This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0697
Regulation (EU) 2026/697 of the European Parliament and of the Council of 11 March 2026 on cooperation among enforcement authorities responsible for the enforcement of Directive (EU) 2019/633 on unfair trading practices in business-to-business relationships in the agricultural and food supply chain
Rialachán (AE) 2026/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2026 maidir le comhar i measc údaráis forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú Threoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia
Rialachán (AE) 2026/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2026 maidir le comhar i measc údaráis forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú Threoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia
PE/57/2025/REV/2
IO L, 2026/697, 20.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/697/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 09/04/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/697 |
20.3.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/697 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2026
maidir le comhar i measc údaráis forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú Threoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Laistigh de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, is dóchúla go mbeadh cleachtais éagóracha trádála ann i ngeall ar mhíchothromaíochtaí suntasacha sa chumhacht margála idir soláthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus táirgí bia. Le Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh isteach íoschaighdeán cosanta de chuid an Aontais in aghaidh cleachtais éagóracha trádála chun laghdú a dhéanamh ar líon na gcleachtas sin, a mbeidh tionchar diúltach acu ar chaighdeáin mhaireachtála an phobail talmhaíochta. |
|
(2) |
Sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘An toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála a chur chun feidhme chun seasamh na bhfeirmeoirí agus na n-oibreoirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a neartú - Staid na himeartha’ an 23 Aibreán 2024, leagadh béim ar mharthanacht na míchothromaíochtaí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, rud a mhéadaíonn an gá atá le bearta nua chun dlús a chur leis an gcosaint do sholáthróirí agus chun cumhacht leordhóthanach mhargála a áirithiú do gach oibreoir. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2019/633, ceanglaítear ar na Ballstáit údaráis forfheidhmithe a ainmniú chun forfheidhmiú éifeachtach na dtoirmeasc a leagtar síos sa Treoir sin a áirithiú. Ceanglaítear leis an Treoir sin freisin ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis forfheidhmithe sin oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun cur chuige coiteann a áirithiú i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin. Go háirithe, tá sé le bheith d’aidhm ag na húdaráis forfheidhmithe cleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo a bhíonn ar siúl ar a gcríocha faoi seach a chosc nó a stopadh. Tá siad le déanamh amhlaidh trí oibriú le chéile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt agus trí chabhrú le himscrúduithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Cé go bhfuil an raon feidhme agus na féidearthachtaí maidir le comhar faoi Threoir (AE) 2019/633 fós ann ina n-iomláine d’údaráis forfheidhmithe na mBallstát, is iomchuí aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí áirithe a bhaineann leis an sásra comhair, agus éifeachtacht an tsásra sin a mhéadú. |
|
(4) |
De bharr phrionsabal an chríochachais, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag údaráis forfheidhmithe faisnéis a bhailiú, sárú a aimsiú agus fíneálacha agus pionóis eile atá chomh héifeachtach céanna a fhorchur agus a fhorfheidhmiú i gcás ina bhfuil ceannaitheoir bunaithe i mBallstát eile. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás ina bhfuil straitéis ceannaigh trasteorann ag oibreoirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia nó ag a gcomhghuaillíochtaí. Déanann na deacrachtaí sin difear don chóras forfheidhmithe a bunaíodh le Treoir (AE) 2019/633, córas atá ag brath ar an gcomhar idir údaráis forfheidhmithe, agus d’fhéadfadh forfheidhmiú míchothrom maidir le toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála a bheith ina thoradh air, rud a bhainfeadh an bonn den chosaint do sholáthróirí táirgí talmhaíochta agus bia atá beartaithe leis an Treoir sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha aonfhoirmeacha áirithe a bhunú lena neartófar an comhar idir údaráis forfheidhmithe i gcásanna trasteorann. Dá neartófaí an comhar sin, bheadh cosaint níos éifeachtaí ann ar chleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo agus rannchuideodh sé le seasamh feirmeoirí sa slabhra soláthair sin a neartú, agus ar an gcaoi sin caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta. |
|
(5) |
Ós rud é go gceadaítear do na Ballstáit, le Treoir (AE) 2019/633, rialacha náisiúnta níos déine a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach in aghaidh cleachtais éagóracha trádála, ba cheart a shoiléiriú nach gcumhdaítear na rialacha sin leis an Rialachán seo. Mar sin féin, leis an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go mbainfidh a n-údaráis forfheidhmithe úsáid as na féidearthachtaí a bhunaítear faoin sásra comhair dheonaigh a bhunaítear leis an Rialachán seo i ndáil leis na rialacha sin. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith ag baint leis an bhféidearthacht sin i gcásanna ina ndéanfar rialacha náisiúnta níos déine a chatagóiriú i roinnt Ballstát mar fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha arb é is aidhm dóibh soláthar cobhsaí agus inbhuanaithe táirgí bia do thomhaltóirí a ráthú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis forfheidhmithe diúltú an iarraidh sin a bhaineann le comhar deonach a chomhlíonadh. |
|
(6) |
Chun go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart na hacmhainní agus an saineolas is gá a sholáthar do na húdaráis forfheidhmithe. |
|
(7) |
Ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis forfheidhmithe aon ábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a sholáthar dá chéile agus a úsáid mar fhianaise i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Níor cheart faisnéis a sholáthraítear a úsáid mar fhianaise ach amháin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm chun na rialacha a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/633 a fhorfheidhmiú agus i leith an ábhair ar bhailigh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha í ina leith. Ba cheart rúndacht na faisnéise arna soláthar a ráthú agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann. Ba cheart iarrataí ó ghearánaigh maidir le cosaint faisnéise ar bhonn Airteagal 5(3) de Threoir (AE) 2019/633 a chur san áireamh agus ba cheart cosaint a áirithiú freisin i bhforfheidhmiú trasteorann. |
|
(8) |
D’fhonn cabhrú le deireadh a chur le cleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, ba cheart údaráis forfheidhmithe a chumhachtú ina gcríoch féin chun bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh thar ceann údaráis forfheidhmithe eile. Ba cheart don údarás forfheidhmithe iarrtha na bearta imscrúdaitheacha sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir (AE) 2019/633 agus i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. |
|
(9) |
Tá comhar idir na húdaráis forfheidhmithe, maidir le forfheidhmiú cinntí críochnaitheacha lena bhforchuirtear fíneálacha nó pionóis atá chomh héifeachtach céanna agus bearta eatramhacha eile arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir (AE) 2019/633, an-tábhachtach chun go mbeidh cosaint éifeachtach ann ar chleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Chun na críche sin, is gá an chumhacht a thabhairt don údarás forfheidhmithe iarrtha cinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag an údarás forfheidhmithe is iarratasóir a fhorfheidhmiú i gcás nach n-éiríonn le bailiú na bhfíneálacha nó le cur chun feidhme an phionóis atá chomh héifeachtach céanna nó an bhirt eatramhaigh ag an údarás forfheidhmithe is iarratasóir. I gcásanna ina ndéanann údarás náisiúnta inniúil eile fíneálacha a bhailiú nó pionóis atá chomh héifeachtach céanna nó bearta eatramhacha a chur chun feidhme i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás forfheidhmithe iarrtha bailiú na fíneála nó cur chun feidhme an phionóis atá chomh héifeachtach céanna nó an bhirt eatramhaigh a thionscnamh os comhair an údaráis náisiúnta inniúil eile sin. |
|
(10) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe ina gcríoch féin agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta cinntí críochnaitheacha lena bhforchuirtear fíneálacha nó pionóis eile atá chomh héifeachtach céanna nó bearta eatramhacha a fhorfheidhmiú, nó imeachtaí a thionscnamh chun iad a fhorfheidhmiú, thar ceann údarás forfheidhmithe eile, ar choinníoll go bhfuil sé fionnta ag na húdaráis forfheidhmithe eile sin nach féidir na fíneálacha nó na pionóis eile atá chomh héifeachtach céanna nó na bearta eatramhacha a fhorfheidhmiú i mBallstáit na n-údarás forfheidhmithe eile sin. |
|
(11) |
Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an Rialacháin seo a mhéadú, chun comhar rianúil a áirithiú idir údaráis forfheidhmithe agus chun costais iomarcacha a sheachaint do na húdaráis forfheidhmithe iarrtha, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le costais na mbeart a dhéantar de bhun an Rialacháin seo a chumhdach. |
|
(12) |
Ba cheart d’údaráis forfheidhmithe a chéile a chur ar an eolas faoi chleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a tharla nó atá ag tarlú ina gcríoch. |
|
(13) |
Ba cheart d’údaráis forfheidhmithe oibriú i gcomhar le chéile trí iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a eisiúint. Ba cheart a shonrú sna hiarrataí sin cén fhaisnéis nó beart a mheastar a bheith riachtanach i ngach cás chun imscrúduithe a dhéanamh ar chleachtais éagóracha trádála. Chun é a chur ar a chumas don údarás forfheidhmithe iarrtha an iarraidh a chomhlíonadh ina leith sin, ba cheart an fhaisnéis uile is gá maidir leis an gcleachtas éagórach trádála líomhnaithe a áireamh san iarraidh. |
|
(14) |
Níor cheart údaráis forfheidhmithe a bheith i dteideal diúltú iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh ná diúltú páirt a ghlacadh i mbearta forfheidhmiúcháin ach amháin más dócha go n-áiritheofaí le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, cinntí riaracháin nó imeachtaí breithiúnacha eile arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta nach dtagann faoin sásra um chúnamh frithpháirteach faoin Rialachán seo go scoirfí den chleachtas éagórach trádála ábhartha a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis. Ba cheart a bheith in ann diúltú freisin i gcásanna nach dtagann iarrataí faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó ina bhfuil siad ag teacht salach ar dhlí náisiúnta an údaráis forfheidhmithe iarrtha. Ba cheart d’údaráis forfheidhmithe cúiseanna a thabhairt leis na diúltuithe sin. |
|
(15) |
D’fhéadfadh easpa socruithe nós imeachta maidir leis an gcóras teanga a bheith ina bacainn ar chomhar rianúil idir údaráis forfheidhmithe. Ar an gcúis sin, ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe teacht ar chomhaontú maidir leis an teanga atá le húsáid i ngach fógra, iarraidh agus cumarsáid eatarthu. I gcás nach féidir leo teacht ar chomhaontú maidir leis an teanga atá le húsáid, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha réamhshocraithe maidir le húsáid teanga a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(16) |
I gcás ina bhféadfadh cleachtas éagórach trádála forleathan a bheith ar siúl a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis agus a bhfuil ceannaitheoirí agus solathróirí as trí Bhallstát ar a laghad bainteach leis, ba cheart na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an cleachtas sin a bheith in ann foláirimh a eisiúint trí chóras tiomnaithe, dul i mbun gníomhaíochtaí comhordaithe, agus comhordaitheoir a ainmniú chun an comhar a chomhordú i measc na n-údarás ábhartha forfheidhmithe ar ina gcríoch a líomhnaítear an cleachtas a bheith ar siúl. Chun a shuí cé na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis, ba cheart na gnéithe ábhartha uile a mheas, go háirithe an áit a bhfuil an ceannaitheoir bunaithe agus suíomh na soláthróirí a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh. Ba cheart tacú le cleachtais éagóracha trádála fhorleathana a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo a bhrath trí fhaisnéis a mhalartú idir údaráis forfheidhmithe i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann faoi na cleachtais sin. Ba cheart don chomhordaitheoir a inniúlacht a fheidhmiú faoi chuimsiú dlúthchomhair leis na húdaráis forfheidhmithe eile lena mbaineann. Ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe uile lena mbaineann cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis páirt ghníomhach a ghlacadh san imscrúdú ag céim luath, foláirimh a eisiúint don Choimisiún agus do na húdaráis forfheidhmithe eile lena mbaineann, agus an fhaisnéis faoi na cleachtais sin atá ar fáil dóibh a chomhroinnt. |
|
(17) |
Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos maidir le comhordú a dhéanamh ar bhearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála fhorleathana a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Le gníomhaíochtaí comhordaithe in aghaidh na gcleachtas sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh údaráis forfheidhmithe in ann na huirlisí is iomchuí agus is éifeachtúla a roghnú chun deireadh a chur leis na cleachtais sin. |
|
(18) |
Is gá na cásanna a liostú inar cheart d’údarás forfheidhmithe lena mbaineann cleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a bheith in ann cinneadh a dhéanamh diúltú páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe. Go háirithe, i gcás easpa acmhainní atá ar fáil a bheith ag an údarás forfheidhmithe sin, níor cheart dó sin a bheith ina údar le diúltú páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe. |
|
(19) |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh na huirlisí cumarsáide, comhair agus comhordúcháin uile is gá ag na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, ba cheart rialacha maidir le socruithe teanga a leagan síos leis an Rialachán seo. |
|
(20) |
Ós rud é go gcosnaítear soláthróirí san Aontas le Treoir (AE) 2019/633 freisin ar chleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus go gcosnaítear soláthróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas nuair a dhíolann siad táirgí talmhaíochta agus bia isteach san Aontas, ba cheart rialacha a sholáthar leis an Rialachán seo freisin maidir le comhar na n-údarás forfheidhmithe a mhéid a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála a bhfuil baint ag ceannaitheoirí agus soláthróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas leo agus a bhfuil toirmeasc orthu le Treoir (AE) 2019/633. |
|
(21) |
Le Treoir (AE) 2019/633, cosnaítear soláthróirí san Aontas freisin ar chleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos a chuirfidh ar chumas na n-údarás forfheidhmithe imscrúduithe a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí sna cásanna sin. Chuige sin, ba cheart d’údarás forfheidhmithe a bheith in ann a iarraidh ar cheannaitheoir pointe teagmhála laistigh den Aontas a ainmniú chun bheith ina phríomhphointe teagmhála don údarás forfheidhmithe agus chun an t-imscrúdú a éascú. Ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe a chéile agus an Coimisiún a chur ar an eolas freisin i gcásanna nach gcomhlíonann ceannaitheoir an iarraidh sin. |
|
(22) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirmeacha caighdeánacha a fhorbairt le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(23) |
Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na rialacha atá beartaithe chun seasamh na n-oibreoirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia atá neamhchosanta ar chleachtais éagóracha trádála, a neartú, ba cheart an tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoin Rialachán seo a bheith mar bhonn eolais don phróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2019/633. Tá sé tábhachtach go mbeadh forléargas ag an gCoimisiún ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann éifeachtacht an Rialacháin seo a mheas. Chuige sin, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe na mBallstát gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a áireamh ina dtuarascálacha bliantúla chuig an gCoimisiún. |
|
(24) |
Chun forfheidhmiú éifeachtach a éascú, ba cheart don Choimisiún ardán a sholáthar agus a bhainistiú lenar féidir faisnéis nó iarrataí a mhalartú go tapa i measc na n-údarás forfheidhmithe agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gCoimisiún. |
|
(25) |
Chun riachtanais theicniúla amach anseo a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe a mhéid a bhaineann leis an uirlis atá le húsáid chun fógraí agus cumarsáidí i measc na n-údarás forfheidhmithe a bhainistiú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(26) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá ann i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. |
|
(27) |
Níor cheart difear a dhéanamh d’imscrúduithe coiriúla ná d’imeachtaí breithiúnacha sna Ballstáit le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a bheith ag Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle (6), Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle (7) agus Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar an Rialachán seo a mhéid a thagann an cleachtas éagórach trádála lena mbaineann faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí sin. |
|
(28) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin cur leis an gcomhar idir na húdaráis forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú an toirmisc ar chleachtais éagóracha trádála faoi Threoir (AE) 2019/633 i gcásanna trasteorann, toisc nach féidir leo comhar agus comhordú a áirithiú trí ghníomhú ina n-aonar, agus, de bharr raon feidhme críochach agus pearsanta an chuspóra, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(29) |
Chun an t-am is gá a thabhairt do na húdaráis forfheidhmithe chun na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar 18 mí tar éis a theacht i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA TOSAIGH
Airteagal 1
Ábhar
D’fhonn cleachtais a chomhrac lena gclaontar go mór ó dhea-iompar tráchtála, atá contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil agus lena bhforchuirtear comhpháirtí trádála amháin go haontaobhach ar chomhpháirtí trádála eile, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha áirithe faoina gcomhoibríonn agus faoina gcomhordaíonn údaráis forfheidhmithe, arna n-ainmniú ag a mBallstáit mar údaráis atá freagrach as forfheidhmiú an toirmisc ar chleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia faoi Threoir (AE) 2019/633, gníomhaíochtaí le chéile chun éifeachtacht na Treorach sin a áirithiú.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le forfheidhmiú an toirmisc ar chleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir (AE) 2019/633, ar cleachtais iad a tharlaíonn i ndáil le díolachán táirgí talmhaíochta agus bia idir ceannaitheoirí agus soláthróirí a liostaítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin.
Tá feidhm ag Caibidil IV den Rialachán seo freisin maidir le tréimhsí gearrfhógra a leagtar síos ar feadh tréimhse níos giorra ná 30 lá d’earnálacha sonracha ar bhonn Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/633 nó rialacha náisiúnta arna gcoinneáil ar bun nó arna nglacadh ar bhonn Airteagal 9(1) den Treoir sin i gcás ina gcinnfidh an Ballstát amhlaidh i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16 den Rialachán seo.
Tá feidhm ag Caibidil VI den Rialachán seo maidir le cleachtais éagóracha trádála lena mbaineann soláthróirí nó ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas.
2. Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais agus do rialacha náisiúnta maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus na dlíthe is infheidhme.
3. Tá an Rialachán seo gan dochar do bhearta a chur i bhfeidhm sna Ballstáit a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, go háirithe feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a bunaíodh le Cinneadh 2008/976/CGB, agus do chur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2005/214/CGB agus Threoir 2014/41/AE.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/633. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe’ údarás náisiúnta nó na húdaráis náisiúnta arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2019/633; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe is iarratasóir’ údarás forfheidhmithe a dhéanann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe iarrtha’ údarás forfheidhmithe a fhaigheann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘cleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis’ cleachtas éagórach trádála lena bhfuil baint ag soláthróir amháin agus ceannaitheoir amháin atá bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis’ cleachtas éagórach trádála lena bhfuil baint ag soláthróirí agus ceannaitheoirí atá bunaithe i dtrí Bhallstát ar a laghad; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘cinneadh críochnaitheach’ cinneadh nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh ar an ngnáthbhealach, nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh ar an ngnáthbhealach a thuilleadh. |
Airteagal 4
Prionsabal ginearálta
Oibreoidh na húdaráis forfheidhmithe i gcomhar le chéile chun cleachtais éagóracha trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo a tharlaíonn ar a gcríocha a chosc nó a stopadh.
CAIBIDIL II
ACMHAINNÍ, SAINEOLAS AGUS RÚNDACHT
Airteagal 5
Acmhainní agus saineolas
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag na húdaráis forfheidhmithe chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun feasacht ar fhorálacha an Rialacháin a chur chun cinn i measc ceannaitheoirí agus soláthróirí.
Airteagal 6
Rúndacht faisnéise
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an chumhacht ag na húdaráis forfheidhmithe faisnéis a sholáthar dá chéile agus aon ábhar fíoras nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a úsáid mar fhianaise.
2. Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach amháin mar fhianaise chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus i leith an ábhair ar bhailigh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha í ina leith.
3. Is iad na húdaráis forfheidhmithe amháin a úsáidfidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n-áirítear rúin trádála agus cearta maoine intleachtúla a chosaint.
4. I gcásanna ina n-iarrann gearánach cosaint faisnéise de bhun Airteagal 5(3) de Threoir (AE) 2019/633, iarrfaidh an t-údarás forfheidhmithe a fhaigheann an gearán toiliú an ghearánaigh a fháil roimh ré sula soláthróidh sé an fhaisnéis faoi chosaint d’údarás forfheidhmithe eile.
CAIBIDIL III
SÁSRA UM CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH
Airteagal 7
Iarrataí ar fhaisnéis
1. Arna iarraidh sin d’údarás forfheidhmithe is iarratasóir, déanfaidh údarás forfheidhmithe iarrtha an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar, gan mhoill, agus 90 lá ar a dhéanaí ó dháta na hiarrata, don údarás forfheidhmithe is iarratasóir chun a shuí ar tharla cleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis nó an bhfuil an cleachtas sin ag tarlú i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir. Féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir agus an t-údarás forfheidhmithe iarrtha a chomhaontú síneadh a chur leis an tréimhse 90 lá sin ar feadh tréimhse bhreise 30 lá.
2. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile a iarrtar faoi mhír 1 i seilbh an údaráis forfheidhmithe iarrtha, ní fhéadfaidh ach faisnéis pháirteach a bheith ina fhreagra ar an iarraidh sin nó féadfar a lua ann nach ann don fhaisnéis a iarradh. I gceachtar cás, cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha in iúl an chúis ar seoladh an freagra sin. Féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis atá in easnamh a bhailiú, agus sa chás sin cuirfidh sé an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir ar an eolas faoina chinneadh agus déanfaidh sé an fhaisnéis a bailíodh a chomhroinnt leis an údarás sin.
3. Is é an t-údarás forfheidhmithe iarrtha a bhaileoidh an fhaisnéis a sholáthrófar de bhun iarraidh faoi mhír 1 agus ní úsáidfidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir í ach amháin i gcomhréir lena ndlí náisiúnta faoi seach.
Airteagal 8
Iarrataí ar bhearta imscrúdaitheacha
1. Arna iarraidh sin d’údarás forfheidhmithe is iarratasóir agus thar a cheann, déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha bearta imscrúdaitheacha, i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir (AE) 2019/633 agus i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun a chinneadh ar tharla cleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis nó an bhfuil cleachtas den chineál sin ag tarlú.
2. I gcás ina bhfeidhmeoidh údarás forfheidhmithe iarrtha na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir (AE) 2019/633 arna iarraidh sin d’údarás forfheidhmithe is iarratasóir agus thar a cheann, beidh cead ag oifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag an údarás forfheidhmithe is iarratasóir an t-údarás forfheidhmithe iarrtha a thionlacan agus cúnamh a thabhairt dó agus é ag feidhmiú a chumhachtaí, faoi mhaoirseacht a oifigigh agus ar choinníoll gur chuir an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir an t-údarás forfheidhmithe iarrtha ar an eolas faoin rún atá aige a bheith rannpháirteach.
3. Cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir ar an eolas gan mhoill faoi na céimeanna agus na bearta atá déanta aige, nó atá beartaithe aige a dhéanamh, faoi mhír 1.
Airteagal 9
Iarrataí ar fhorfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó pionóis atá chomh héifeachtach céanna agus bearta eatramhacha eile
1. Arna iarraidh sin d’údarás forfheidhmithe is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cinntí críochnaitheacha a fhorfheidhmiú nó, gan mhoill, imeachtaí a thionscnamh chun cinntí críochnaitheacha a fhorfheidhmiú, ar cinntí iad lena bhforchuirtear fíneálacha nó pionóis atá chomh héifeachtach céanna agus bearta eatramhacha eile arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir (AE) 2019/633 ag Ballstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin má fhaigheann an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir amach nach bhfuil sócmhainní leordhóthanacha i gcríoch Bhallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir ag an gceannaitheoir a bhfuil an fhíneáil agus pionóis atá chomh héifeachtach céanna agus bearta eatramhacha eile infhorfheidhmithe ina choinne.
3. Ní fhéadfaidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir iarraidh ar fhorfheidhmiú a dhéanamh ach amháin i gcás cinneadh críochnaitheach.
4. Is le dlí náisiúnta Bhallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha a rialófar ceisteanna maidir le tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha, pionóis atá chomh héifeachtach céanna agus bearta eatramhacha eile a fhorfheidhmiú.
Airteagal 10
Costais
1. Ní fhorchuirfidh údaráis forfheidhmithe aon táillí ar sholáthróirí chun costais a aisghabháil a bhaineann leis an ngné thrasteorann de chleachtas éagórach trádála.
2. Tarscaoilfidh na húdaráis forfheidhmithe gach éileamh eatarthu ar aisíocaíocht costas arna dtabhú agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, cé is moite de chostais arna dtabhú ina gcáil mar údarás forfheidhmithe iarrtha i ndáil le bearta arna ndéanamh de bhun Airteagail 7, 8, 9, 15 nó 16, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.
3. I ndáil le bearta arna ndéanamh de bhun Airteagail 7, 8, 15 nó 16, féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha a iarraidh ar an údarás forfheidhmithe is iarratasóir costais bhreise réasúnta a sheasamh ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear costais aistriúcháin, costais saothair agus costais riaracháin. Sna cásanna sin, seasfaidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir na costais sin, arna iarraidh sin dó.
4. Maidir le bearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 9, féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha na costais iomlána arna dtabhú ó íocaíocht na bhfíneálacha arna mbailiú thar ceann an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir a aisghabháil, lena n-áirítear costais aistriúcháin, saothair agus riaracháin. Mura gcumhdaíonn méid na bhfíneálacha na costais bhreise réasúnta a thabhaítear, nó mura n-éiríonn leis an údarás forfheidhmithe iarrtha na fíneálacha a bhailiú in ainneoin go ndearna sé gach iarracht réasúnta chun iad a bhailiú, féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha a iarraidh ar an údarás forfheidhmithe is iarratasóir na costais arna dtabhú a sheasamh go hiomlán nó i bpáirt. Sa chás sin, seasfaidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir na costais sin, arna iarraidh sin dó.
5. Aisghabhfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha na méideanna atá dlite faoin Airteagal seo in airgeadra a Bhallstáit, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
6. Más gá, déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha na fíneálacha a chomhshó in airgeadra a Bhallstáit ag an ráta malairte is infheidhme ar an dáta a forchuireadh na fíneálacha, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
Airteagal 11
Sásra fógra
Tabharfaidh na húdaráis forfheidhmithe fógra don Choimisiún agus do gach údarás forfheidhmithe eile faoi aon chinneadh lena suitear gur tharla cleachtas éagórach trádála a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis ina Bhallstát laistigh de 30 lá tar éis a ghlactha.
Airteagal 12
Nós imeachta um iarrataí ar chúnamh frithpháirteach
1. Agus cúnamh frithpháirteach á iarraidh aige, déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir an méid seo a leanas:
|
(a) |
a lua mar bhunús dlí don iarraidh sin ar an Rialachán seo, an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/633, agus na forálacha comhfhreagracha d’Airteagal 1(2) agus Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir (AE) 2019/633, cuspóir na hiarrata a lua, lena n-áirítear tuairisc ar an ngné thrasteorann den chleachtas éagórach trádála líomhnaithe, agus an fhaisnéis a iarrtar faoi Airteagal 7(1) nó na bearta forfheidhmiúcháin a iarrtar faoi Airteagal 8 nó 9 den Rialachán seo a shonrú; |
|
(b) |
aon fhaisnéis ábhartha bhreise atá riachtanach a sholáthar ionas gur féidir leis an údarás forfheidhmithe iarrtha an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhaisnéis nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir. |
2. Na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus gach cumarsáid a bhaineann leo, déanfar iad i scríbhinn. Úsáidfear foirmeacha caighdeánacha le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach i gcás ina mbeidh siad leagtha síos ag an gCoimisiún.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos foirmeacha caighdeánacha le haghaidh na n-iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32.
Airteagal 13
Diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh
1. Ní fhéadfaidh údarás forfheidhmithe iarrtha diúltú iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh ach amháin más fíor ar a laghad ceann amháin de na ráitis seo a leanas:
|
(a) |
tar éis dul i gcomhairle leis an údarás forfheidhmithe is iarratasóir, comhaontaíonn an dá údarás forfheidhmithe nach bhfuil gá leis an bhfaisnéis nó gur féidir iarraidh nua a dhéanamh tráth níos déanaí; |
|
(b) |
tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagórach trádála arna chumhdach leis na himscrúduithe coiriúla nó na himeachtaí breithiúnacha, os comhair na n-údarás i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha nó i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir. |
2. Ní fhéadfaidh údarás forfheidhmithe iarrtha diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 8 a chomhlíonadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás forfheidhmithe is iarratasóir, ach amháin más fíor ceann amháin de na cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana féin, nó tugadh breithiúnas i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagóracha trádála arna chumhdach leis na himscrúduithe coiriúla nó leis na himeachtaí breithiúnacha sin, nó thángthas ar shocraíocht chúirte leis an gceannaitheoir céanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna, os comhair na n-údarás breithiúnach i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha; |
|
(b) |
tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach, lena n-áirítear imeachtaí riaracháin, nó glacadh cinneadh riaracháin cheana i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagórach trádála arna chumhdach leis na himscrúduithe nó leis an gcinneadh riaracháin i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha, chun go scoirfí den chleachtas éagórach trádála sin go tapa agus go héifeachtach; |
|
(c) |
tionscnaíodh imscrúdú coiriúil nó imeachtaí breithiúnacha cheana i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagórach trádála arna chumhdach leis an imscrúdú coiriúil nó na himeachtaí breithiúnacha, os comhair na n-údarás breithiúnach i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir; |
|
(d) |
is féidir leis an údarás forfheidhmithe iarrtha a léiriú nach bhforáiltear do na bearta forfheidhmiúcháin a iarradh in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) ná (c), de Threoir (AE) 2019/633, nó is féidir leis a léiriú go mbaineann an iarraidh le tréimhsí gearrfhógra a shocraítear le haghaidh tréimhse is giorra ná 30 lá i gcás earnálacha sonracha ar bhonn Airteagal 3(1), pointe (b), den Treoir sin nó le rialacha náisiúnta arna gcoinneáil ar bun nó arna nglacadh ar bhonn Airteagal 9(1) den Treoir sin; |
|
(e) |
ní féidir leis an údarás forfheidhmithe iarrtha an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(f) |
níor chuir an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12. |
3. Féadfaidh údarás forfheidhmithe iarrtha diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin a chuirtear isteach faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás forfheidhmithe is iarratasóir, más fíor ceann amháin de na cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana, nó tugadh breithiúnas i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna, nó thángthas ar shocraíocht chúirte leis an gceannaitheoir céanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna, os comhair na n-údarás breithiúnach i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha; |
|
(b) |
tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach, lena n-áirítear imeachtaí riaracháin, nó glacadh cinneadh riaracháin cheana i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna i mBallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha, chun go scoirfí den chleachtas éagórach trádála sin go tapa agus go héifeachtach; |
|
(c) |
tionscnaíodh imscrúdú coiriúil nó imeachtaí breithiúnacha cheana i gcoinne an cheannaitheora chéanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna os comhair údaráis bhreithiúnacha i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir; |
|
(d) |
is féidir leis an údarás forfheidhmithe iarrtha a léiriú go mbaineann an cinneadh críochnaitheach le tréimhsí gearrfhógra a leagtar síos ar feadh tréimhse níos giorra ná 30 lá le haghaidh earnálacha sonracha ar bhonn Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/633 nó le rialacha náisiúnta arna gcoinneáil ar bun nó arna nglacadh ar bhonn Airteagal 9(1) den Treoir sin, nó nach bhféadfaí an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh nó a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; |
|
(e) |
níor chuir an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12. |
4. Cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha an t-údarás forfheidhmithe is iarratasóir ar an eolas gan mhoill faoi aon diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh mar aon leis na forais atá leis an diúltú sin.
Airteagal 14
Socruithe teanga
1. Na teangacha a bheidh le húsáid ag na húdaráis forfheidhmithe le haghaidh iarrataí, fógraí agus gach cumarsáid eile a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus atá nasctha leis an sásra um chúnamh frithpháirteach, déanfaidh na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann iad a chomhaontú.
2. Mura féidir leis na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann teacht ar chomhaontú maidir leis na teangacha a bheidh le húsáid, seolfar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir, mar aon le haistriúchán cúirtéise i mBéarla má iarrtar sin. Seolfar freagraí i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, Bhallstát an údaráis forfheidhmithe iarrtha, mar aon le haistriúchán cúirtéise i mBéarla má iarrtar sin.
CAIBIDIL IV
COMHAR DEONACH
Airteagal 15
Iarrataí ar fhaisnéis i ndáil le rialacha náisiúnta
1. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur féidir leis na húdaráis forfheidhmithe úsáid a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Rialachán seo i ndáil le tréimhsí gearrfhógra a shocraítear ar feadh tréimhse níos giorra ná 30 lá le haghaidh earnálacha sonracha ar bhonn Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/633 nó rialacha náisiúnta arna gcoinneáil ar bun nó arna nglacadh ar bhonn Airteagal 9(1) den Treoir sin.
2. I gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh agus ina mbainfidh údarás forfheidhmithe is iarratasóir leas as ceann amháin de na roghanna nó as an dá rogha dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha ach faisnéis pháirteach a chur ar fáil nó diúltú faisnéis a chur ar fáil. Cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha na cúiseanna leis an bhfreagra páirteach sin nó leis an diúltú sin in iúl. Sna cásanna sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 13.
Airteagal 16
Iarrataí ar bhearta imscrúdaitheacha i ndáil le rialacha náisiúnta
1. I gcás inar shocraigh Ballstát tréimhsí gearrfhógra níos giorra ná 30 lá le haghaidh earnálacha sonracha ar bhonn Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/633 agus ina ndearna Ballstát eile an rud céanna, as a n-eascraíonn tréimhsí gearrfhógra atá ar comhfhad le haghaidh na n-earnálacha sonracha céanna, féadfaidh údaráis forfheidhmithe na mBallstát sin a chomhaontú leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo.
Ar an gcaoi chéanna, i gcás inar choimeád Ballstáit rialacha náisiúnta níos déine nó inar ghlac sé rialacha náisiúnta níos déine, ar bhonn Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/633, agus go ndearna Ballstát eile amhlaidh, agus go mbeidh na rialacha náisiúnta chomh dian céanna i gcás an líon céanna oibreoirí nó na gcineálacha céanna cleachtas éagórach trádála, féadfaidh údaráis forfheidhmithe na mBallstát sin a chomhaontú leas a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo.
2. I gcás ina mbainfidh údarás forfheidhmithe is iarratasóir leas as ceann amháin de na roghanna nó as an dá rogha dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe iarrtha diúltú bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh, gan na cúiseanna leis an diúltú sin á lua aige. Sna cásanna sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 13.
Airteagal 17
Nós imeachta um iarrataí
I gcás ina mbainfidh údarás forfheidhmithe is iarratasóir úsáid as na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 15 nó 16, seolfaidh sé iarraidh chuig an údarás forfheidhmithe iarrtha:
|
(a) |
ina luaitear an Rialachán seo mar bhunús dlí; |
|
(b) |
ina léirítear an dlí náisiúnta lena leagtar síos an toirmeasc ar an gcleachtas éagórach trádála lena mbaineann a théann níos faide ná Treoir (AE) 2019/633 agus ina léirítear an bhfuil an dlí náisiúnta sin bunaithe ar Airteagal 3(1), pointe (b), nó ar Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/633; |
|
(c) |
ina gcuirtear síos ar chuspóir na hiarrata; |
|
(d) |
ina gcuirtear síos ar an gcleachtas éagórach trádála lena mbaineann agus ina sonraítear an chaoi a dtéann sé níos faide ná Treoir (AE) 2019/633; |
|
(e) |
ina sonraítear cén fhaisnéis, nó cén beart imscrúdaitheach, a iarrtar. |
CAIBIDIL V
SÁSRAÍ UM IMSCRÚDÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ LE HAGHAIDH CLEACHTAIS ÉAGÓRACHA TRÁDÁLA FHORLEATHANA A BHFUIL GNÉ THRASTHEORANN AG BAINT LEO
Airteagal 18
Gníomhaíocht chomhordaithe a sheoladh agus an comhordaitheoir a ainmniú
1. I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a bheith ann, seolfaidh na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an cleachtas amhrasta sin gníomhaíocht chomhordaithe a bheidh bunaithe ar chomhaontú eatarthu. Tabharfar fógra don Choimisiún gan mhoill faoi sheoladh na gníomhaíochta comhordaithe sin.
2. Ainmneoidh na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an cleachtas éagórach trádála forleathan amhrasta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis údarás forfheidhmithe le bheith ina chomhordaitheoir. Chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gcomhordaitheoir a ainmniú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, an plé a éascú idir na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann. Mura bhfuil na húdaráis forfheidhmithe in ann teacht ar chomhaontú faoin ainmniúchán sin, is é an t-údarás forfheidhmithe a d’eisigh an foláireamh de bhun Airteagal 24 a bheidh ina chomhordaitheoir.
3. Na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an cleachtas éagórach trádála forleathan amhrasta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis, seolfaidh siad imscrúduithe ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh. Cuirfidh siad na húdaráis forfheidhmithe eile lena mbaineann ar an eolas faoi thorthaí na n-imscrúduithe sin, de bhun Airteagal 24.
4. Glacfaidh údarás forfheidhmithe páirt sa ghníomhaíocht chomhordaithe más léir le linn na gníomhaíochta comhordaithe sin, maidir leis an gcleachtas éagórach trádála forleathan amhrasta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis, go mbaineann sé leis an údarás forfheidhmithe.
5. Chun a shuí go mbaineann cleachtas éagórach trádála forleathan amhrasta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis le húdarás forfheidhmithe, cuirfear na gnéithe uile san áireamh, an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
na Ballstáit ina bhfuil na ceannaitheoirí bunaithe; |
|
(b) |
na Ballstáit ina bhfuil na soláthróirí bunaithe a bhféadfadh an cleachtas éagórach trádála difear a dhéanamh dóibh. |
Airteagal 19
Cúiseanna le diúltú páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe
1. Ní fhéadfaidh údarás forfheidhmithe diúltú páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe ach amháin má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na ráitis seo a leanas:
|
(a) |
tionscnaíodh imscrúdú coiriúil, imeachtaí breithiúnacha nó imeachtaí riaracháin cheana, tugadh breithiúnas, nó thángthas ar shocraíocht chúirte i leith an cheannaitheora chéanna nó na gceannaitheoirí céanna agus maidir leis an gcleachtas éagórach trádála céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus leis an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagórach trádála arna chumhdach leis an imscrúdú coiriúil, na himeachtaí breithiúnacha nó na himeachtaí riaracháin sin i mBallstát an údaráis forfheidhmithe sin; |
|
(b) |
tá tús curtha cheana ag an údarás forfheidhmithe le himscrúdú sula n-eisítear foláireamh dá dtagraítear in Airteagal 24, nó tá cinneadh riaracháin glactha in aghaidh an cheannaitheora chéanna nó na gceannaitheoirí céanna i ndáil leis an gcleachtas éagórach trádála céanna a bhaineann leis an soláthróir céanna agus an tréimhse chéanna ina ndearnadh an cleachtas éagórach trádála arna chumhdach leis an imscrúdú nó leis an gcinneadh riaracháin i mBallstát an údaráis forfheidhmithe sin chun go scoirfí den chleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis; |
|
(c) |
níor tharla an cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis i mBallstát an údaráis forfheidhmithe sin agus, dá bhrí sin, ní gá don údarás forfheidhmithe sin aon bheart forfheidhmiúcháin a ghlacadh faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/633. |
2. I gcás ina ndiúltóidh údarás forfheidhmithe páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis forfheidhmithe eile lena mbaineann an cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis ar an eolas faoina chinneadh gan mhoill, agus sonróidh sé na cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé aon doiciméid tacaíochta is gá ar fáil.
Airteagal 20
Imscrúduithe i ngníomhaíochtaí comhordaithe
1. Áiritheoidh na húdaráis forfheidhmithe a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe go ndéanfaidh siad imscrúduithe agus cigireachtaí ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus comhordaithe. Féachfaidh na húdaráis forfheidhmithe le himscrúduithe agus le cigireachtaí a dhéanamh i gcomththráth leis na cinn a dhéanfaidh údaráis forfheidhmithe eile agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, chun bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm.
2. Déanfaidh na húdaráis forfheidhmithe a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe toradh an imscrúdaithe agus an mheasúnaithe ar an gcleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a leagan amach i ráiteas comhchoiteann, ina ndéanfar achoimre ar na bearta náisiúnta a rinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, ar thuairimí éagsúla na n-údarás forfheidhmithe.
3. Gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht agus rúndacht trádála a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), foilseoidh na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe an ráiteas comhchoiteann dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó codanna de ar a suíomh gréasáin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin bhfoilsiú.
Airteagal 21
Bearta forfheidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe
1. Glacfaidh na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe, laistigh dá ndlínse, na bearta forfheidhmiúcháin uile is gá faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/633 i gcoinne an cheannaitheora nó na gceannaitheoirí atá freagrach as an gcleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis chun go scoirfear den chleachtas éagórach trádála sin.
2. Glacfaidh na húdaráis forfheidhmithe bearta forfheidhmiúcháin de bhun mhír 1 i gcomhréir le rialacha náisiúnta a mBallstát agus ar bhealach comhordaithe chun an cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a scor. Féachfaidh na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe le bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint acu leis an gcleachtas éagórach trádála forleathan sin a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis.
Airteagal 22
Gníomhaíocht chomhordaithe a scor
1. Scoirfear de ghníomhaíocht chomhordaithe má thagann na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe ar an gconclúid go bhfuil deireadh tagtha leis an gcleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis sna Ballstáit uile lena mbaineann, nó nach ndearnadh aon chleachtas éagórach trádála den chineál sin.
2. Tabharfaidh an comhordaitheoir arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) fógra, i gcás inarb infheidhme agus gan mhoill, d’údaráis forfheidhmithe na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe agus an Coimisiún faoi scor na gníomhaíochta comhordaithe sin.
Airteagal 23
Ról an chomhordaitheora
1. Déanfaidh an comhordaitheoir arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
áiritheoidh sé go gcuirfear na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe ar an eolas go cuí agus go tráthúil faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe nó an ghnímh forfheidhmiúcháin, agus go gcuirfear ar an eolas iad faoi aon chéim eile a bhfuil coinne léi agus faoi na bearta atá le glacadh; |
|
(b) |
comhordóidh sé bearta imscrúdúcháin a dhéanfaidh na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé faireachán orthu; |
|
(c) |
comhordóidh sé ullmhú agus comhroinnt na ndoiciméad uile atá riachtanach idir na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe; |
|
(d) |
cuirfidh sé an ceannaitheoir nó na ceannaitheoirí ar an eolas faoi sheoladh gníomhaíochta comhordaithe agus coinneoidh sé i dteagmháil leis an gceannaitheoir nó na ceannaitheoirí agus le páirtithe eile a bhfuil baint acu leis na bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin, murar chomhaontaigh na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe agus an comhordaitheoir a mhalairt; |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme comhordóidh sé an measúnú, na comhairliúcháin agus faireachán a dhéanann na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe chomh maith le céimeanna eile is gá chun na gealltanais a mholann an ceannaitheoir lena mbaineann a chur chun feidhme; |
|
(f) |
i gcás inarb infheidhme, comhordóidh sé na bearta forfheidhmiúcháin arna nglacadh ag na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe; |
|
(g) |
comhordóidh sé iarrataí ar chúnamh frithpháirteach arna gcur isteach ag na húdaráis forfheidhmithe a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe de bhun Chaibidil III. |
Tabharfaidh na húdaráis forfheidhmithe eile a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe cúnamh don chomhordaitheoir i bhfeidhmiú na gcúraimí a leagtar amach i mír 1, pointí (b), (c), (e), (f) agus (g).
2. Ní mheasfar go mbeidh an comhordaitheoir freagrach as gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe eile a bhfuil páirt á glacadh acu sa ghníomhaíocht chomhordaithe sa chás ina mbainfidh siad úsáid as na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/633 agus sa Rialachán seo.
Airteagal 24
Córas foláirimh
1. Cuirfidh údarás forfheidhmithe an Coimisiún agus na húdaráis forfheidhmithe eile uile ar an eolas gan mhoill go bhféadfadh cleachtas trádála éagórach forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a bheith ag tarlú, gan beann ar cé acu laistigh den Aontas amháin atá sé ag tarlú nó laistigh den Aontas agus i dtríú tír amháin nó níos mó araon. Féadfaidh an Coimisiún an foláireamh sin a fhorlíonadh le haon fhaisnéis ar dócha go n-éascóidh sí gníomhaíocht mhear iomchuí na n-údarás forfheidhmithe.
2. Agus an foláireamh dá dtagraítear i mír 1 á eisiúint aige, soláthróidh an t-údarás forfheidhmithe faisnéis faoin gcleachtas éagórach trádála forleathan amhrasta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis agus a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
tuairisc mhionsonraithe ar an gcleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis; |
|
(b) |
na Ballstáit lena mbaineann an cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis, nó na Ballstáit a bhféadfadh baint a bheith acu leis; |
|
(c) |
céannacht an cheannaitheora nó na gceannaitheoirí a bhfuil amhras ann go bhfuil an cleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis á dhéanamh acu; |
|
(d) |
an cleachtas éagórach trádála lena mbaineann faoi Threoir (AE) 2019/633 agus faoin dlí náisiúnta; |
|
(e) |
tuairisc ar aon imeachtaí dlíthiúla, bearta forfheidhmiúcháin nó bearta eile a rinneadh maidir leis an gcleachtas éagórach trádála forleathan a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis, dátaí agus fad na n-imeachtaí, na mbeart forfheidhmiúcháin nó na mbeart sin, mar aon le stádas na n-imeachtaí nó na mbeart sin; |
|
(f) |
céannacht na n-údarás forfheidhmithe a bhfuil na himeachtaí á dtabhairt acu agus na bearta eile dá dtagraítear i bpointe (e) á ndéanamh acu. |
3. Féadfaidh an t-údarás forfheidhmithe, agus foláireamh á eisiúint aige, a iarraidh ar údaráis forfheidhmithe i mBallstáit eile a fhíorú, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil nó a bhfuil rochtain ag na húdaráis forfheidhmithe ábhartha uirthi, an bhféadfadh an cleachtas éagórach trádála forleathan céanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis a bheith ar siúl i gcríoch na mBallstát eile sin nó an bhfuil aon imeacht ar feitheamh nó an ndearnadh aon bheart forfheidhmiúcháin cheana i gcoinne an chleachtais éagórach trádála sin sna Ballstáit sin. Tabharfaidh na húdaráis forfheidhmithe sna Ballstáit eile sin freagra ar an iarraidh gan mhoill.
Airteagal 25
Socruithe teanga
1. Na teangacha a bheidh le húsáid ag na húdaráis forfheidhmithe le haghaidh fógraí agus gach cumarsáid eile a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus atá nasctha leis na gníomhaíochtaí comhordaithe, déanfaidh na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann iad a chomhaontú.
2. Mura féidir leis na húdaráis forfheidhmithe lena mbaineann teacht ar chomhaontú maidir leis na teangacha a bheidh le húsáid, seolfar fógraí agus cumarsáidí eile i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an fógra nó an chumarsáid eile á dhéanamh aige, mar aon le haistriúchán cúirtéise i mBéarla má iarrtar sin.
CAIBIDIL VI
COMHAR I NDÁIL LE SOLÁTHRÓIRÍ NÓ CEANNAITHEOIRÍ ATÁ BUNAITHE LASMUIGH DEN AONTAS
Airteagal 26
Comhar i ndáil le soláthróirí nó ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas
Maidir le cleachtais éagóracha trádála a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir (AE) 2019/633 a tharlaíonn i ndáil le díolacháin táirgí talmhaíochta agus bia idir ceannaitheoirí agus soláthróirí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir (AE) 2019/633 i gcás ina bhfuil na soláthróirí nó na ceannaitheoirí bunaithe lasmuigh den Aontas, féadfaidh údarás forfheidhmithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
faisnéis a iarraidh ar údarás forfheidhmithe Ballstáit eile chun a shuí ar tharla cleachtas éagórach trádála nó an bhfuil cleachtas éagórach trádála ag tarlú i mBallstát an údaráis forfheidhmithe is iarratasóir; chun críocha na hiarrata sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 6, 7(1), (2) agus (3), 10, 11 agus 12, 13(1) agus 14; |
|
(b) |
an Coimisiún agus údaráis forfheidhmithe eile lena mbaineann a chur ar an eolas nuair atá amhras air go bhfuil cleachtas éagórach trádála ag tarlú i leith soláthróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó i leith ceannaitheoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus go bhféadfadh an cleachtas éagórach trádála sin a bheith bainteach le ceannaitheoirí nó soláthróirí atá bunaithe i dtrí Bhallstát ar a laghad; chun críocha na bhfoláireamh sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 6, 24(2) agus (3) agus 25. |
Airteagal 27
Teagmhálaí atá freagrach as an Aontas
1. I gcás ina ndéanfaidh údarás forfheidhmithe bearta imscrúdaitheacha i gcoinne ceannaitheoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas i ndáil le cleachtas éagórach trádála a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir (AE) 2019/633, agus má mheasann sé nach bhfuil an ceannaitheoir sin ag comhoibriú leis, féadfaidh sé a cheangal ar an gceannaitheoir duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh de chríoch an Aontais a ainmniú mar a dhuine teagmhála atá freagrach as an Aontas.
2. Déanfaidh an teagmhálaí atá freagrach as an Aontas dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:
|
(a) |
gníomhú mar phríomhphointe teagmhála an údaráis forfheidhmithe lena mbaineann; |
|
(b) |
imscrúduithe a éascú, lena n-áirítear trí na doiciméid a iarradh, na taifid ar idirbhearta, na sonraí agus na ráitis ó fhinnéithe a sholáthar don údarás forfheidhmithe lena mbaineann. |
3. I gcás nach gcomhlíonann an ceannaitheoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-údarás forfheidhmithe a d’eisigh an iarraidh an Coimisiún agus gach údarás forfheidhmithe eile ar an eolas gan mhoill gur mhainnigh an ceannaitheoir sin duine teagmhála a ainmniú a bheidh freagrach as an Aontas. Féadfaidh an Coimisiún an fógra a fhorlíonadh le haon fhaisnéis ar dócha go n-éascóidh sí gníomhaíocht mhear iomchuí na n-údarás forfheidhmithe.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 28
Oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin
1. Faoin 11 Meán Fómhair 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chomh maith le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin san áireamh agus an mheastóireacht á déanamh aige ar Threoir (AE) 2019/633. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht, más iomchuí, maidir leis an Rialachán seo.
2. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2019/633. Féadfaidh an Coimisiún, más gá, faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit.
3. Déanfar cur síos sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar éabhlóid na sásraí comhair a bhunaítear faoin Rialachán seo agus ar fhorbairt na gníomhaíochta forfheidhmiúcháin, go háirithe sainaithint na gcineálacha cleachtas éagórach trádála trasteorann is minice, na n-earnálacha is mó a ndéantar difear dóibh, agus na gcineálacha ceannaitheora, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe lasmuigh den Aontas, is mó atá i gceist.
Airteagal 29
Tuairisciú arna dhéanamh ag na Ballstáit
Áireofar sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir (AE) 2019/633 mionsonraí na ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Áireofar ar na mionsonraí sin, inter alia, líon na n-iarrataí a fuair na húdaráis forfheidhmithe iarrtha, i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 9 agus 12 den Rialachán seo, chomh maith le líon na ngníomhaíochtaí comhordaithe i gcoinne cleachtais éagóracha trádála fhorleathana a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, a osclaíodh nó a dúnadh le linn na bliana roimhe sin. I gcás gach iarrata nó gníomhaíochta a tugadh i gcrích, beidh tuairisc achomair sa tuarascáil ar an ábhar agus ar na céimeanna agus na bearta a rinneadh.
Airteagal 30
Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
1. Úsáidfear Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), chun críocha Airteagail 7, 8, 9, 11, 12 agus 13, Airteagail 15 go 22 agus Airteagail 24, 26 agus 27 den Rialachán seo.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun mír 1 a leasú a mhéid a bhaineann leis an uirlis atá le húsáid chun na fógraí agus an chumarsáid i measc na n-údarás forfheidhmithe a bhainistiú chun riachtanais theicniúla amach anseo a chur san áireamh.
Airteagal 31
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Márta 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 30(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 32
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (11). Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Meán Fómhair 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2025/2970, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2970/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2026.
(3) Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/633/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(5) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).
(6) Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (IO L 348, 24.12.2008, lch. 130, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/976/oj).
(7) Cinneadh Réime 2005/214/CGB an 24 Feabhra 2005 ón gComhairle maidir le feidhm a bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le pionóis airgeadais (IO L 76, 22.3.2005, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2005/214/oj).
(8) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/41/oj).
(9) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne a n-éadála, a n-úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1024/oj).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/697/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)