Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0292

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/292 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp., Petunia spp. agus a hibridí ó Chósta Ríce a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

C/2026/680

IO L, 2026/292, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/292/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/292/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/292

10.2.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/292 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2026

lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp., Petunia spp. agus a hibridí ó Chósta Ríce a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 30(1) agus 42a(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 7 i gcomhar le pointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), toirmeasctar plandaí le haghaidh plandú ón bhfine Solanaceae a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe.

(2)

Tá spéis léirithe ag roinnt Ballstát in allmhairiú gearrthóg neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí (‘na plandaí sonraithe’) ó Chósta Ríce, áit óna bhfuil toirmeasc ar thrádáil faoi láthair. Chuir na Ballstáit sin sainchomhad teicniúil isteach lena n-áirítear na nósanna imeachta um na plandaí sonraithe a tháirgeadh.

(3)

I mí Mheán Fómhair 2024, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí neamhfhréamhaithe Petunia spp. agus Calibrachoa spp. ó Chósta Ríce agus i mí Dheireadh Fómhair 2025 leasaigh sé an tuairim eolaíoch sin (3).

(4)

Maidir le hAleurodicus dispersus Russell, víreas barrchuachta an bhiatais, Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh-Eorpach), Chloridea virescens Fabricius Eotetranychus lewisi (McGregor), Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix tuberis Gentner, víreas mósáice Euphorbia, Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess), víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreoideach tiúbar fearsaideach prátaí, víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Spodoptera ornithogalli Guenée, víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, Thrips palmi Karny, víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí, víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí, víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí, shainaithin an tÚdarás iad mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sonraithe.

(5)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sin.

(6)

Ar bhonn na tuairime sin, ba cheart na bearta atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta, chun a áirithiú go ndéanfar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha.

(7)

Víreas barrchuachta an bhiatais, Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh-Eorpach), Eotetranychus lewisi (McGregor), víreas mósáice Euphorbia, Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza sativae (Blanchard), víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, Thrips palmi Karny, víreas mósáice órga an phlanda trátaí agus víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí, liostaítear iad mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liriomyza huidobrensis (Blanchard) agus Liriomyza trifolii (Burgess), liostaítear iad mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Tá Epitrix cucumeris (Harris) agus Epitrix tuberis Gentner faoi réir na mbeart a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2012/270/AE ón gCoimisiún (4) agus tá Chloridea virescens Fabricius agus Spodoptera ornithogalli Guenée faoi réir na mbeart a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún (5). Ós rud é go bhfuil toirmeasc ann faoi láthair ar na plandaí sonraithe teacht isteach i gcríoch an Aontais, níl siad faoi réir cheanglais speisialta Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(8)

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 liostaítear víreoideach tiúbar fearsaideach prátaí, víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí agus víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais le haghaidh tráchtearraí seachas plandaí Petunia spp. agus Calibrachoa spp. Ós rud é nár sainaithníodh na lotnaidí sin mar lotnaidí a bhfuil tionchar eacnamaíoch acu ar tháirgeadh Petunia spp. agus Calibrachoa spp. i gcríoch an Aontais, níor cheart iad a mheas mar lotnaidí sonraithe chun críocha an Rialacháin seo.

(9)

Ní liostaítear Aleurodicus dispersus Russell mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais. Tar éis na tuairime ón Údarás, meastar an lotnaid sin a bheith ábhartha do na plandaí sonraithe. Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin go gcomhlíonann sí critéir Fhoroinn 2, Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031 agus, dá bharr sin, go bhfuil sí faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 30 (1) den Rialachán sin.

(10)

Chun a áirithiú nach mbeidh riosca ann go dtabharfar isteach na lotnaidí sonraithe agus na plandaí sonraithe á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ba cheart na plandaí a fhás ó phlandaí de thionscnamh chríoch an Aontais chun láithreacht na lotnaidí san ábhar tosaigh a chosc.

(11)

Ba cheart plandaí sonraithe a tháirgeadh i láithreáin táirgthe atá formheasta ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta (ECPN) Chósta Ríce maidir le táirgeadh na bplandaí sonraithe le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus atá sainaitheanta le cód inrianaitheachta uathúil chun gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcás ina n-aimsítear lotnaid shonraithe ar phlanda sonraithe i gcríoch an Aontais, an láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn an planda sonraithe sin a shainaithint.

(12)

Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sonraithe, ba cheart iad a fhás faoi chosaint fhisiciúil agus ba cheart cigireacht a dhéanamh orthu sula n-onnmhaireofar iad.

(13)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh siomptóim láithreacht na lotnaidí sonraithe le feiceáil go fóill ar na gearrthóga neamhfhréamhaithe a allmhairítear isteach san Aontas, tar éis iad a allmhairiú i gcríoch an Aontais ba cheart na plandaí sonraithe a phlandú agus a fhréamhú ag áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sin atá de thionscnamh Chósta Ríce nó oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí, ós rud é go ndéantar cigireachtaí oifigiúla rialta ar na hoibreoirí gairmiúla sin. Oibreoirí gairmiúla atá leis na plandaí sonraithe a fhás nó a fhréamhú, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla a chur ar an eolas sula bhfaigheann siad na plandaí sonraithe ionas go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na cigireachtaí oifigiúla a phleanáil go tráthúil.

(14)

Chun a chosc go n-aistreofar na plandaí sonraithe den chéad uair chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla nach bhfuil údaraithe chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sonraithe, ba cheart don allmhaireoir doiciméad a chur ar fáil, doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil lena ndeimhnítear go bhfuil na plandaí le haistriú chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, nó chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(15)

Ós rud é nár tugadh isteach na plandaí sonraithe i gcríoch an Aontais go dtí seo agus nach bhfuil aon taithí ann ar an trádáil sin go fóill, tá riosca fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe nach bhfuil measúnú iomlán déanta go fóill air. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais dá bhforáiltear leis an Rialachán sin a bheith de chineál sealadach de bhun Airteagal 42a(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’Aleurodicus dispersus Russell, víreas barrchuachta an bhiatais, Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh-Eorpach), Chloridea virescens Fabricius Eotetranychus lewisi (McGregor), Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix tuberis Gentner, víreas mósáice Euphorbia, Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess), víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Spodoptera ornithogalli Guenée, víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, Thrips palmi Karny, víreas mósáice órga an phlanda trátaí, víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí;

(2)

ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí, ar plandaí iad a fásadh i gCósta Ríce agus a díorthaíodh i líne dhíreach ó mháthairphlandaí a allmhairíodh ón Aontas.

Airteagal 2

Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

De mhaolú ar phointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíontacht na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Ceanglais maidir leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a ngluaiseacht laistigh de

1.   Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

roimh thús na trádála, an liosta de bhearta atá beartaithe chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a áirithiú, tá sé curtha in iúl i scríbhinn ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta (ECPN) Chósta Ríce don Choimisiún;

(b)

an liosta de láithreáin táirgthe, in éineacht leis na cóid inrianaitheachta atá ag dul leo, atá formheasta maidir le honnmhairiú na bplandaí sonraithe chuig an Aontas an bhliain féilire dár gcionn, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 31 Nollaig gach bliain, agus cuirfidh sé aon leasú ar an liosta sin in iúl láithreach;

(c)

tuarascáil bhliantúil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin agus a bhfuil na heilimintí uile a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I inti, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce faoi bhráid an Choimisiún í faoin 31 Márta gach bliain.

2.   Chun gur féidir na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil allmhairiúcháin doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil i láthair lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-oibreoir gairmiúil a fhaigheann na plandaí sonraithe an ceanglas a leagtar amach i mír 3, pointe (a) nó (b).

3.   Agus na plandaí sonraithe tugtha isteach san Aontas, ní fhéadfar iad a ghluaiseacht ach amháin chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031; nó

(b)

áitreabh na n-oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe.

Sula bhfaigheann na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír na plandaí sonraithe, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin dáta a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh na plandaí sonraithe sin agus coimeádfaidh siad an cód inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) (iii) d’Iarscríbhinn I.

4.   Plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, coimeádfar scartha iad ó aon phlanda eile atá soghabhálach i leith na lotnaidí sonraithe. Déanfar cigireachtaí oifigiúla orthu ar a laghad uair amháin sula n-aistreofar iad den chéad uair amach as áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann agus chomh gar agus is féidir go dtí an t-am a aistreofar iad. Áireofar ar na cigireachtaí sin, i gcás ina mbeidh amhras faoi ionfhabhtú, sampláil agus tástáil mhóilíneach le haghaidh víreas barrchuachta an bhiatais, víreas mósáice Euphorbia, víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, víreas mósáice órga an phlanda trátaí, agus víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí.

I gcás ina n-aimsítear lotnaidí sonraithe ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, scriosfar láithreach ar a laghad na plandaí go léir a fhréamhaítear nó a fhástar ón luchtóg chéanna de phlandaí sonraithe, déanfar an t-áitreabh a ghlanadh agus a dhíghalrú.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon uair a aimsíodh láithreacht lotnaide sonraithe ar na plandaí sonraithe, nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe. Cuirfidh an Coimisiún Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce ar an eolas láithreach faoi.

I gcás ina gcuirtear Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce ar an eolas faoi láithreacht lotnaide sonraithe ar phlandaí sonraithe nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, ní fhormheasfar a thuilleadh an láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn na plandaí sin le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus bainfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce an láithreán táirgthe sin láithreach den liosta de láithreáin táirgthe formheasta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go dtí go léireofar go bhfuil sé saor ó lotnaidí an athuair.

Airteagal 4

Leasú ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(3)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024, Measúnú riosca tráchtearraí ar ghearrthóga neamhfhréamhaithe Petunia spp. agus Calibrachoa spp. ó Chósta Ríce, EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e9064. (https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9064).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/270/AE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála chun cosc a chur ar Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix similaris (Gentner), Epitrix subcrinita (Lec.) agus Epitrix tuberis (Gentner) a thabhairt isteach san Aontas agus ar a leathadh laistigh de (IO L 132, 23.5.2012, lch. 18; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/270/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 268, 14.10.2022, lch. 13; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1941/oj).


IARSCRÍBHINN I

Ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 3 maidir le plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.   

Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas ina leith:

(a)

táirgeadh iad i láithreáin táirgthe a mbaineann na nithe seo a leanas leo:

(i)

tá siad curtha ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce le liosta de láithreáin táirgthe formheasta a aithnítear a bheith saor ó na lotnaidí sonraithe agus a gceadaítear dóibh na plandaí sonraithe a onnmhairiú chuig an Aontas;

(ii)

tá siad aitheanta le cód inrianaitheachta uathúil atá le feiceáil ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

tá siad scoite amach go fisiceach in aghaidh feithidí, trí dhorais dhúbailte, in áit nach n-osclaítear an dara doras ach amháin tar éis an chéad doras a bheith dúnta go hiomlán, agus tá córas i bhfeidhm acu chun nósanna imeachta sláinteachais agus díghalraithe a áirithiú don fhoireann, don trealamh agus do na próisis táirgthe uile;

(iv)

tá córas ann chun uisce uisciúcháin saor ó lotnaidí a sholáthar, córas ar a ndéantar dhá chigireacht oifigiúla bhliantúla, lena n-áirítear tástáil mhóilíneach, chun neamhláithreacht Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al. agus Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al. a áirithiú;

(v)

dírítear go hiomlán ar tháirgeadh na bplandaí sonraithe, nó plandaí eile a chomhlíonann ceanglais reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte plandaí, agus déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú go hiomlán roimh thabhairt isteach na bplandaí sonraithe nua;

(vi)

tá seilfeanna ann chun na potaí a choinneáil 50 cm ar a laghad os cionn na talún;

(vii)

tá córas i bhfeidhm ann chun taifead a choimeád ar na próisis uile, lena n-áirítear na luchtóga a tháirgtear agus na nósanna imeachta chun na lotnaidí sonraithe a rialú le linn gach timthrialla táirgeachta;

(viii)

i gcásanna ina n-aimseofar lotnaid shonraithe, baintear den liosta de láithreáin táirgthe iad dá dtagraítear i bpointe (i) go dtí go mbeidh an staid saor ó lotnaidí ann an athuair agus ní fhormheasfar iad an athuair maidir le táirgeadh agus onnmhairiú an ábhair sin ach amháin ag an bpointe sin;

(b)

maidir leis na plandaí sonraithe:

(i)

fásadh i gCósta Ríce iad agus díorthaíodh ó mháthairphlandaí a allmhairíodh ón Aontas iad;

(ii)

táirgeadh iad agus úsáid á baint as damhnaí fáis agus potaí atá nua nó atá faoi réir cóireálacha chun saoirse ó orgánaigh ithreacha agus ó aon lotnaid shonraithe a áirithiú sula n-úsáidtear iad sa phróiseas táirgthe;

(iii)

rinne foireann oilte faireachán orthu trí ghaistí a úsáid chun láithreacht feithidí a bhrath;

(iv)

rinne foireann oilte scrúduithe amhairc orthu chun neamhláithreacht na lotnaidí sonraithe nó a siomptóim a áirithiú ar bhonn seachtainiúil;

(v)

cuireadh cóireálacha in aghaidh lotnaidí orthu, i gcás inarb iomchuí;

(vi)

déantar tástáil mhóilíneach orthu chun víreas barrchuachta an bhiatais, víreas mósáice Euphorbia, víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, víreas mósáice órga an phlanda trátaí, agus víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí, a bhrath ar a laghad uair amháin sular onnmhaireofar an chéad luchtóg de ghearrthóga neamhfhréamhaithe chuig an Aontas le linn an timthrialla táirgeachta sin nó níos minice i gcás inar aimsítear sa láithreáin táirgthe Bemisia tabaci Genn., Thrips palmi Karny nó feithidí arb eol go dtarchuireann siad víris;

(c)

sular onnmhairíodh iad, rinneadh an méid seo a leanas i ndáil le gach luchtóg de phlandaí sonraithe ó gach láithreán táirgthe:

(i)

rinneadh cigireacht oifigiúil orthu maidir le láithreacht na lotnaidí sonraithe, trí bhíthin modh samplála lenar féidir leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath, ar leibhéal muiníne 99 % i gcomhréir leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta ISPM 31, lena n-áirítear tástáil mhóilíneach le haghaidh víreas barrchuachta an bhiatais, víreas mósáice Euphorbia, víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas rollta duilleog an phlanda prátaí (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas S an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas X an phráta (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad), víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, víreas mósáice órga an phlanda trátaí, agus víreas Sinaloa cuachta duilleog an phlanda trátaí i gcás ina raibh amhras faoi ionfhabhtú ann;

(ii)

iompraíodh iad ón láithreáin táirgthe go dtí na saoráidí stórála, fuarúcháin nó pacáistíochta in áiteanna táirgthe, ar bhealach a gcoisctear éilliú leis na lotnaidí sonraithe;

(iii)

rinneadh iad a phacáil i mboscaí, a bhfuil lipéad ar gach bosca ar a bhfuil cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe;

(d)

tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leo arna eisiúint ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Chósta Ríce, lena ndeimhnítear comhlíontacht cheanglais an Rialacháin seo agus áirítear na nithe seo a leanas ann, faoin gceannteideal ‘Deimhniú breise’:

(i)

ainm nó ainmneacha an láithreáin táirgthe formheasta nó na láithreán táirgthe formheasta as a dtionscnaíonn na plandaí;

(ii)

cód nó cóid inrianaitheachta an láithreáin táirgthe nó na láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn na plandaí;

(iii)

an ráiteas ‘Comhlíonann an choinsíneacht seo na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/292 ón gCoimisiún’.

2.   

Áireofar na nithe seo a leanas i gcás gach láithreán táirgthe sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin:

(a)

an líon plandaí sonraithe a onnmhairíodh chuig an Aontas;

(b)

forbhreathnú ar na cigireachtaí oifigiúla a rinneadh roimh an onnmhairiú;

(c)

láithreacht na lotnaidí sonraithe a aimsíodh;

(d)

an líon plandaí a scriosadh mar gheall ar amhras faoi inmhíolú nó inmhíolú leis na lotnaidí sonraithe; agus

(e)

na gníomhaíochtaí a rinneadh chun go mbeadh saoirse lotnaidí ann an athuair sa láithreán táirgthe agus chun atarlú na lotnaidí sonraithe a chosc.


IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072

I bpointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin ‘Tuairisc’:

‘Plandaí le haghaidh plandú Solanaceae seachas síolta agus na plandaí a chumhdaítear le hiontrálacha 15, 16 nó 17 (*1)


(*1)  Cé is moite de na plandaí seo a leanas:’

gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa agus Petunia agus a hibridí ó Chósta Ríce, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/292 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp., Petunia spp.agus a hibridí ó Chósta Ríce a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2026/292, 10.2.2026, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/292/oj);

gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa agus Petunia agus a hibridí ó Ghuatamala, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp., Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2025/1078, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1078/oj);

gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa agus Petunia agus a hibridí ón gCéinia, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1082 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp., Petunia spp agus a hibridí ón gCéinia a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2025/1082, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1082/oj).’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/292/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top