This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1068
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1068 of 18 May 2026 cancelling the registration of the protected designation of origin Ambt Delden (PDO)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1068 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2026 lena gcealaítear clárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint Ambt Delden (ATFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1068 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2026 lena gcealaítear clárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint Ambt Delden (ATFC)
C/2026/3128
IO L, 2026/1068, 19.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1068/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1068 |
19.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1068 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Bealtaine 2026
lena gcealaítear clárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Ambt Delden’ (ATFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 25(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán céanna, an t-iarratas a sheol an Ísiltír an 22 Deireadh Fómhair 2024 ina raibh an iarraidh ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) ‘Ambt Delden’ a chealú, foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm ‘Ambt Delden’ a chealú ó chlár an Aontais um thásca geografacha |
|
(4) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cealaítear leis seo clárú an ainm ‘Ambt Delden’ (ATFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) IO C, C/2025/6054, 12.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6054/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1068/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)