Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0367

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/367 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha PAL IPA PRODUCT FAMILY

C/2026/936

IO L, 2026/367, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/367/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/367/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/367

20.2.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/367 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Feabhra 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Samhain 2019, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030 ón gCoimisiún (2), deonaíodh údarú Aontais, faoi uimhir EU-0020463-0000, do Pal Hygiene Products Limited chun an fhine táirgí bithicídeacha ‘Pal IPA Product Family’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin an achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha sin.

(2)

An 17 Deireadh Fómhair 2024, chuir Pal Hygiene Products Limited fógra faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’, dá dtagraítear i dTeideal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Rinneadh taifead den fhógra faoi chás-uimhir BC-KT100508-25 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Baineann na hathruithe atá beartaithe ar an údarú sin ar tugadh fógra ina leith le trádainmneacha a chur leis agus le hathrú ar sheoladh shuíomh monaraíochta an táirge bhithicídigh agus le hathrú ar sheoladh an mhonaróra.

(3)

An 11 Samhain 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (4) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na hathruithe riaracháin ar tugadh fógra ina leith ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’, in éineacht le hachoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge. Sa tuairim uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur athruithe riaracháin iad na hathruithe atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a shonraítear i dTeideal 1, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 go fóill tar éis na hathruithe sin a chur chun feidhme.

(4)

An 11 Samhain 2024, tharchuir an Ghníomhaireacht achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’ chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ina gcumhdaítear na hathruithe riaracháin uile ar cuireadh iarratas isteach ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013.

(5)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus dá bhrí sin, measann sé gurb iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’ a leasú chun na hathruithe riaracháin a d’iarr Pal Hygiene Products Limited a thabhairt isteach.

(6)

Ach amháin i gcás na leasuithe a bhaineann leis na hathruithe riaracháin atá beartaithe, fágtar gach faisnéis eile atá san achoimre ar shaintréithe an táirge ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’, mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030, gan athrú.

(7)

Chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus chun go mbeidh rochtain níos éasca ag úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030. I ngeall ar athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge a ghiniúint sa Chlár i mí Feabhra 2024, ba cheart roinnt mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a bheith san achoimre ar shaintréithe an táirge san Iarscríbhinn sin freisin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2030 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’. (IO L313, 4.12.2019, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2030/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(4)  Tuairim Uimh. UAD-C-1775477-16-00/F ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 11 Samhain 2024 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha ‘PAL IPA PRODUCT FAMILY’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh fine táirgí bithicídeacha

Pal IPA Product Family

Cineál nó cineálacha táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

PT04: Limistéar bia agus beatha

Uimhir an údaraithe EU-0020463-0000

Uimhir sócmhainne R4BP EU-0020463-0000

CUID I

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm na fine

Ainm

Pal IPA Product Family

1.2.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

PT04: Limistéar bia agus beatha

1.3.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Pal Hygiene Products Limited

Seoladh

Unit 5B & Unit 5H Fingal Bay Business Park K32 NY57 Balbriggan IE

Uimhir an údaraithe

 

EU-0020463-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

 

EU-0020463-0000

Dáta an údaraithe

 

24.12.2019

Dáta éaga an údaraithe

 

30.11.2029

1.4.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

Pal International Limited

Seoladh an mhonaróra

Unit 3 Mountpark, Victoria Road, Ellistown LE67 1FA Coalville, Leicestershire Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Suíomh na láithreán monaraíochta

Pal International Limited site 1 Unit 3 Mountpark, Victoria Road, Ellistown LE67 1FA Coalville, Leicestershire Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

1.5.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Própán-2-ól

Ainm an mhonaróra

Brenntag GmbH

Seoladh an mhonaróra

Messeallee 11 45131 Essen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Brenntag GmbH site 1 Baton Rouge Chemical Plant (BRCP), Exxon Mobil Chemical Plant, 4999 Scenic Highway 70897 Baton Rouge, Louisiana Na Stáit Aontaithe


Substaint ghníomhach

Própán-2-ól

Ainm an mhonaróra

Brenntag GmbH

Seoladh an mhonaróra

Messeallee 11 45131 Essen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Brenntag GmbH site 1 Haven 3222, Vondelingenweg 601 3196 KK Vondelingenplaat An Ísiltír

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ NA FINE TÁIRGÍ

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh na fine

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-2-ól

 

Active substance

67-63-0

200-661-7

62,9 - 62,9 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL (aon leacht eile) - Wipe RTU

CUID II

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)

1.   MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Meitea-SPC 1 aitheantóir

Aitheantóir

Meta SPC: Meta SPC 1 - Pal IPA Product Family Wipes

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

PT04: Limistéar bia agus Beatha

2.   COMHDHÉANAMH META SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-2-ól

 

Active substance

67-63-0

200-661-7

62,9 - 62,9 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL (aon leacht eile) - Wipe RTU

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1

Ráitis ghuaise

H225: Leacht an-inadhainte agus gal an-inadhainte.

H319: Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.

H336: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le codlatacht nó le meadhrán.

EUH066: D’fhéadfadh tirimeacht craicinn nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar ilnochtadh.

Ráitis réamhchúraim

P101: Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe.

P102: Coimeád as aimsiú leanaí.

P210: Coimeád ó theas, dromchlaí te, splancacha, lasair gan chosaint agus foinsí eile adhainte. Ná caitear tobac.

P233: Coimeád an coimeádán dúnta go docht.

P261: Seachain gala a análú.

P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe.

P271: Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin.

P280: Caith cosaint súl.

P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh].

P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P312: Cuir glao ar IONAD NIMHE má bhraitheann tú tinn.

P337+P313: Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle liachta.

P370+P378: I gcás dóiteáin: Úsáid alcól-frithsheasmhach le haghaidh múchta.

P403+P235: Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád fionnuar é.

P405: Stóráil faoi ghlas.

P501: Diúscair diúscair an t-ábhar/coimeádán i gcomhréir le rialacháin áitiúla.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Úsáid ghairmiúil

An cineál táirge

PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe

PT04: Limistéar bia agus beatha

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Bacteria

Gnáthainm: Bacteria

Céim na forbartha: -

Ainm eolaíoch: Yeast

Gnáthainm: Yeast

Céim na forbartha: -

Ainm eolaíoch: Mycobacteriaceae

Gnáthainm: Mycobacteria

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Díghalrán lena n-úsáid i gcoinne baictéir, micobhaictéir agus giosta ar dhromchlaí crua, neamh-scagacha i seomraí glana le haghaidh biteicneolaíochta, cógaisíochta, monarú feistí leighis neamh-ionracha, tionscail cúraim sláinte agus feidhmeanna eolaíochta beatha criticiúla eile, agus i réimsí ullmhúcháin bia agus beatha tionsclaíocha.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Cuimilt

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

-

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide: -

Airí uainithe:

Am teagmhála 1 nóiméad do bhaictéir

Am teagmhála nóiméad 1 do micobhaictéir

Am teagmhála nóiméad 3 le haghaidh giosta

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Ceirtíní polapróipiléine líonta 100 % i:

Canister poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le clúdach polapróipiléine (PP) - 150 ceirtín (0.5 L), 200 ceirtín (2 L), 240 ceirtín (2 L)

Buicéad PP le clúdach PP - 500 ceirtín (8 L), 1 000 ceirtín (8 L), 1 500 ceirtín (8 L)

Ceirtíní poileistear 100 % tuilithe i:

paicéad de chlúdach lannáin scannán sreabhaithe atá séalaithe le PET / PE - 25, 50 nó 100 ceirtín

Scragall alúmanaim - 1 cheirtín

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach rannán 5.1

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach rannán 5.2

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach rannán 5.3

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach rannán 5.4

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach rannán 5.5

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Ná húsáid ar dhromchlaí atá íogair d’alcól.

Teocht úsáide inghlactha (10-20 °C)

Déan an dromchla a ghlanadh go cúramach roimh úsáid

1.

Lean treoirlínte beartais measúnaithe riosca comhaontaithe maidir le húsáid Trealaimh Chosanta Phearsanta (PPE).

2.

Roghnaigh an cineál dáileoir agus tóg amach an ceirtín.

3.

Cuimil an dromchla i gCruth S ag gluaiseacht ó ghlan go salach. Bain úsáid as taobh an cheirtín nach bhfuil lúbtha. Ná téigh thar an limistéar céanna faoi dhó leis an gceirtín céanna.

4.

Bain úsáid as ceirtín úr má éiríonn do cheirtín salach nó tirim.

5.

Cinntigh go ndéantar na dromchlaí a fhluichadh ina n-iomlána.

6.

Ní foláir ceirtíní a úsáideadh a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

7.

Lig don dromchla triomú roimh úsáid.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Nigh lámha agus craiceann nochta roimh bhéilí agus tar éis iad a úsáid.

Seachain teagmháil le súile.

Agus díghalrú á dhéanamh i gceantair ina bhféadfadh an pobal a bheith i láthair, ba cheart cosc a chur ar dhaoine dul isteach sa seomra go dtí go mbeidh an seomra aeráilte go maith.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Teagmháil leis na súile: I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú. Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle/cúram liachta.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Diúscair an t-ábhar/coimeádán i gcomhréir le rialacháin áitiúla.

Ná sruthlaigh ciarsúir síos an leithreas. Ná maothaigh.

Is ceart alcóil iarmharach a fholmhú roimh dhiúscairt an choimeádáin.

Caith amach ceirtíní úsáidte sa bhosca bruscair dramhaíola cuí de réir treoirlínte comhaontaithe áitiúla.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Stóráil in áit fhionnuar, thirim, dhea-aeraithe sa choimeádán bunaidh.

Coimeád an coimeádán dúnta go docht.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE

Ceirtíní polapróipiléine nó poileistear, 20-45 gsm, ina bhfuil táirge 1.7 - 7.5 ml (0.93 - 4.12 g própán-2-ol)

Tá própán-2-ól sa táirge (CAS Uimh.: 67-63-0), dár comhaontaíodh luach tagartha Eorpach de 129.28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus úsáideadh é le haghaidh measúnú riosca an táirge.

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm/trádainmneacha

Sirafan Alco Wipes

Réimse margaidh: AE

Alcodes GF maxi wipes

Réimse margaidh: AE

Medipal Alcohol Disinfectant Wipes

Réimse margaidh: AE

Pal Tech Precision 70% IPA Wipes

Réimse margaidh: AE

Pal TX IPA Surface Disinfectant Wipes

Réimse margaidh: AE

Uimhir an údaraithe

 

EU-0020463-0001 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-2-ól

 

Active substance

67-63-0

200-661-7

62,9 % (w/w)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/367/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top