Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0610

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 303/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/610]

IO L, 2026/610, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/610/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/610/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/610

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 303/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/610]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31rzf (Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1264 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘31s.

32023 R 2859: Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, tuigfear go dtagraíonn tagairtí do dhlí an Aontais nó do ghníomhartha de chuid an Aontais do Chomhaontú LEE.

(b)

In Airteagal 7(1), cuirfear an focal ‘LEE’ in ionad na bhfocal ‘an Aontais’.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2023/2859 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/610/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top