Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1128

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1128 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2026 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/3258

IO L, 2026/1128, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1128/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1128/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1128

26.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1128 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Bealtaine 2026

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh aigéad bórach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 31 Lúnasa 2021 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 28 Feabhra 2020 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’).

(3)

An 2 Iúil 2020 chuir údarás inniúil meastóireachta na hÍsiltíre an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1288 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2024 dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/222 ón gCoimisiún (4) cuireadh ar atráth an athuair dáta éaga an fhormheasa go dtí an 31 Lúnasa 2026, mar gheall ar mhoilleanna ar an meastóireacht ar an iarratas.

(8)

An 13 Feabhra 2026, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, moill atá nasctha leis an measúnú ar shonraí a bhaineann le héifeachtúlacht, airíonna anailíseacha agus fisiciceimiceacha agus cinniúint chomhshaoil na substainte, agus leis an measúnú ar chritéir réabtha inchrínigh le haghaidh na substainte. Thuig an Coimisiún ón bhfaisnéis a sholáthair an t-údarás inniúil meastóireachta nach dócha go gcuirfidh an t-údarás sin moladh faoi bhráid na Gníomhaireachta roimh lár 2027.

(9)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht an tuairim uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach í, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2029.

(10)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh aigéad bórach formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/222, cuirtear ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2029 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1288 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 43; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1288/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/222 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad bórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/222, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/222/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1128/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top