Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1237

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 105/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1237]

IO L, 2026/1237, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1237/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1237/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1237

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 105/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1237]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 (2), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 21apm (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

32025 R 0927: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (IO L, 2025/927, 31.7.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2025/927, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/927/oj.

(2)   IO L 250, 30.9.2019, lch. 10.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha

a ghabhann le Cinneadh Uimh. 105/2026 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2026 lena n-ionchorpraítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 ón gCoimisiún i gComhaontú LEE

Áirítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/927 ón gCoimisiún cur chun feidhme iomchuí na mbeart arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon intinn go bhfuil ionchorprú an Rialacháin Tharmligthe i gComhaontú LEE gan dochar do raon feidhme an Chomhaontaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1237/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top