Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0955

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 30/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn VII (Aitheantas do Cháilíochtaí Gairmiúla) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/955]

IO L, 2026/955, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/955/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/955/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/955

21.5.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 30/2026

an 6 Feabhra 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn VII (Aitheantas do Cháilíochtaí Gairmiúla) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/955]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Tarmligthe (AE) 2025/2187 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 D 2187: Cinneadh Tarmligthe (AE) 2025/2187 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 (IO L, 2025/2187, 29.10.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Tarmligthe (AE) 2025/2187 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Feabhra 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/2187, 29.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2025/2187/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/955/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top