arna iarraidh sin. Féadfar an fhaisnéis ón gcéad teagmháil le húdarás inniúil a sholáthar go leictreonach i bhformáid chaighdeánach. Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann rogha a dhéanamh idir na modhanna cumarsáide a chuirtear ar fáil, agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do na teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide sin mar rogha mhalartach ar na modhanna cumarsáide ‘pearsanta’, ach gan é a ionadú. Ba cheart na modhanna cumarsáide ‘pearsanta’, lena n-áirítear leis na húdaráis inniúla agus leis na seirbhísí tacaíochta, a bheith fós ar fáil d’íospartaigh, más mian leo sin. I gcás ina gceanglaítear modhanna sonracha ríomh-shainaitheantais agus ríomhshínithe i gcórais na mBallstát a úsáid, ba cheart leis na córais sin deiseanna rochtana comhionanna a thabhairt d’íospartaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit eile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(34) |
D’fhéadfadh sé nach mbeadh íospartaigh coireanna a tharla i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe in ann toiliú do phróiseáil a sonraí pearsanta a thabhairt, amhail i gcásanna ina bhfuil an t-íospartach gortaithe go dona nó díreach tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta. Sna cásanna sin, ba cheart don Bhallstát inar tharla an choir a bheith in ann sonraí pearsanta an íospartaigh a phróiseáil, lena n-áirítear na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát cónaithe an íospartaigh, gan toiliú an íospartaigh a fháil, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, go háirithe Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(35) |
Ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a áirithiú chun na bearta a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar línte cabhrach a bhunú d’íospartaigh, lena n-áiritheofar feidhmiú rianúil seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe, soláthar cúnaimh dhlíthiúil agus measúnú aonair ar riachtanais íospartach maidir le tacaíocht agus cosaint, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha na seirbhísí sin. |
|
(36) |
Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (12) (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe’) agus tá siad faoi cheangal ag oibleagáidí a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe go feadh a n-inniúlachtaí faoi seach. Faoi Airteagal 13 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe, tá sé d’oibleagáid ar na Stáit is Páirtithe rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile, agus dá bhrí sin, is gá inrochtaineacht a áirithiú agus cóiríocht réasúnach agus cóiríocht nós imeachta a sholáthar, ionas go mbeidh a gcearta mar íospartaigh ag íospartaigh faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile. In Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe sainmhínítear ‘cóiríocht réasúnach’ mar ‘modhnú agus coigeartuithe riachtanacha agus iomchuí nach bhforchuirtear ualach díréireach nó míchuí leo, i gcás inar gá i gcás ar leith, chun a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas go mbeidh cearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha uile á dteachtadh nó á bhfeidhmiú ar bhonn comhionann le daoine eile’. Leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), is féidir cur chun feidhme Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe a éascú agus a áirithiú go bhfuil cearta na n-íospartach a leagtar síos i dTreoir 2012/29/AE inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Tagraítear in Airteagal 13 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe do ‘cóiríocht nós imeachta’ a sholáthar mar bhealach chun rannpháirtíocht éifeachtach daoine faoi mhíchumas in imeachtaí coiriúla a éascú, gan foráil a dhéanamh, áfach, maidir le sainmhíniú ar an gcoincheap. Tá treoirlínte úsáideacha ina leith sin le fáil i bPrionsabail agus Treoirlínte Idirnáisiúnta 2020 maidir le Rochtain ar Cheartas do Dhaoine faoi Mhíchumas ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. De réir na dTreoirlínte sin, ciallaíonn cóiríocht nós imeachta na modhnuithe agus na coigeartuithe uile is gá agus is iomchuí i gcomhthéacs na rochtana ar an gceartas, i gcás inar gá i gcás ar leith, chun rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas a áirithiú ar bhonn comhionann le daoine eile. D’fhéadfadh idirghabhálaithe nó éascaitheoirí, coigeartuithe nós imeachta agus tacaíocht chumarsáide a bheith san áireamh ann. Níl an chóiríocht nós imeachta teoranta ag coincheap an ualaigh dhíréirigh nó mhíchuí. |
|
(37) |
Ba cheart do Eurojust a áirithiú go dtabharfar aird iomchuí ar iarrataí a bhaineann le cearta íospartach i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). |
|
(38) |
Tá bailiú sonraí cruinne agus comhleanúnacha agus foilsiú tráthúil sonraí agus staidreamh a bhailítear ríthábhachtach chun eolas iomlán a áirithiú maidir le cearta íospartaigh laistigh den Aontas a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Theoir 2012/29/AE mar a leasaítear leis an Treoir seo. Ceanglas a thabhairt isteach ar na Ballstáit sonraí imdhealaithe a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún, de réir inscne, de réir aoisghrúpa agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, de réir an chaidrimh idir an t-íospartach agus an ciontóir agus an cineál ciona, ar sonraí iad atá ar fáil ar an leibhéal lárnach, maidir le híospartaigh na coireachta gach 3 bliana ar bhealach comhchuibhithe, meastar gur céim ábhartha é sin chun a áirithiú go nglacfar beartais agus straitéisí atá bunaithe ar shonraí. Tá sonraí maidir leis an gcaidreamh idir an t-íospartach agus an ciontóir agus an cineál ciona ina gcuidiú chun patrúin fholuiteacha a shainaithint, chun tuiscint ar dhinimic an riosca a fheabhsú, agus chun grúpaí leochaileacha a shainaithint. Leanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i dtaca leis an staidreamh atá ar fáil maidir le híospartaigh a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus sonraí atá ar fáil a thuairisciú ar an leibhéal lárnach lena léirítear an chaoi a bhfuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE mar a leasaítear leis an Treoir seo. |
|
(39) |
Tá sé aitheanta ag na Ballstáit, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí maidir le beartas um chearta íospartach a áirithiú, ar beartas é atá trasearnálach feadh go leor réimsí beartais éagsúla, go bhfuil Comhordaitheoir um Chearta Íospartach ceaptha ag an gCoimisiún atá freagrach as feidhmiú rianúil an Ardáin um Chearta Íospartach a áirithiú, agus tá siad tiomanta do bheith ag obair go cuiditheach leis an gComhordaitheoir sin. |
|
(40) |
I gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, beidh leigheas éifeachtach ar fáil i gcás ina sáraítear na cearta faoin Treoir seo. Ina theannta sin, ceanglaítear le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais nach bhfágtar leis an dlí nós imeachta náisiúnta go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair cearta a fhorfheidhmiú faoi dhlí an Aontais. |
|
(41) |
Tá feidhm ag Treoir maidir le híospartaigh uile na coireachta uile agus ní dhéantar difear léi d’fhorálacha níos sonraí i ngníomhartha dlíthiúil eile de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha catagóirí áirithe íospartach, amhail íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, íospartaigh na mí-úsáide gnéasaí, íospartaigh dúshaothraithe ghnéasaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear íospartaigh ábhair mí-úsáide gnéasaí ar leanaí iad, íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus íospartaigh na sceimhlitheoireachta. |
|
(42) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar an ngá atá ann comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a éascú trí mhuinín as rochtain chomhionann ar chearta íospartach a áirithiú, is cuma cén áit san Aontas a tharla an choir, ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart atá beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(43) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(44) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn le litir dar dáta an 27 Deireadh Fómhair 2023 gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
|
(45) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2012/29/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2012/29/AE
Leasaítear Treoir 2012/29/AE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 3a Línte cabhrach d’íospartaigh 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun línte cabhrach d’íospartaigh a bhunú atá inrochtana, soláimhsithe, slán, saor in aisce agus rúnda. Leis na línte cabhrach sin, déanfar an méid seo a leanas:
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na línte cabhrach dá dtagraítear i mír 1 inrochtana ar an teileafón trí uimhir theileafóin uile-Aontais le haghaidh glaonna intíre, eadhon “116 006”, sa bhreis ar aon uimhreacha náisiúnta teileafóin atá ann cheana. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go soláthraítear seirbhísí den sórt sin trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide eile atá slán agus inrochtana, lena n-áirítear feidhmchláir ar líne agus suíomhanna gréasáin. 3. Áiritheoidh na Ballstáit, sa bhreis ar an uimhir uile-Aontais, go bhfuil na línte cabhrach inrochtana trí uimhir thiomnaithe le haghaidh glaonna idirnáisiúnta d’íospartaigh a d’fhulaing díobháil i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Ní gá na glaonna idirnáisiúnta sin a bheith saor in aisce. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear lena línte cabhrach dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ina dteanga oifigiúil nó ina dteangacha oifigiúla, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go soláthraítear na seirbhísí sin i dteanga amháin eile ar a laghad a thuigtear go forleathan sa Bhallstát lena mbaineann. 5. I gcás ina soláthraítear na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (c), trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil i dteanga is féidir leis an íospartach a thuiscint, amhail trí bhíthin teicneolaíochtaí aistriúcháin agus ateangaireachta. 6. Féadfaidh eagraíochtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha línte cabhrach a chur ar bun agus féadfar iad a eagrú ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn deonach. 7. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthraítear leis na línte cabhrach tacaíocht ardcháilíochta agus inrochtana d’íospartaigh le linn uaireanta oibriúcháin leordhóthanacha. 8. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil línte cabhrach á n-oibriú ag daoine a bhfuil oiliúint iomchuí orthu.’ |
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 5a Cionta coiriúla a thuairisciú 1. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh cionta coiriúla a thuairisciú do na húdaráis inniúla trí bhealaí atá saor in aisce, inrochtana, soláimhsithe, sábháilte agus ar fáil go héasca. Sa bhreis ar chionta coiriúla a thuairisciú i bpearsa, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cionta coiriúla a thuairisciú do na húdaráis inniúla trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá saor in aisce, inrochtana, slán agus soláimhsithe le haghaidh cásanna neamhphráinneacha agus cionta coiriúla neamhfhoréigneacha ar a laghad, ar choinníoll gur chun leasa na n-íospartach é an tuairisciú sin. I gcás ina ndéanann Ballstát foráil maidir leis an bhféidearthacht cionta coiriúla a thuairisciú trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, áireofar leis an bhféidearthacht sin, i gcás inarb indéanta, tíolacadh na fianaise. Beidh tuairisciú ar chionta coiriúla trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide gan dochar do na rialacha nós imeachta náisiúnta maidir leis an tuairisciú sin a chur ar bhonn foirmiúil agus tíolacadh na fianaise. 2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun éascú a dhéanamh ar thuairisciú do na húdaráis inniúla ag duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil a fhios aige nó aici, nó a bhfuil amhras air nó uirthi de mheon macánta, go ndearnadh cionta coiriúla nó a bhfuil coinne leis go ndéanfar gníomhartha foréigin, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta. 3. Chun éascú a dhéanamh ar thuairisciú tríú páirtí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar dócha go bhfaighidh siad faisnéis maidir le cionta coiriúla, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhar a chumasú idir na húdaráis inniúla agus na heagraíochtaí sin. 4. I gcás ina ndéanann duine seachas an t-íospartach cion coiriúil a thuairisciú, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go ndéanann na húdaráis inniúla bearta iomchuí chun an t-íospartach a chosaint sula gcuirfear an ciontóir ar an eolas go ndearnadh cion a thuairisciú. 5. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le haon duine a mbaintear a shaoirse nó a saoirse de nó di nó a bhfuil a shaoirse nó a saoirse srianta, cion coiriúil a rinneadh sna saoráidí coinneála nó cóiríochta a thuairisciú go héifeachtach, ar saoráidí iad nach gceadaítear don duine sin imeacht nó nach bhfuil sé nó sí ábalta imeacht dá dheoin nó dá deoin féin nó arb áiteanna iad ina bhfuil srian ar shaoirse gluaiseachta an duine sin. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na saoráidí sin:
6. I gcás ina ndéanann leanaí teagmháil leis na húdaráis inniúla chun cionta coiriúla a thuairisciú, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, go ndéantar iad ar bhealach rúnda i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus go bhfuil siad ceaptha agus inrochtana ar bhealach atá oiriúnach do leanaí agus go n-úsáidtear teanga is iomchuí lena n-aois agus lena n-aibíocht. I gcás ina mbaineann cion coiriúil le sealbhóir na freagrachta tuismitheora agus ina bhfuil coinbhleacht leasa idir an t-íospartach ar leanbh é nó í agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora, áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil cumas an íospartaigh ar leanbh é nó í chun an cion coiriúil a thuairisciú coinníollach ar thoiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann na húdaráis inniúla na bearta is gá chun sábháilteacht an linbh a chosaint sula gcuireann siad in iúl do shealbhóir na freagrachta tuismitheora go ndearnadh cion coiriúil a thuairisciú. 7. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéantar íospartaigh ar náisiúnaigh tríú tír iad a dhíspreagadh, gan beann ar a stádas cónaithe, ó chion coiriúil a thuairisciú agus go gcaitear leo ar dhóigh neamh-idirdhealaitheach. Áiritheoidh na Ballstáit go háirithe nach gcuirtear cosc ar gach íospartach, gan beann ar a stádas cónaithe, a gcearta a fheidhmiú faoin Treoir seo, lena n-áirítear a gceart chun éisteacht a fháil de bhun Airteagal 10 agus an ceart chun measúnú aonair a bheith déanta faoi Airteagal 22. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tráth ar bith, cead cónaithe uathrialach nó údarú eile a dheonú a thugann ceart fanachta do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch. 8. Maidir leis na híospartaigh, áiritheoidh na Ballstáit tráth a thuairiscítear cion coiriúil, go ndéantar an méid seo a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7: ‘6. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 3, féadfar aistriúchán ó bhéal nó achoimre ó bhéal ar dhoiciméid bhunriachtanacha a sholáthar in ionad aistriúchán i scríbhinn ar choinníoll nach ndéanann an t-aistriúchán ó bhéal ná an achoimre ó bhéal sin dochar do chothroime na n-imeachtaí, ná do chumas an íospartaigh a chearta nó a cearta a fheidhmiú, lena n-áirítear an cumas a bheith rannpháirteach in imeachtaí coiriúla i gcomhréir le ról an íospartaigh sna himeachtaí sin. 7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil ateangaireacht nó aistriúchán dá bhforáiltear faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo ag teastáil ó na híospartaigh. Féadfaidh íospartaigh agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh gan ateangaireacht ná aistriúchán a sholáthar. Déanfar na rialacha nós imeachta maidir leis na hagóidí sin a chinneadh leis an dlí náisiúnta. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 10b(2) maidir le cinntí a dhéantar le linn éisteachtaí cúirte gan ateangaireacht ná aistriúchán a sholáthar.’ |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i gCaibidil II: ‘Airteagal 9a Seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite d’íospartaigh ar leanaí iad 1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil seirbhísí tacaíochta atá oiriúnach do leanaí, spriocdhírithe agus comhtháite ar fáil d’íospartaigh ar leanaí iad, ar seirbhísí iad a sholáthraíonn an tacaíocht agus an chosaint is gá atá oiriúnach ó thaobh aoise de chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an iliomad riachtanas atá ag íospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear leanaí a d’fhulaing díobháil mar gheall ar choir a fheiceáil. 2. Déanfaidh seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite d’íospartaigh ar leanaí iad dá dtagraítear i mír 1 foráil maidir le sásra ilghníomhaireachta comhordaithe a áiríonn na seirbhísí seo a leanas:
3. Déanfaidh na Ballstáit breithniú ar sholáthar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a áirithiú laistigh aon áitreabh amháin, agus aird ar leith á tabhairt ar leasanna na n-íospartach ar leanaí iad, lena n-áirítear tromchúis na díobhála a d’fhulaing íospartaigh ar leanaí iad mar thoradh ar choireacht. 4. Féadfar na seirbhísí tacaíochta spriocdhírithe agus comhtháite d’íospartaigh ar leanaí iad dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar bun mar eagraíochtaí poiblí nó neamhrialtasacha.’ |
|
(8) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 10a An ceart chun cúnaimh ar áitreabh cúirte Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaigheann íospartaigh tacaíocht mhothúchánach agus faisnéis phraiticiúil maidir le gnéithe eagraíochtúla d’imeachtaí cúirte coiriúla, ar áitreabh cúirte agus i gcomhréir lena riachtanais aonair. Airteagal 10b An ceart chun faisnéise maidir le cinntí a dhéantar le linn imeachtaí cúirte agus an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar íospartaigh, i gcomhréir lena stádas sna himeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta, a chur ar an eolas gan mhoill faoi chinntí maidir lena gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin le linn éisteachtaí cúirte faoi Airteagal 7(1) agus (3) agus faoi chinntí maidir le bearta faoi Airteagal 23(3), a dhéantar in imeachtaí cúirte, a dhéanann difear dóibh go díreach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag íospartaigh, i gcomhréir lena stádas in imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta, athbhreithniú a iarraidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar a laghad, ar aon chinneadh a dhéantar le linn éisteachtaí cúirte maidir leis an méid seo a leanas:
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht d’íospartaigh athbhreithniú ar chinntí arna ndéanamh faoi Airteagal 18 agus Airteagal 23(3) a iarraidh. Déanfar na rialacha nós imeachta maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinntí de bhun na míre seo a chinneadh leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear i dtaobh an bhfuil éifeacht fionraíochta ag an athbhreithniú sin. Aon aird a thugtar ar athbhreithniú den sórt sin, ní dhéanfar fad míréasúnach a chur leis na himeachtaí coiriúla. Féadfar an t-athbhreithniú sin a dhéanamh laistigh den tráth céanna agus féadfaidh an t-údarás céanna é a dhéanamh, lena n-áirítear ó bhéal le linn na n-imeachtaí cúirte.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: ‘Airteagal 13 An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar chúnamh dlíthiúil ag íospartaigh a bhfuil sé de cheart acu a bheith ina bpáirtithe in imeachtaí coiriúla agus nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun íoc as cúnamh dlíodóra le linn imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, chun críche cúitimh a éileamh. Féadfaidh na Ballstáit tástáil acmhainne, tástáil fiúntais nó iad araon a chur i bhfeidhm chun a chinneadh i dtaobh an bhfuil cúnamh dlíthiúil le deonú. I gcás ina gcuireann Ballstát tástáil acmhainne i bhfeidhm, cuirfidh sé san áireamh na tosca ábhartha agus oibiachtúla uile, amhail ioncam, caipiteal agus staid teaghlaigh an duine lena mbaineann, na costais a bhaineann le cúnamh dlíodóra agus an caighdeán maireachtála sa Bhallstát sin, chomh maith le cleithiúnas an íospartaigh ar an gciontóir. I gcás ina gcuirfidh Ballstát tástáil fiúntais i bhfeidhm, cuirfidh sé san áireamh tromchúis an chiona choiriúil, castacht an cháis agus tromchúis na díobhála a d’fhulaing an t-íospartach. Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear na rialacha nós imeachta lena rialaítear rochtain na n-íospartach ar chúnamh dlíthiúil. 2. D’ainneoin mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh catagóirí áirithe íospartach, amhail íospartaigh, mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta, amhail íospartaigh leanaí nó íospartaigh faoi mhíchumas, a bhfuil sé de cheart acu a bheith ina bpáirtithe in imeachtaí coiriúla agus nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil.’ |
|
(10) |
in Airteagal 16, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Beidh bearta forghníomhúcháin nó forfheidhmiúcháin i bhfeidhm ag na Ballstáit arb é is aidhm dóibh an íocaíocht ón gciontóir as an gcúiteamh a dhámhtar don íospartach a éascú, gan moill mhíchuí. 3. I gcás inar dámhadh cúiteamh d’íospartach coire foréigní intinní, ach nár íoc an ciontóir an cúiteamh sin a dámhadh leis an íospartach laistigh de thréimhse réasúnach ama agus nár éirigh leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfaidh na Ballstáit an cúiteamh a dámhadh a réamhíoc, go hiomlán nó go páirteach, leis an íospartach sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní dhéanfaidh an íocaíocht sin an ciontóir a shaoradh óna oibleagáid nó óna hoibleagáid an cúiteamh a dámhadh a íoc agus beidh sé de cheart ag na Ballstáit an íocaíocht sin a aisghabháil ón gciontóir.’ |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(12) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 18a Ceart breise chun cosanta Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir rochtain ar bhearta tacaíochta agus cosanta faoin Treoir seo a dheonú d’íospartaigh a ndearnadh díobháil bhreise dóibh, amhail díothacht na dínite, mar thoradh ar ghlóiriú cionta coiriúla tromchúiseacha mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta, amhail briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), nó mar thoradh ar ómós a léiriú do na ciontóirí. (*6) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/541/oj).’;" |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: ‘Airteagal 19 An ceart chun teagmháil leis an gciontóir a sheachaint 1. Bunóidh na Ballstáit na coinníollacha is gá chun gur féidir, i gcás inar gá, teagmháil idir íospartaigh agus a mbaill teaghlaigh agus an ciontóir a sheachaint laistigh den áitreabh ina ndéantar imeachtaí coiriúla, ex officio, nó arna iarraidh sin don íospartach, mura n-éilítear an teagmháil sin leis na himeachtaí coiriúla. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil láithreacha feithimh ar leithligh ann d’íospartaigh ag áitreabh cúirte nua. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bhféidearthacht agus ar a indéanta atá sé láithreacha feithimh ar leithligh a chruthú d’íospartaigh in áitreabh cúirte atá ann cheana. 3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá, go gcuirtear íospartaigh ar an eolas faoi bhearta atá ar fáil chun teagmháil leis an gciontóir a sheachaint.’ |
|
(14) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(15) |
leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:
|
|
(16) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(17) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: ‘Airteagal 25 Oiliúint a chur ar chleachtóirí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaigheann oifigigh ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh, amhail póilíní agus foireann cúirte, oiliúint ghinearálta agus oiliúint speisialaithe araon ar leibhéal is iomchuí dá dteagmháil le híospartaigh chun a bhfeasacht ar riachtanais íospartach a mhéadú, chun a chur ar a gcumas déileáil le híospartaigh ar bhealach neamhchlaonta, measúil, neamh-idirdhealaitheach agus gairmiúil agus i gcás inarb ábhartha, ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma de, ó thaobh inscne de, ó thaobh míchumais de agus ó thaobh leanaí de agus chun íospairt thánaisteach a sheachaint. Soláthrófar oiliúint freisin i ndáil le híospartaigh na cibearchoireachta. 2. Gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach ná do dhifríochtaí in eagrú na breithiúnachta ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthraítear oiliúint ghinearálta agus oiliúint speisialaithe araon do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí a bhfuil baint acu le himscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla a mhéid a bhaineann le cuspóirí na Treorach seo agus atá iomchuí d’fheidhmeanna na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí sin. Beidh an oiliúint sin bunaithe ar chearta an duine agus beidh sí íospartach-lárnach agus íogair ó thaobh inscne, ó thaobh míchumais agus ó thaobh leanaí de. 3. Gan dochar do neamhspleáchas ghairm an dlí, molfaidh na Ballstáit dóibh siúd atá freagrach as oiliúint a chur ar dhlíodóirí, oiliúint ghinearálta agus oiliúint speisialaithe araon a chur ar fáil chun feasacht na ndlíodóirí ar riachtanais na n-íospartach a mhéadú agus chun a chur ar a gcumas caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma, ó thaobh inscne, ó thaobh míchumais agus ó thaobh leanaí de. 4. Trína seirbhísí poiblí nó trí eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh a chistiú, déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh a spreagadh lena gcuirtear ar a gcumas dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh agus seirbhísí ceartais aisiríoch, oiliúint leormhaith a fháil ar leibhéal is iomchuí dá dteagmháil le híospartaigh agus caighdeáin ghairmiúla a urramú chun a áirithiú go soláthraítear na seirbhísí sin ar bhealach neamhchlaonta, measúil, neamh-idirdhealaitheach, atá íogair ó thaobh leanaí de agus gairmiúil. 5. I gcomhréir leis na dualgais atá i gceist, agus le cineál agus leibhéal na teagmhála atá ag an gcleachtóir, lena n-áirítear cleachtóirí sláinte ábhartha, le híospartaigh, beidh sé d’aidhm leis an oiliúint, a chur ar a chumas don chleachtóir íospartaigh a aithint agus caitheamh leo ar bhealach measúil, gairmiúil agus neamh-idirdhealaitheach. 6. Cuirfear san áireamh san oiliúint dá dtagraítear san Airteagal seo na prótacail nó na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 26a(1). 7. Déanfar oiliúint dá dtagraítear san Airteagal seo, atá faoi fhreagracht na mBallstát, a chur i gcrích go tráthrialta. Déanfaidh gach Ballstát bearta chun tacú le comhlachtaí agus eagraíochtaí atá freagrach as an oiliúint sin chun fáil ar an oiliúint sin a fhorbairt, a chur ar fáil agus a áirithiú chomh maith lena cáilíocht agus lena hinfhaighteacht ar fud chríoch na mBallstát.’ |
|
(19) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 25a Múscailt feasachta agus cumarsáid maidir le cearta íospartach 1. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chun feasacht a mhúscailt maidir leis na cearta a leagtar amach sa Treoir seo, chun an riosca íospartha a laghdú agus chun tionchar diúltach na coireachta agus na rioscaí a bhaineann le híospairt thánaisteach agus athíospairt, imeaglú agus frithbheartaíocht a íoslaghdú, go háirithe trí dhíriú ar ghrúpaí atá i mbaol amhail leanaí agus íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe. Leis an ngníomhaíocht sin, féadfar feachtais faisnéise agus múscailte feasachta agus cláir thaighde agus oideachais a áireamh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí eile, chomh maith le bearta chun feasacht íospartach a mhéadú maidir leis an áit inar féidir cabhair a fháil agus conas a gcearta a fheidhmiú, lena n-áirítear trí chláir phoiblí d’eagraíochtaí tacaíochta creidiúnaithe a chur ar fáil. 2. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le coir a thuairisciú, cearta íospartach, seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe atá ar fáil d’íospartaigh, feidhmiú an chórais ceartais chomh maith le nósanna imeachta ábhartha agus próisis iarratais ábhartha a chur ar fáil don phobal. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith éasca le rochtain, soláimhsithe, soláthartha i dteanga shoiléir agus ar fáil go héasca, amhail ar shuíomh gréasáin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ábhar na faisnéise a sholáthraítear don phobal a fhorbairt, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, nach bhfuil sé frithráiteach agus go dtugtar cothrom le dáta go tráthrialta é chun cruinneas a áirithiú.’ |
|
(20) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a n-údaráis inniúla ábalta sonraí pearsanta na n-íospartach a phróiseáil, lena n-áirítear na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát cónaithe an íospartaigh, i gcás ina dtoilíonn an t-íospartach, nó i gcás nach bhfuil an t-íospartach ábalta toiliú a thabhairt, gan an toiliú sin a bheith ann, i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.’ |
|
(21) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach i gCaibidil 5: ‘Airteagal 26a Prótacail nó treoirlínte maidir le comhordú agus comhar sna Ballstáit 1. Déanfaidh na Ballstáit prótacail shonracha nó treoirlínte sonracha, de chineál ceangailteach nó neamhcheangailteach ag brath ar an dlí náisiúnta, a bhunú agus a chur chun feidhme, maidir le heagrú sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí faoin Treoir seo de na húdaráis inniúla agus de na daoine a thagann i dteagmháil le híospartaigh. Déanfar na prótacail nó na treoirlínte a tharraingt suas i gcomhordú agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail údaráis lárnacha, i gcomhréir le struchtúr inmheánach agus roinnt na n-inniúlachtaí sna Ballstáit, le húdaráis forfheidhmithe dlí, údaráis ionchúisimh, údaráis bhreithiúnacha, údaráis choinneála agus seirbhísí ceartais aisiríoch, seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, i gcomhairle le heagraíochtaí gairmiúla ábhartha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn freagairt do riachtanais na n-íospartach. Soláthróidh na prótacail nó na treoirlínte, ar a laghad, treoracha ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar athbhreithniú ar na prótacail nó na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 i gcás inar gá chun a n-éifeachtacht a áirithiú, amhail i gcás athruithe suntasacha ar an dlí náisiúnta. Airteagal 26b Úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide 1. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh a gcearta dá bhforáiltear in Airteagal 3a, Airteagal 5(1) agus Airteagal 5a(1) a fheidhmiú a mhéid atá tuairisciú ar líne bainteach leis, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. 2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh a gcearta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), Airteagal 5(3), Airteagal 5a(6), Airteagal 6(1), (2), (4), (5) agus (6), agus Airteagal 10b a fheidhmiú trí bhíthin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 3. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirtear cosc ar íospartaigh, ar an mbonn go bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, a gcearta dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirtear cosc ar íospartaigh, ar an mbonn go bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, a gcearta dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i gcás ina bhfuil na teicneolaíochtaí sin ar fáil sna Ballstáit. 4. I gcás inar gá ríomh-shainaitheantas, ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a úsáid i gcórais náisiúnta a thairgeann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ceadóidh na Ballstáit úsáid a bhaint as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, scéimeanna ríomh-shainaitheantais a dtugtar fógra ina leith, ríomhshínithe cáilithe, agus ríomhshéalaí cáilithe aon Bhallstáit eile mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10). Airteagal 26c Cearta íospartach atá faoi mhíchumas 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbaineann íospartaigh atá faoi mhíchumas tairbhe as na teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 26b den Treoir seo, ar bhonn comhionann le daoine eile, trí na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11) a chomhlíonadh. 2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh atá faoi mhíchumas rochtain a fháil, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar aon nós imeachta, seirbhís tacaíochta agus beart cosanta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear cóiríocht réasúnacha agus cóiríocht nós imeachta ar fáil d’íospartaigh atá faoi mhíchumas arna iarraidh sin. (*10) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj)." (*11) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).’;" |
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: ‘Airteagal 28 Soláthar sonraí agus staidrimh 1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun córas a bhunú chun staidreamh maidir le híospartaigh a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Áireofar sa staidreamh, ar a laghad, na sonraí seo a leanas, atá ar fáil ar an leibhéal lárnach, atá imdhealaithe de réir gnéis agus aoisghrúpa (leanbh/duine fásta) an íospartaigh agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, an caidreamh idir an t-íospartach agus an ciontóir agus an cineál ciona:
Áireofar sa staidreamh freisin sonraí atá ar fáil ar an leibhéal lárnach a léiríonn an chaoi a bhfuair na híospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir seo. Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhailítear ar bhonn gníomhartha ábhartha an Aontais a úsáid. 2. Féachfaidh na Ballstáit leis an staidreamh dá dtagraítear san Airteagal seo a bhailiú ar bhonn dí-chomhiomlánú comhchoiteann arna fhorbairt i gcomhar leis na caighdeáin arna bhforbairt ag an gCoimisiún (Eurostat) agus i gcomhréir leis na caighdeáin sin, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta. Déanfaidh siad na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) gach 3 bliana. Ní bheidh sonraí pearsanta sna sonraí arna dtarchur. 3. Tacóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún staidreamh atá ar fáil maidir le híospartaigh na coireachta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus chun tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil a léiríonn conas a fuair íospartaigh rochtain ar na cearta a leagtar amach sa Treoir seo. 4. Tacóidh an Coimisiún (Eurostat) leis na Ballstáit sa bhailiúchán sonraí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear trí chomhchaighdeáin a bhunú. 5. Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh arna bhailiú ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana agus soláimhsithe. Ní bheidh sonraí pearsanta sa staidreamh.’ |
|
(23) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28b Acmhainní Gan dochar do neamhspleáchas buiséadach na mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ann chun na bearta a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach.’ |
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29: ‘Airteagal 29 Tuairisciú ón gCoimisiún agus athbhreithniú Faoin 2 Iúil 2032, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear an cur chun feidhme teicniúil, agus go háirithe ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit Airteagal 9a(3) a chur chun feidhme. Ina thuarascáil, déanfaidh an Coimisiún fionnachtana Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Eurostat a chur san áireamh. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más gá.’ |
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 2 Iúil 2028 cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 1, pointe (21), den Treoir seo, nach mbaineann ach le hAirteagal 26b de Threoir 2012/29/AE, a chomhlíonadh, a ghlacfar agus a fhoilseofar faoin 2 Iúil 2030. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Déanfaidh na Ballstáit na modhanna a dhéanfar an tagairt sin a leagan síos.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2024/1592, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1592/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2026
(3) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).
(4) Cinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 maidir leis an tsraith uimhrithe náisiúnta dar tús ‘116’ a choimeád d’uimhreacha comhchuibhithe do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo (IO L 49, 17.2.2007, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/116(1)/oj).
(5) Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/13/oj).
(6) Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).
(7) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/541/oj).
(8) Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/913/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(11) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).
(12) IO L 23, 27.1.2010, lch. 37.
(13) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(14) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n-ionadaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1472/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)