This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1247
Decision of the EEA Joint Committee No 100/2026 of 20 March 2026 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/1247]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 100/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1247]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 100/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1247]
IO L, 2026/1247, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1247/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1247 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 100/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1247]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2143 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/340 a mhéid a bhaineann le hoiliúint agus measúnú ar bhonn inniúlachta a thabhairt isteach agus oiliúint fhíorúil a chur ar rialtóirí aerthráchta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66nj (Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 R 2143: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2143 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2025 (IO L, 2025/2143, 24.10.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2143 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/2143, 24.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2143/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1247/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)