Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1226

Cinneadh (CBES) 2026/1226 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, chomh maith le gníomhaíochtaí na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear

ST/9274/2026/INIT

IO L, 2026/1226, 8.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1226/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1226/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1226

8.6.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1226 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, chomh maith le gníomhaíochtaí na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (1).

(2)

An 22 Bealtaine 2026, ghlac an Comhairle Cinneadh (CBES) 2026/1157 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 lena gceadaítear srianta taistil agus bearta reo sócmhainní a fhorchur ar dhaoine agus ar eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais na hIaráine, a thacaíonn leo, a chuireann chun feidhme iad nó a bhaineann tairbhe astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart beirt agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, chomh maith le gníomhaíochtaí na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2026/1157 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L, 2026/1157, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1157/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘25.

Mohammad AKBARZADEH

محمد اکبرزاده

(litriú Fairsise)

Post/poist: Leas-Cheannasaí ar Ghnóthaí Polaitiúla Chabhlach Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGCN)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Mohammad Akbarzadeh Leas-Cheannasaí ar Ghnóthaí Polaitiúla Chabhlach Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGCN) atá liostaithe ag an Aontas agus feidhmíonn sé mar urlabhraí thar ceann IRGCN.

Cuireann IRGCN beartais na hIaráine chun feidhme lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta i gCaolas Hormuz trí chóras dolaí a fhorfheidhmiú i gCaolas Hormuz agus trí shoithí tráchtála iomadúla a bhagairt, a chiapadh agus a ionsaí i gCaolas Hormuz. Ina ráitis, deir Akbarzadeh go bhfuil smacht iomlán ag an Iaráin ar Chaolas Hormuz agus go bhfuil bagairt ann go ndéanfaidh an Iaráin diúracáin nó ladrainn a úsáid i gcoinne soithí atá ar idirthuras i gCaolas Hormuz.

Dá bhrí sin, tacaíonn Mohammad Akbarzadeh le gníomhaíochtaí agus beartais na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear, agus cuireann sé chun feidhme iad.

8.6.2026

26.

Hamid HOSSEINI

حمید حسینی

(litriú Fairsise)

Post/poist: Urlabhraí thar ceann Aontas Onnmhaireoirí Ola, Gáis agus Táirgí Peitriceimiceacha na hIaráine.

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Tá Hamid Hosseini ina urlabhraí thar ceann Aontas Onnmhaireoirí Ola, Gáis agus Táirgí Peitriceimiceacha na hIaráine agus ina chomhalta de Chomhlachas Tráchtála na hIaráine.

Is comhlachas tionscail é Aontas Onnmhaireoirí Ola, Gáis agus Táirgí Peitriceimiceán na hIaráine ar cuideachtaí iad a chomhaltaí a bhfuil baint acu le táirgeadh agus onnmhairiú peitriliam, gáis agus táirgí peitriceimiceán. Tá baint mhór ag rialtas na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí le honnmhairí ola na hIaráine.

Chuir an Iaráin beartas chun feidhme lena gceanglaítear ar shoithí atá ar idirthuras trí Chaolas Hormuz faisnéis a chur isteach, dul faoi mheasúnú, agus táillí idirthurais a íoc le húdaráis na hIaráine. Ina cháil mar urlabhraí thar ceann Aontas Onnmhaireoirí Ola, Gáis agus Táirgí Peitriceimiceán na hIaráine, míníonn Hosseini an beartas seo agus cuireann sé chun cinn an beartas seo trí ráitis in eagraíochtaí meán idirnáisiúnta agus de chuid na hIaráine.

Dá bhrí sin, tacaíonn Hamid Hosseini le gníomhaíochtaí agus beartais na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear, agus cuireann sé chun feidhme iad.

8.6.2026’;

(2)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘27.

Ceannasaíocht Chúigeach Hormozgan de chuid Chabhlach Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGCN)

 

Áit chlárúcháin: An Iaráin

Is foroinn de Chabhlach Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGCN) atá liostaithe ag an Aontas í Ceannasaíocht Chúige Hormozgan de chuid IRGCN. Tá smacht glactha ag IRGCN ar Chaolas Hormuz agus tá córas dolaí curtha chun feidhme aige sa Chaolas trína gceanglaítear ar shoithí doiciméadacht aitheantais chomh maith le faisnéis lasta agus cinn scríbe a chur ar fáil d’idirghabhálaithe a chuireann an fhaisnéis ar aghaidh ansin chuig Ceannasaíocht Chúigeach Hormozgan. Ar bhonn na faisnéise sin, déanann Ceannasaíocht Chúigeach Hormozgan scagadh ar shoithí agus cinneann sí cé na soithí a gceadaítear dóibh idirthuras a dhéanamh tríd an gCaolas, uaireanta faoi réir dola a íoc.

Dá bhrí sin, déanann Ceannasaíocht Chúigeach Hormozgan de chuid IRGCN gníomhaíochtaí nó beartais na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear a chur chun feidhme.

8.6.2026’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1226/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top