Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2530

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2530 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe

C/2025/8660

IO L, 2025/2530, 17.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2530/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2530/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2530

17.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2530 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 24(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról ríthábhachtach ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe maidir le hidirghníomhaíochtaí digiteacha slána iontaofa a áirithiú trí sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(2)

Níor cheart feidhm a bheith ag an toimhde comhlíontachta a leagtar síos in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ach amháin i gcás ina gcomhlíonann seirbhísí iontaoibhe cáilithe na ceanglais, na caighdeáin agus sonraíochtaí tagartha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart a léiriú leis na ceanglais, na caighdeáin agus na sonraíochtaí tagartha sin cleachtais sheanbhunaithe agus ba cheart iad a aithint go forleathan laistigh de na hearnálacha ábhartha. Ba cheart na caighdeáin tagartha a oiriúnú chun go n-áireofaí leo rialuithe breise lena n-áirithítear slándáil agus iontaofacht na seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn an tseirbhís sin.

(3)

Má chloíonn soláthraí seirbhísí iontaoibhe leis na ceanglais, na caighdeáin agus na sonraíochtaí tagartha a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart do chomhlachtaí maoirseachta a thoimhdiú go bhfuil ceanglais ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 á gcomhlíonadh agus breithniú cuí a dhéanamh ar an toimhde sin chun stádas cáilithe na seirbhíse iontaoibhe a dheonú nó a dheimhniú. Mar sin féin, féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe brath fós ar chleachtais eile chun comhlíonadh cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a léiriú.

(4)

Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua. I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart don Choimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a athbhreithniú agus, más gá, a thabhairt cothrom le dáta, chun é a choinneáil i gcomhréir le forbairtí domhanda, teicneolaíochtaí nua, cleachtais nua, caighdeáin nua nó sonraíochtaí teicniúla nua agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint.

(5)

Ní mór do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe fógra a thabhairt do chomhlachtaí maoirseachta sula ndéanfaidh siad aon athrú ar sholáthar a seirbhísí iontaoibhe cáilithe. Leis na fógraí sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí maoirseachta a cheangal ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe bearta iomchuí a dhéanamh chun tionchair dhiúltacha fhéideartha na n-athruithe faoina dtugtar fógra a mhaolú a mhéid a bhaineann le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chomhlíonadh agus a mhéid a bhaineann leis an stádas cáilithe a dheonú. Chun soiléireacht agus treoir a sholáthar do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe maidir leis na hathruithe a bhfuil fógra le tabhairt ina leith do chomhlachtaí maoirseachta, ba cheart liosta neamh-uileghabhálach de na hathruithe sin a bheith sa Rialachán seo.

(6)

D’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), déantar foráil in Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ceanglais bhreise a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta bainistithe riosca a bhaineann le rioscaí dlíthiúla, gnó, oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe cáilithe, ceanglais nach dtugtar aghaidh orthu le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2690 ón gCoimisiún (4). Chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe meastóireacht agus doiciméadú struchtúrach agus córasach ar na rioscaí sin i ndáil le hiontaofacht a seirbhísí iontaoibhe cáilithe, ba cheart dóibh creat bainistíochta riosca a chur chun feidhme a bheidh saincheaptha do na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad. Chun comhsheasmhacht na mbeartas bainistithe riosca arna gcur chun feidhme ag soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a áirithiú, ba cheart na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2160 ón gCoimisiún (5) a chomhlíonadh leis an gcreat sin.

(7)

Is gné ríthábhachtach chun tacú le hiontaofacht seirbhísí iontaoibhe cáilithe é leanúnachas seirbhísí iontaoibhe cáilithe, nó foirceannadh iomchuí seirbhísí iontaoibhe cáilithe i gcás nach féidir a leanúnachas a áirithiú. Is uirlis thábhachtach iad pleananna foirceanta atá mionsonraithe go leor chun a áirithiú gur féidir le rannpháirtithe agus páirtithe is úsáideoirí brath ar aschuir seirbhísí iontaoibhe cáilithe i gcás ina bhfoirceanntar seirbhísí iontaoibhe cáilithe. Ba cheart a chumhdach leis na pleananna foirceanta foirceannadh réamh-mheasta ar sheirbhís iontaoibhe cháilithe, amhail seirbhís iontaoibhe cháilithe a dhíol le soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe eile agus foirceannadh gan choinne, amhail féimheacht nó cásanna dócmhainneachta eile. Ba cheart forálacha iomchuí a bheith sna pleananna foirceanta chun a áirithiú gur féidir éifeachtaí an fhoirceanta a bhainistiú gan aon tionchar diúltach ar bhailíocht ná ar luach na n-aschur a ghin an tseirbhís iontaoibhe cháilithe sular foirceannadh í. Thairis sin, ba cheart a áirithiú leis na pleananna foirceanta nach féidir aon aschur nua a fháil ó sheirbhís iontaoibhe cháilithe fhoirceanta nach gcomhlíonann a thuilleadh na ceanglais ábhartha maidir le seirbhísí iontaoibhe cáilithe nó soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ba cheart do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe na pleananna foirceanta a choinneáil cothrom le dáta agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ar thionchar aon athraithe ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn sé, amhail athruithe ar ainm, cumaisc, fálacha, féimheachtaí, glacadóireacht, riarachán éigeantach, nó athruithe teicniúla, ar na pleananna foirceanta sula gcuirfear na hathruithe sin chun feidhme.

(8)

Ghlac an Coimisiún Rialacháin Cur Chun Feidhme lena dtagraítear do chaighdeáin theicniúla agus do shonraíochtaí is infheidhme maidir le seirbhísí iontaoibhe cáilithe. Sonraítear sna Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, conas atá na ceanglais ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach in Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 le cur i bhfeidhm agus le léirmhíniú agus gnéithe sonracha na seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin á gcur san áireamh. Chun go mbeidh feidhm ag an toimhde comhlíontachta a leagtar síos in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir leis an soláthraí cáilithe seirbhísí, ba cheart na ceanglais uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme de réir mar is infheidhme maidir leis an tseirbhís iontaoibhe cháilithe shonrach.

(9)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug an Maoirseoir tuairim an 21 Deireadh Fómhair 2025 (9).

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Fógraí chuig an gcomhlacht maoirseachta

1.   Sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cumhdóidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe athruithe suntasacha ar gach ceann de na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

na tuairiscí seirbhíse, na beartais, na ráitis chleachtais nó na téarmaí agus coinníollacha gaolmhara;

(b)

ailtireacht theicniúil na seirbhísí iontaoibhe cáilithe, nó aon chóras nó táirge iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointí (e) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(c)

óstáil aon chomhpháirte teicniúla is gá chun na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthar, nó na seirbhísí teicniúla a bhaineann leis na comhpháirteanna teicniúla sin;

(d)

teicnící cripteagrafacha nó ábhair chripteagrafacha a úsáid chun na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthar;

(e)

na nósanna imeachta clárúcháin agus sainaitheantais;

(f)

struchtúr eagraíochtúil nó rialachas an tsoláthraí seirbhísí iontaoibhe;

(g)

an plean foirceanta;

(h)

acmhainní airgeadais agus árachas dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(i)

eilimintí a bhfuil tionchar acu ar ábhar an liosta iontaofa náisiúnta chomhfhreagraigh;

(j)

tríú páirtithe a bhfuil baint acu le soláthar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear fochonraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí, nó le téarmaí conarthacha leis na tríú páirtithe sin.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sna fógraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc ar an athrú;

(b)

dáta agus am beartaithe an athraithe;

(c)

cúiseanna leis an athrú agus, i gcás inarb infheidhme, fianaise ar na cúiseanna;

(d)

i gcás inarb infheidhme, doiciméid nuashonraithe.

Airteagal 2

Creat bainistíochta riosca

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2160 ón gCoimisiún maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a mhéad a bhaineann leis an gceanglas creat bainistithe riosca a bheith acu a leagtar síos in Airteagal 24(2), pointe (fa), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Airteagal 3

Plean foirceanta

1.   Bunóidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe plean foirceanta do gach seirbhís iontaoibhe cháilithe a sholáthraíonn siad, lena mbunaítear na forálacha is gá chun foirceannadh na seirbhíse nó codanna di a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus i gceart, chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú agus chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (h) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.   Cuirfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe rialuithe agus nósanna imeachta ar bun chun a áirithiú go mbeidh beartais, cleachtais, nósanna imeachta, socruithe tríú páirtí doiciméadaithe agus aon doiciméad eile is gá ar fáil chun éifeachtacht an phlean foirceanta a áirithiú lena n-úsáid go hinmheánach.

3.   Cuirfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe rialuithe agus nósanna imeachta ar bun chun a áirithiú go mbeidh a bplean foirceanta agus aon doiciméad a bhaineann leis cothrom le dáta.

4.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe athbhreithniú ar an bplean foirceanta, agus ar aon doiciméad gaolmhar gach 2 bhliain ar a laghad agus mar chuid de chur chun feidhme aon athraithe ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn sé agus tabharfaidh siad an plean foirceanta cothrom le dáta dá réir sin.

5.   Bainisteoidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe na rioscaí a bhaineann go sonrach le soláthar a seirbhísí iontaoibhe cáilithe a fhoirceannadh mar chuid den chreat bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 2.

6.   Áiritheoidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go gcoinneofar acmhainní airgeadais leordhóthanacha nó gheobhaidh siad árachas iomchuí chun na costais is gá a chumhdach chun an plean foirceanta a fhorghníomhú go héifeachtach, lena n-áirítear i gcás foirceannadh gan choinne.

7.   Áiritheoidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go sonrófar sa phlean foirceanta nósanna imeachta agus socruithe iomchuí le haghaidh na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

foirceannadh na seirbhísí iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le díchoimisiúnú aon chomhpháirte nó seirbhíse teicniúla a úsáidtear chun an tseirbhís iontaoibhe cáilithe lena mbaineann a sholáthar;

(b)

nuashonrú tráthúil ar na hiontrálacha seirbhíse gaolmhara mar a liostaítear sa liosta iontaofa náisiúnta comhfhreagrach;

(c)

aon deimhniú cáilithe arna n-eisiúint acu atá ann cheana agus nach bhfuil cúlghairthe a chúlghairm sula dtabharfar i gcrích foirceannadh na seirbhíse iontaoibhe cáilithe chun deimhnithe cáilithe a eisiúint, mura rud é go n-aistrítear oibleagáidí ábhartha uile na seirbhísí iontaoibhe cáilithe foirceanta chuig soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe eile ar bhealach lena n-áirithítear go leanfaidh na deimhnithe cáilithe agus na seirbhísí gaolmhara uile de cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chomhlíonadh gan bhriseadh;

(d)

a áirithiú, tar éis deireadh a chur le soláthar seirbhísí iontaoibhe cáilithe, nach féidir aschur breise seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chruthú ná a chumasú trí úsáid a bhaint as sonraí cruthaithe sínithe nó séala an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(e)

inrochtaineacht agus inúsáidteacht na dtaifead ábhartha uile atá i seilbh an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe a áirithiú;

(f)

aghaidh a thabhairt ar chásanna a bhaineann le foirceannadh réamh-mheasta, gan choinne, páirteach agus iomlán;

(g)

a áirithiú go ndéanfar leasanna rannpháirtithe na seirbhísí iontaoibhe cáilithe foirceanta a choimirciú tráth an fhoirceanta, lena n-áirítear coinneáil leanúnach na faisnéise is gá do na rannpháirtithe chun bailíocht dhlíthiúil aschuir na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a fhíorú;

(h)

i gcás inarb infheidhme, aon socrú a shonrú a rinneadh chun gur féidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe eile seirbhísí iontaoibhe cáilithe malartacha a sholáthar chun cur isteach ar na rannpháirtithe a íoslaghdú;

(i)

fógraí a sholáthar do pháirtithe is eol don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a ndéanfaidh an foirceannadh difear dóibh go díreach nó go hindíreach.

8.   Leis na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 7, pointe (e), áiritheofar inrochtaineacht agus inúsáidteacht na dtaifead is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fianaise a sholáthar i ndáil le comhlíontacht na seirbhísí iontaoibhe cáilithe le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

leanúnachas na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú, maidir le sonraí bailíochtaithe sínithe nó séala an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe agus maidir le coinneáil leanúnach na faisnéise is gá chun cruinneas aschur seirbhísí iontaoibhe a cruthaíodh roimhe sin a fhíorú.

9.   Áiritheoidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go mbeidh an doiciméadacht seo a leanas ar a laghad sa phlean foirceanta agus sna taifid a bhaineann leis:

(a)

nósanna imeachta chun seirbhísí iontaoibhe cáilithe a fhoirceannadh;

(b)

nósanna imeachta agus taifid maidir le hathbhreithniú rialta ar an bplean foirceanta dá dtagraítear i mír 4;

(c)

tuarascálacha iniúchóireachta a bhaineann leis an bplean foirceanta;

(d)

socruithe foirceanta le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le soláthar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe atá le foirceannadh;

(e)

téarmaí agus coinníollacha, cleachtais agus doiciméid bheartais a bhaineann leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe.

Airteagal 4

Caighdeáin agus sonraíochtaí tagartha le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe

1.   I dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 1, 2 agus 3, leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na caighdeáin agus na sonraíochtaí tagartha dá dtagraítear in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.   I gcás ina mbeidh neamhréireachtaí idir na caighdeáin agus na sonraíochtaí tagartha a bhunaítear leis na Rialacháin Cur Chun Feidhme agus mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 1, 2 agus 3 den Rialachán seo, beidh forlámhas ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 1, 2 agus 3 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).

(3)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, p. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2690 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta maidir le bearta bainistíochta riosca cibearshlándála agus sonrú breise ar na cásanna ina meastar teagmhas a bheith suntasach a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionad sonraí, soláthraithe gréasán soláthair ábhair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, soláthraithe margaí ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus soláthraithe ardán seirbhísí líonraithe shóisialta, agus soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, (IO L, 2024/2690, 18.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2690/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2160 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tagartha, sonraíochtaí agus nósanna imeachta maidir le bainistiú na rioscaí do sholáthar seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe (IO L, 2025/2160, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2160/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(7)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data. europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(9)   Barúlacha foirmiúla MECS maidir leis an dréacht-Rialachán Cur Chun Feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe.


IARSCRÍBHINN

An liosta caighdeán agus sonraíochtaí tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4

(1)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun deimhnithe cáilithe a eisiúint le haghaidh ríomhshínithe: clásail 5.2, 6.1, 6.4, 6.5, 6.8 agus 6.9 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1943 ón gCoimisiún (1).

(2)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun deimhnithe cáilithe a eisiúint le haghaidh ríomhshéalaí: clásail 5.2, 6.1, 6.4, 6.5, 6.8 agus 6.9 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1943 ón gCoimisiún.

(3)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun deimhnithe cáilithe a eisiúint le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin: clásail 5.2, 6.1, 6.4, 6.5, 6.8 agus 6.9 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1943 ón gCoimisiún.

(4)

Maidir le seirbhísí bailíochtaithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe: clásail 5, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1942 ón gCoimisiún. (2).

(5)

I gcás seirbhísí bailíochtaithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe: clásail 5, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1942 ón gCoimisiún.

(6)

Maidir le seirbhísí caomhnaithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe: clásail 5, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1946 ón gCoimisiún (3).

(7)

I gcás seirbhísí caomhnaithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe: clásail 5, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1946.

(8)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun ríomhstampaí ama cáilithe a chruthú: clásail 5, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1929 ón gCoimisiún. (4).

(9)

Maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe: clásail 4, 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1944 ón gCoimisiún (5).

(10)

Maidir le seirbhísí cáilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú: clásail 5, 6.1, 6.4, 6.5, 6.7 agus 6.8 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1567 ón gCoimisiún (6).

(11)

Maidir le seirbhísí cáilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú: clásail 5, 6.1, 6.4, 6.5, 6.7 agus 6.8 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1567 ón gCoimisiún.

(12)

Maidir le seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe: clásail 6 agus 7 den chaighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2532 (7) ón gCoimisiún.

(13)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe a eisiúint: an caighdeán dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 ón gCoimisiún (8).

(14)

I gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun sonraí leictreonacha a thaifeadadh i mórleabhar leictreonach cáilithe: an caighdeán dá dtagraítear agus arna oiriúnú i bpointe 3(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2531 (9) ón gCoimisiún.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1943 an 29 Meán Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tagartha le haghaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí (IO L, 2025/1943, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1943/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1942 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seirbhísí bailíochtaithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus seirbhísí bailíochtaithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe (IO L, 2025/1942, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1942/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1946 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seirbhísí caomhnaithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe (IO L, 2025/1946, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1946/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1929 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus lena mbunaítear cruinneas na bhfoinsí ama chun ríomhstampaí ama cáilithe a sholáthar (IO L, 2025/1929, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1929/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1944 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tagartha le haghaidh próisis chun sonraí a sheoladh agus a fháil i ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe agus a mhéid a bhaineann le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin (IO L, 2025/1944, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1944/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1567 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda agus gléasanna cruthaithe séala cáilithe cianda mar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe (IO L, 2025/1567, 30.7.2025, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1567/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2532 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin agus sonraíochtaí tagartha le haghaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe (OJ L, 17.12.2025, http://data.europa.eu/eli/ reg_impl/2025/2532/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna soláthar ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann (IO L, 2025/1569, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1569/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2531 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin agus sonraíochtaí tagartha le haghaidh mórleabhair leictreonacha cháilithe (OJ L, 17.12.2025, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2531/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2530/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top