This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1058
Council Decision (EU) 2026/1058 of 5 May 2026 amending Decision 1999/70/EC concerning the external auditors of the national central banks, as regards the external auditors of Българска народна банка (Bulgarian National Bank)
Cinneadh (AE) 2026/1058 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)
Cinneadh (AE) 2026/1058 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)
ST/8011/2026/INIT
IO L, 2026/1058, 11.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1058/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1058 |
11.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1058 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Bealtaine 2026
lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,
Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Márta 2026 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (BCE/2026/8) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, le hiniúchadh a dhéanamh ar chuntais BCE agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
Tá Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) faoi réir Airteagal 27.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2026. |
|
(3) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha ar Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Ernst and Young Audit OOD, tar éis iniúchta na bliana airgeadais 2026. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, mhol Comhairle Rialaithe BCE go bhformheasfadh an Chomhairle na hiniúchóirí seachtracha reatha, Ernst and Young Audit OOD, mar iniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) don bhliain airgeadais 2026. |
|
(5) |
De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) ón gComhairle a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘21. Leis seo, formheastar Ernst and Young Audit OOD mar iniúchóirí seachtracha Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) don bhliain airgeadais 2026.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
(1) IO C, C/2026/1938, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1938/oj.
(2) Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/70(1)/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1058/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)