This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0533
Commission Implementing Decision (EU) 2026/533 of 11 March 2026 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/1358 of the European Parliament and of the Council as regards the content of the monthly cross-system statistics using data from Eurodac, the Visa Information System, the European Travel Information and Authorisation System and the Entry/Exit System pursuant to Article 12(3) of that Regulation
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/533 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hábhar an staidrimh traschórais mhíosúil ina n-úsáidtear sonraí ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta de bhun Airteagal 12(3) den Rialachán sin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/533 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hábhar an staidrimh traschórais mhíosúil ina n-úsáidtear sonraí ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta de bhun Airteagal 12(3) den Rialachán sin
C/2026/1564
IO L, 2026/533, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/533/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/533 |
12.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/533 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2026
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hábhar an staidrimh traschórais mhíosúil ina n-úsáidtear sonraí ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta de bhun Airteagal 12(3) den Rialachán sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáid a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 12(3), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1358 bunaítear an córas ar a dtugtar ‘Eurodac’ chun, i measc nithe eile, cúnamh a thabhairt maidir le rialú na hinimirce neamhrialta chuig an Aontas, agus chun tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise trí staidreamh a tháirgeadh. |
|
(2) |
Chun na gcríoch sin, tá staidreamh traschórais míosúil le táirgeadh trí úsáid a bhaint as sonraí ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2024/1358, is é ceann de chuspóirí Eurodac tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise trí staidreamh a tháirgeadh. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir sin, is gá staidreamh a tharraingt suas lena léireofar staid na himirce agus sreabha imirce san Aontas, lena n-áirítear sonraí staidrimh maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát idir na Ballstáit d’fhonn faireachán a dhéanamh ar shreabha imirce i dtreo an Aontais agus laistigh den Aontas agus d’fhonn na sreabha sin a réamh-mheas agus d’fhonn cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a éascú (5). |
|
(5) |
Chun faisnéis níos cruinne a fháil faoi na bealaí agus na modhanna imirce a úsáidtear chun teacht isteach ar chríoch na mBallstát, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir le líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a tháinig isteach i mBallstát agus víosa bhailí nó víosa atá imithe in éag acu, lena n-áirítear víosa fadfhanachta, agus a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin. Chun na críche céanna, is gá freisin staidreamh a tharraingt suas maidir le líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát ar diúltaíodh víosa dóibh roimh iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear víosa fadfhanachta, agus líon na n-iarratasóirí a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1358, is é cuspóir eile atá ag Eurodac a bheith ina chúnamh le hinimirce neamhrialta chuig an Aontas a rialú. Chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir sin, lena n-áirítear inimirce neamhrialta isteach i gcríoch an Aontais agus laistigh di a chomhrac, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir leis an líon daoine a shroich Ballstát agus víosa bhailí acu, lena n-áirítear víosa fadfhanachta, nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann le fad a bhfanachta údaraithe; an líon daoine ar diúltaíodh víosa dóibh sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát, lena n-áirítear víosa fadfhanachta; an líon daoine a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar; an líon daoine ar diúltaíodh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a rinne iarratas ar víosa ina dhiaidh sin, lena n-áirítear víosa fadfhanachta nó údarú taistil. Ar an gcaoi chéanna, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir leis an líon daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát ar diúltaíodh cead cónaithe dóibh nó a ndearnadh a gcead cónaithe a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát. |
|
(7) |
Chun na críche sin, agus go háirithe chun cuidiú leis na bearta iomchuí a chinneadh a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir leis an líon daoine a gabhadh i dtaca le teorainn sheachtrach an Aontais a thrasnú go neamhrialta agus leis an líon daoine a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar diúltaíodh víosa dóibh roimh a ngabháil nó a ndíbhordáil, lena n-áirítear víosa fadfhanachta, ar diúltaíodh cead isteach dóibh nó údarú taistil roimh a ngabháil nó a ndíbhordáil nó a cláraíodh agus iad ag imeacht as an Aontas. |
|
(8) |
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcomhthéacs ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát agus chun tacú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir le líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar diúltaíodh cead cónaithe dóibh nó ar cúlghaireadh a gcead cónaithe, ar cuireadh ar neamhní é nó ar tarraingíodh siar é sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Is gá freisin staidreamh a tharraingt suas maidir le líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a iarrann, tar éis dá n-iarratas a bheith diúltaithe, víosa, víosa fadfhanachta nó údarú taistil. |
|
(9) |
Maidir le feiniméan na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a fhágann críoch an Aontais agus scrúdú a n-iarratais ar feitheamh agus a fhilleann ar chríoch an Aontais ina dhiaidh sin, chun léargas a fháil ar an bhfeiniméan sin agus chun tacú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise maidir le feidhmiú chóras tearmainn an Aontais agus na gcóras náisiúnta tearmainn araon, is gá staidreamh a tharraingt suas maidir le líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a cláraíodh agus iad ag imeacht as an Aontas agus a fhilleann ar chríoch an Aontais ina dhiaidh sin. |
|
(10) |
Ionas go dtáirgfear staidreamh traschórais ina n-úsáidtear sonraí ó Eurodac agus VIS, ETIAS nó EES, ní mór do na córais sin tús a chur le hoibríochtaí. Chun na críche sin, is gá freisin tús a chur le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta (CIR) agus an bhrathadóra ilchéannachtaí (MID), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 (6) agus le Rialachán (AE) 2019/818 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlefaoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le staidreamh a úsáideann sonraí ó chóras ón dáta a chuirfidh an córas sin tús le hoibríochtaí, ar choinníoll go mbeidh an stóras coiteann sonraí céannachta agus an brathadóir ilchéannachtaí oibríochtúil. |
|
(11) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Lúnasa 2025. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh Ríocht na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl Ríocht na Danmhairge rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 21 Meitheamh 2024, gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1358 agus a bheith faoi cheangal aige. Deimhníodh an rannpháirtíocht sin le Cinneadh (AE) 2024/2100 ón gCoimisiún (9) . Dá bhrí sin, tá Éire rannpháirteach i nglacadh an ghnímh seo. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfaidh eu-LISA staidreamh míosúil a tharraingt suas, atá dí-chomhiomlánaithe de réir Ballstáit, aoise, gnéis agus náisiúntachta, lena léirítear an líon daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, ar tógadh a sonraí bithmhéadracha i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán sin, ar daoine iad:
|
(a) |
ar deonaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(b) |
ar diúltaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(c) |
a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(d) |
ar deonaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(e) |
ar diúltaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(f) |
a ndearnadh a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(g) |
ar deonaíodh cead cónaithe dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(h) |
ar diúltaíodh cead cónaithe dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(i) |
a ndearnadh a gcead cónaithe a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(j) |
ar cláraíodh iad ag dul isteach ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(k) |
ar cláraíodh iad ag imeacht ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(l) |
ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(m) |
ar rófhantóirí iad, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16(4) nó 17(2) de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(n) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(o) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(p) |
ar diúltaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(q) |
a ndearnadh a n-údarú taistil a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1240. |
2. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (g), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an údaráis agus an tsuímh atá i gcomhad iarratais VIS.
3. I gcás inarb infheidhme, déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (n), agus (o), a dhí--chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit atá i gcomhad iarratais ETIAS.
4. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (e), (h) agus (p), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le diúltú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
5. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (q), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm nó neamhniú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
6. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (f) agus (i), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm, neamhniú nó tarraingt siar atá i gcomhad iarratais VIS.
7. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (j) agus (k), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus an phointe trasnaithe teorann atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
8. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an phointe trasnaithe teorann agus na gcúiseanna leis an diúltú atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
Airteagal 2
1. Déanfaidh eu-LISA staidreamh míosúil a tharraingt suas, atá dí-chomhiomlánaithe de réir Ballstáit, aoise, gnéis agus náisiúntachta, lena léirítear an líon daoine dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, agus ar cláraíodh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1358 ina leith, ar daoine iad:
|
(a) |
a d’iarr víosa, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tar éis dóibh a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus Airteagal 17(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1358; |
|
(b) |
a d’iarr víosa fadfhanachta, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22a(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tar éis dóibh a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus Airteagal 17(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1358; |
|
(c) |
a d’iarr údarú taistil, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, tar éis dóibh a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus Airteagal 17(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1358. |
2. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
Airteagal 3
1. Déanfaidh eu-LISA staidreamh míosúil a tharraingt suas, atá dí-chomhiomlánaithe de réir Ballstáit, aoise, gnéis agus náisiúntachta, lena léirítear an líon daoine dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, ar daoine iad:
|
(a) |
ar diúltaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula ngabhfar iad i dtaca leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta; |
|
(b) |
a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(c) |
ar diúltaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sular gabhadh iad i dtaca leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta; |
|
(d) |
a ndearnadh a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(e) |
ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, sular gabhadh iad i ndáil leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta; |
|
(f) |
ar cláraíodh iad ag imeacht ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(g) |
ar diúltaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, sular gabhadh iad i dtaca leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta; |
|
(h) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2018/1240, sular gabhadh iad i dtaca leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta; |
|
(i) |
a ndearnadh a n-údarú taistil a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1240. |
2. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (g), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le diúltú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
3. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (f), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus an phointe trasnaithe teorann atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
4. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an phointe trasnaithe teorann agus na gcúiseanna leis an diúltú atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
5. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (i), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm nó neamhniú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
6. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm, neamhniú nó tarraingt siar atá i gcomhad iarratais VIS.
7. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (h), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit atá i gcomhad iarratais ETIAS.
Airteagal 4
1. Déanfaidh eu-LISA staidreamh míosúil a tharraingt suas, atá dí-chomhiomlánaithe de réir Ballstáit, aoise, gnéis agus náisiúntachta, lena léirítear an líon daoine dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, ar daoine iad:
|
(a) |
ar deonaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(b) |
ar diúltaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(c) |
a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(d) |
ar deonaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(e) |
ar diúltaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(f) |
a ndearnadh a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(g) |
ar deonaíodh cead cónaithe dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(h) |
ar diúltaíodh cead cónaithe dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(i) |
a ndearnadh a gcead cónaithe a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(j) |
ar cláraíodh iad ag dul isteach ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(k) |
ar cláraíodh iad ag imeacht ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(l) |
ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(m) |
ar rófhantóirí iad, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(n) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(o) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(p) |
ar diúltaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, sula bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát; |
|
(q) |
a ndearnadh a n-údarú taistil a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1240. |
2. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (g), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an údaráis agus an tsuímh atá i gcomhad iarratais VIS.
3. I gcás inarb infheidhme, déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (n), agus (o), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit atá i gcomhad iarratais ETIAS.
4. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (h) agus (p), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le diúltú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
5. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (q), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm nó neamhniú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
6. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (f) agus (i), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm, neamhniú nó tarraingt siar atá i gcomhad iarratais VIS.
7. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (j) agus (k), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus an phointe trasnaithe teorann atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
8. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le diúltú atá i gcomhad iarratais VIS.
9. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an phointe trasnaithe teorann agus na gcúiseanna leis an diúltú atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
Airteagal 5
1. Déanfaidh eu-LISA staidreamh míosúil a tharraingt suas, atá dí-chomhiomlánaithe de réir Ballstáit, aoise, gnéis agus náisiúntachta, lena léirítear an líon daoine dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, ar daoine iad:
|
(a) |
ar diúltaíodh víosa dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, roimh dhíbhordáil; |
|
(b) |
a ndearnadh a víosa a chúlghairm nó a neamhniú, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(c) |
ar diúltaíodh víosa fadfhanachta dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22d de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, roimh dhíbhordáil; |
|
(d) |
a ndearnadh a víosa fadfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó a tharraingt siar, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22e de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; |
|
(e) |
ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, roimh dhíbhordáil; |
|
(f) |
ar cláraíodh iad ag imeacht ag teorainn sheachtrach ag a n-oibrítear EES, mar a léirítear sa taifead dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(g) |
ar diúltaíodh údarú taistil dóibh, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, roimh dhíbhordáil; |
|
(h) |
ar deonaíodh údarú taistil dóibh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, mar a léirítear sa chomhad iarratais i gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2018/1240, roimh dhíbhordáil; |
|
(i) |
a ndearnadh a n-údarú taistil a chúlghairm nó a neamhniú. |
2. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (g), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le diúltú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
3. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (f), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus an phointe trasnaithe teorann atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
4. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (i), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm nó neamhniú atá i gcomhad iarratais VIS nó ETIAS.
5. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit agus de réir an fhorais le cúlghairm, neamhniú nó tarraingt siar atá i gcomhad iarratais VIS.
6. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (h), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit atá i gcomhad iarratais ETIAS.
7. Déanfar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a dhí-chomhiomlánú freisin de réir an Bhallstáit, an phointe trasnaithe teorann agus na gcúiseanna leis an diúltú atá i dtaifead dul isteach/imeachta EES.
Airteagal 6
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 12 Meitheamh 2026.
2. Na forálacha a leagtar síos in Airteagail 1 go 5 a bhaineann le staidreamh ina n-úsáidtear sonraí ó EES, beidh feidhm acu ón dáta arb é an dáta deiridh de na dátaí seo a leanas é:
|
(a) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226; |
|
(b) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2019/818; |
|
(c) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2019/818. |
3. Na forálacha a leagtar síos in Airteagal 1 go hAirteagal 5 a bhaineann le staidreamh ina n-úsáidtear sonraí ó ETIAS, beidh feidhm acu ón dáta arb é an dáta deiridh de na dátaí seo a leanas é:
|
(a) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2018/1240; |
|
(b) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2019/818; |
|
(c) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2019/818. |
4. Na forálacha a leagtar síos in Airteagal 1 go hAirteagal 5 a bhaineann le staidreamh ina n-úsáidtear sonraí ó VIS, beidh feidhm acu ón dáta arb é an dáta deiridh de na dátaí seo a leanas é:
|
(a) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); |
|
(b) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2019/818; |
|
(c) |
an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2019/818. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).
(4) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(6) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj).
(7) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(9) Cinneadh (AE) 2024/2100 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú Eurodac chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile (IO L, 2024/2100, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2100/oj).
(10) Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1134/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/533/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)