This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0404
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/404 of 24 February 2026 concerning the authorisation of a preparation of 6-phytase produced with Komagataella phaffii CGMCC 7.370 as a feed additive for porcine species, poultry and ornamental birds (holder of authorisation: Victory Enzymes GmbH)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/404 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2026 maidir le hullmhóid arb é atá inti 6-fíotáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis muc-ainmhithe, éanlaith chlóis agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Victory Enzymes GmbH)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/404 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2026 maidir le hullmhóid arb é atá inti 6-fíotáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis muc-ainmhithe, éanlaith chlóis agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Victory Enzymes GmbH)
C/2026/1067
IO L, 2026/404, 25.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/404/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/404 |
25.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/404 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Feabhra 2026
maidir le hullmhóid arb é atá inti 6-fíotáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis muc-ainmhithe, éanlaith chlóis agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Victory Enzymes GmbH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanúil agus éin ornáideacha, andúchasacha agus ghéim agus le haghaidh gach muice, agus iarrtar ann an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 23 Samhain 2022 (2) maidir leis an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370, go bhfuil sí sábháilte do na Suidae uile agus do gach speiceas éanúil, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go meastar nach greannaitheoir craicinn ná súl é an breiseán sa dá fhoirmliú, is é sin púdrach agus leachtach, ach gur cheart a mheas gur íogróir craicinn agus riospráide é. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil maidir le béaróga ag 1 000 U fíotáis/kg d’ábhar beatha iomlán agus gur féidir an chonclúid sin a eachtarshuí chuig éin eile le haghaidh táirgeadh uibheacha nó le haghaidh pórúcháin. Tar éis don Údarás measúnú a dhéanamh ar shonraí a chuir an t-iarratasóir isteach le déanaí, tháinig sé ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 26 Meitheamh 2025 (3) go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina bhéaróg/le haghaidh pórúcháin agus le haghaidh speicis mhucúla atáirgthe ag 500 U fíotáis/kg d’ábhar beatha iomlán agus le haghaidh gach speicis mhucúil lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh atáirgthe ag 750 U fíotáis/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas sé go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar na modhanna anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh speicis mhucúla, éanlaith chlóis agus éin ornáideacha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(12):7701. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7701.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9556. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9556.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||||
|
4a64 |
Victory Enzymes GmbH |
6-fíotáis (CE 3.1.3.26) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti 6-fíotáis (EC 3.1.3.26) arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 7.370 ag a bhfuil íosghníomhaíocht: Foirm sholadach: 50 000 U (1)/g de bhreiseán. Foirm leachtach: 5 000 U/g de bhreiseán. Saintréithriú na substainte gníomhaí 6-fíotáis (CE 3.1.3.26) arna táirgeadh le Komagataella phaffii CGMCC 7.370 Modh anailíse (2) Maidir le gníomhaíocht fíotáise sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:
|
Éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe |
- |
1 000 U |
- |
|
17.3.2036 |
||||||
|
Éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe |
500 U |
||||||||||||||
|
Éin ornáideacha |
500 U |
||||||||||||||
|
Cránacha agus toirc de speicis mhucúla |
500 U |
||||||||||||||
|
Bainbh de speicis mhucúla Speicis mhucúla lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh atáirgthe |
750 U |
||||||||||||||
(1) Is éard atá in aonad amháin fíotáise (U) méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol d’fhosfáit neamhorgánach in aghaidh an nóiméid ó fhíotáit sóidiam ag 37 C, pH 5,5.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/404/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)