This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026A01415
Agreement between the European Union and the Republic of Lebanon, in the form of an exchange of letters, amending and supplementing the Agreement for scientific and technological cooperation between the European Union and the Republic of Lebanon setting out the terms and conditions for the participation of the Republic of Lebanon in the Partnership for Research and Innovation in the Mediterranean Area (PRIMA)
Comhaontú, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)
Comhaontú, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)
ST/5949/2025/INIT
IO L, 2026/1415, 22.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1415/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1415/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1415 |
22.7.2026 |
Comhaontú, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)
A. Litir ón Aontas
A Dhuine Uasail,
Tá sé d’onóir agam tagairt don Chomhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, lena leagtar amach na téarmaí agus nacoinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (1) (dá ngairtear ‘Comhaontú PRIMA’ anseo feasta). Rinneadh foráil le Comhaontú PRIMA maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Liobáine in PRIMA. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha na téarmaí agus na coinníollacha sin a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear ‘Comhaontú PRIMA’ anseo feasta) agus beidh feidhm ag an gComhaontú fad a bheidh Cinneadh PRIMA i bhfeidhm. Ceanglaíodh le Cinneadh PRIMA go bhfuil na gníomhaíochtaí deiridh le cistiú faoin gclár Fís 2020, lena n-áirítear na glaonna deiridh ar thograí faoi na pleananna oibre bliantúla ábhartha a bheith seolta faoin 31 Nollaig 2024 agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, faoin 31 Nollaig 2025. Chun síneadh a chur le gníomhaíochtaí Chinneadh PRIMA, ba ghá é a leasú agus a ionchorprú sa chlár Fís Eorpach.
Tar éis ghlacadh Chinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach (dá ngairtear ‘Cinneadh PRIMA leasaithe’ anseo feasta), is gá Comhaontú PRIMA a leasú agus a fhorlíonadh chun an comhaontú sin a ailíniú leis an gCinneadh PRIMA leasaithe ionas gur féidir leanúint den Liobáin a mheas fós mar Stát Rannpháirteach faoin gclár Fís Eorpach de bhun Airteagal 1(2) den Chinneadh PRIMA leasaithe. Thairis sin, i bhfianaise na rialacha airgeadais nua, is gá na socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach a chomhtháthú go hiomlán i gComhaontú PRIMA, socruithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 2 de Chomhaontú PRIMA, mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo i bhfoirm Malartú Litreacha. Dá bhrí sin, d’fhonn agus na socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach a chomhtháthú go hiomlán i gComhaontú PRIMA, moltar na leasuithe seo a leanas ar an chomhaontú sin:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Liobáine in PRIMA, is éard a bheidh iontu na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Comhlíonfaidh na Páirtithe na hoibleagáidí a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2017/1324 agus glacfaidh siad bearta iomchuí, go háirithe tríd an gcúnamh uile is gá a sholáthar chun cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), (3a) agus (4) den Chinneadh sin a áirithiú. Leagtar amach san Iarscríbhinn na socruithe mionsonraithe maidir le cúnamh den sórt sin.’. |
|
2. |
Cuirtear Airteagal 8 seo a leanas leis: ‘Airteagal 8 Na socruithe mionsonraithe maidir le cúnamh, ar socruithe iad atá fíor-riachtanach don chomhar, comhtháthaítear iad mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo agus is chuid bhunúsach de iad.’. |
|
3. |
Ceanglaítear an Iarscríbhinn seo a leanas i le Comhaontú PRIMA: ‘IARSCRÍBHINN Maidir le cúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 2 Na módúlachtaí maidir le cúnamh frithpháirteach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, dírítear leo ar mhalartú faisnéise agus ar chomhairliúcháin idir na Páirtithe agus ar mhódúlachtaí eile maidir le cúnamh amhail rochtain a éascú le haghaidh iniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha ar chaiteachas agus rochtain le haghaidh imscrúduithe, a bhaineann go háirithe le cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), (3a) agus (4) de Chinneadh (AE) 2017/1324 maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú de bhun Airteagal 6(1), pointe (a), den Chinneadh sin (dá ngairtear “gníomhaíochtaí indíreacha” anseo feasta). Na módúlachtaí sin, ní eascraíonn astu, ar aon bhealach, dliteanas seach-chonarthach ar údarás inniúil ainmnithe de chuid na Liobáine i gcás neamhrialtachtaí a bhraitear le linn seiceálacha, iniúchtaí, athbhreithnithe agus imscrúduithe airgeadais dá dtagraítear faoi na hAirteagail thuasluaite, lena n-áirítear neamhrialtachtaí i ndearbhuithe na dtairbhithe maidir lena stádas dlíthiúil nó lena n-incháilitheacht. Oibleagáidí thairbhithe na Liobáine i ndáil le hiniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha, chomh maith le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), lena n-áirítear na forálacha ábhartha maidir le forfheidhmiú, rialaítear iad go mion sna Comhaontuithe Deontais a shínítear idir na tairbhithe sin agus Struchtúr Cur Chun Feidhme PRIMA (Fondúireacht PRIMA). AIRTEAGAL 1 Iniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha 1. Ceanglaítear ar údaráis na Liobáine faoi Airteagal 2 den Chomhaontú an cúnamh is gá a sholáthar le haghaidh iniúchtaí ar chaiteachas trí fheidhmiú na n-oibríochtaí sin a éascú. I gcás ina bhfuil gá le cúnamh den sórt sin, soláthróidh Struchtúr Cur Chun Feidhme PRIMA (Fondúireacht PRIMA) an fhaisnéis bhunúsach maidir le misin a bhaineann leis na hiniúchtaí, hathbhreithnithe agus seiceálacha sin d’údarás ainmnithe na Liobáine roimh ré, rud a chuirfidh ar a gcumas don údarás ainmnithe na misin sin a éascú a mhéid is gá. Chun críocha an phointe sin, is é an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde Eolaíoch – an Liobáin (CNRS-L) údarás ainmnithe na Liobáine. 2. Féadfar na hiniúchtaí, na hathbhreithnithe agus na seiceálacha a dhéanamh tar éis do Chinneadh (AE) 2017/1324, arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/1167, nó tar éis don Chomhaontú dul in éag nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe, fad a bheidh gá leis sin chun PRIMA a chur chun feidhme. AIRTEAGAL 2 Imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) 1. Ceanglaítear ar údaráis na Liobáine faoi Airteagal 2 den Chomhaontú an cúnamh is gá a sholáthar le haghaidh imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus urraim chuí á tabhairt do dhlíthe náisiúnta na Liobáine. 2. Déanfaidh OLAF gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a ullmhú agus a chur i gcrích ar chríoch na Liobáine i ndlúthchomhar le húdarás inniúil na Liobáine arna ainmniú ag Poblacht na Liobáine.Tabharfaidh OLAF fógra don údarás ainmnithe in am trátha faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí ar an láthair a dhéantar ar chríoch na Liobáine, ionas gur féidir leis aon chúnamh ábhartha is gá a sholáthar. Chuige sin, féadfaidh foireann údaráis inniúla na Liobáine páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí sin ar an láthair. Más mian le húdarás ainmnithe na Liobáine é, féadfaidh sé na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhpháirt le OLAF. Chun críocha an phointe sin, is é an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde Eolaíoch – an Liobáin (CNRS-L) údarás ainmnithe na Liobáine. 3. Má chuireann na rannpháirtithe lena mbaineann i ngníomhaíochtaí indíreacha nó má chuireann eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i bPoblacht na Liobáine in aghaidh seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na Liobáine, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá d’fhoireann OLAF ionas go mbeidh sé in ann a sheiceálacha agus a chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach agus gan moill mhíchuí. 4. Cuirfidh OLAF údaráis na Liobáine ar an eolas, i gcás inar féidir, faoi thorthaí na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin ar an láthair in am trátha. 5. Oibreoidh údaráis na Liobáine i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (5) ionas go mbeidh sí in ann a ndualgais a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. AIRTEAGAL 3 Faisnéis agus comhairliúchán Déanfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú le haghaidh cúnamh frithpháirteach faoin gComhaontú ar bhonn rialta, mura dtoirmisctear sin a dhéanamh le rialacha nó dlíthe is infheidhme agus, arna iarraidh sin ag ceann de na Páirtithe, rachaidh siad i mbun comhairliúcháin. Cuirfidh údaráis inniúla na Liobáine an Coimisiún nó OLAF ar an eolas, laistigh de thréimhse réasúnta ama, faoi fhaisnéis atá tugtha faoi deara acu maidir le neamhrialtachtaí amhrasta nó neamhrialtachtaí arna suí i ndáil le tabhairt i gcrích nó feidhmiú na gcomhaontuithe deontais nó na gconarthaí a tugadh i gcrích chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme. AIRTEAGAL 4 Rúndacht Cosnóidh na Páirtithe faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear in aon fhoirm faoin gComhaontú ar an mbealach céanna a gcosnaítear faisnéis chomhchosúil lena rialacha is infheidhme. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine eile seachas iad siúd atá laistigh d’Fhondúireacht PRIMA, d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, de na Ballstáit Rannpháirteacha nó de Phoblacht na Liobáine, a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, agus ní úsáidfear faisnéis den sórt sin chun críoch eile seachas chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais na bPáirtithe Conarthacha a áirithiú.’. |
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniúgo bhfuil do Rialtas i gcomhaontú leis an méid thuas. Tá sé d’onóir agam a mholadh, má tá an méid thuas inghlactha ag do Rialtas, gurb ionann an litir seo agus do dhearbhú le chéile agus Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine,. I bhfoirm Malartú Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, lena leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA). Tiocfaidh an Comhaontú seo, i bhfoirm Malartú Litreacha, i bhfeidhm nuair a bheidh fógra tugtha ag an Aontas agus ag Poblacht na Liobáine dá chéile go bhfuil a nósanna imeachta formheasa inmheánacha féin curtha i gcrích acu chun an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích.
Glac uaim, a Dhuine Uasail, deimhne mo mhodha fhíormóir duit.
B. Litir ó Phoblacht na Liobáine
A Dhuine Uasail,
Tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir ar dháta an lae inniu, atá mar seo a leanas:
‘Tá sé d’onóir agam tagairt don Chomhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (6) (dá ngairtear “Comhaontú PRIMA” anseo feasta). Rinneadh foráil le Comhaontú PRIMA maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Liobáine in PRIMA. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha na téarmaí agus na coinníollacha sin a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (dá ngairtear “Comhaontú PRIMA” anseo feasta), agus beidh feidhm ag an gComhaontú fad a bheidh Cinneadh PRIMA i bhfeidhm. Ceanglaíodh le Cinneadh PRIMA go bhfuil na gníomhaíochtaí deiridh atá le cistiú faoin gclár Fís 2020, lena n-áirítear na glaonna deiridh ar thograí faoi na pleananna oibre bliantúla ábhartha a bheith seolta faoin 31 Nollaig 2024 agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, faoin 31 Nollaig 2025. Chun síneadh a chur le gníomhaíochtaí Chinneadh PRIMA, ba ghá é a leasú agus a ionchorprú sa chlár Fís Eorpach.
Tar éis ghlacadh Chinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach(dá ngairtear “Cinneadh PRIMA leasaithe” anseo feasta), is gá Comhaontú PRIMA a leasú agus a fhorlíonadh chun an comhaontú a ailíniú leis an gCinneadh PRIMA leasaithe ionas gur féidir leanúint den Liobáin a mheas fós mar Stát Rannpháirteach faoin gclár Fís Eorpach de bhun Airteagal 1(2) den Chinneadh PRIMA leasaithe. Thairis sin, i bhfianaise na rialacha airgeadais nua, is gá na socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach a chomhtháthú go hiomlán i gComhaontú PRIMA, socruithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 2 de Chomhaontú PRIMA, mar a leagtar amach sa chomhaontú seo i bhfoirm Malartú Litreacha. Dá bhrí sin, d’fhonn Comhaontú PRIMA na socruithe cur chun feidhme maidir le cúnamh frithpháirteach a chomhtháthú go hiomlán go hiomlán i gComhaontú PRIMA, moltar na leasuithe seo a leanas ar an gcomhaontú:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na Liobáine in PRIMA, is éard a bheidh iontu na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Comhlíonfaidh na Páirtithe na hoibleagáidí a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2017/1324 agus glacfaidh siad bearta iomchuí, go háirithe tríd an gcúnamh uile is gá a sholáthar chun cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), (3a) agus (4) den Chinneadh sin a áirithiú. Leagtar amach san Iarscríbhinn na socruithe mionsonraithe maidir le cúnamh.”. |
|
2. |
Cuirtear Airteagal 8 seo a leanas leis: “Airteagal 8 Na socruithe mionsonraithe maidir le cúnamh, ar socruithe iad atá fíor-riachtanach don chomhar, comhtháthaítear iad mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo agus is cuid bhunúsach de iad.” |
|
3. |
Ceanglaítear an Iarscríbhinn seo a leanas leis an gComhaontú PRIMA: “IARSCRÍBHINN Maidir le cúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 2 Na módúlachtaí maidir le cúnamh frithpháirteach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, dírítear leo ar mhalartú faisnéise agus ar chomhairliúcháin idir na Páirtithe, agus ar mhódúlachtaí eile maidir le cúnamh amhail rochtain a éascú le haghaidh iniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha ar chaiteachas agus rochtain le haghaidh imscrúduithe, a bhaineann go háirithe le cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), (3a) agus (4) de Chinneadh (AE) 2017/1324 maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú de bhun Airteagal 6(1), pointe (a), den Chinneadh sin (dá ngairtear ‘gníomhaíochtaí indíreacha’ anseo feasta). Na módúlachtaí sin, ní eascraíonn astu, ar aon bhealach, dliteanas seach-chonarthach ar údarás inniúil ainmnithe de chuid na Liobáine i gcás neamhrialtachtaí a bhraitear le linn seiceálacha, iniúchtaí, athbhreithnithe agus imscrúduithe airgeadais dá dtagraítear faoi na hAirteagail thuasluaite, lena n-áirítear neamhrialtachtaí i ndearbhuithe na dtairbhithe maidir lena stádas dlíthiúil nó lena n-incháilitheacht. Oibleagáidí thairbhithe na Liobáine i ndáil le hiniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha, chomh maith le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), lena n-áirítear na forálacha ábhartha maidir le forfheidhmiú, rialaítear iad go mion sna Comhaontuithe Deontais a shínítear idir na tairbhithe sin agus Struchtúr Cur Chun Feidhme PRIMA (Fondúireacht PRIMA). AIRTEAGAL 1 Iniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha 1. Ceanglaítear ar údaráis na Liobáine faoi Airteagal 2 den Chomhaontú an cúnamh is gá a sholáthar le haghaidh iniúchtaí ar chaiteachas trí fheidhmiú na n-oibríochtaí sin a éascú. I gcás ina bhfuil gá le cúnamh den sórt sin, soláthróidh Struchtúr Cur Chun Feidhme PRIMA (Fondúireacht PRIMA) an fhaisnéis bhunúsach maidir le misin a bhaineann leis na hiniúchtaí, athbhreithnithe agus seiceálacha sin d’údarás ainmnithe na Liobáine roimh ré, rud a chuirfidh ar a gcumas don údarás ainmnithe na misin sin a éascú a mhéid is gá. Chun críocha an phointe sin, is é an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde Eolaíoch – an Liobáin (CNRS-L) údarás ainmnithe na Liobáine. 2. Féadfar na hiniúchtaí, na hathbhreithnithe agus na seiceálacha a dhéanamh tar éis do Chinneadh (AE) 2017/1324, arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/1167, nó tar éis don Chomhaontú dul in éag nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe, fad a bheidh gá leis sin chun PRIMA a chur chun feidhme. AIRTEAGAL 2 Imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) 1. Ceanglaítear ar údaráis na Liobáine faoi Airteagal 2 den Chomhaontú an cúnamh is gá a sholáthar le haghaidh imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus urraim chuí á tabhairt do dhlíthe náisiúnta na Liobáine. 2. Déanfaidh OLAF gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a ullmhú agus a dhéanamh ar chríoch na Liobáine i ndlúthchomhar le húdarás inniúil na Liobáine arna ainmniú ag Poblacht na Liobáine. Tabharfaidh OLAF fógra don údarás ainmnithe in am trátha faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí ar an láthair a dhéantar ar chríoch na Liobáine, ionas gur féidir leis aon chúnamh ábhartha is gá a sholáthar. Chuige sin, féadfaidh foireann údaráis inniúla na Liobáine páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí sin ar an láthair. Más mian le húdarás ainmnithe na Liobáine é, féadfaidh sé na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhpháirt le OLAF. Chun críocha an phointe sin, is é an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde Eolaíoch – an Liobáin (CNRS-L) údarás ainmnithe na Liobáine. 3. Má chuireann na rannpháirtithe lena mbaineann i ngníomhaíochtaí indíreacha nó má chuireann eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i bPoblacht na Liobáine in aghaidh seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na Liobáine, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá d’fhoireann OLAF ionas go mbeidh sé in ann a sheiceálacha agus a chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach agus gan moill mhíchuí. 4. Cuirfidh OLAF, údaráis na Liobáine ar an eolas, i gcás inar féidir, faoi thorthaí na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin ar an láthair in am trátha. 5. Oibreoidh údaráis na Liobáine i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (10) ionas go mbeidh sí in ann na dualgais a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. AIRTEAGAL 3 Faisnéis agus comhairliúchán Déanfaidh na Páirtithe faisnéis a mhalartú le haghaidh cúnamh frithpháirteach faoin gComhaontú ar bhonn rialta, mura dtoirmisctear sin a dhéanamh le rialacha nó dlíthe is infheidhme agus, arna iarraidh sin ag ceann de na Páirtithe, rachaidh siad i mbun comhairliúcháin. Cuirfidh údaráis inniúla na Liobáine an Coimisiún nó OLAF ar an eolas, laistigh de thréimhse réasúnta ama, faoi fhaisnéis atá tugtha faoi deara acu maidir le neamhrialtachtaí amhrasta nó neamhrialtachtaí arna suí i ndáil le tabhairt i gcrích nó feidhmiú na gcomhaontuithe deontais nó na gconarthaí a tugadh i gcrích chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme. AIRTEAGAL 4 Rúndacht Cosnóidh na Páirtithe faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear in aon fhoirm faoin gComhaontú ar an mbealach céanna a gcosnaítear faisnéis chomhchosúil lena rialacha is infheidhme. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine eile seachas iad siúd atá laistigh d’Fhondúireacht PRIMA, d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, de na Ballstáit Rannpháirteacha nó de Phoblacht na Liobáine, a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, agus ní úsáidfear na fáisnéise sin chun críoch eile seachas chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais na bPáirtithe Conarthacha a áirithiú.”. |
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go bhfuil do Rialtas i gcomhaontú leis an méid sin thuas. Tá sé d’onóir agam a mholadh, má tá an méid thuas inghlactha ag do Rialtas, gurb ionann an litir seo agus do dhearbhú le chéile agus Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, i bhfoirm Malartú Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA). Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfoirm Malartú Litreacha i bhfeidhm nuair a bheidh fógra tugtha ag an Aontas agus ag Poblacht na Liobáine dá chéile go bhfuil a nósanna imeachta um fhormheas inmheánach faoi seach curtha i gcrích acu chun an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích.’
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Rialtas i gcomhaontú le hinneachar do litreach agus gurb éard a bheidh i do litir agus sa litir seo le chéile Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine, i bhfoirm Malartú Litreacha, lena leasófar agus lena bhforlíonfar Comhaontú PRIMA i gcomhréir le do thogra.
Glac uaim, a Dhuine Uasail, deimhne mo mhodha fhíormóir duit.
(1) Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (IO AE L 79, 22.3.2018, lch. 3 ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/467/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1324/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO AE L, 2024/1167, 19.4.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).
(4) Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1324/oj), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO AE L, 2024/1167, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).
(5) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”)(IO AE L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(6) Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Liobáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Liobáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), (IO AE L 79, 22.3.2018, lch. 3 ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/467/oj).
(7) Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO AE L 185, 18.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1324/oj).
(8) Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO AE L, 2024/1167, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).
(9) Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1324/oj), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/1167 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO AE L, 2024/1167, 19 4 2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).
(10) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO AE L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1415/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)