This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0733
Council Decision (EU) 2026/733 of 19 March 2026 on the position to be taken on behalf of the European Union at the fifteenth meeting of the Conference of the Parties to the Convention on the Conservation of Migratory Species of Wild Animals as regards proposals from various parties to amend the Appendices to that Convention
Cinneadh (AE) 2026/733 ón gComhairle an 19 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
Cinneadh (AE) 2026/733 ón gComhairle an 19 Márta 2026 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
ST/6882/2026/INIT
IO L, 2026/733, 1.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/733/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/733 |
1.4.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/733 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Márta 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983. |
|
(2) |
De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. |
|
(3) |
Tá Comhdháil na bPáirtithe, ag an 15ú cruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta 2026, chun cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú maidir le moltaí i ndáil leis an méid seo a leanas: na speicis nó na fospeicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún; daonra na Siombáibe de Acinonyx jubatus, Hyaena hyaena, Pteronura brasiliensis, Pterodroma baraui, Pterodroma cervicalis occulta, Pterodroma hasitata, Pterodroma madeira, Pterodroma magentae, Pterodroma incerta, Pseudobulweria macgillivrayi, Pseudobulweria aterrima, Pseudobulweria becki, Numenius phaeopus hudsonicus, Limosa haemastica, Tringa flavipes, Alopias pelagicus, Alopias superciliosus, Alopias vulpinus, Sphyrna lewini agus Sphyrna mokarran; an speiceas seo a leanas a bhaint de Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún: Cervus elaphus yarkandensis (agus Cervus elaphus yarkandensis a choimeád i bhFoscríbhinn II an tráth céanna); agus na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún; daonra na Siombáibe de Acinonyx jubatus, Hyaena hyaena, Pteronura brasiliensis, daonra na hAstráile agus na Nua-Chaladóine de Pterodroma leucoptera, Pterodroma brevipes, Pterodroma defilippiana, Pterodroma longirostris, Pterodroma cookii cookii, Pterodroma cookii orientalis, Pterodroma pycrofti, Pterodroma axillaris, Pterodroma neglecta juana, Pterodroma arminjoniana, Pterodroma alba, Pterodroma cervicalis cervicalis, Pterodroma externa, Pterodroma feae, Pterodroma deserta, Ardenna carneipes, Pseudobulweria rostrata, Bubo scandiacus, Sporophila iberaensis, Mustelus schmitti, Squatina guggenheim, Pseudoplatystoma corruscans. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí lena leasaítear na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ina gceangal ar an Aontas. |
|
(5) |
Ba cheart don Aontas tacú leis na tograí thuasluaite uile, seachas an togra a bhaineann le Cervus elaphus yarkandensis, ós rud é go bhfuil siad bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, agus i gcomhréir le cinntí a glacadh ag Comhdháil na bPáirtithe. |
|
(6) |
Níor cheart don Aontas tacú leis an togra maidir leis an Cervus elaphus yarkandensis toisc nach gcomhlíontar na critéir a bhunaítear in Airteagal III(3) den Choinbhinsiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’):
|
(a) |
tacú leis na speicis nó na fospeicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún:
|
|
(b) |
gan tacú leis an Cervus elaphus yarkandensis a bhaint d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, toisc nach gcomhlíontar na critéir a bhunaítear in Airteagal III(3) den Choinbhinsiún; |
|
(c) |
tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún:
|
Airteagal 2
I bhfianaise na bhforbairtí ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar ag faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua arna tíolacadh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair gan aon chinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1982/461/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/733/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)