This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1263
Decision of the EEA Joint Committee No 71/2026 of 20 March 2026 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2026/1263]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 71/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1263]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 71/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1263]
IO L, 2026/1263, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1263/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1263 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 71/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1263]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2699 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos, de bhun Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha nós imeachta mionsonraithe maidir le comhar Ghrúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte agus comhar an Choimisiúin leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach i bhfoirm malartú faisnéise a mhéid a bhaineann leis an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis agus ar fheistí leighis diagnóiseacha in vitro agus a mhéid a bhaineann leis an gcomhairliúchán eolaíoch comhpháirteach i ndáil le táirgí íocshláinte agus feistí leighis (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/117 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘23c. |
32024 R 2699: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2699 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos, de bhun Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha nós imeachta mionsonraithe maidir le comhar Ghrúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte agus comhar an Choimisiúin leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach i bhfoirm malartú faisnéise a mhéid a bhaineann leis an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis agus ar fheistí leighis diagnóiseacha in vitro agus a mhéid a bhaineann leis an gcomhairliúchán eolaíoch comhpháirteach i ndáil le táirgí íocshláinte agus feistí leighis (IO L, 2024/2699, 21.10.2024).’ |
Airteagal 2
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 17b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/117 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘17c. |
32024 R 2699: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2699 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos, de bhun Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha nós imeachta mionsonraithe maidir le comhar Ghrúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte agus comhar an Choimisiúin leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach i bhfoirm malartú faisnéise a mhéid a bhaineann leis an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis agus ar fheistí leighis diagnóiseacha in vitro agus a mhéid a bhaineann leis an gcomhairliúchán eolaíoch comhpháirteach i ndáil le táirgí íocshláinte agus feistí leighis (IO L, 2024/2699, 21.10.2024).’ |
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2699 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/2699, 21.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2699/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1263/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)