This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0513
Council Regulation (EU) 2026/513 of 23 April 2026 amending Regulation (EC) No 765/2006 concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine
Rialachán (AE) 2026/513 ón gComhairle an 23 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
Rialachán (AE) 2026/513 ón gComhairle an 23 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
ST/5346/2026/INIT
IO L, 2026/513, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/513/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/513 |
23.4.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/513 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2026
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2026/512 an 23 Aibreán 2026 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) ,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2). |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 23 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/512 , lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES. |
|
(4) |
Le Cinneadh (CBES) 2026/512, meastar é a bheith iomchuí leathnú a dhéanamh ar liosta na n-earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála, trí earraí a liostú a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin chomh maith le hearraí a rannchuidíonn le forbairt nó táirgeadh córas míleata na Bealarúise, lena n-áirítear earraí gloine saotharlainne, agus bealaí ardfheidhmíochta áirithe agus a mbreiseáin. |
|
(5) |
Le Cinneadh (CBES)2026/512, meastar é a bheith iomchuí leathnú a dhéanamh ar liosta na n-earraí atá faoi réir srianta ar onnmhairiú a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise, amhail ceimiceáin, rubar agus earraí rubair bholcánaithe, earraí cruach, uirlisí le haghaidh táirgeadh miotail agus tarracóirí tionsclaíocha. |
|
(6) |
Chun an baol go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha a laghdú, le Cinneadh (CBES) 2026/512 meastar gur iomchuí liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an toirmisc ar idirthuras trí chríoch na Bealarúise a leathnú. |
|
(7) |
Le Cinneadh (CBES) 2026/512 forchuirtear srianta breise ar sholáthar seirbhísí do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, ar seirbhísí iad a rannchuidíonn le feabhas a chur ar chumais theicneolaíocha na Bealarúise, go háirithe soláthar seirbhísí slándála bainistithe. |
|
(8) |
Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2026/512 cuirtear srian le soláthar seirbhísí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí turasóireachta sa Bhealarúis, go háirithe na seirbhísí sin a aicmítear in aicmí 7471 agus 7472 den Aicmiú Lárnach Táirgí iad, mar a leagtar amach in Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Páipéir Staidrimh, Sraith M, Uimh. 77, ALT sealadach, 1991, é. Déantar an méid sin chun an t-ioncam a fhaigheann an Bhealarúis ó na seirbhísí sin a laghdú agus chun cur chun cinn taistil neamhriachtanaigh agus gníomhaíochtaí fóillíochta chuig an mBealarúis a dhíspreagadh, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil baol méadaithe ann go ndéanfar náisiúnaigh den Aontas a ghabháil go treallach agus a choinneáil go treallach, agus i gcomhthéacs ina bhfuil teorainn leis an gcosaint chonsalach le haghaidh daoine a bhfuil dénáisiúntacht acu. |
|
(9) |
Le Cinneadh (CBES) 2026/512, tugtar isteach freisin díolúine ón gceanglas maidir le réamhúdarú le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nach bhfuil faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 cheana i gcás ina bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin maidir le feidhmiú ionadaíochta consalaí nó taidhleoireachta de chuid na Bealarúise atá lonnaithe i mBallstát. |
|
(10) |
Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2026/512, meastar é a bheith iomchuí toirmisc bhreise a thabhairt isteach ar allmhairiú earraí lena gceadaítear don Bhealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a fhágann gur féidir léi a bheith rannpháirteach i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, lena n-áirítear maidir le hamhábhair áirithe, miotail, mianraí áirithe, dramhchruach agus miotail eile, ceimiceáin, earraí rubair bholcánaithe agus fionnadhsheithí súdaraithe. |
|
(11) |
Faoi láthair, is féidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí seachas daoine dlítheanacha, eintits nó comhlachtaí Bealarúiseacha, le daoine seachas iad siúd a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, agus le daoine seachas iad siúd atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, éilimh a thabhairt in aghaidh cuideachtaí de chuid an Aontais a chomhlíonann bearta sriantacha, mar shampla nuair a scoireann oibreoirí de chuid an Aontais de tháirgí a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú chuig an mBealarúis a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis. Dá bhrí sin, le Cinneadh (CBES) 2026/512 neartaítear creat an Aontais maidir le bearta sriantacha trí raon feidhme an toirmisc ar shásamh na n-éileamh a leathnú i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearna bearta sriantacha an Aontais difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an toirmisc i gCinneadh 2012/642/CBES maidir le sásamh na n-éileamh sin a leathnú freisin chun éilimh arna dtabhairt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha, seachas an Bhealarúis agus tíortha comhpháirtíochta a liostaítear san iarscríbhinn ábhartha a chumhdach, i gcás ina bhfuil na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin ag díol, ag soláthar, ag aistriú nó ag onnmhairiú earraí, teicneolaíocht nó seirbhísí a bhfuil toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh. |
|
(12) |
D’fhéadfadh sé go bhféachfadh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, nó daoine, eintitis nó comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, le cinntí cúirte agus riaracháin de chuid na nBealarúise a fhorfheidhmiú, i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis. Is féidir iarrachtaí den sórt sin a bhunú ar éilimh a bhaineann le conarthaí a ndéanann bearta sriantacha difear dóibh. Is iomchuí, dá bhrí sin, leathnú a dhéanamh an bhféidearthacht atá ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid an Aontais damáistí a éileamh ó dhaoine, ó eintitis agus ó chomhlachtaí atá ag iarraidh, i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis, forfheidhmiú na gcinntí sin de chuid na nBealarúise, nó a chomhoibríonn ina bhforfheidhmiú, agus ó dhaoine, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu. Is iomchuí freisin é a chur ar a cumas don Chomhairle toirmeasc ar idirbhearta a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a iarrann fhorfheidhmiú, nó a chomhoibríonn i bhforfheidhmiú, chinntí na Bealarúise, ar cinntí iad atá bunaithe ar éilimh a bhaineann le conarthaí a ndéanann bearta sriantacha difear dóibh, chomh maith le ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin faoi úinéireacht nó faoi rialú acu. |
|
(13) |
Tá Banc Náisiúnta na Bealarúise faoi réir le rúbal digiteach na Bealarúise a sheoladh, agus meastar go gcuirfear i gcúrsaíocht é sa dara leath de 2026 agus go n-úsáidfidh eintitis ghnó, eintitis stáit agus daoine aonair é de réir a chéile, agus go n-úsáidfear eatarthu féin é agus le hoibreoirí tríú tír. Níl an tionscadal ach ag an gcéim ullmhúcháin go fóill, ach is éard atá i gceist leis an rúbal digiteach, inter alia, córas íocaíochta a sholáthar lena gcosnófaí daoine Bealarúiseacha ar éifeacht na mbeart sriantach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. Dá bhrí sin, le Cinneadh (CBES) 2026/512 cuirtear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in aon idirbheart lena mbaineann airgeadra digiteach de chuid Banc Ceannais na Bealarúise nó ar aon tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an tionscadail sin. Déantar foráil leis an gCinneadh sin freisin maidir le tréimhse theoranta chun conarthaí atá ann cheana a fhoirceannadh de réir a chéile. |
|
(14) |
Is éard atá i gceist leis na bearta a rinne réimeas na Bealarúise le déanaí toirmeasc a chur ar oibríochtaí le haghaidh soláthraithe áirithe seirbhísí cripteashócmhainní eachtracha, rud a léiríonn go bhfuil sé ar intinn ag an réimeas sin oibríochtaí na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ag feidhmiú sa tír sin a rialú go dlúth. Ag an am céanna, tá córas rialála á fhorbairt ag an mBealarúis ina ndéantar dlúthmhaoirseacht stáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus tá rioscaí gaolmhara ann go n-úsáidfí cripteashócmhainní chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais. Sna himthosca sin, dá sainaithneofaí gurb ionann a bhfuil á dhéanamh ag soláthraithe sonracha seirbhísí cripteashócmhainní agus bearta chun gur féidir dul timpeall ar bhearta sriantacha, ní mhaolófaí go leordhóthanach an baol go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha, ós rud é go bhféadfadh réimeas na Bealarúise soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile atá faoina rialú a úsáid chun na gcríoch aindleathach céanna. D’fhonn a áirithiú nach soláthraítear le cripteashócmhainní bealach chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais, le Cinneadh (CBES) 2026/512 cuirtear toirmeasc, dá bhrí sin, ar idirbhearta le haon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá bunaithe sa Bhealarúis nó le haon ardáin dhíláraithe atá bunaithe sa Bhealarúis lena gcumasaítear malartú nó aistriú cripteashócmhainní. |
|
(15) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar seo a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
(*1) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/2025-02-04).’;" |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 1bb mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 1e(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
; |
|
(4) |
in Airteagal 1f(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
; |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 1jc mar a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 1ra, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘9e. I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chóid AC 2501, 2517, 2522, 2530, 2620, 2815, 2833, 2916, 2926, 4016, 7403, 7404, 7406 agus 7610, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú conarthaí a thugtar i gcrích roimh an 25 Iúil 2026 go dtí an 24 Aibreán 2026, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’ |
|
(7) |
in Airteagal 1zb(1a), cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(8) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1zd 1. Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a fhéachann le breithiúnais a fhorfheidhmiú lasmuigh den Aontas lena sásaítear éilimh dá dtagraítear in Airteagal 8h(1), nó a chomhoibríonn san fhorfheidhmiú sin, nó le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, cé is moite de dhlíodóirí agus de chomhaltaí den bhreithiúnacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXXIII. 2. Mura dtoirmisctear ar bhealach eile iad, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:
Airteagal 1ze Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart a bhaineann leis na cripteashócmhainní nó le hairgeadraí digiteacha bainc ceannais a liostaítear in Iarscríbhinn XXXIV, nó aon tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na gcripteashócmhainní sin nó na n-airgeadraí digiteacha sin de chuid bainc ceannais. Airteagal 1zf 1. Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar eintiteas é a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní nó ar ardán é lena gcumasaítear cripteashócmhainní a mhalartú nó a aistriú agus atá bunaithe sa Bhealarúis. 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:
3. Beidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 ón 24 Bealtaine 2026.’ |
|
(9) |
in Airteagal 8d(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
; |
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8h: ‘Airteagal 8h 1. Aon duine dá dtagraítear sa tríú nó sa cheathrú fhleasc d’Airteagal 10, beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáiste díreach nó indíreach a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, arna dtabhú ag an duine sin, nó ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar leis an duine dá dtagraítear sa cheathrú fhleasc d’Airteagal 10 é nó atá á rialú aige, mar thoradh ar éilimh arna dtaisceadh i gcúirteanna i dtríú tíortha ag daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8d(1), pointí (a), (b) nó (c) nó (d), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a bhfuil difear á dhéanamh dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ag na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar damáistí den sórt sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8d(1), pointí (a), (b) nó (c) nó (d) a thaisc na héilimh leis na cúirteanna sa tríú tír, nó ó dhaoine, ó eintitis nó ó chomhlachtaí a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoina n-úinéireacht nó faoina rialú. 2. Gan dochar do mhír 1, aon duine dá dtagraítear sa tríú nó sa cheathrú fhleasc d’Airteagal 10, beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáiste díreach nó indíreach a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, arna dtabhú ag an duine sin, nó ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoi úinéireacht an duine dá dtagraítear sa cheathrú fhleasc d’Airteagal 10 nó atá á rialú aige, mar thoradh ar urghairí, orduithe, fóirithintí, breithiúnais nó cinntí breithiúnacha nó riaracháin eile a tugadh i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis, a fhéachann le cinntí lena seastar le héilimh dá dtagraítear i mír 1 a fhorfheidhmiú, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar na damáistí sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí a lorgaíonn forfheidhmiú nó a chomhoibríonn i bhforfheidhmiú cinntí lena seastar le héilimh dá dtagraítear i mír 1 i dtríú tír seachas an Bhealarúis nó ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, cé is moite dá ndlíodóirí agus de chomhaltaí den bhreithiúnacht, agus cé is moite de dhaoine dá dtagraítear sa tríú fleasc nó sa cheathrú fleasc d’Airteagal 10 nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi uinéireacht nó faoi rialú na daoine dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d’Airteagal 10, ar eisíodh breithiúnas ina gcoinne lena seastar le héilimh dá dtagraítear i mír 1.’ |
|
(11) |
leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO L, 2026/512, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/512/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/765/oj).
(3) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn Va mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn Vba, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: ‘IARSCRÍBHINN Vba Liosta na dtíortha dá dtagraítear in Airteagail 1v(1a), 1v(1b), 1za(2), 7(2a), 8d(1), 8g(1), agus 8ga(2)’; |
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn XVIII mar a leanas:
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn XIX, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
|
(5) |
in Iarscríbhinn XXV, Tábla ‘(9) Feithiclí chun daoine a iompar ar an talamh, san aer nó ar muir ar mó a luach ná EUR 50 000 an ceann, telefeiricí, cathaoireacha cábla, línte sciála, meicníochtaí tarraingthe le haghaidh cáblach, gluaisrothar agus rothar ar mó a luach ná EUR 5 000 an ceann, chomh maith lena ngabhálais agus a bpáirteanna spártha’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Iarscríbhinn XXVII mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear na hiarscríbhinní seo a leanas leo: ‘IARSCRÍBHINN XXXIII Daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1zd
IARSCRÍBHINN XXXIV Liosta na gcripteashócmhainní agus na n-airgeadraí digiteacha bainc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 1ze
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/513/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)