This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0619
Commission Implementing Decision (EU) 2026/619 of 19 March 2026 postponing the expiry date of the approval of copper (II) oxide for use in biocidal products of product-type 8 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/619 ón gCoimisiún an 19 Márta 2026 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/619 ón gCoimisiún an 19 Márta 2026 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/1712
IO L, 2026/619, 20.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/619/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/619 |
20.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/619 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Márta 2026
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh ocsaíd chopair (II) le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 31 Eanáir 2024 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
|
(2) |
An 27 Iúil 2022, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’). |
|
(3) |
An 21 Márta 2023, chuir údarás inniúil meastóireachta na Fraince an Coimisiún ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
|
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
|
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2100 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Iúil 2026 dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 8 chun go mbeadh am leordhóthanach ann scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(7) |
An 8 Deireadh Fómhair 2025, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht. Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé an tuarascáil ar an measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa chéad ráithe de 2028. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus aird á tabhairt ar na teorainneacha ama le haghaidh meastóireacht ag an údarás inniúil meastóireachta, le haghaidh ullmhú agus cur isteach na tuairime ón nGníomhaireacht, agus an t-am a thógfaidh sé ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfaidh sé athnuachan ar an bhformheas maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2029. |
|
(9) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, tá ocsaíd chopair (II) formheasta go fóill lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2100, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Iúil 2029 é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2100 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hocsaíd chopair (II) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 241, 29.9.2023, lch. 145, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2100/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/619/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)