This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0914
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/914 of 21 April 2026 amending Annexes V, XIII and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for Botswana, Canada, the United Kingdom and the United States in the lists of third countries, territories, or zones thereof authorised for the entry into the Union of consignments of certain animals and products of animal origin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/914 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/914 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas
C/2026/2742
IO L, 2026/914, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/914/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/914 |
23.4.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/914 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1), pointe (b) agus Airteagal 232(3), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach bhfuil teacht isteach coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha san Aontas le ceadú ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó críoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go sonrach, le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
An 2 Aibreán 2026, chuir an Bhotsuáin an Coimisiún ar an eolas faoi ráig den ghalar crúb agus béil (GCB) i mbunaíocht bó-ainmhithe Ramatlabama i réigiún Barolong, i gCeantar Theas na Botsuáine, ráig a dheimhnigh na húdaráis inniúla an 1 Aibreán 2026 le hanailís saotharlainne (RT-PCR agus AC-ELISA). Tá an bhunaíocht sin lonnaithe laistigh de chrios rialaithe galar tréidliachta 11 arna ainmniú ag údaráis inniúla na Botsuáine áit a bhfuil an t-aon seamlas atá liostaithe san Aontas atá formheasta maidir le feoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas lonnaithe freisin agus nach bhfuil aon bheart rialaithe gluaiseachta ná aon bhacainn fhisiceach i bhfeidhm aige leis na criosanna rialaithe galar tréidliachta 12 agus 13. |
|
(6) |
Thairis sin, tar éis an fhógra láithrigh faoi ráig GCB i réigiún Barolong, i gCeantar Theas na Botsuáine, fógra a chuir Toscaire na Botsuáine faoi bhráid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), chuir WOAH ar fionraí stádas ‘saor ó GCB i gcás nach ndéantar vacsaíniú’ an chreasa ina bhfuil criosanna rialaithe galar tréidliachta 3c (Dukwi), 4b, 5, 6a, 8, 9, 10, 11, 12 agus 13 arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na Botsuáine, mar atá aitheanta ag Comhthionól Domhanda na dToscairí i dtéarmaí Rún Uimh. 13 i mí na Bealtaine 2025, le héifeacht ón 31 Márta 2026. |
|
(7) |
Sa liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sonraítear go n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh áirithe a theacht isteach san Aontas ó chriosanna BW-1, arb é atá iontu criosanna rialaithe galar tréidliachta 4b, 5, 8 agus 9, BW-2, arb é atá iontu criosanna rialaithe galar tréidliachta 10, 11 agus 13, BW-3, arb é atá iontu crios rialaithe galar tréidliachta 12, agus BW-5, arb é atá iontu crios rialaithe galar tréidliachta 6a, sa Bhotsuáin. |
|
(8) |
De dheasca an riosca a bhaineann le GCB a thabhairt isteach san Aontas trí bhíthin coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe ón mBotsuáin agus ag cur san áireamh go háirithe Airteagal 124, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena dtoirmeasctar ainmhithe a iompar óna mbunaíochtaí tionscnaimh chuig an seamlas trí chriosanna nach liostaítear lena dteacht isteach san Aontas, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh coinsíneachtaí den sórt sin a theacht isteach san Aontas ó chriosanna BW-1, BW-2, BW-3 agus BW-5 sa Bhotsuáin. |
|
(9) |
Ina theannta sin, in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch atá údaraithe, faoi seach, maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(10) |
An 16 Aibreán 2026, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Saskatchewan, ráig a deimhníodh an 13 Aibreán 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(11) |
An 12 Aibreán 2026 agus an 15 Aibreán 2026, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Cambridgeshire agus Lincolnshire, i Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 11 Aibreán 2026 agus an 14 Aibreán 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(12) |
An 2 Aibreán 2026 agus an 16 Aibreán 2026, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 14 ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Arkansas, Indiana, Pennsylvania, agus South Dakota, ráigeanna a deimhníodh idir an 31 Márta 2026 agus an 14 Aibreán 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, thug údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe fógra faoi bhunú criosanna srianta 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus faoi chur chun feidhme beartais díothaithe chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(14) |
Tá faisnéis bhreise curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta a rinneadh chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí. |
|
(15) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, is iomchuí teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na limistéir lena mbaineann na ráigeanna nua sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthartha don Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha faoi seach a mhéid a bhaineann le ráigeanna a bhí ann roimhe seo den fhliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a chur ar fionraí san Aontas, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(17) |
Go sonrach, an 13 Aibreán 2026, chuir Ceanada faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta a bhí déanta aige i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúige Alberta, ráig a deimhníodh an 21 Samhain 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(18) |
An 14 Aibreán 2026, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta a bhí déanta aici i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontae Yorkshire, Sasana, ráig a deimhníodh an 3 Márta 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(19) |
An 9 Aibreán 2026, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta a rinne siad i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Colorado, Florida, Idaho, North Carolina, Pennsylvania, South Dakota, agus Washington, ráigeanna a deimhníodh idir an 20 Deireadh Fómhair 2025 agus an 3 Márta 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(20) |
Tá an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go raibh beartas díothaithe curtha chun feidhme acu, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus go raibh na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe sna bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe. |
|
(21) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faoina bhráid ina leith sin agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí san Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na criosanna atá buailte a chur ar fionraí, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna buailte den Ríocht Aontaithe agus de na Stáit Aontaithe agus óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, gur cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe sna táblaí sin sna hIarscríbhinní sin a leasú dá réir. |
|
(22) |
Agus staid GCB sa Bhotsuáin agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(23) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIII agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
2) |
in Iarscríbhinn XIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrálacha a bhaineann leis an mBotsuáin:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/914/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)