This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1083
Council Decision (CFSP) 2026/1083 of 11 May 2026 amending Decision 2014/486/CFSP on the European Union Advisory Mission for Civilian Security Sector Reform Ukraine (EUAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2026/1083 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2026/1083 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
ST/5257/2025/INIT
IO L, 2026/1083, 12.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1083/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1083 |
12.5.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1083 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2026
lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1) lenar bunaíodh Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine). |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2022, thug Cónaidhm na Rúise cogadh foghach gan chúis gan údar faoin Úcráin, rud a cháin an Chomhairle Eorpach go géar sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022. |
|
(3) |
An 18 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/452 (2), lenar tugadh an cúram sealadach breise do EUAM Ukraine comhairle a chur ar údaráis na hÚcráine d’fhonn sreabhadh na ndídeanaithe go dtí an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic ón Úcráin a éascú mar aon le tabhairt isteach na cabhrach daonnúla san Úcráin a éascú. |
|
(4) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/638 (3), lenar tugadh an cúram breise do EUAM Ukraine tacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta a éascú. |
|
(5) |
An 23 Meitheamh 2022, dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir ar aontachas leis an Aontas don Úcráin. |
|
(6) |
Sna conclúidí uaithi an 11 Nollaig 2023, sna conclúidí maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) sibhialtach, chuir an Chomhairle i dtreis tacaíocht bhuanseasmhach fhadtéarmach an Aontais don Úcráin. Leag an Chomhairle béim láidir ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht do CBSC sibhialtach a neartú agus freagairt go mear do riachtanais mhéadaitheacha na hÚcráine mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais chun slándáil na hÚcráine a fheabhsú. Mhol an Chomhairle an obair uile atá déanta ag EUAM Ukraine, lena n-áirítear tacaíocht don athchóiriú ar earnáil slándála na hÚcráine agus bainistiú comhtháite teorainneacha, agus, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, na hiarrachtaí a rinneadh i réimse imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta agus i ndáil leis an smacht reachta a athbhunú sna críocha a saoradh agus sna críocha tadhlacha. |
|
(7) |
Sna conclúidí uaithi maidir le méadú an 12 Nollaig 2023, agus Clár Oibre Thessaloniki 2003 agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí an Mheithimh 2022 á meabhrú aici, dhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas iomlán aonchiallach do na hionchais do bhallraíocht an Aontais atá ag na Balcáin Thiar, ag an Úcráin, ag Poblacht na Moldóive agus ag an tSeoirsia, agus athdhearbhaíonn sí gurb é an tAontas is dán dóibh. |
|
(8) |
Sna conclúidí uaithi an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas fós tiomanta do thacú le deisiú, téarnamh agus atógáil na hÚcráine, i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur neartaíodh EUAM Ukraine, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann cur leis an tacaíocht a thugtar do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na hÚcráine sna críocha a saoradh agus sna críocha tadhlacha, agus go mbeifear in ann athchóirithe a dhéanamh i gcomhthéacs phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas. |
|
(9) |
Sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an obair leanúnach atá á déanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar EUAM Ukraine agus ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine). Tá sé geallta ag na Ballstáit go rannchuideoidh siad le hoiliúint agus trealamh a chur ar fáil d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. |
|
(10) |
An 18 Samhain 2025, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUAM Ukraine, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála sainordú EUAM Ukraine. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/486/CBES a leasú chun toradh an athbhreithnithe straitéisigh ar EUAM Ukraine a léiriú agus chun an méid tagartha airgeadais don tréimhse ón 1 Meitheamh 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2027 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(12) |
Cuirfear EUAM Ukraine i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 2(1), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
; |
|
2. |
in Airteagal 2, mír 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
; |
|
(3) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh: ‘Is é EUR 128 025 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUAM Ukraine a chumhdach don tréimhse ón 1 Meitheamh 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2027.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/486/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/452 ón gComhairle an 18 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine), (IO L 92, 21.3.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/452/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/638 ón gcomhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 117, 19.4.2022, lch. 38. ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/638/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1083/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)