This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0385
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/385 of 20 February 2026 approving formaldehyde released from the reaction products of paraformaldehyde and 2-hydroxypropylamine (ratio 3:2) as an existing active substance for use in biocidal products of product-types 2, 6, 11, 12 and 13 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/385 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2026 lena bhformheastar formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/385 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2026 lena bhformheastar formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/971
IO L, 2026/385, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/385/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/385 |
23.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/385 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Feabhra 2026
lena bhformheastar formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Ar an liosta sin tá táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) (‘MBO’) le haghaidh chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13. |
|
(2) |
Tá meastóireacht déanta ar MBO lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 (díghalráin don láthair phríobháideach agus don tsláinte phoiblí agus táirgí bithicídeacha eile), 6 (leasaithigh sa channach), 11 (leasaithigh do chórais fuaraithe leachta agus phróiseála), 12 (slaimicídí) agus 13 (leasaithigh do shreabháin oibrithe miotail) mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineál táirge 2 (díghalráin agus algacídí nár ceapadh lena gcur go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe), 6 (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil), 11 (leasaithigh do chórais leachtacha fhuaraithe agus phróiseála), 12 (slamaicídí) agus 13 (leasaithigh do shreabháin oibrithe nó ghearrtha) mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
Ainmníodh an Ostair mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) an 29 Meán Fómhair 2016. Agus an tuarascáil mheasúnachta curtha isteach, tionóladh pléití ag cruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht an 29 Meitheamh 2017 i gcás gach cineáil táirge a ndearnadh measúnú air (tuairimí an 29 Meitheamh 2017 (4) , (5) , (6) , (7) , (8)), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
|
(5) |
De réir thuairimí an 29 Meitheamh 2017, aicmítear MBO mar shubstaint charcanaigineach de chatagóir 1B i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus comhlíonann sé, dá bhrí sin, an critéar maidir le heisiamh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
De réir thuairimí an 29 Meitheamh 2017, níor chomhlíon MBO na critéir chun go n-aicmeofaí é mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, agus dá bhrí sin níor measadh go raibh airíonna réabtha inchrínigh aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go dtí go nglacfaí gníomhartha tarmligthe lena sonraítear na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh. |
|
(7) |
Maidir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (10) lena leagtar amach critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tháinig se i bhfeidhm an 7 Nollaig 2017 agus tá feidhm aige ó 7 Meitheamh 2018 ar aghaidh. |
|
(8) |
In oirchill chur i bhfeidhm na gcritéar eolaíoch nua a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100, agus chun soiléireacht a sholáthar maidir leis na hairíonna guaise agus na rioscaí a eascraíonn as úsáid MBO, an 26 Aibreán 2018, de bhun Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (11) tuairimí an 29 Meitheamh 2017 a athbhreithniú agus a shoiléiriú an bhfuil airíonna réabtha inchrínigh freisin ag MBO ar bhonn na gcritéar eolaíoch a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(9) |
Ghlac an Ghníomhaireacht an tuairimí athbhreithnithe uaithi an 8 Meitheamh 2022 (‘tuairimí an 8 Meitheamh 2022’) (12) , (13) , (14) , (15) , (16). De réir thuairimí an 8 Meitheamh 2022, níorbh fhéidir teacht ar chonclúid bunaithe ar na sonraí atá ar fáil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag MBO a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100. Mar sin féin, i bhfianaise airíonna guaise tromchúiseacha aitheanta na substainte sin, lena gcomhlíontar cheana an critéar maidir le heisiamh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus bunaithe ar chúiseanna eolaíocha, níor iarr an Ghníomhaireacht tuilleadh sonraí. |
|
(10) |
An 18 Iúil 2023, de bhun Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (17) athbhreithniú a dhéanamh ar na tuairimí uaithi maidir le cineálacha táirgí 6 agus 13 toisc nach ndearnadh measúnú iomchuí ar éifeachtúlacht na dtáirgí bithicídeacha ionadaíocha de réir an treoirdhoiciméid is infheidhme maidir le héifeachtúlacht (18), rud nár thug an t-údarás inniúil meastóireachta faoi deara le linn na meastóireachta agus nár thug an Ghníomhaireacht faoi deara le linn an athbhreithnithe piaraí. Ba cheart sonraí leibhéal 2, lena léireofaí dálaí an fhíorshaoil, a bheith iarrtha agus measúnú déanta orthu. An 29 Bealtaine 2024 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí athbhreithnithe ón nGníomhaireacht maidir le cineálacha táirgí 6 agus 13, (19) , (20). |
|
(11) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní fhéadfar substaintí gníomhacha a chomhlíonann critéar maidir le heisiamh a fhormheas ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), agus ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(12) |
Idir an 5 Meán Fómhair agus an 4 Samhain 2017, rinne an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, comhairliúchán poiblí chun cur leis an mbailiú faisnéise i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(13) |
An 17 Feabhra 2023, de bhun Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (21) tuairim a thabhairt maidir leis an meastóireacht ar infhaighteacht agus oiriúnacht roghanna malartacha ar MBO le haghaidh na gcineálacha táirgí gaolmhara. An 23 Samhain 2023 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairimí ghaolmhar ón nGníomhaireacht (tuairim an 23 Samhain 2023’) (22). Sa tuairim sin, d’athainmnigh an Ghníomhaireacht MBO go formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) (‘RP 3:2’). |
|
(14) |
Pléadh an tuairim dar dáta an 23 Samhain 2023 agus na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí le hionadaithe ó na Ballstáit sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha. Iarradh ar na hionadaithe ó na Ballstáit a shonrú ar mheas a mBallstáit go gcomhlíonfaí ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus bonn cirt a thabhairt lena seasamh. |
|
(15) |
Leis an anailís ar na sonraí uile a bhailítear ó na sainchomhaid iarratais, leis an gcomhairliúchán poiblí agus leis na tuairimí a chuir na Ballstáit in iúl, léirítear go bhfuil gá le RP 3:2 faoi láthair sna Ballstáit uile le haghaidh úsáidí áirithe. |
|
(16) |
Rinneadh measúnú ar RP 3:2 maidir lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 le haghaidh úsáid thionsclaíoch agus ghairmiúil mar fhoirmliú glanta córas le haghaidh córais oibrithe miotail. Rinneadh roinnt substaintí gníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar RP 3:2 don úsáid sin: clóirín gníomhach a ghintear as clóiríd sóidiam trí leictrealú, clóirín gníomhach arna scaoileadh ó hipeaclóiríd chailciam, clóirín gníomhach arna scaoileadh ó chlóirín, clóirín gníomhach arna scaoileadh í aigéad hipeaclórúil, clóirín gníomhach arna scaoileadh ó hipeaclóirít sóidiam, N-C10-16-ailciltrímheitiléindé-aimíní, táirgí imoibriúcháin le haigéad clóraicéiteach (‘Ampholyt’), défheinil-2-ól, déhiodrocsaíd chailciam/hiodrocsaíd chailciam/aol loiscneach/aol hiodráitithe/aol teilgthe, ocsaíd mhaignéisiam chailciam/aol dolaimíteach, teitrihiodrocsaíd mhaignéisiam chailciam/hiodrocsaíd mhaignéisiam chailciam/aol dolaimíteach hiodráitithe, ocsaíd chailciam/aol/aol dóite/aol beo, clóraicréasól, aigéad citreach, peintihiodráit sulfáite chopair, clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam (‘DDAC’), formaildéad, glútaraildéad, aigéad hidreaclórach, sárocsaíd hidrigine, aigéad L-(+)-lachtach, meascán de 5-clóra-2-meitil-2H-isitiasól-3-ón agus 2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (‘meascán de CMIT/MIT’), aigéad naonánóch, ózón a ghintear as ocsaigin, aigéad sáraicéiteach, aigéad sáraicéiteach a ghintear as teatraicéitileitiléindé-aimín agus sárcharbónáit sóidiam, própán-1-ól, própán-2-ól, mais imoibriúcháin aigéid sháraicéitigh agus aigéid shárocsochtánóch, fínéagar, formaildéad 5-clóra-2-(4-clóraifeanocsa)feanól (‘DCPP’), agus formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 1:1) (‘RP 1:1’). Mar sin féin, de réir na hanailíse ar an bhfaisnéis a bailíodh, ní fhéadfadh aon cheann de na substaintí gníomhacha sin a bheith ina rogha mhalartach oiriúnach ar RP 3:2 le haghaidh na húsáide a rinneadh a scrúdú de bharr na heaspa éifeachtúlacht, saincheisteanna comhoiriúnachta teicniúla nó saincheisteanna guaise. Níor sainaithníodh aon rogha mhalartach neamhcheimiceach maidir leis an úsáid a scrúdaíodh i gcás RP 3:2 i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2. Is gá córais oibrithe miotail a dhíghalrú chun na córais sin a oibriú i gceart mar gheall ar mhilleadh trealaimh a d’fhéadfadh a bheith ann (soithí, feadáin, scagairí) agus éilliú sreabhán oibrithe miotail ina dhiaidh sin. Tá baol níos mó ann freisin d’oibrithe miotail mar gheall ar an bhféidearthacht go n-éilleodh pataiginí sreabháin agus trealamh úsáide deiridh. |
|
(17) |
Rinneadh measúnú ar RP 3:2 maidir lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 chun breosla a leasú, arna láimhseáil ag úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla. Rinneadh roinnt substaintí gníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar RP 3:2 don úsáid sin: 1,2-beinsisitiasóilín-3-ón (‘BIT’), 2-bróma-2-(brómaimeitil)peantáindénítríl (‘DBDCB’), 2,2-débhróma-2-cianaicéataimíd (‘DBNPA’), 2,2',2''-(heicsihidri-1,3,5-trí-aisín-1,3,5-trí-il)trí-eatánól (‘HHT’), 3-iada-2-próipiniolbúitiolcarbamáit (‘IPBC’), 5-Clóra-2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (‘CIT’), défheinil-2-ól, clóraicréasól, glúctaraildéad, sárocsaíd hidrigine, aigéad L-(+)-lachtach, MBIT, meascán de CMIT/MIT, N-(tríchlóraimeitiltia)talaimíd (‘Folpet’), aigéad sáraicéiteach, beansóáit sóidiam, teitrihidrea-1,3,4,6-teitricis(hiodrocsaimeitil)imíodasa[4,5-d]imíodasól-2,5(1H,3H)-dé-ón (‘TMAD’), agus RP 1:1. Mar sin féin, de réir na hanailíse ar an bhfaisnéis a bailíodh, ní fhéadfadh aon cheann de na substaintí gníomhacha thuasluaite a bheith ina rogha mhalartach oiriúnach ar RP 3:2 le haghaidh na húsáide a rinneadh a scrúdú de bharr na heaspa éifeachtúlacht, saincheisteanna comhoiriúnachta teicniúla nó saincheisteanna guaise. Níor sainaithníodh aon rogha mhalartach neamhcheimiceach maidir leis an úsáid a scrúdaíodh i gcás RP 3:2 i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6. I gcomparáid le RP 1:1, meastar gur substaint ghníomhach níos oiriúnaí é RP 3:2 le haghaidh na húsáide áirithe sin ós rud é go leasaítear breosla leis an méid uisce is lú is féidir; dá bhrí sin, dá n-úsáidfí RP 1:1 chun breosla a leasú, bheadh sé sin fritorthúil. Is gá breoslaí a leasú ionas go n-oibreofar innill i gceart, mar shampla, i dtraenacha, flíteanna trucailí agus busanna, sa loingseoireacht agus maidir le slándáil suiteálacha, mar shampla i ngineadóirí cumhachta ag fóntais chriticiúla amhail ospidéil agus gléasraí núicléacha. |
|
(18) |
Rinneadh measúnú ar RP 3:2 maidir lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 chun córais fuaraithe leachta agus phróiseála a leasú, i gcórais iata amháin, agus arna láimhseáil ag úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla. Rinneadh roinnt substaintí gníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar RP 3:2 don úsáid sin: 2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (‘MIT’), BIT, DBNPA, glútaraildéad, HHT, meascán de CMIT/MIT, aigéad sáraicéiteach, hidreaclóiríd déghuainíde pholaiheicsimeitiléine ag a bhfuil meán uimhríochtúil an mheáchain mhóilínigh (Mn) 1600 agus meánphoileasracht 1.8 (‘PHMB’), ózón a ghintear ó ocsaigin, sulfáit teitricis(hiodrocsaimeitil)fosfóniam (2:1) (‘THPS’), TMAD, agus RP 1:1. Mar sin féin, de réir na hanailíse ar an bhfaisnéis a bailíodh, ní fhéadfadh aon cheann de na substaintí gníomhacha thuasluaite a bheith ina rogha mhalartach oiriúnach ar RP 3:2 le haghaidh na húsáide a rinneadh a scrúdú de bharr saincheisteanna comhoiriúnachta teicniúla nó saincheisteanna guaise. Níor sainaithníodh aon rogha mhalartach neamhcheimiceach maidir leis an úsáid a scrúdaíodh i gcás RP 3:2 i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11. Mar gheall ar chreimeadh agus bithsmálú a d’fhéadfadh a bheith ann, tá gá le córais fuaraithe leachta agus phróiseála a leasú i gcórais iata le go n-oibreofar i gceart iad agus chun truailliú an chomhshaoil a sheachaint, mar shampla, mar gheall ar bhriseadh píblínte de dheasca creimthe. |
|
(19) |
Rinneadh measúnú ar RP 3:2 maidir lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 chun fás slaim a chosc nó a shrianadh ar ábhair, ar threalamh agus ar struchtúir a úsáidtear i suiteálacha thionscal na hola amach ón gcósta a bhíonn i dteagmháil le láib dhruileála, arna láimhseáil ag úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla. Rinneadh roinnt substaintí gníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar RP 3:2 don úsáid sin: acroiléin, DBNPA, glútaraildéad, HHT, MIT, meascán de CMIT/MIT, aigéad sáraicéiteach, THPS, agus TMAD. Mar sin féin, de réir na hanailíse ar an bhfaisnéis a bailíodh, ní fhéadfadh aon cheann de na substaintí gníomhacha thuasluaite a bheith ina rogha mhalartach oiriúnach ar RP 3:2 le haghaidh na húsáide a rinneadh a scrúdú de bharr saincheisteanna comhoiriúnachta teicniúla nó saincheisteanna guaise. Níor sainaithníodh aon rogha mhalartach neamhcheimiceach maidir leis an úsáid a scrúdaíodh i gcás RP 3:2 i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12. Mar gheall ar mhilleadh a d’fhéadfadh a bheith ann, is gá fás slaim a chosc nó a shrianadh ar ábhair, ar threalamh agus ar struchtúir a úsáidtear i suiteálacha thionscal na hola amach ón gcósta a bhíonn i dteagmháil le láib dhruileála le go n-oibreofar na córais sin i gceart, agus dá bharr sin, ar mhaithe le slándáil na n-oibrithe sna suiteálacha sin. |
|
(20) |
Rinneadh measúnú ar RP 3:2 maidir lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 13 chun sreabháin oibrithe nó gearrtha miotail a leasú, arna láimhseáil ag úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla. Rinneadh roinnt substaintí gníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar RP 3:2 don úsáid sin: BIT, défheinil-2-ól, clóraicréasól, DBNPA, dé-aimín, HHT, MBIT, MIT, IPBC, meascán de CMIT/MIT, feanocsa-eatánól, TMAD agus RP 1:1. Mar sin féin, de réir na hanailíse ar an bhfaisnéis a bailíodh, ní fhéadfadh aon cheann de na substaintí gníomhacha thuasluaite a bheith ina rogha mhalartach oiriúnach ar RP 3:2 le haghaidh na húsáide a rinneadh a scrúdú de bharr na heaspa éifeachtúlacht, saincheisteanna comhoiriúnachta teicniúla nó saincheisteanna guaise. Níor sainaithníodh aon rogha mhalartach neamhcheimiceach maidir leis an úsáid a scrúdaíodh i gcás RP 3:2 i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 13. Mar gheall ar mhilleadh a d’fhéadfadh a bheith ann, tá gá le leasú sreabhán oibrithe nó gearrtha miotail chun na córais sin a oibriú i gceart agus chun táirgí a bheith ar fáil d’úsáideoirí iartheachtacha. Mura ndéantar an leasú cuí, tá baol níos mó ann freisin d’oibrithe miotail mar gheall ar an bhféidearthacht go n-éilleodh pataiginí sreabháin úsáide deiridh. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, leis an anailís ar an bhfaisnéis a bailíodh, léirítear go mbeadh tionchar diúltach díréireach ar an tsochaí ag baint le neamh-fhormheas RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13, i gcomparáid leis an riosca do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a d’eascródh as úsáid na substainte mar fhoirmliú glanta córas le haghaidh córais oibrithe miotail (táirgí bithicídeacha de chineál táirge 2), chun breoslaí a leasú (táirgí bithicídeacha de chineál táirge 6), chun córais fuaraithe leachta agus phróiseála a leasú, i gcórais iata amháin (táirgí bithicídeacha de chineál táirge 11), chun fás slaim a chosc nó a shrianadh ar ábhair, ar threalamh agus ar struchtúir a úsáidtear i suiteálacha thionscal na hola amach ón gcósta a bhíonn i dteagmháil le láib dhruileála (táirgí bithicídeacha de chineál táirge 12), agus chun sreabháin oibrithe nó gearrtha miotail a leasú (táirgí bithicídeacha de chineál táirge 13). Dá bhrí sin, comhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás na n-úsáidí sin. |
|
(22) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach bhfuil aon riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol ag baint le húsáid táirgí bithicídeacha ina bhfuil RP 3:2 le haghaidh chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13, nuair a fhágtar ar leataobh an easpa conclúide maidir le hairíonna réabtha inchrínigh a bheith ag RP 3:2 nó gan bheith aige a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100, agus nuair a chuirtear bearta maolaithe riosca i bhfeidhm chun nochtadh daoine, ainmhithe agus an chomhshaoil do RP 3:2 a theorannú a mhéid is féidir. Mar sin féin, ós rud é nár tháinig an Ghníomhaireacht ar chonclúid i dtaobh an bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag RP 3:2 a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad), níorbh fhéidir teacht ar chonclúid maidir le hinghlacthacht na rioscaí a bhaineann le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol atá bainteach le húsáid na dtáirgí bithicídeacha ionadaíocha ina bhfuil RP 3:2. |
|
(23) |
Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí atá le fáil sna hiarratais, níor léiríodh, i ndeireadh na dála, go bhféadfadh coinne a bheith leis nach mbeadh éifeachtaí do-ghlactha ag na táirgí bithicídeacha ionadaíocha ina bhfuil RP 3:2 i gcás chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13, iontu féin, nó de thoradh a n-iarmhar, ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, agus go bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) agus (iv) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(24) |
Mar sin féin, ba cheart an toisc a leagtar amach in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 528/2012 a chur san áireamh nuair a mheastar na coinníollacha maidir le formheas a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 19(5) den Rialachán sin, agus d’ainneoin mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal sin, féadfar táirge bithicídeach a údarú i gcás nach gcomhlíontar go hiomlán na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (b)(iii) agus (iv) den Airteagal sin, i gcás ina mbeadh tionchair dhiúltacha dhíréireacha ann don tsochaí mura n-údarófaí an táirge bithicídeach, i gcomparáid leis na rioscaí atá ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a eascródh as úsáid an táirge bhithicídigh faoi na coinníollacha a leagtar síos san údarú, rud atá cosúil leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin i gcás úsáidí áirithe RP 3:2 le haghaidh gach cineáil táirge a ndearnadh measúnú air, meastar freisin go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 19(5) den Rialachán sin le haghaidh na n-úsáidí céanna. Dá bhrí sin, meastar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhar leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c) den Rialachán sin, a bheith comhlíonta. |
|
(25) |
Dá bhrí sin, is iomchuí RP 3:2 a fhormheas lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13, faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. |
|
(26) |
Ós rud é go gcomhlíonann táirge imoibriúcháin 3:2 an critéar maidir le heisiamh a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart tréimhse nach faide ná 5 bliana a bheith i gceist leis an bhformheas mar a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin. |
|
(27) |
De bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, sa mheasúnú ar tháirgí bithicídeacha ba cheart meastóireacht a bheith ann i dtaobh ar comhlíonadh an coinníoll d’Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin i gcríoch an Bhallstáit féin. Ba cheart foráil a dhéanamh nach bhféadfar táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13 ina bhfuil RP 3:2 a údarú lena n-úsáid sna Ballstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(28) |
Thairis sin, de bhun Airteagal 4(3), pointí (d) agus (g), agus Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, chun leibhéal ard sábháilteachta a áirithiú do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol agus chun cóir chomhionann a áirithiú idir earraí cóireáilte a mhonaraítear san Aontas agus earraí cóireáilte a allmhairítear, ba cheart cur ar an margadh earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2 d’aon ghnó a bheith faoi réir srianta agus coinníollacha. Go háirithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san fhormheas maidir le húdarú táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13 ina bhfuil RP 3:2, is iad seo a leanas na hearraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2 ar cheart a gcur ar an margadh a cheadú, agus na hearraí sin amháin: na hearraí sin inar úsáideadh RP 3:2 mar fhoirmliú glanta córas le haghaidh córais oibrithe miotail, breoslaí, na hearraí sin inar úsáideadh RP 3:2 chun córais fuaraithe leachta agus phróiseála a leasú, i gcórais iata amháin, na hearraí sin inar úsáideadh RP 3:2 chun fás slaim a chosc nó a shrianadh ar ábhair, ar threalamh agus ar struchtúir a úsáidtear i suiteálacha thionscal na hola amach ón gcósta a bhíonn i dteagmháil le láib dhruileála, agus sreabháin oibrithe nó gearrtha miotail. |
|
(29) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
|
(30) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 6, 11, 12 agus 13, faoi réir na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 2; ECHA/BPC/156/2017, a glacadh an 29 Meitheamh 2017.
(5) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 6; ECHA/BPC/157/2017, a glacadh an 29 Meitheamh 2017.
(6) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 11; ECHA/BPC/158/2017, a glacadh an 29 Meitheamh 2017.
(7) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 12; ECHA/BPC/159/2017, a glacadh an 29 Meitheamh 2017.
(8) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 13; ECHA/BPC/160/2017, a glacadh an 29 Meitheamh 2017.
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/2100/oj).
(11) Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ón ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) de Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha – ‘ Evaluation of the Endocrine disrupting properties of certain biocidal actives substances according to the new scientific criteria ’ [Meastóireacht ar airíonna réabtha inchrínigh substaintí bithicídeacha gníomhacha áirithe de réir na gcritéar eolaíoch nua].
(12) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 2; ECHA/BPC/334/2022, a glacadh an 8 Meitheamh 2022.
(13) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 6; ECHA/BPC/335/2022, a glacadh an 8 Meitheamh 2022.
(14) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 11; ECHA/BPC/336/2022, a glacadh an 8 Meitheamh 2022.
(15) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 12; ECHA/BPC/337/2022, a glacadh an 8 Meitheamh 2022.
(16) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 13; ECHA/BPC/338/2022, a glacadh an 8 Meitheamh 2022.
(17) Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ó ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) de Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha – ‘ Examination of efficacy tier 2 data on specific active substances acting as preservatives (product-types 6-13) ’ [Scrúdú ar shonraí éifeachtúlacht leibhéal 2 maidir le substaintí gníomhacha sonracha agus iad ag gníomhú mar leasaitheacha (cineálacha táirgí 6-13)].
(18) Technical notes for guidance in support of Annex VI of Directive 98/8/EC of the European Parliament and the Council concerning the placing of biocidal products on the market; Common principles and practical procedures for the authorization and registration of products; [Nótaí teicniúla le haghaidh treoraíochta chun tacú le hIarscríbhinn VI de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh; Comhphrionsabail agus nósanna imeachta praiticiúla maidir le húdarú agus clárú táirgí]; teideal gearr: TNsG on Product Evaluation [Nótaí teicniúla le haghaidh treoraíochta maidir le meastóireacht táirgí]; Feabhra 2008.
(19) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 6; ECHA/BPC/428/2024, a glacadh an 29 Bealtaine 2024.
(20) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2); An cineál táirge: 13; ECHA/BPC/429/2024, a glacadh an 29 Bealtaine 2024.
(21) Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ó ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) de Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha – ‘Evaluation of the availability and suitability of alternatives to RP 1:1 (PT 2, 6, 11, 13) and RP 3:2 (PT 2, 6, 11, 12, 13) [Meastóireacht ar infhaighteacht agus oiriúnacht roghanna malartacha ar RP 1:1 (CT 2, 6, 11, 13) agus RP 3:2 (CT 2, 6, 11, 12, 13)].
(22) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir le hiarraidh de réir Airteagal 75(1)(g) ar mheastóireacht ar infhaighteacht agus oiriúnacht roghanna malartacha ar Fhormaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 1:1) agus (cóimheas 3:2), leagan gearr: RP 1:1 agus RP 3:2 le haghaidh CT 2, 6, 11, 12 (RP 3:2 amháin) agus 13; ECHA/BPC/405/2023, a glacadh an 23 Samhain 2023.
IARSCRÍBHINN
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||||||||||||||
|
Formaildéad arna scaoileadh ó tháirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2- hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) (‘RP 3:2’) |
Ainm IUPAC: Táirgí imoibriúcháin paraformaildéid agus 2-hiodrocsapróipiolaimín (cóimheas 3:2) Uimh. CE: ní bhaineann le hábhar Uimh. CAS: ní bhaineann le hábhar |
Ní mór an tsubstaint ghníomhach a mheas mar shubstaint de chomhdhéanamh anaithnid nó athraitheach nó táirgí imoibriúcháin casta nó ábhair bhitheolaíocha. Dá bhrí sin, is é 1 000 g/kg (100 % de réir meáchain) an íonacht íosta. |
1 Meitheamh 2027 |
31 Bealtaine 2032 |
2 |
Tá RP 3:2 inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha ina n-úsáidtear RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2:
|
||||||||||||||||||||||
|
6 |
Tá RP 3:2 inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha ina n-úsáidtear RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2:
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
11 |
Tá RP 3:2 inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha ina n-úsáidtear RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2:
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
12 |
Tá RP 3:2 inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha ina n-úsáidtear RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2:
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
13 |
Tá RP 3:2 inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha ina n-úsáidtear RP 3:2 mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte a chóireáiltear le RP 3:2 nó ina n-ionchorpraítear RP 3:2:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Féadfaidh íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar fáil ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil leis an íonacht sin, má tá sé cruthaithe go bhfuil an tsubstaint sin coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/385/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)