Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1162

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1162 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1768)

C/2026/1768

IO L, 2026/1162, 27.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1162/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1162/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1162

27.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1162 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Bealtaine 2026

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1768)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (1), agus go háirithe Airteagal 4(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/837 ón gCoimisiún (3), leag an Coimisiún amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1755, chomh maith leis an íosmhéid acmhainní atá le caitheamh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán sin.

(2)

Trí Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceadaíodh do na Ballstáit an méid sealadach iomlán a leithdháileadh orthu faoin gCúlchiste a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), nó cuid de a aistriú. In 2023, chuir 23 Bhallstát iarraidh réasúnaithe isteach chun méid iomlán EUR 2 089 446 003 a aistriú ón gCúlchiste chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar na hiarrataí sin.

(3)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, leasaíodh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5) agus laghdaíodh na hacmhainní uasta a leagtar síos sa Rialachán sin le haghaidh Chúlchiste Coigeartaithe Brexit de bharr iarmhéid an Chúlchiste nár úsáideadh (a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh thráthchuid 2025). Is é EUR 584 264 090 an méid gan íoc sin atá ar fáil.

(4)

Leasaíodh Rialachán (AE) 2021/1755 agus an laghdú sin á chur san áireamh. Ba cheart na hathruithe sin ar acmhainní uasta Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a léiriú sna méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát agus san íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha.

(5)

Ar chúiseanna clársceidealaithe, is i bpraghsanna reatha a thugtar méideanna sealadacha foriomlána a leithdháiltear ar gach Ballstát.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803, cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Raffaele FITTO

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 357, 8.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1755/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha (IO L 362, 12.10.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1803/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/837 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803 lena leagtar amach na méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha (IO L 105, 20.4.2023, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/837/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1803:

IARSCRÍBHINN

Méideanna sealadacha a leithdháiltear ar gach Ballstát ó acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit agus an t-íosmhéid tacaíochta do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha i bpraghsanna reatha (EUR) mar thoradh ar laghdú ar acmhainní leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Ballstát

Méid a bhaineann leis na tosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1755

Méideanna a laghdaíodh mar thoradh ar an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Leithdháileadh sealadach iomlán (tar éis aistrithe chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an laghdú mar thoradh ar an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil)

Íosmhéid atá le caitheamh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) do phobail chósta áitiúla agus réigiúnacha

Trádáil earraí agus seirbhísí leis an Ríocht Aontaithe

Éisc a ghabhtar i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Ríochta Aontaithe

Réigiúin a bhfuil teorainn mhuirí acu leis an Ríocht Aontaithe

BE - An Bheilg

129 217 527

23 333 576

5 172 766

0

157 723 869

11 040 671

BG - An Bhulgáir

8 421 670

 

 

951 194

8 421 670

 

CZ - An tSeicia

 

 

 

0

0

 

DK - An Danmhairg

70 693 037

94 395 388

 

43 884 265

165 088 425

11 556 190

DE - An Ghearmáin

329 380 804

24 844 166

 

72 635 900

354 224 970

12 422 083

EE - An Eastóin

 

 

 

0

0

 

IE - Éire

675 497 560

76 570 834

49 941 285

213 192 446

802 009 679

38 285 417

EL - An Ghréig

13 031 153

 

 

0

13 031 153

 

ES - An Spáinn

166 953 123

2 460 047

 

45 033 880

169 413 170

1 230 024

FR - An Fhrainc

142 041 225

41 642 737

47 867 301

0

231 551 263

16 208 588

HR - An Chróit

 

 

 

0

0

 

IT - An Iodáil

115 950 662

 

 

30 818 750

115 950 662

 

CY - An Chipir

 

 

 

0

0

 

LV - An Laitvia

 

 

 

0

0

 

LT - An Liotuáin

6 658 356

16 682

 

809 535

6 675 038

8 341

LU - Lucsamburg

 

 

 

0

0

 

HU - An Ungáir

45 155 804

 

 

12 002 048

45 155 804

 

MT - Málta

4 322 261

 

 

0

4 322 261

 

NL - An Ísiltír

389 011 876

76 687 561

19 847 654

120 767 547

485 547 090

33 988 296

AT - An Ostair

21 892 628

 

 

5 818 884

21 892 628

 

PL - An Pholainn

136 011 267

1 162 353

 

36 459 641

137 173 620

 

PT - An Phortaingéil

 

 

 

0

0

 

RO - An Rómáin

 

 

 

0

0

 

SI - An tSlóivéin

 

 

 

0

0

 

SK - An tSlóvaic

 

 

 

0

0

 

FI - An Fhionlainn

7 110 000

 

 

1 890 000

7 110 000

 

SE - An tSualainn

67 431 973

4 001 632

 

0

71 433 605

 

Iomlán AE27

2 328 780 925

345 114 976

122 829 006

584 264 090

2 796 724 907

124 739 610


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1162/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top