Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0386

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/386 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2026 lena n-údaraítear púdar síl ráibe díshaillithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

C/2026/981

IO L, 2026/386, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/386/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/386/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/386

23.2.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/386 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Feabhra 2026

lena n-údaraítear púdar síl ráibe díshaillithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 19 Lúnasa 2022, chuir an chuideachta NapiFeryn BioTech Sp. z o.o. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe mar chomhábhar bia i roinnt táirgí bia don phobal i gcoitinne, i mbia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) don phobal i gcoitinne ó 10 mbliana d’aois, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), don phobal i gcoitinne ó 10 mbliana d’aois.

(4)

Maidir le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i bhforbhianna, mhol an t-iarratasóir ar dtús an t-uasleibhéal iontógála 30 g/lá ach ina dhiaidh sin chomhaontaigh sé é a laghdú go 10 g/lá toisc gur foinse carbaihiodráití neamh-indíleáite í an tsubstaint.

(5)

An 19 Lúnasa 2022, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun an staidéar eolaíoch dílsithe agus na sonraí eolaíocha dílsithe a chosaint, is iad sin, an próiseas táirgthe (an plean um anailís ghuaise agus pointe rialúcháin criticiúil (5), sonraí maidir le tuarascálacha anailíseacha (6), céimeanna an phróisis táirgthe (7), an teastas Dea-Chleachtais Monaraíochta (8)), na sonraí comhdhéanaimh (anailísí maidir le próitéin, saill, luaith, taise agus snáithín, aimíonaigéid, glúcóisínealáit, miotail throma, lotnaidicídí, fíotáit, aigéad éarúcach, iomlán na snáithíní cothaitheacha, snáithín cothaitheach dothuaslagtha ardmheáchain mhóilínigh, snáithín cothaitheach intuaslagtha ísealmheáchain mhóilínigh, snáithín glantaigh neodraigh, snáithín glantaigh aigéadaigh, lignin glantaigh aigéadaí, gníomhaíocht coscaire tripsine, íonacht mhiocróbach, tuaslagóirí iarmharacha, beansóáit sóidiam agus dé-ocsaíd sulfair, agus comhdhúile feanólacha, sonraí ó na tuarascálacha anailíseacha ar an mbia núíosach, sonraí maidir le modhanna anailíseacha inmheánacha, sonraí cobhsaíochta an bhia núíosaigh agus an prótacal anailíseach (9), staidéar maidir le díleáiteacht an bhia núíosaigh agus staidéar anailíseach (10), tuarascáil ón eagraíocht taighde ar conradh (11), sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le halúmanaim, fosfán, amhábhair agus gníomhaíocht uisce (12), sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le seanaipín agus tainníní (13)), na húsáidí atá beartaithe agus na leibhéil úsáide, agus an iontógáil atá beartaithe (sonraí amha maidir le nochtadh cothúcháin (14)), an fhaisnéis chothaitheach (anailís leictreafóiréise le sulfáit dóideicile sóidiam agus glóthach polaicriolaimíd (15), tuarascáil maidir le scór na n-aimíonaigéad riachtanach indíleáite (16), sonraí amha (17)), an fhaisnéis thocsaineolaíoch (18), an ailléirgineacht (19), an stair úsáide (20), agus fhaisnéis bhreise (21), a cuireadh isteach chun tacú leis an iarratas.

(6)

An 26 Bealtaine 2023, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar thiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe mar bhia núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

An 27 Lúnasa 2025, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le Sábháilteacht tiúcháin snáithín agus próitéine as síol ráibe mar Bhia núíosach (22) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, áfach, ar choinníoll nach n-itheann daoine aonair os cionn 10 mbliana d’aois bianna ina bhfuil an bia nuíosach agus forbhianna ina bhfuil an bia nuíosach an lá céanna. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe na coinníollacha maidir lena cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí dílseánaigh seo a leanas: an próiseas táirgthe (an plean um anailís ghuaise agus pointe rialúcháin criticiúil, agus céimeanna an phróisis táirgthe), na sonraí comhdhéanaimh (anailísí maidir le próitéin, saill, luaith, taise agus snáithín, aimíonaigéid, glúcóisínealáit, miotail throma, lotnaidicídí, fíotáit, aigéad éarúcach, iomlán na snáithíní cothaitheacha, snáithín cothaitheach dothuaslagtha ardmheáchain mhóilínigh, snáithín cothaitheach intuaslagtha ísealmheáchain mhóilínigh, snáithín glantaigh neodraigh, snáithín glantaigh aigéadaigh, lignin glantaigh aigéadaí, gníomhaíochta coscaire tripsine, íonacht mhiocróbach, tuaslagóirí iarmharacha, beansóáit sóidiam agus dé-ocsaíd sulfair, agus comhdhúile feanólacha, sonraí ó na tuarascálacha anailíseacha ar an mbia nuíosach, sonraí maidir le modhanna anailíseacha inmheánacha, sonraí cobhsaíochta an bhía nuíosaigh agus an prótacal anailíseach, staidéar maidir le díleáiteacht an bhia nuíosaigh agus staidéar anailíseach, tuarascáil ón eagraíocht taighde ar conradh, sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le halúmanaim, fosfán, amhábhair agus gníomhaíocht uisce, sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le seanaipín agus tainníní), na húsáidí atá beartaithe agus na leibhéil úsáide, agus an iontógáil atá beartaithe (sonraí amha maidir le nochtadh cothúcháin), an fhaisnéis chothaitheach (tuarascáil maidir le scór na n-aimíonaigéad riachtanach indíleáite), an fhaisnéis thocsaineolaíoch, an ailléirgineacht, agus fhaisnéis bhreise a ghabhann leis an gcomhad teicniúil, nach bhféadfaí sé anailís a dhéanamh ar an mbia núíosach agus teacht ar a chonclúid gan iad.

(10)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, cearta dílseánaigh eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na staidéir eolaíocha agus na sonraí sin.

(11)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus mheas sé go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus sonraí eolaíochta, is iad sin an próiseas táirgthe (an plean um anailís ghuaise agus pointe rialúcháin criticiúil, agus céimeanna an phróisis táirgthe), na sonraí comhdhéanaimh (anailísí maidir le próitéin, saill, luaith, taise agus snáithín, aimíonaigéid, glúcóisínealáit, miotail throma, lotnaidicídí, fíotáit, aigéad éarúcach, iomlán na snáithíní cothaitheacha, snáithín cothaitheach dothuaslagtha ardmheáchain mhóilínigh, snáithín cothaitheach intuaslagtha ísealmheáchain mhóilínigh, snáithín glantaigh neodraigh, snáithín glantaigh aigéadaigh, lignin glantaigh aigéadaí, gníomhaíochta coscaire tripsine, íonacht mhiocróbach, tuaslagóirí iarmharacha, beansóáit sóidiam agus dé-ocsaíd sulfair, agus comhdhúile feanólacha, sonraí ó na tuarascálacha anailíseacha ar an mbia nuíosach, sonraí maidir le modhanna anailíseacha inmheánacha, sonraí cobhsaíochta an bhía nuíosaigh agus an prótacal anailíseach, staidéar maidir le díleáiteacht an bhia nuíosaigh agus staidéar anailíseach, tuarascáil ón eagraíocht taighde ar conradh, sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le halúmanaim, fosfán, amhábhair agus gníomhaíocht uisce, sonraí ón tuarascáil anailíseach maidir le seanaipín agus tainníní), na húsáidí atá beartaithe agus na leibhéil úsáide, agus an iontógáil atá beartaithe (sonraí amha maidir le nochtadh cothúcháin), an fhaisnéis chothaitheach (tuarascáil maidir le scór na n-aimíonaigéad riachtanach indíleáite), an fhaisnéis thocsaineolaíoch, an ailléirgineacht, agus fhaisnéis bhreise a ghabhann leis an gcomhad teicniúil, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, is é an t-iarratasóir amháin ba cheart a údarú chun púdar beacán ina bhfuil tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12)

Mar sin féin, maidir le húdarú tiúcháin snáithín agus próitéine as síol ráibe agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(13)

Ní léiríonn an t-ainmniú ‘tiúchán snáithín agus próitéine as síol ráibe’ comhdhéanamh iarbhír an bhia núíosaigh, ós rud é go bhfanann a chion próitéine faoi bhun 50 % agus nár léiríodh go gcomhlíonann an chomhpháirt snáithín an sainmhíniú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh úsáid an téarma ‘tiúchán snáithín próitéine’ in ainmniú an bhia núíosaigh tomhaltóirí a chur amú maidir lena airíonna cothaitheacha agus lena chomhdhéanamh. Dá bhrí sin, is iomchuí ainm a léiríonn go cruinn fíorchineál agus fíor-chomhdhéanamh an bhia núíosaigh a chur in ionad an téarma ‘tiúchán snáithín próitéine’. Ghlac an t-iarratasóir leis an ainmniú beartaithe ‘púdar síl ráibe díshaillithe’.

(14)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide comhábhar bia agus forbhianna ina bhfuil púdar síl ráibe díshaillithe, mar a mhol an t-iarratasóir agus a ndearna an tÚdarás measúnú air, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas le lipéad iomchuí nár cheart comhábhair bia agus forbhianna ina bhfuil púdar síl ráibe díshaillithe a úsáid má dhéanann daoine atá os cionn 10 mbliana d’aois bianna eile arna mbreisiú le púdar síl ráibe díshaillithe a thomhailt an lá céanna.

(15)

Measann an tÚdarás freisin gur dócha go spreagfaidh an bia núíosach frithghníomhuithe ailléirgeacha i ndaoine a bhfuil ailléirge orthu le síol ráibe agus i ndaoine a bhfuil ailléirge orthu le mustaird freisin mar gheall ar thrasimoibríocht. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an gceanglas lipéadaithe chun go mbeidh daoine a bhfuil ailléirge orthu le mustard in ann caitheamh an bhia núíosaigh a sheachaint.

(16)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le púdar síol ráibe díshaillithe mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(17)

Ba cheart púdar síl ráibe díshaillithe a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear púdar síl ráibe díshaillithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Áireofar púdar síl ráibe díshaillithe i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta NapiFeryn BioTech Sp. z o.o. (24) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 15 Márta 2026, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú NapiFeryn BioTech Sp. z o.o.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó NapiFeryn BioTech Sp. z o.o.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(5)  Iarscríbhinn I.2.1 (doiciméadacht AGPRC) a ghabhann leis an iarratas.

(6)  Iarscríbhinn I.2.4 go I.2.11 (Sonraí maidir le tuarascálacha anailíseacha).

(7)  Iarscríbhinn I.2.12 (Céimeanna an phróisis monaraíochta).

(8)  Deimhniú_GMP.

(9)  Iarscríbhinn I.3.1 a.1 (Anailís ar phróitéin, ar shaill, ar luaith, ar thaise agus ar shnáithín); Iarscríbhinn I.3.1.a.2 (Anailís ar aimíonaigéid); Iarscríbhinn I.3.1.a.3 (Anailís ar ghlúcóisínealáit); Iarscríbhinn I.3.1.a.4 (Anailís ar mhiotail throma); Iarscríbhinn I.3.1.a.5 (Anailís ar lotnaidicídí); Iarscríbhinn I.3.1.a.6 (Anailís ar fíotáit); Iarscríbhinn I.3.1.a.7 (Anailís ar aigéad éarúcach); Iarscríbhinn I.3.1.a.8 (Anailís ar iomlán na snáithíní cothaitheacha, snáithín cothaitheach dothuaslagtha ardmheáchain mhóilínigh, snáithín cothaitheach intuaslagtha ísealmheáchain mhóilínigh, snáithín glantaigh neodraigh agus snáithín glantaigh aigéadaigh); Iarscríbhinn I.3.1.a.9 (Anailís ar shnáithín glantaigh neodraigh, snáithín glantaigh aigéadaigh agus lignin glantaigh aigéadaí); Iarscríbhinn I.3.1.a.10 (Anailís ar ghníomhaíocht coscaire tripsine); Iarscríbhinn I.3.1.a.11 (Anailís ar íonacht mhiocróbach); Iarscríbhinn I.3.1.a.12 (Anailís ar thuaslagóirí iarmharacha); Iarscríbhinn I.3.1.a.13 (Anailís ar shuilfítí de bheansóáit sóidiam); Iarscríbhinn I.3.1.a.14 (Anailís ar chomhdhúile feanólachah); Iarscríbhinní I.3.1.a.15 go I.3.1.a.18 (Sonraí ó na tuarascálacha anailíseacha); Iarscríbhinn I.3.1.b.2 (Sonraí maidir le modhanna anailíseacha inmheánacha); Iarscríbhinní I.3.2.a agus I.3.2.b (Sonraí cobhsaíochta an bhia núíosaigh); Iarscríbhinní 1.3.1.a.19 go 1.3.1.a.35 (Sonraí ó na tuarascálacha anailíseacha); Iarscríbhinní I.3.2.a.1, I.3.2.b.1 agus I.3.2.b.2 (Sonraí cobhsaíochta an bhia núíosaigh agus prótacal anailíseach).

(10)  Iarscríbhinn I.8.2 (Staidéar ar dhíleáiteacht an bhia núíosaigh agus staidéar anailíseach).

(11)  CRO_Original (sonraí maidir le tuarascálacha anailíseacha).

(12)  Iarscríbhinní I.3.1.a.36 go I.3.1.a.39, agus Iarscríbhinn I.3.2.b.3 (Sonraí maidir le tuarascáil anailíseach ar fhosfán, alúmanam, amhábhair, agus gníomhaíocht uisce).

(13)  Iarscríbhinn 1.3.5.1 agus 1.3.5.2 (Sonraí maidir le tuarascáil anailíseach ar sheanaipín agus tainniní).

(14)  Iarscríbhinn I.6.1 (Sonraí amha maidir le nochtadh cothúcháin); Iarscríbhinní I.6.1.1 agus I.6.1.2 (Sonraí amha); Iarscríbhinn I.6.10 (Sonraí amha).

(15)  Iarscríbhinn I.8.1.a SDS-PAGE (Sonraí maidir leis an tuarascáil anailíseach).

(16)  Iarscríbhinn I.8.3 DIAAS (Sonraí sa tuarascáil staidéir díleáiteachta agus sa phlean staidéir anailíseach).

(17)  Sonraí_ámha ó staidéar próitéine.

(18)  Iarscríbhinn I.9.1 (Tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar an litríocht).

(19)  Iarscríbhinn I.10.1.a (Sonraí na tuarascála staidéir ar ailléirgineacht).

(20)  GRAS_dossier_NFB_RapteinTM30_FINAL; GRN_1122_NQL_final_trans.

(21)  Appendixes_2_replies_April_1 to 11.

(22)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9631, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9631.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).

(24)  Seoladh: Stanisława Dubois 114/116, 93-465 Łódź, an Pholainn.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe) in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Púdar síl ráibe díshaillithe

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é “púdar síl ráibe díshaillithe”can t-ainmniú a bheidh air.

Ar lipéadú na bhforbhianna a bhfuil púdar síl ráibe díshaillithe iontu, beidh ráiteas ina luafar

a)

nár cheart iad a thomhailt má thomhlaítear bianna eile a bhfuil púdar síl ráibe díshaillithe curtha leo ar an lá céanna agus

b)

nár cheart do leanaí faoi bhun 10 mbliana d’aois iad a thomhailt.

Aon earra bia ina bhfuil “púdar síl ráibe díshaillithe ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L.”, beidh ráiteas air go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach do thomhaltóirí a bhfuil ailléirge orthu le mustard agus táirgí mustaird. Beidh an ráiteas sin le feiceáil dlúth le liosta na gcomhábhar.

 

Údaraithe an 15 Márta 2026. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

Iarratasóir: “NapiFeryn BioTech Sp. z o.o.”, Stanisława Dubois 114/116, 93-465 Łódź, an Pholainn. Is é “NapiFeryn BioTech Sp. z o.o.” amháin atá údaraithe chun púdar síl ráibe díshaillithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó “NapiFeryn BioTech Sp. z o.o.”.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 15 Márta 2031.’

Táirgí bácúis (aráin, rollaí agus earraí míne bácála)

20 g/100g

Arán a bhfuil ráitis orthu maidir le neamhláithreacht ghlútain iontu nó níos lú de iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014

20 g/100g

Gránaigh bhricfeasta

20 g/100g

Barraí gránaigh

20 g/100g

Pasta

10 g/100g

Táirgí pasta a bhfuil ráitis orthu maidir le neamhláithreacht ghlútain iontu nó níos lú de iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014

10 g/100g

Deochanna púdraithe neamhalcólacha

5 g/100 ml (a athdhéantar i gcomhréir leis na treoracha)

Earraí bia leachtacha atá bunaithe ar thorthaí (den chineál “caoineoga”)

3 g/100 g

Analóga déiríochta

5 g/100 g

Analóga feola

15 g/100 g

Anraithí (meascán tirim) agus (réidh le hithe)

5 g/100 ml (a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar i gcomhréir leis na treoracha)

Anlainn shaillte

5 g/100 g

Blastán sailéid

5 g/100 g

Purée glasraí

7 g/100 g

Leatháin chnó

7 g/100 g

Milseogra cócó agus seacláide

7 g/100 g

Sliseanna, criospaí, sceallóga agus analóga bunaithe ar taos)

15 g/100 g

Sneaiceanna seachas sliseanna

20 g/100 g

Táirgí feola

15 g/100 g

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, seachas bianna do naíonáin, leanaí óga agus leanaí níos óige ná 10 mbliana d’aois.

I gcomhréir le ceanglais chothaitheacha áirithe na ndaoine a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh ach nach airde ná 30 g/lá an táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin, leanaí óga agus leanaí níos óige ná 10 mbliana d’aois.

10 g/lá don phobal i gcoitinne atá níos sine ná 10 mbliana d’aois’;

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíochtaí

Púdar síl ráibe díshaillithe

Tuairisc:

Is éard atá sa bhia nuíosach púdar tirim idir bán agus neasbhán a fhágtar ar éis tuaslagóirí uisceach agus orgánach (eatánól agus aicéatáit eitile) a asbhaint as cáca síl ráibe fuarbhrúite scilligthe agus neamhscilligthe, a eascraíonn as saothróga “nialas dúbáilte” (00) Brassica napus L. agus Brassica Rapa L. neamh-ghéinmhodhnaithe.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Próitéin amh (% w/w): 28-45

Saill (% w/w): ≤ 2

Luaith (% w/w): ≤ 5

Taise (% w/w): ≤ 7

Iomlán na snáithíní cothaitheacha (*1) (% w/w): 37–70

Glúcóisínealáit iomlána (mmol/kg (mg/kg)): ≤ 0,1 (≤ 40)

Fíotáit (% w/w): ≤ 2

Miotail throma agus miotail eile:

Luaidhe (mg/kg): ≤ 0,2

Arsanaic (iomlán) (mg/kg): ≤ 0,1

Caidmiam (mg/kg): ≤ 0,1

Mearcair (mg/kg): ≤ 0,02

Alúmanam (mg/kg): ≤ 35

Tuaslagóirí iarmharacha:

Eatánól iarmharach (mg/kg): < 200

Aiceatát eitile iarmharach (mg/kg): < 200

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 10 000 ADC (*2)/g

Enterobacteriaceae: ≤ 10 ADC/g

E.coli: Neamhláithreach in 10 g

Salmonella spp.: Neamhláithreach in 25 g

Giosta agus múscáin: ≤ 100 ADC/g

Iomlán na mbaictéar drólannach: ≤ 10 ADC/g

B. cereus: ≤ 100 ADC/g


(*1)  Iomlán na snáithíní cothaitheacha: Léirmhíníonn Páineál EFSA go dtagraíonn “snáithín cothaitheach” do pholaisiúicrídí neamh-indíleáite arna rangú mar shnáithín cothaiteach ag EFSA chun críche sonraí Luachanna Tagartha Cothúcháin a leagan amach le haghaidh carbaihiodráití agus snáithín cothaitheach (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí, 2010).

(*2)  ADC: Aonaid Déanta Coilíneachta.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/386/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top