Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0557

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/557 ón gCoimisiún an 16 Márta 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach friotaíocht in aghaidh dóiteáin

C/2026/1640

IO L, 2026/557, 3.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/557/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/557/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/557

3.6.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/557 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2026

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach ‘friotaíocht in aghaidh dóiteáin’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 5(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun é a chur ar a gcumas do mhonaróirí aicmí feidhmíochta táirgí atá mionsonraithe go leor a dhearbhú laistigh den chrios comhchuibhithe arna bhunú de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/3110, is gá aicmí feidhmíochta a bhunú atá ailínithe leis na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí.

(2)

Bunaíodh aicmí feidhmíochta a mhéid a bhaineann leis an saintréith fíor-riachtanach ‘dó-obacht’ le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1681 ón gCoimisiún (2) ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Mar sin féin, níl na haicmí feidhmíochta sin infheidhme faoi Rialachán (AE) 2024/3110. Dá bhrí sin, chun leanúnachas an chórais a choinneáil, mhol Sainghrúpa Acquis RTF don Choimisiún na haicmí feidhmíochta céanna a leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1681 a bhunú.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na haicmí feidhmíochta a chinneadh atá le húsáid chun an tsaintréith fhíor-riachtanach ‘friotaíocht in aghaidh dóiteáin’ a dhearbhú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is iad na haicmí feidhmíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn na haicmí feidhmíochta i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach táirgí ‘friotaíocht in aghaidh dóiteáin’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/3110, 18.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3110/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1681 ón gCoimisiún an 6 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le dó-obacht táirgí foirgníochta (IO L, 2024/1681, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1681/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/305/oj).


IARSCRÍBHINN

A.   SIOMBAILÍ

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na siombailí seo a leanas:

R

Acmhainn iompartha ualaigh

E

Sláine

I

Insliú

W

Radaíocht

M

Gníomhaíocht mheicniúil

C

Féindhúnadh

C0-5

Marthanacht an fhéindhúnta:

Catagóir úsáide (C)

An líon timthriallta

5

≥ 200 000

4

≥ 100 000

3

≥ 50 000

2

≥ 10 000

1

≥ 500

0

≥ 1

S

Sceitheadh deataigh (i gcomhthéacs córais aerála)/Rialú deataigh (i gcomhthéacs doirse)

P

Leanúnachas an tsoláthair cumhachta agus comhartha faoin gcuar caighdeánach teochta agus ama

PH

Leanúnachas an tsoláthair cumhachta agus comhartha faoi lé teocht sheasmhach

G/O

Obacht ar dhóiteán súiche

K

Cumas cosanta dóiteáin

T

Aicme theochta arna sloinneadh i dteocht uasta gáis in °C (teocht oibriúcháin)

D

Fad na cobhsaíochta faoi theocht sheasmhach

DH

Fad na cobhsaíochta faoin gcuar caighdeánach teochta is ama

F

Feidhmiúlacht na n-aerálaithe deataigh agus teasa faoi chumhacht

B

Feidhmiúlacht na n-aerálaithe nádúrtha deataigh agus teasa

B.   AICMÍ FEIDHMÍOCHTA MAIDIR LEIS AN tSAINTRÉITH FHÍOR-RIACHTANACH TÁIRGÍ ‘FRIOTAÍOCHT IN AGHAIDH DÓITEÁIN’

Ginearálta

Tugtar tuairisc iomlán ar na sainmhínithe, na tástálacha agus na critéir feidhmíochta ábhartha nó déantar tagairt iomlán dóibh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha, sna doiciméid um measúnú Eorpach, agus sna caighdeáin Eorpacha maidir le haicmiú agus tástáil friotaíochta in aghaidh dóiteáin.

Más rud é, maidir le gnéithe neamhshiméadracha, nach mbíonn aicme dhearbhaithe na gné bailí ach ó thaobh amháin, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil.

Sloinntear na haicmí feidhmíochta a leanas ina nóiméid mura sonraítear a mhalairt:

1.   Gnéithe iompartha ualaigh gan feidhm scartha dóiteáin

Tábla 1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Ballaí, urláir, urláir ardaithe, díonta, bíomaí, colúin, balcóin, siúláin agus staighrí

R

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

2.   Gnéithe iompartha ualaigh ag a bhfuil feidhm scartha dóiteáin

Tábla 2.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Ballaí

RE

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

REI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

REI-M

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

REW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360


Tábla 2.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Urláir, díonta, fuinneoga dín, díonléasacha agus comhlaí

RE

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

REI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

C

Féadfar an t-aicmiú C a dhearbhú i gcás ina bhfuil gaireas féindúnta feistithe gan an ghné nó an táirge a dhúnadh de láimh chun críoch na tástála.

De rogha air sin, ar mhaithe le hinmharthanacht an fhéindúnta, féadfar an t-aicmiú C a chomhlánú leis na digití 0 go 5 i gcomhréir leis an gcatagóir úsáide ina ndearnadh tástáil timthrialla.


Tábla 2.3

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Urláir ardaithe

RE

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

REI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Ceaptar an t-aicmiú le bheith sonrach ag brath ar an neamhchosaint. In éagmais na litreach ainmnithe ‘r’ tagraítear do neamhchosaint an chuair chaighdeánaigh teochta/ama (friotaíocht iomlán in aghaidh dóiteáin) ach i gcás nuair a bhíonn sí ann tagraítear d’ionsaí teochta seasmhaí 500  °C (neamhchosaint laghdaithe).

Urláir ardaithe a chomhlíonann neamhchosaint an chuair chaighdeánaigh teochta/ama ar feadh tréimhse áirithe, meastar go gcomhlíonann siad na coinníollacha neamhchosanta laghdaithe ar feadh na tréimhse céanna ar a laghad.

3.   Táirgí agus córais le haghaidh gnéithe iompartha ualaigh a chosaint

Tábla 3.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Síleálacha gan aon dó-obacht neamhspleách

Measúnú ar rannchuidiú dhó-obacht na mball struchtúrtha: Sloinntear an t-aicmiú mar aicmiú i dtéarmaí chosaint na gné iompartha ualaigh.

Nótaí

I gcás ina gcomhlíontar na critéir i ndáil leis an dóiteán ‘breacnádúrtha’, cuirtear an tsiombail ‘sn’ leis an aicmiú.


Tábla 3.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Cumhdaigh cosanta dóiteáin (imoibríoch), cláir (leaca agus mataí), rindreálacha (spraenna), cumhdra agus scáileáin

Measúnú ar rannchuidiú dhó-obacht na mball struchtúrtha: Sloinntear an t-aicmiú mar aicmiú i dtéarmaí chosaint na gné iompartha ualaigh.

Nótaí

I gcás cumhdach, má chomhlíontar na gcritéir i ndáil leis an gcuar ‘téamh mall’, cuirtear an tsiombail ‘IncSlow’ leis an aicmiú.

4.   Gnéithe nó táirgí neamhualaithe ag a bhfuil feidhm scartha dóiteáin

Tábla 4.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Landairí (lena n-áirítear landairí ina gcorpraítear codanna neamhinslithe) agus fuinneoga seasta

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI-M

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360


Tábla 4.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Díonta neamhualaithe

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360


Tábla 4.3

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Bacainní cuais

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú le tásc ar leithligh, i gcás ina gcomhlíonann an táirge an tástáil ar neamhchosaint thobann le haghaidh bacainní cuas.


Tábla 4.4

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Síleálacha a bhfuil dó-obacht neamhspleách iontu

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú tríd an gcaoi ar tástáladh an ghné a léiriú, agus tagraítear leis do dhóiteán ón taobh anuas ‘(a→b)’ nó ón taobh aníos ‘(b→a)’ nó ón dá thaobh ‘(a↔b)’.


Tábla 4.5

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Aghaidheanna (ballaí cuirtíní) agus ballaí seachtracha (lena n-áirítear gnéithe glónraithe)

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú le ‘(i→o)’; ‘(o→i)’; nó ‘(i↔o)’ chun a léiriú an ndearnadh an ghné a thástáil agus an gcomhlíonann sí na ceanglais ón taobh istigh amháin; ón taobh amuigh amháin; nó ón dá thaobh faoi seach.

Tugtar le fios tríd an iarmhír ‘ef’ a chur leis gur ar bhonn an chuair dóiteáin sheachtraigh a rinneadh an tástáil.


Tábla 4.6

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Bacainní dóiteáin neamh-mheicniúla le haghaidh duchtobair aerála

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh freisin i leith na bacainne dóiteáin neamh-mheicniúla:

(a)

déanfar í a thástáil ón dá thaobh; agus

(b)

bainfear uasráta sceite 360  m3 /(m2 h) amach ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Níl aon aicmiú S ann don táirge seo, toisc nach bhfuil aon fheidhmíocht deataigh aige ó thaobh teocht chomhthimpeallach de.

Le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach.


Tábla 4.7

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Séalaí treáite

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Sloinntear an t-aicmiú mar aicmiú i dtéarmaí threá an déantúis thacúil ag a bhfuil feidhm scartha dóiteáin.

Comhlánaítear aicmiú séalaí treáite píobán trí ‘U/U’, ‘C/U’, ‘U/C’, nó ‘C/C’ a chur leis ag brath ar chumraíocht deiridh an phíobáin arna thástáil laistigh den fhoirnéis agus lasmuigh den fhoirnéis faoi seach (U - neamh-chaidhpeáilte; C – caidhpeáilte).


Tábla 4.8

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Séalaí treáite comhcheangailte

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Sloinntear an t-aicmiú mar aicmiú i dtéarmaí threá an déantúis thacúil ag a bhfuil feidhm scartha dóiteáin.

Comhlánaítear an t-aicmiú le haicmithe ábhartha breise ar ghnéithe comhcheangailte mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.


Tábla 4.9

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Séalaí ailt línigh

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú trí na siombailí a leanas a chur leis

—

‘H’, nó ‘V’, nó ‘T’ lena léirítear go bhfuil an t-aicmiú bailí maidir leis an treoshuíomh comhfhreagrach (déantús tacúil cothrománach; Déantús tacúil ingearach - alt ingearach; Déantús tacúil ingearach - alt cothrománach faoi seach);

—

‘M’, nó ‘F’, nó ‘B’ lena léirítear an cineál spladhsanna (Spladhas monaraithe; Spladhas ar an láthair; nó Spladhas monaraithe agus spladhas ar an láthair araon faoi seach);

—

‘X’, nó ‘Mxxx’ lena léirítear cumas gluaiseachta (Gan aon ghluaiseacht; nó Gluaiseacht arna spreagadh (in %) faoi seach), lena n-áirítear an foscript ‘cliathánach’ nó ‘fiar’ lena léirítear an ghluaiseacht arna spreagadh, agus

—

‘W w1 go w2 ’ lena léirítear raon leithid (in mm) an ailt a chomhlíonann an critéar aicmithe (is é w1 an teorainn leithid is ísle agus is é w2 an teorainn leithid is airde).


Tábla 4.10

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Dorasfhoirne dó-obacha, fuinneoga inoscailte (i mballaí agus díonta), díonléasacha agus comhlaí inoscailte (lena n-áirítear na cinn ina bhfuil glónrú, gairis dúnta agus crua-earraí tógála eile)

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S200

I gcás gnéithe agus táirgí a chomhlíon na critéir rialaithe deataigh ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha tástála.

Sa3 nó Sa4

I gcás gnéithe agus táirgí a chomhlíon na critéir rialaithe deataigh ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha tástála.

C

Féadfar an t-aicmiú C a dhearbhú i gcás ina bhfuil gaireas féindhúnta feistithe gan an ghné nó an táirge a dhúnadh de láimh chun críoch na tástála.

De rogha air sin, ar mhaithe le hinmharthanacht an fhéindhúnta, féadfar an t-aicmiú C a chomhlánú leis na digití 0 go 5 i gcomhréir leis an gcatagóir úsáide ina ndearnadh tástáil timthrialla a dhéanamh.

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú EI tríd an iarmhír ‘1 ’ nó ‘2 ’ a chur leis chun an sainmhíniú ar insliú a úsáideadh a léiriú.

I gcás nach gcumhdóidh an t-aicmiú téamh aghaidh an dúnta agus aghaidh na hoscailte araon, ní mór é sin a léiriú go sainráite san aicmiú.

Ní áirítear táirgí aerála deataigh agus ní thugtar aghaidh orthu sa tábla seo.

Tá aicmiú breise rialaithe deataigh ar dhorasfhoirne móra tionsclaíocha indéanta go dtí teorainn sceite 50  m3 /h.


Tábla 4.11

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Dúnadh i gcás iompróirí agus córais iompair ar rianta

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

C

Féadfar an t-aicmiú C a dhearbhú i gcás ina bhfuil gaireas féindhúnta feistithe gan an ghné nó an táirge a dhúnadh de láimh chun críoch na tástála.

De rogha air sin, ar mhaithe le hinmharthanacht an fhéindhúnta, féadfar an t-aicmiú C a chomhlánú leis na digití 0 go 5 i gcomhréir leis an gcatagóir úsáide ina ndearnadh tástáil timthrialla a dhéanamh.

Nótaí

Comhlánaítear an t-aicmiú EI tríd an iarmhír ‘1 ’ nó ‘2 ’ a chur leis chun an sainmhíniú ar insliú a úsáideadh a léiriú. Ní mór aicmiú EI a ghiniúint sna cásanna sin inar cumraíocht phíobáin nó duchta é an eiseamláir tástála gan aon mheasúnú ar an dúnadh i gcás an chórais iompróra.

Sainaithnítear cumas oibríochtúil marthanach aon ghairis imréitigh agus/nó aon ghairis scartha le haghaidh córas iompróra trí úsáid a bhaint as ‘T’.


Tábla 4.12

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Gríleanna aistrithe aeir

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EW

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Má chomhlíontar na critéir i ndáil le sláine le linn na staide oscailte, cuirtear an tsiombail ‘dó-obach’ leis an aicmiú.

Má chomhlíontar na critéir i ndáil leis an gcuar ‘cnadú’, cuirtear an tsiombail ‘IncSlow’ leis an aicmiú.


Tábla 4.13

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Duchtanna seirbhíse agus seaftaí

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Léiríonn an t-aicmiú conas a tástáladh an ghné agus tagraíonn sé do dhóiteán ón taobh istigh ‘(i→o)’ nó ón taobh amuigh ‘(o→i)’ nó ón dá thaobh ‘(i↔o)’. Ina theannta sin, leis na siombailí ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach.


Tábla 4.14

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Simléir

 

G + fad i mm (e.g. G 50 ) nó O + fad i mm (e.g. O 50 )

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

 

T (teocht oibriúcháin) in °C

80

100

120

140

160

200

250

300

400

450

600

Nótaí

Níl fad ag teastáil i gcás táirgí ionsuite.

Léiríonn an t-aicmiú conas a tástáladh an ghné agus tagraíonn sé do dhóiteán ón taobh istigh ‘(i→o)’ nó ón taobh amuigh ‘(o→i)’ nó ón dá thaobh ‘(i↔o)’.

Le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach.


Tábla 4.15

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Clúdaigh bhalla agus síleála

K1

10

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

K2

10

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Léiríonn iarmhíreanna ‘1 ’ agus ‘2 ’ cé na foshraitheanna, na critéir maidir le hiompraíocht dóiteáin agus na rialacha sínidh a úsáidtear san aicmiú seo.

5.   Táirgí le húsáid i gcórais aerála (seachas aeráil sceite deataigh agus teasa)

Tábla 5.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Duchtanna aerála dó-obacha

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

uasráta sceite 10  m3 /(m2 h) ag féachaint d’achar trasghearrtha an duchta le linn na tástála dóiteáin

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór don ducht uasráta sceite 15  m3 /(m2 h) a bhaint amach ag féachaint d’achar dromchla an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Léiríonn an t-aicmiú conas a tástáladh an ghné agus tagraíonn sé do dhóiteán ón taobh istigh ‘(i→o)’ nó ón taobh amuigh ‘(o→i)’ nó ón dá thaobh ‘(i↔o)’.

Le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach.

Ní mór a léiriú leis an aicmiú an difríocht sa bhrú a úsáidtear sa tástáil.


Tábla 5.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Maolairí dóiteáin

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

uasráta sceite 200  m3 /(m2 h) ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta:

(a)

an méid is lú ar theocht chomhthimpeallach;

(b)

an méid is mó ar theocht chomhthimpeallach agus le linn na tástála dóiteáin.

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh freisin i leith an mhaolaire dóiteáin:

(a)

déanfar é a thástáil ón dá thaobh; agus

(b)

bainfear uasráta sceite 360  m3 /(m2 h) amach ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta le linn na tástála dóiteáin.

le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach (feistithe le balla, mar shampla) agus/nó úsáid chothrománach (feistithe le hurlár, mar shampla).

Maolaire dóiteáin atá in ann sláine (E), nó sláine agus insliú (EI), a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘H’ léirítear go bhfuil ais lainne chothrománach nó geoiméadracht chothrománach aige.

Maolaire dóiteáin atá in ann sláine (E), nó sláine agus insliú (EI), a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘V’ léirítear go bhfuil ais lainne ingearach nó geoiméadracht ingearach aige.

6.   Táirgí atá le húsáid i suiteálacha seirbhíse foirgneamh leictrí, rialaithe cumhachta agus cumarsáide

Tábla 6.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Córais cosanta dóiteáin le haghaidh córais cáblaí agus comhpháirteanna gaolmhara

P

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

Ní mór an méid a leanas a léiriú leis an aicmiú:

An cineál cáblaí is féidir a shuiteáil laistigh de na córais cosanta dóiteáin, is é sin le rá aon chábla caighdeánach nó gan ach cáblaí sonracha amháin; agus na cumraíochtaí cáblaí is féidir a chosaint agus an voltas oibriúcháin mar a leanas:

—

le haghaidh gach cineáil cáblaí cumhachta (voltas rátáilte 300 /500  V) le haghaidh voltas oibriúcháin suas le 230 /400  V (sruth ailtéarnach (SA) trí chéim);

—

le haghaidh gach cineál cáblaí cumhachta (voltas rátáilte 450 /750  V suas le 0,6 /1  kV) le haghaidh voltas oibriúcháin suas le 400 /690  V (SA trí chéim);

—

le haghaidh gach cineál cáblaí comhartha/cumhachta (voltas rátáilte suas le 170  V) le haghaidh voltas oibriúcháin suas le 110  V; nó

—

aon mheascán de na féidearthachtaí thuas.


Tábla 6.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Cáblaí cumarsáide, cáblaí rialaithe cumhachta, cáblaí leictreacha neamhchosanta a bhfuil friotaíocht intreach acu in aghaidh dóiteáin

Pca

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

I gcás cáblaí cumhachta agus cáblaí rialaithe ní mór a léiriú leis an aicmiú an voltas rátáilte ag a gcomhlíontar na critéir feidhmíochta.


Tábla 6.3

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Cáblaí cumarsáide beaga neamhchosanta, cáblaí rialaithe cumhachta beaga neamhchosanta, cáblaí leictreacha beaga neamhchosanta a bhfuil friotaíocht intreach acu in aghaidh dóiteáin (trastomhas < 20 mm lena mbaineann méideanna seoltóra ≤ 2.5 mm2)

PHca

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

I gcás cáblaí cumhachta agus cáblaí rialaithe ní mór a léiriú leis an aicmiú an voltas rátáilte ag a gcomhlíontar na critéir feidhmíochta.

7.   Táirgí le húsáid i gcórais rialaithe deataigh agus teasa

Tábla 7.1

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Duchtanna rialaithe deataigh urrann aonair

E600

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

5  m3 /(m2 h) uasráta sceite ag féachaint d’achar dromchla an duchta ar theocht chomhthimpeallach agus uasráta sceite 5  m3 /(m2 h) a bhaineann le hachar dromchla an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór don ducht uasráta sceite 10  m3 /(m2 h) a bhaint amach ag féachaint d’achar dromchla an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Comhlánaítear an t-aicmiú leis an iarmhír ‘single’ le haghaidh táirgí atá beartaithe le húsáid i gcomhair úsáid urrann aonair amháin.

Le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach, laistigh den urrann.

Le ‘500 ’, ‘1 000 ’, ‘1 500 ’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid suas go dtí na luachanna lagbhrú sin, arna dtomhas in Pa ar theocht chomhthimpeallach.


Tábla 7.2

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Duchtanna rialaithe deataigh dó-obacha il-urrainne

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

5  m3 /(m2 h) uasráta sceite le tagairt d’achar dromchla an duchta ar theocht chomhthimpeallach agus uasráta sceite 5  m3 /(m2 h) a bhaineann le hachar dromchla an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór don ducht uasráta sceite 10  m3 /(m2 h) a bhaint amach ag féachaint d’achar dromchla an duchta le linn na tástála dóiteáin.

Comhlánaítear an t-aicmiú leis an iarmhír ‘multi’ le haghaidh táirgí atá beartaithe le húsáid i gcomhair úsáid ilurrainne.

Le ‘ve’ agus/nó ‘ho’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach.

Le ‘500 ’, ‘1 000 ’, ‘1 500 ’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid suas go dtí na luachanna lagbhrú sin, arna dtomhas in Pa ar theocht chomhthimpeallach.


Tábla 7.3

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Maolairí rialaithe deataigh urrann aonair

E600

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

uasráta sceite 200  m3 /(m2 h) ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta:

(a)

an méid is lú ar theocht chomhthimpeallach;

(b)

an méid is mó ar theocht chomhthimpeallach agus le linn na tástála dóiteáin.

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E) a chomhlíonadh, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh freisin i leith an mhaolaire rialaithe deataigh urrann aonair:

(a)

déanfar é a thástáil ón dá thaobh;

(b)

pas a fháil i dtástáil ar oscailt a chothabháil; agus

(c)

bainfear uasráta sceite 360  m3 /(m2 h) amach ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta le linn na tástála dóiteáin.

(1)

an méid is lú ar theocht chomhthimpeallach; agus

(2)

an méid is mó ar theocht chomhthimpeallach agus le linn na tástála dóiteáin.

Comhlánaítear an t-aicmiú leis an iarmhír ‘single’ le haghaidh táirgí atá beartaithe le húsáid i gcomhair úsáid urrann aonair.

Le ‘ved’, ‘vew’, ‘vedw’agus/nó ‘hod’,‘how’, ‘hodw’, léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach, lena n-áirítear feistiú i nducht nó i mballa/in urlár nó sa dá cheann faoi seach.

Maolaire rialaithe deataigh urrann aonair atá in ann sláine (E) a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘H’ léirítear go bhfuil ais lainne chothrománach nó geoiméadracht chothrománach aige,

Maolaire rialaithe deataigh urrann aonair atá in ann sláine (E) a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘V’ léirítear go bhfuil ais lainne ingearach nó geoiméadracht ingearach aige.

Le ‘500 ’, ‘1 000 ’, ‘1 500 ’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid suas go dtí an luach lagbhrú sin in Pa ar theocht chomhthimpeallach.

Le ‘AA’ sainítear gur úsáid le haghaidh feidhmeanna trína soláthraítear gníomhachtú uathoibríoch atá i gceist, le ‘MA’ sainítear gur úsáid le haghaidh feidhmeanna a éilíonn idirghabháil de láimh nó sholáthraíonn gníomhachtú uathoibríoch.

Le ‘C300 ’, C10 000 ’, ‘CMOD’ nó ‘C300 (N)’, C10 000 (N)’, ‘CMOD(N)’ léirítear nach bhfuil an táirge beartaithe le húsáid ach i gcórais rialaithe deataigh, córais rialaithe deataigh lánrialaithe agus i gcórais rialaithe deataigh in éineacht le córais chomhshaoil nó i maolairí rialaithe deataigh modhnúcháin atá beartaithe le húsáid in aon chóras a bhfuil suíomh rialaithe nó athraitheach aige, arna thástáil faoi ualach, nó gan ualach (N), faoi seach.

Le ‘HOT 400 /30 ’ (Ard-Teocht Oibríochtúil) léirítear go ndearnadh tástáil bhreise ar an maolaire rialaithe deataigh dó-obach urrann aonair chun a léiriú gur féidir é a oscailt agus a dhúnadh ar feadh tréimhse 30 nóiméad ina mbíonn teochtaí suas le 400  °C ann.


Tábla 7.4

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Maolairí rialaithe deataigh dó-obacha il-urrainne

E

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

EI

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

S

uasráta sceite 200  m3 /(m2 h) ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta:

(a)

an méid is lú ar theocht chomhthimpeallach;

(b)

an méid is mó ar theocht chomhthimpeallach agus le linn na tástála dóiteáin.

Nótaí

Chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le sláine (E), nó sláine agus insliú (EI), a chomhlíonadh, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh freisin i leith an mhaolaire rialaithe deataigh dó-obach il-urrainne:

(a)

déanfar é a thástáil ón dá thaobh;

(b)

pas a fháil i dtástáil ar oscailt a chothabháil; agus

(c)

bainfear uasráta sceite 360  m3 /(m2 h) amach ag féachaint d’achar trasghearrtha ainmniúil an duchta le linn na tástála dóiteáin

(1)

an méid is lú ar theocht chomhthimpeallach; agus

(2)

an méid is mó ar theocht chomhthimpeallach agus le linn na tástála dóiteáin.

Comhlánaítear an t-aicmiú leis an iarmhír ‘multi’ le haghaidh táirgí atá beartaithe le haghaidh úsáid il-urrainne.

Le ‘ved’, ‘vew’, ‘vedw’agus/nó ‘hod’,‘how’, ‘hodw’, léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid le haghaidh úsáid ingearach agus/nó úsáid chothrománach, lena n-áirítear feistiú i nducht nó i mballa/in urlár nó sa dá cheann faoi seach.

Maolaire rialaithe deataigh dó-obach il-urrainne atá in ann sláine (E), nó sláine agus insliú (EI), a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘H’ léirítear go bhfuil ais lainne chothrománach nó geoiméadracht chothrománach aige.

Maolaire rialaithe deataigh dó-obacha il-urrainne atá in ann sláine (E), nó sláine agus insliú (EI), a chomhlíonadh le haghaidh na tréimhse aicmithe, le ‘V’ léirítear go bhfuil ais lainne ingearach nó geoiméadracht ingearach aige.

Le ‘500 ’, ‘1 000 ’, ‘1 500 ’ léirítear go bhfuil an táirge beartaithe le húsáid suas go dtí an luach lagbhrú sin in Pa ar theocht chomhthimpeallach.

Le ‘AA’ sainítear gur úsáid le haghaidh feidhmeanna trína soláthraítear gníomhachtú uathoibríoch atá i gceist, le ‘MA’ sainítear gur úsáid le haghaidh feidhmeanna a éilíonn idirghabháil de láimh nó sholáthraíonn gníomhachtú uathoibríoch.

Le ‘C300 ’, C10 000 ’, ‘CMOD’ nó ‘C300 (N)’, C10 000 (N)’, ‘CMOD(N)’ léirítear nach bhfuil an táirge beartaithe le húsáid ach i gcórais rialaithe deataigh, córais rialaithe deataigh lánrialaithe agus i gcórais rialaithe deataigh in éineacht le córais chomhshaoil nó i maolairí rialaithe deataigh modhnúcháin atá beartaithe le húsáid in aon chóras a bhfuil suíomh rialaithe nó athraitheach aige, arna thástáil faoi ualach, nó gan ualach (N), faoi seach.

Le ‘HOT 400 /30 ’ (Ard-Teocht Oibríochtúil) léirítear go ndearnadh tástáil bhreise ar an maolaire rialaithe deataigh dó-obach urrainne chun a léiriú gur féidir é a oscailt agus a dhúnadh ar feadh tréimhse 30 nóiméad ina mbíonn teochtaí suas le 400  °C ann.


Tábla 7.5

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Bacainní deataigh

D600

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

DH

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360


Tábla 7.6

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Aerálaithe rialála deataigh agus teasa faoi chumhacht (gaothráin), lena n-áirítear nascóirí

F200

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

F300

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

F400

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

F600

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

F842

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360


Tábla 7.7

Infheidhme maidir leis an méid seo a leanas

Aerálaithe nádúrtha sceite deataigh agus teasa

B300

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

B600

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Βθ

 

15

20

30

45

60

90

120

180

240

360

Nótaí

I gcás ina léiríonn θ an riocht neamhchosanta (teocht), is é sin riocht is airde ná 300 °C.

Tá na táirgí sin deartha le go n-osclóidís i gcás tine agus níl aicmiú sláine (E) acu.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/557/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top