Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1458

Cinneadh (CBES) 2026/1458 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Meitheamh 2026 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2026)

ST/9643/2026/INIT

IO L, 2026/1458, 29.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1458/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1458/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1458

29.6.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1458 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 25 Meitheamh 2026

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2026)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) a bhunú (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 10(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh maidir le Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 25 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2443 (2), lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA ina Ceann Misin ar EU BAM Rafah ón 1 Samhain 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(3)

An 26 Meitheamh 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1818 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(4)

An 24 Meitheamh 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/1299 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

(5)

An 26 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1283 (5), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EU BAM RAFAH ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

(6)

An 14 Aibreán 2026, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2026 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(7)

Agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, ba cheart síneadh 3 mhí a chur le sainordú Cheann Misin EU BAM Rafah,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige faoi réir cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle lena gcuirtear síneadh le bailíocht Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES tar éis an 30 Meitheamh 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

L. MANDEL VENSILD


(1)   IO L 327, 14.12.2005, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2005/889/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/2443 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Deireadh Fómhair 2023 lena gceaptar Ceann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/2/2023) (IO L, 2023/2443, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2443/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1818 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2024) (IO L, 2024/1818, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1818/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2025/1299 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 24 Meitheamh 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2025) (IO L, 2025/1299, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1299/oj).

(5)  Cinneadh (CBES) 2025/1283 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2025 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L, 2025/1283, 27.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1283/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1458/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top