This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2402
Commission Decision (EU) 2025/2402 of 28 November 2024 on tax rulings SA.38374 (2014/C) (ex 2014/NN) (ex 2014/CP) – Netherlands, alleged aid to Starbucks (notified under document C(2024) 8566)
Cinneadh (AE) 2025/2402 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 maidir le rialuithe cánach SA.38374 (2014/C) (ex 2014/NN) (ex 2014/CP) – An Ísiltír, cabhair líomhnaithe do Starbucks (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8566)
Cinneadh (AE) 2025/2402 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 maidir le rialuithe cánach SA.38374 (2014/C) (ex 2014/NN) (ex 2014/CP) – An Ísiltír, cabhair líomhnaithe do Starbucks (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8566)
C/2024/8566
IO L, 2025/2402, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2402/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2402 |
1.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2402 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2024
maidir le rialuithe cánach SA.38374 (2014/C) (ex 2014/NN) (ex 2014/CP) – An Ísiltír, cabhair líomhnaithe do Starbucks
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8566)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(2), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1), pointe (a), de,
Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
Is cuideachtaí iad Starbucks Coffee EMEA (dá ngairtear ‘Starbucks Coffee BV’ anseo feasta) agus Starbucks Manufacturing EMEA bv (dá ngairtear ‘SMBV’ anseo feasta) atá faoi rialú indíreach Starbucks Corporation. Bunaíodh an chuideachta dheiridh sin i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá sé ina ceanncheathrú ag an ngrúpa. Gairtear ‘Starbucks’ nó ‘grúpa Starbucks’ le chéile de Starbucks Corporation agus de na cuideachtaí uile atá faoi rialú na corparáide sin anseo feasta. |
|
(2) |
I litir dar dáta an 30 Iúil 2013, d’iarr an Coimisiún ar údaráis Ríocht na hÍsiltíre (‘an Ísiltír’) faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcleachtas rialaithe cánach san Ísiltír agus maidir le gach rialú a bhaineann le Starbucks Coffee BV agus le SMBV. |
|
(3) |
I litir dar dáta an 2 Deireadh Fómhair 2013, chuir údaráis na hÍsiltíre an fhaisnéis a iarradh faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear an réamh-chomhaontú praghsála (2) (3) a tugadh i gcrích in 2008 idir údarás cánach na hÍsiltíre agus Starbucks Coffee BV, chomh maith leis an réamh-chomhaontú praghsála a tugadh i gcrích in 2008 idir údarás cánach na hÍsiltíre agus SMBV (dá ngairtear ‘APA SMBV’ anseo feasta), agus doiciméid tacaíochta. Áirítear leis na doiciméid tacaíochta go sonrach tuarascáil ar phraghsáil aistrithe ó 2007 atá mar bhonn agus thaca ag an dá iarraidh ar APA (dá ngairtear ‘Tuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe’ anseo feasta) agus malartuithe idir údarás cánach na hÍsiltíre, ar thaobh amháin, agus comhairleoir cánach Starbucks Corporation (dá ngairtear ‘comhairleoir cánach’ anseo feasta) ag gníomhú thar ceann Starbucks Coffee BV agus SMBV, ar an taobh eile. Ina theannta sin, rinne údaráis na hÍsiltíre APA a tugadh i gcrích idir údarás cánach na hÍsiltíre agus Starbucks Coffee BV agus SMBV in 2001 a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na doiciméid tacaíochta. |
|
(4) |
Tar éis réamh-imscrúdú, chinn an Coimisiún an 11 Meitheamh 2014 nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a oscailt de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) ar APA SMBV ar an bhforas go bhféadfadh an APA sin a bheith ina státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) de CFAE (dá ngairtear ‘Cinneadh Tosaigh’ anseo feasta) (4). I litir dar dáta an 16 Iúil 2014, chuir údaráis na hÍsiltíre isteach a mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh. |
|
(5) |
An 19 Nollaig 2014, foilsíodh an Cinneadh Tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach maidir leis an gCinneadh Tosaigh. |
|
(6) |
I litir dar dáta an 16 Eanáir 2015, chuir Starbucks isteach a bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh. Rinne Comhlachas Comhairleoirí Cánach na hÍsiltíre (De Nederlandse Orde van Belastingadviseurs, dá ngairtear ‘NOB’ anseo feasta), Aontas Ghnóthais na hÍsiltíre & Aontas Críostaí Fostóirí na hÍsiltíre (Verbond van Nederlandse Ondernemingen & Nederlands Christelijk Werkgeversverbond, dá ngairtear ‘VNO-NCW’ anseo feasta), ATOZ Tax Advisers Luxembourg, Oxfam International, agus Comhlachas Trádála na hOstaire (Bundesarbeitskammer Österreich, dá ngairtear ‘BAK’ anseo feasta) barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh a chur isteach freisin. |
|
(7) |
I litreacha dar dáta an 20 agus an 26 Márta 2015, chuir údaráis na hÍsiltíre isteach a mbarúlacha i ndáil le barúlacha na dtríú páirtithe maidir leis an gCinneadh Tosaigh. |
|
(8) |
An 21 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2017/502 ón gCoimisiún (5), lenar cuireadh clabhsúr leis an imscrúdú foirmiúil ar APA SMBV. Sa Chinneadh sin, chinn an Coimisiún gur státchabhair a bhí san APA sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus ar chuir údaráis na hÍsiltíre i bhfeidhm go neamhdhleathach í de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. Ordaíodh don Ísiltír méid na cabhrach neamh-chomhoiriúnaí agus neamhdhleathaí a fuair SMBV a ghnóthú. |
|
(9) |
An 24 Meán Fómhair 2019, chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh (AE) 2017/502 ar neamhní ina breithiúnas Starbucks (6), ach ní dhearna an Chúirt aon difear don Chinneadh Tosaigh. Is breithiúnas críochnaitheach é sin. |
|
(10) |
Dá réir sin, b’éigean don Choimisiún athscrúdú a dhéanamh ar APA SMBV. |
|
(11) |
An 23 Nollaig 2020, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar údaráis na hÍsiltíre faoi na feidhmeanna, na sócmhainní agus na rioscaí a bhain le gníomhaíochtaí SMBV san Ísiltír i rith na tréimhse faoi imscrúdú. |
|
(12) |
Arna iarraidh sin ag Buanionadaíocht na hÍsiltíre chuig an Aontas, reáchtáil an Coimisiún cruinniú an 22 Eanáir 2021 chun plé a dhéanamh ar iarraidh bhreise an Choimisiúin ar fhaisnéis an 23 Nollaig 2020. |
|
(13) |
An 18 Márta 2021, chuir údaráis na hÍsiltíre freagraí isteach ar iarraidh bhreise an Choimisiúin ar fhaisnéis an 23 Nollaig 2020. |
|
(14) |
An 29 Aibreán 2021, reáchtáladh cruinniú idir an Coimisiún agus ionadaithe SMBV agus ionadaithe rialtas na hÍsiltíre chun na freagraí sin a phlé. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, an t-imscrúdú foirmiúil ar an rialú cánach faoi chonspóid, tá sé ar oscailt i gcónaí agus ní mór clabhsúr a chur leis. |
2. TUAIRISC AR AN mBEART
2.1. An tairbhí
|
(16) |
Is é SMBV, fochuideachta de chuid ghrúpa Starbucks atá ionchorpraithe san Ísiltír, tairbhí an bhirt. Starbucks Corporation agus gach cuideachta atá faoina rialú ag an gcorparáid sin atá i ngrúpa Starbucks. Is é Starbucks Corporation ceanncheathrú ghrúpa Starbucks. Tá Starbucks Corporation lonnaithe in Seattle i Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘Stáit Aontaithe’). |
|
(17) |
Róstóir, margóir agus miondíoltóir caife speisialtachta is ea grúpa Starbucks a fheidhmíonn in 65 thír. Ceannaíonn agus róstann sé caifí, agus díoltar na caifí sin, mar aon le caife, tae agus deochanna eile agus earraí bia úra a dhéantar de láimh, i siopaí a oibríonn an chuideachta. De réir thuarascáil bhliantúil ghrúpa Starbucks le haghaidh 2014, díolann grúpa Starbucks táirgí éagsúla caife agus tae agus ceadúnaíonn sé a thrádmharc trí chainéil eile amhail siopaí ceadúnaithe, siopaí grósaera, agus cuntais seirbhísí bia náisiúnta. Bhí glanioncam USD 16 448 milliún agus tuilleamh USD 2 067 milliún tar éis cánach ar fud an domhain ag grúpa Starbucks in 2014. |
|
(18) |
Is iad Starbucks Coffee BV agus SMBV, atá in aontú fioscach le chéile, na heintitis de chuid ghrúpa Starbucks a íocann cánacha san Ísiltír. Dá réir sin, comhdaíonn siad tuairisceán cánach aonair mar aon eintiteas amháin. |
|
(19) |
Teach rósta caife is ea SMBV atá i mbun oibríochta ó bhí 2002 ann. Tá a shaoráid in Amstardam ar an aon saoráid amháin den sórt sin atá lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe. Fochuideachta de chuid ghrúpa Starbucks san Eilvéis, Starbucks Coffee Trading Company SARL, a sholáthraíonn pónairí caife amha do SMBV, agus ceannaíonn an fhochuideachta sin na pónairí caife amha sin le haghaidh ghrúpa Starbucks ina iomláine agus le haghaidh a cheadúnaithe neamhspleácha. Déantar na pónairí le haghaidh mhargadh na hEorpa, an Mheánoirthir, agus na hAfraice a róstadh agus a phacáistiú san Ísiltír ina dhiaidh sin. |
|
(20) |
Ceadúnaíonn SMBV maoin intleachtúil maidir le róstadh caife ó Alki Limited Partnership (dá ngairtear ‘Alki LP’ anseo feasta) – fochuideachta de chuid ghrúpa Starbucks atá ionchorpraithe sa Ríocht Aontaithe a rialaíonn SMBV go hindíreach – agus tá an mhaoin intleachtúil sin riachtanach le haghaidh na bpróiseas rósta agus monaraíochta agus chun pónairí caife rósta a sholáthar d’oibreoirí siopa. Íocann SMBV ríchíos le Alki LP as sin. Faoi théarmaí comhaontaithe rósta idir Alki LP agus SMBV, feidhmíonn Alki LP mar an príomhaí le haghaidh Réigiún na hEorpa, an Mheánoirthir, agus na hAfraice agus iompraíonn sé gach riosca cuideachta as díol na dtáirgí agus costas gach caillteanais a thabhaítear mar thoradh ar ghníomhaíochtaí táirgthe, díola, iompair, agus stórála. |
|
(21) |
Faoi théarmaí comhaontaithe maidir le comhroinnt costas, íocfaidh Alki LP ríchíos le Starbucks Corporation as an eolas faoi róstadh caife, táillí seirbhíse as seirbhísí arna gcur ar fáil ag Starbucks Corporation do Alki LP, agus íocaíochtaí comhroinnte costas as forbairt sócmhainní doláimhsithe áirithe. |
|
(22) |
Mar úinéir shaoráid Eorpach Starbucks um róstadh caife, ní mór do SMBV a áirithiú go n-úsáidtear an trealamh ceart, go ndéantar na próisis chearta agus go dtáirgtear na pónairí rósta i gcomhréir leis na sonraíochtaí a sholáthair Alki LP sa chomhaontú rósta. De réir an chomhaontaithe sin, is é SMBV úinéir na bpónairí amha, a cheannaíonn sé ó sholáthróirí arna n-ainmniú nó arna bhformheas ag Alki LP. Áirithíonn SMBV go gcomhlíonann na táirgí, tráth an tseachadta chuig a shaoráid táirgthe, sonraíochtaí táirge Alki LP, agus bíonn oibleagáid ar SMBV pónairí nua a sholáthar go pras ar a chostas féin in ionad aon chainníocht de phónairí amha lochtacha nó neamhfheidhmeacha. Iompraíonn Alki LP, áfach, na rioscaí a bhaineann le caillteanais a tharlaíonn de dheasca tháirgeadh, dhíol, iompar, stóráil, chóireáil, nó úsáid na bpónairí caife agus ní mór dó SMBV a shlánú ar na héilimh ar chúiteamh a bhaineann leis an táirge. |
|
(23) |
Níl aon fhostaí ar an bpárolla ag Alki LP chun a ról mar phríomhaí faoin gcomhaontú rósta a fheidhmiú, ná níl fostaithe ar an bpárolla ag a chomhpháirtithe a dhéanann an ról sin. De réir faisnéis a chuir grúpa Starbucks isteach sa nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil, déanann Alki LP a ról trí na feidhmeanna treoraíochta, saineolais agus riachtanacha arna soláthar ag eintitis ghrúpa Starbucks sna Stáit Aontaithe de bhun comhaontú maidir le comhroinnt costas. |
|
(24) |
Meastar gur eintiteas trédhearcach é Alki LP chun críoch cánach san Ísiltír agus ar an gcaoi sin níl sé faoi dhliteanas cáin chorparáide faoi reachtaíocht cánach na hÍsiltíre. De thoradh na trédhearcachta cánach sin, measann údarás cánach na hÍsiltíre gur íocaíocht dhíreach le Starbucks Corporation sna Stáit Aontaithe í íocaíocht ríchíosa ó SMBV le Alki LP as úsáid maoine intleachtúla le haghaidh limistéar na hEorpa, an Mheánoirthir, agus na hAfraice. |
|
(25) |
Déanann fochuideachtaí de chuid ghrúpa Starbucks conarthaí a thabhairt i gcrích le Starbucks Coffee BV le haghaidh sheachadadh a bpónairí caife rósta agus táirgí eile. Na táirgí uile a dháileann SMBV (pónairí caife rósta, cupáin, agus naipcíní páipéir, etc.), idir tháirgí a tháirgeann SMBV agus táirgí a cheannaíonn SMBV ó sholáthróirí eile, díoltar le siopaí iad. Is siopaí neamhspleácha iad cuid de na siopaí, agus is le Starbucks cuid díobh. Is le foirmle a d’fhorbair eintitis eile de ghrúpa Starbucks a chinntear na praghsanna a ghearrann SMBV ar na siopaí. |
2.2. An beart atá faoi mheasúnú
APA SMBV
|
(26) |
Baineann an Cinneadh seo le APA SMBV. Bhí APA SMBV ceangailteach ar feadh 10 mbliana i bprionsabal, ón 1 Deireadh Fómhair 2007 go dtí an 31 Nollaig 2017. De réir faisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, áfach, foirceannadh APA SMBV an 30 Meán Fómhair 2014 i ngeall ar athrú ábhartha ar na fíorais a leagtar amach i roinn 1 den APA. |
|
(27) |
I dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, corrlach brabúis [9-12] (*1) % den bhonn costais ábhartha a bhí sa luach saothair. |
|
(28) |
De réir Airteagal 8b d’Acht na hÍsiltíre um Cháin Chorparáide, 1969 (Wet op de vennootschapsbelasting 1969), ba cheart d’APAnna den sórt sin luach saothair ar neamhthuilleamaí a chinneadh chun críoch praghsála aistrithe. Trí APA SMBV a thabhairt i gcrích, ghlac údarás cánach na hÍsiltíre leis, dá bhrí sin, gur luach saothair ar neamhthuilleamaí a bhí sa luach saothair a chinn an comhairleoir cánach i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe maidir le feidhmeanna a dhéanann SMBV san Ísiltír (lena n-áirítear an riosca a ghlactar agus na sócmhainní a úsáidtear) (7). |
|
(29) |
Tuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe a tugadh d’údarás cánach na hÍsiltíre i gcomhthéacs APA SMBV, is dlúthchuid den APA sin í. |
|
(30) |
Chun bonn cánach SMBV a shuí, dhéileáil APA SMBV leis na hidirbhearta inghrúpa a ndearna údarás cánach na hÍsiltíre measúnú orthu. D’íoc SMBV táille le cuideachta den ghrúpa (Alki LP) ar úsáid maoine intleachtúla rósta caife agus d’íoc sé táille le cuideachta eile den ghrúpa, Starbucks Coffee Trading Company SARL, ar phónairí caife amha a fháil. Trí APA SMBV, chinn údarás cánach na hÍsiltíre agus SMBV an luach saothair inchánach le haghaidh na seirbhísí rósta agus na ngníomhaíochtaí slabhra soláthair (i.e. dáileadh táirgí caife agus neamhchaife) a raibh baint ag SMBV leo. |
|
(31) |
In APA SMBV, ghlac údarás cánach na hÍsiltíre leis go gcinnfí leibhéal na híocaíochta ríchíosa ó SMBV le Alki LP ag deireadh gach bliana mar an difríocht idir an brabús oibriúcháin réadaithe roimh speansais ríchíosa agus an corrlach brabúis [9-12] % ar speansais oibriúcháin. Déantar foráil in APA SMBV freisin ‘[go bhfuil an] íocaíocht ríchíosa in-asbhainte chun críoch cáin chorparáide agus nach bhfuil sé faoi réir cáin shiarchoinneálach na hÍsiltíre’. |
Tuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe
|
(32) |
An luach saothair ar ghlac údarás cánach na hÍsiltíre leis in APA SMBV, bunaíodh é ar an anailís ar phraghsáil aistrithe a d’ullmhaigh an comhairleoir cánach i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, ar dlúthchuid den APA sin í. |
|
(33) |
Úsáidtear an Modh Trasghníomhaíochta Glanchorrlaigh (dá ngairtear ‘TNMM’ anseo feasta) i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe mar an rogha modha praghsála aistrithe chun feidhmíocht oibriúcháin SMBV a thagarmharcáil. Tá an modh sin ar cheann de na modhanna indíreacha chun praghsáil ar neamhthuilleamaí d’idirbhearta agus leithdháileadh brabúis idir cuideachtaí den ghrúpa corparáideach céanna a neasú. Déantar neastachán ann ar a mbeadh i mbrabús ar neamhthuilleamaí le haghaidh gníomhaíocht iomlán seachas le haghaidh idirbhearta aonair sainaitheanta. Ní dhéantar iarracht ann praghas na n-earraí arna ndíol a bhunú, ach déantar neastachán ann ar an leibhéal brabúis a bhféadfadh coinne a bheith ag cuideachtaí neamhspleácha leis ó ghníomhaíocht, amhail díol earraí. Déantar é sin trí chóimheas idir brabús agus bonn iomchuí (is é sin táscaire ar leibhéal brabúis) a ríomh, amhail costais, láimhdeachas nó infheistíocht sheasta, agus comparáid a dhéanamh ina dhiaidh sin idir an cóimheas sin agus na cóimheasa a bhraitear in idirbhearta neamhrialaithe inchomparáide. Tugtar míniú breise ar úsáid TNMM in aithris (44) den Chinneadh seo. |
|
(34) |
I dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, rinne comhairleoir cánach SMBV anailís fheidhmiúil ar idirbhearta inghrúpa agus neamhspleácha an ghnóthais sin le haghaidh a ghníomhaíochta monaraíochta. Aicmíodh SMBV mar róstóir caife ísealriosca. |
|
(35) |
Ós rud é gur measadh go raibh SMBV ar an bpáirtí ba lú castacht leis na hidirbhearta sin i dtéarmaí feidhmeanna, sócmhainní agus rioscaí, bhain an comhairleoir cánach úsáid as SMBV mar an páirtí arna thástáil chun a luach saothair ar neamhthuilleamaí a chinneadh faoi anailís TNMM. |
|
(36) |
Agus TNMM á chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí monaraíochta SMBV, mheas an comhairleoir cánach go raibh costais na seirbhísí arna soláthar ag SMBV ar an mbonn ábhartha le haghaidh an táscaire glanbhrabúis, i gcomhréir le modh an chostais plus ar meastar é mar mhodheolaíocht iomchuí le haghaidh seirbhísí slabhra soláthair agus monaraíochta. |
|
(37) |
Bhí an comhairleoir cánach den tuairim, áfach, nár cheart an corrlach brabúis a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na costais bhunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí ina ndearna SMBV ról breisluacha (8). I dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, liostaítear na costais bhunúsacha sin mar (i measc nithe eile) gach costas pearsanra a thabhaítear i ngníomhaíochtaí monaraíochta agus slabhra soláthair araon, costas an trealaimh táirgthe (i.e. dímheas) agus forchostas saoráide (amhail costas na saoráide féin). |
|
(38) |
Chun cur le hiontaofacht na hanailíse feidhmiúla, rinne an comhairleoir cánach coigeartú ar phraghsáil aistrithe chun a chur san áireamh nár cheart comhpháirt chostais le haghaidh pónairí caife amha a bheith i gcur chun feidhme beartaithe an chorrlaigh brabúis ar bhonn costais SMBV. |
|
(39) |
Na cuideachtaí inchomparáide a ndéanfaí torthaí airgeadais SMBV a thagarmharcáil ina gcoinne, thabhaigh siad costais ar amhábhair freisin. Dá bhrí sin, chuir an comhairleoir cánach coigeartú costais amhábhar i bhfeidhm chun modhnú a dhéanamh ar an gcorrlach costais iomlán arna ríomh le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí sa tacar cuideachta inchomparáide. |
|
(40) |
Leis an teaglaim coigeartuithe le haghaidh na comhpháirte costais le haghaidh pónairí caife amha agus le haghaidh chostas na n-amhábhar, athraíodh an luach saothair measta ó airmheán 7,8 % ar chostais iomlána go hairmheán measta 9,9 % ar chostais oibriúcháin. Measadh gur léiríodh le corrlach brabúis (slánaithe) de [9-12] % de chostais oibriúcháin ar an mbonn sin corrlach brabúis ar neamhthuilleamaí le haghaidh soláthar seirbhísí rósta agus gníomhaíochtaí slabhra soláthair gaolmhara ó SMBV le haghaidh a idirbheart inghrúpa. |
2.3. Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe
|
(41) |
Tagraíonn praghsanna aistrithe do phraghsanna a ghearrtar in idirbhearta tráchtála idir codanna éagsúla den ghrúpa corparáideach céanna. Bíonn spreagadh ó thaobh airgeadais de ag corparáidí ilnáisiúnta an brabús is lú agus is féidir a leithdháileadh ar dhlínsí ina mbíonn an brabús faoi réir cánachas níos mó. D’fhéadfadh a bheith ina dtoradh air sin praghsanna aistrithe nár cheart glacadh leo mar bhonn chun ioncam inchánach a ríomh. Chun an fhadhb sin a sheachaint, úsáideann údaráis chánach modheolaíochtaí praghsála aistrithe ar dá réir nach nglacfaidh siad ach le praghsanna aistrithe idir cuideachtaí inghrúpa atá inchomparáide leis na praghsanna a chomhaontódh cuideachtaí neamhspleácha i gcaibidlíocht faoi imthosca inchomparáide ar neamhthuilleamaí. ‘Prionsabal an fheidhmithe neamhspleách’ a thugtar air sin. |
|
(42) |
Ghlac an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (dá ngairtear ‘ECFE’ anseo feasta) treoraíocht i bhfoirm Treoirlínte maidir le Praghsáil Aistrithe, go háirithe. I bhfianaise chineál neamhcheangailteach Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe, ní dhéantar ach moladh d’údaráis chánach balltíortha de ECFE cloí leis na treoirlínte sin. Mar sin féin, sa chleachtas, is pointe fócasach atá i dTreoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe agus bíonn tionchar soiléir acu ar chleachtais chánach balltíortha de ECFE (agus fiú amháin ar chleachtais chánach tíortha nach balltíortha de ECFE iad). Thairis sin, i líon mór balltíortha de ECFE, tá feidhm dlí ag na Treoirlínte sin nó úsáidtear iad go sainráite chun an dlí cánach intíre a léirmhíniú. |
|
(43) |
Glacann Coiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha nuashonruithe ar a threoirlínte maidir le praghsáil aistrithe ó am go chéile, mar a rinne in 1995 agus 2010. |
|
(44) |
Baineann úsáid TNMM le mír 3.26 de Threoirlínte ECFE 1995 maidir le Praghsáil Aistrithe. De réir na dtreoirlínte sin, go ginearálta, an chuideachta lena mbaineann na feidhmeanna is simplí, ba cheart don chuideachta sin a bheith ar an bpáirtí leis an idirbheart a ndéantar táscaire ar ghlanbhrabús a thástáil ina leith. Sonraítear i dTreoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe go bhféadfaí teacht ar raon torthaí inghlactha le hanailís den sórt sin seachas aon toradh ceart sonrach amháin. Sa chleachtas, meastar gurb é an raon idircheathairíle de chóimheasa breathnaithe atá sa raon inghlactha sin. Is é atá i gceathairíleanna i sraith sonraí trí phointe lena roinntear na figiúirí sa tacar ón bhfigiúr is lú go dtí an figiúr is mó ina gceithre thacar a bhfuil an líon céanna sonraí iontu, is é sin tá 25 % de na sonraí ag an 25ú peircintíl nó faoina bun (ar a dtugtar an cheathairíl íochtarach freisin), tá 50 % de na sonraí ag an dara ceathairíl, atá ar an airmheán den tacar freisin, nó faoina bun sin, agus tá 75 % de na sonraí ag an 75ú peircintíl nó faoina bun (ar a dtugtar an cheathairíl uachtarach freisin). Is é atá sa raon idircheathairíle na luachanna uile idir an cheathairíl íochtarach agus an cheathairíl uachtarach. |
2.4. Rialacha na hÍsiltíre maidir le praghsáil ar neamhthuilleamaí
|
(45) |
Tugadh APA SMBV i gcrích ar bhonn Airteagal 8b(1) d’Acht na hÍsiltíre um Cháin Chorparáide, 1969 (Wet op de Vennootschapsbelasting 1969) (dá ngairtear ‘CIT’ anseo feasta). Leagtar síos prionsabal an fheidhmithe neamhspleách in CIT le hAirteagal 8b(1) a cuireadh isteach in CIT in 2002. |
|
(46) |
Le linn na tréimhse faoi imscrúdú, soláthraíodh treoraíocht maidir le léirmhíniú údarás cánach na hÍsiltíre de phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách a leagtar síos in Airteagal 8b(1) CIT le Cinneadh IFZ2001/295M ó Rúnaí Airgeadais Státchiste na hÍsiltíre an 30 Márta 2001 (dá ngairtear ‘an Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe’ anseo feasta). |
|
(47) |
Soiléirítear san Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe go bhfuil prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ina dhlúthchuid de CIT na hÍsiltíre i bprionsabal. I gcásanna inar gá Treoirlínte ECFE a shoiléiriú, sonraítear san Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe seasamh na hÍsiltíre maidir leis na pointí sin agus féachtar ann, nuair is féidir, aon mhearbhall a bhaint. |
|
(48) |
Go háirithe, sonraítear i gCaibidil 1.2 den Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe gur féidir raon ar neamhthuilleamaí a úsáid, mar is minic a ghinfear raon figiúirí le modh praghsála aistrithe ar leith agus bíonn na figiúirí sin uile chomh hiontaofa céanna. |
|
(49) |
Déileáiltear i gCaibidil 2 den Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe leis na modhanna praghsála aistrithe a dtugtar tuairisc orthu i dTreoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe. Bunaithe ar mhír 4.9 de na Treoirlínte sin, aon uair a dhéanann údarás cánach na hÍsiltíre iniúchadh ar phraghsáil aistrithe, sonraítear san Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe gur cheart tosú ar an iniúchadh sin ó pheirspictíocht an mhodha praghsála aistrithe arna ghlacadh ag an gcáiníocóir tráth an idirbhirt, ar choinníoll go bhfuil ina thoradh ar an bpraghsáil aistrithe arna glacadh sin toradh ar neamhthuilleamaí le haghaidh an idirbhirt lena mbaineann. |
3. AN FORAS CHUN AN NÓS IMEACHTA IMSCRÚDAITHE FOIRMIÚIL A THIONSCNAMH
|
(50) |
Ina chinneadh inar tionscnaíodh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil, bhí an Coimisiún den réamhthuairim gur dhealraigh sé gur státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach atá in APA SMBV, inar glacadh leis an luach saothair a mhol comhairleoir cánach SMBV le haghaidh na bhfeidhmeanna arna ndéanamh ag SMBV san Ísiltír. |
|
(51) |
Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún na trí ábhar amhrais seo a leanas in iúl faoi chomhlíontacht APA SMBV le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách. |
|
(52) |
Ar an gcéad dul síos, cheistigh an Coimisiún toimhde an chomhairleora cánach i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe nach raibh aon riosca á iompar ag SMBV agus gur cheart é a aicmiú mar mhonaróir dolaphróiseála nó mar mhonaróir ar conradh dá bhrí sin. Go háirithe, thagair an Coimisiún don fhianaise ar riosca fardail a thaifeadtar i gcuntais airgeadais SMBV, a thiocfadh salach ar an aicmiú mar mhonaróir dolaphróiseála. |
|
(53) |
Ar an dara dul síos, cheistigh an Coimisiún dhá choigeartú i ndiaidh a chéile ag an gcomhairleoir cánach mar dhealraigh sé go ndeachthas i ngleic leis an ábhar imní céanna maidir leis an anailís ar inchomparáideacht sa dá choigeartú. Leis an gcéad choigeartú, laghdaíodh an bonn costais chun bonn inchánach SMBV a ríomh i leith a speansas oibriúcháin. Mheas an comhairleoir cánach gurbh iomchuí coigeartú den sórt sin mar bheadh SMBV ina mhonaróir dolaphróiseála nó ar conradh. Leis an dara coigeartú, ar ainmníodh é mar ‘Choigeartú ar Chorrlach Comhshó’ i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, rinneadh iolra de Chostas Earraí arna nDíol a asbhaint de bhrabús cuideachtaí a úsáidtear mar ghnéithe inchomparáide chun críoch praghsála aistrithe. Leis an dara coigeartú sin, ar chuir an Ísiltír i láthair é mar ‘choigeartú ar an gcaipiteal oibre’, laghdaíodh bonn inchánach SMBV san Ísiltír. |
|
(54) |
Ar an tríú dul síos, cheistigh an Coimisiún cineál ar neamhthuilleamaí an ríchíosa arna íoc ag SMBV le Alki LP, ós rud é nár dhealraigh sé go raibh baint ag méid an ríchíosa le luach na maoine intleachtúla a bhí sé ceaptha a chúiteamh. I ngeall ar úsáid TNMM san anailís ar phraghsáil aistrithe, chomhfhreagraigh an ríchíos i ndáiríre do bhrabús iarmharach SMBV, i.e. aon bhrabús a thaifead SMBV os cionn [9-12] % den speansas oibriúcháin, athraíodh é ina ríchíos in-asbhainteach ó thaobh cánach. |
4. BARÚLACHA Ó ÚDARÁIS NA hÍSILTÍRE MAIDIR LEIS AN gCINNEADH TOSAIGH
|
(55) |
Chuir an Ísiltír isteach a barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh an 16 Iúil 2014. |
|
(56) |
D’áitigh an Ísiltír gurbh ar neamhthuilleamaí a bhí an luach saothair a comhaontaíodh in APA SMBV agus gurbh iomchuí an modh (i.e. TNMM, le táscaire ar leibhéal brabúis bunaithe ar chostas) a roghnaigh an comhairleoir cánach chun an luach saothair sin a chinneadh. Shonraigh an Ísiltír freisin nár tugadh buntáiste roghnaitheach do SMBV le APA SMBV. |
|
(57) |
Rinne an Ísiltír na hargóintí seo a leanas ina barúlacha chun tacú leis an tuairim sin. |
|
(58) |
Ar an gcéad dul síos, d’áitigh an Ísiltír gurbh é a bhí i gceist ag grúpa Starbucks i gcónaí saoráid rósta caife oibriúcháin ar riosca íseal a bhunú agus nár tháinig athrú mór ar na fíorais nár ar na himthosca in imeacht na mblianta. Thairis sin, rinne SMBV a fheidhmeanna faoi mhaoirseacht grúpeintiteas eile a d’iompair rioscaí na n-idirbheart sin ar deireadh thiar. |
|
(59) |
Dá bhrí sin, mheas an Ísiltír go raibh SMBV ar an ‘eintiteas ba shimplí’ (agus dá bhrí sin ar an bpáirtí arna thástáil) nach mór a luach saothair ar neamhthuilleamaí a chinneadh le staidéar tagarmharcála a raibh TNMM ar an modh ba mhó úsáid go hidirnáisiúnta chuige sin. I bhfianaise fheidhm tháirgthe SMBV, bhain SMBV úsáid as táscaire ar leibhéal brabúis bunaithe ar chostas. Chuir an Ísiltír i dtábhacht go raibh an cur chuige sin i gcomhréir leis na Treoirlínte ab infheidhme ó ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe agus leis an bhForaithne maidir le Praghsáil Aistrithe. Go sonrach, d’áitigh an Ísiltír go bhfuil gach cáiníocóir saor i bprionsabal, ar bhonn na Foraithne maidir le Praghsáil Aistrithe, modh praghsála aistrithe a roghnú ar choinníoll gur ann do thoradh ar neamhthuilleamaí le haghaidh an idirbhirt lena mbaineann de bharr an mhodha a roghnaítear. Ós rud é gur mheas an Ísiltír go raibh toradh APA SMBV ina chomhfhogasú inghlactha ar phraghas an mhargaidh, níor mheas sí gur tugadh buntáiste do SMBV leis. |
|
(60) |
Maidir leis na coigeartuithe ar inchomparáideacht, d’áitigh an Ísiltír nárbh ann d’aon nod tráth a dréachtaíodh Tuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe chun déileáil le monaróirí lena mbaineann próifíl ísealriosca. D’aithin an Ísiltír go raibh treoracha níos mó i dTreoirlínte ECFE 2010 maidir le Praghsáil Aistrithe maidir le coigeartuithe ar inchomparáideacht, lena n-áirítear coigeartuithe ar an gcaipiteal oibre, ach d’áitigh sí gur treoirlínte amháin atá sna samplaí sin agus go gciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé go dtiocfadh toradh ar neamhthuilleamaí as seasaimh eile chomh maith. Thairis sin, maidir leis an measúnú ar cé acu a bhí nó nach raibh APA SMBV i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, d’áitigh an Ísiltír nach mór an measúnú sin a bhunú ar na Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe a bhí ar fáil ag an am, i.e. Treoirlínte ECFE 1995 maidir le Praghsáil Aistrithe. Dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Caibidil III de Threoirlínte ECFE 2010 maidir le Praghsáil Aistrithe ina dtugtar sampla oibre de choigeartú ar inchomparáideacht, níorbh fhéidir é sin a chur i bhfeidhm. |
|
(61) |
Rinne an Ísiltír anailís íogaireachta freisin ar an raon ar neamhthuilleamaí, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, chun measúnú a dhéanamh ar stóinseacht na dtorthaí dá modhnófaí cuid de na paraiméadair. Bunaithe ar na hionsamhluithe sin, ba é conclúid na hÍsiltíre go dtiocfaí ar luach saothair laistigh den raon ar neamhthuilleamaí i gcónaí dá nglacfaí le haon cheann de na hábhair amhrais a chuir an Coimisiún in iúl. I gcomhréir le Treoirlínte ECFE 1995 maidir le Praghsáil Aistrithe, ní gá aon cheartúchán a dhéanamh i gcás ina bhfuil an luach saothair laistigh den raon ar neamhthuilleamaí. |
|
(62) |
Maidir leis an gcóras tagartha a chuir an Coimisiún i bhfeidhm mar bhonn dá anailís ar roghnaitheacht, arbh é a bhí ann an gnáthchóras cánach bunaithe ar an difríocht idir brabús agus caillteanas gnóthais a dhéanann a ghníomhaíochtaí faoi ghnáthdhálaí margaidh, d’áitigh an Ísiltír freisin nár sainaithníodh an córas sin i gceart. Dar leis an Ísiltír, is é Airteagal 8b(1) CIT, ina bhfuil prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, agus an Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe lena soláthraítear treoraíocht bhreise ar fheidhmiú phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, an córas tagartha ceart ar cheart é a bheith in úsáid. D’áitigh an Ísiltír nach bhféadfadh buntáiste roghnaitheach a bheith ann fad nach n-imeodh APA SMBV ó Airteagal 8b(1) CIT agus ón bhForaithne maidir le Praghsáil Aistrithe. |
|
(63) |
Ar deireadh, shonraigh an Ísiltír go sáródh an Coimisiún ceannasacht na hÍsiltíre dá bhforchuirfeadh sé a léirmhíniú féin ar phrionsabail chánach na mBallstát. |
5. BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA MAIDIR LEIS AN gCINNEADH TOSAIGH
5.1. Starbucks
|
(64) |
Chuir Starbucks isteach a bharúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh an 16 Eanáir 2015. Ina theannta sin, sheol Starbucks faisnéis mhargaidh chuig an gCoimisiún i litreacha dar dáta an 13 Aibreán 2015, an 29 Bealtaine 2015, an 10 Meán Fómhair 2015, agus an 23 Meán Fómhair 2015. |
|
(65) |
Bhí barúlacha Starbucks ag teacht le barúlacha na hÍsiltíre a bheag nó a mhór a mhéid a d’áitigh siad beirt go raibh an luach saothair in APA SMBV ar neamhthuilleamaí agus nár tugadh buntáiste roghnaitheach do SMBV leis. |
|
(66) |
Fearacht na hÍsiltíre, d’áitigh Starbucks nach ndearna SMBV ach feidhmeanna ísealriosca teoranta chun tacú le Starbucks Corporation le haghaidh Réigiún na hEorpa, an Mheánoirthir, agus na hAfraice. Ar deireadh thiar, ghlac grúpeintitis eile amhail Alki LP freagracht tráchtála as gníomhaíochtaí SMBV agus dá dhroim sin ba iad a d’iompair na rioscaí eacnamaíocha a bhain leis na hidirbhearta sin (riosca fardail ina measc). |
|
(67) |
Dá bhrí sin, chinn Starbucks go raibh TNMM ar an modh praghsála aistrithe ab iomchuí. Mheas Starbucks nach mór d’údarás cánach na hÍsiltíre, i gcás ar bith, tús a chur leis an scrúdú ar phraghsáil aistrithe ar bhonn na modheolaíochta arna roghnú ag an gcáiníocóir. |
|
(68) |
Mheabhraigh Starbucks nach eolaíocht chruinn atá sa phraghsáil aistrithe agus, dá bhrí sin, go dtáirgtear raon figiúirí le cur i bhfeidhm aon mhodh praghsála aistrithe go hiondúil agus d’fhéadfadh sé go mbeadh na figiúirí uile sin chomh hinchosanta céanna. Beidh ina dtoradh ar aon anailís ar phraghsáil aistrithe ó nádúr raon torthaí ar neamhthuilleamaí agus conclúid maidir le praghas amháin ar neamhthuilleamaí seachas ar an bpraghas ar neamhthuilleamaí. |
|
(69) |
Shonraigh Starbucks freisin go raibh roinnt tuarascálacha ad hoc aige a thug bunús breise le cineál ar neamhthuilleamaí an chorrlaigh a cinneadh in APA SMBV. |
|
(70) |
Maidir leis na coigeartuithe i dTuarascáil 2007 ar Phraghsáil Aistrithe, shoiléirigh Starbucks gurbh é an cuspóir a bhí leis na coigeartuithe sin cuntas a thabhairt ar dhifríochtaí tábhachtacha i bpróifílí feidhmiúla SMBV agus ar na cuideachtaí inchomparáide a áirítear leis an sampla chun teacht ar luach saothair ar neamhthuilleamaí iomchuí. Dar le Starbucks, bhí na coigeartuithe sin iomchuí, agus coimeádach ar bhealaí áirithe, agus is cinnte nár ganniontráladh luach saothair SMBV iontu as na feidhmeanna arna ndéanamh. |
|
(71) |
Fearacht na hÍsiltíre, d’áitigh Starbucks freisin nár shainaithin an Coimisiún an creat tagartha i gceart. D’áitigh Starbucks gur cheart córas cánach corparáide na hÍsiltíre agus go sonrach Airteagal 8b(1) CIT, an Fhoraithne maidir le Praghsáil Aistrithe agus cleachtas riaracháin údarás cánach na hÍsiltíre a úsáid mar an córas tagartha. Dar leis an Ísiltír agus le Starbucks araon, ní fhéadfadh imní maidir le státchabhair a bheith ann ach amháin i gcás inar imigh APA SMBV ó ghnáth-léirmhíniú agus ó ghnáthchur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách san Ísiltír. Thairis sin, d’áitigh Starbucks gur theip ar an gCoimisiún grúpa tagarmhairc cáiníocóirí a shainaithint agus nach i gcónaí a bhíonn cuideachtaí gaolmhara agus neamhghaolmhara i staid inchomparáide dhlíthiúil agus fhíorasach. |
|
(72) |
Ar deireadh, cháin Starbucks cur chuige an Choimisiúin mar a bheith bunoscionn le cur chuige údarás cánach na hÍsiltíre bunaithe ar shubstaint seachas ar fhoirm. Chuir Starbucks in iúl freisin nárbh fhéidir leis an gCoimisiún úsáid a bhaint as faisnéis a fuarthas tar éis APA SMBV le haghaidh a mheasúnaithe. |
5.2. Páirtithe leasmhara eile
|
(73) |
Maidir leis an gcinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cóireáil cánach áirithe cháiníocóra faoi APA ina státchabhair, d’áitigh NOB gur cheart an cinneadh sin a bheith bunaithe ar reachtaíocht na hÍsiltíre, ar an gcleachtas riaracháin, agus ar chur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách tráth a tugadh an APA sin i gcrích. Shonraigh NOB gur dhealraigh sé gur tugadh isteach leis an tagairt d’oibreoir margaidh neamhspleách stuama sa Chinneadh Tosaigh cineál nua de chaighdeán den Aontas de bhreis ar Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe chun measúnú a dhéanamh ar chineál ar neamhthuilleamaí an tsocraithe bhunúsaigh. D’iarr sé deimhniú go n-úsáidfeadh an Coimisiún an córas dlí intíre mar chreat tagartha agus nach n-úsáidfeadh sé aon chaighdeán eile. D’áitigh sé freisin go mbíonn ionchais dhlisteanacha ag cáiníocóirí nach státchabhair atá in APAnna a tugadh i gcrích bunaithe ar léirmhíniú náisiúnta ar na dlíthe náisiúnta. |
|
(74) |
Chuir VNO-NCW a ábhair imní in iúl faoi chur i bhfeidhm na tástála ar an oibreoir margaidh neamhspleách stuama agus mhol sé go n-úsáidfí na rialacha praghsála aistrithe a chuirtear i bhfeidhm go náisiúnta mar an tagarmharc chun measúnú a dhéanamh ar an roghnaitheacht. |
|
(75) |
D’áitigh ATOZ go ndealraíonn sé go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur ann do chaighdeán oibiachtúil ar neamhthuilleamaí bunaithe ar phrionsabail ECFE a chumhdaítear i ndlí an Aontais ar bhealach éigin agus atá níos tábhachtaí ná dlí náisiúnta agus cleachtas na mBallstát. Mar sin féin, dar le ATOZ, ba cheart don Choimisiún cé acu a bhí nó nach raibh APA SMBV i gcomhréir le dlí na hÍsiltíre a bhreithniú. D’áitigh ATOZ go raibh cur chuige an Choimisiúin ina ábhar éiginnteachta dlíthiúla i measc gnólachtaí idirnáisiúnta. |
|
(76) |
Chuir Oxfam agus BAK tacaíocht d’imscrúdú an Choimisiúin in iúl ina gcuid barúlacha. |
|
(77) |
Rinne Cuideachta X, iomaitheoir de chuid Starbucks nár mhian leis go nochtfaí a chéannacht, barúlacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar fhreagra ar an gCinneadh Tosaigh maidir leis an mbreisluach a chuirtear le caife amh mar thoradh ar an bpróiseas rósta. Mhaígh sé go mbeadh an breisluach cothrom le 13-17 %, ar an meán, de chostas an chaife amh i gcás caife róta agus meilte nó caife i bhfoirm pónairí. |
6. BARÚLACHA ÓN ÍSILTÍR MAIDIR LE BARÚLACHA TRÍÚ PÁIRTITHE AGUS BARÚLACHA CHUIDEACHTA X
|
(78) |
I litreacha dar dáta an 20 agus an 26 Aibreán 2015, chuir an Ísiltír in iúl gur aontaigh sí le barúlacha Starbucks, NOB, VNO-NCW agus ATOZ. Os a choinne sin, níor thacaigh an Ísiltír leis na hargóintí a rinne Oxfam agus BAK. |
|
(79) |
I litir dar dáta an 11 Márta 2015, shonraigh an Ísiltír nach bhféadfaidh sí aon fhreagra substainteach a thabhairt ar na barúlacha a rinne cuideachta X mar níor soláthraíodh anailís fheidhmiúil agus tagarmharc an iomaitheora anaithnid don Ísiltír. |
7. MEASÚNÚ
|
(80) |
Tar éis an ghrinn-imscrúdaithe, agus tar éis breithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas mar fhreagra ar an gCinneadh Tosaigh agus i bhfianaise thorthaí bhreithiúnas Starbucks, measann an Coimisiún nach féidir seasamh leis na hábhair imní a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh i ndáil leis an rialú cánach faoi chonspóid. |
7.1. Cabhair a bheith ann
|
(81) |
De réir Airteagal 107(1) CFAE, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát trí bhíthin acmhainní stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le soláthar earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit. |
|
(82) |
Faoi mar a chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (9), chun beart a cháiliú mar chabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ceanglaítear dá bhrí sin go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas: (i) ní mór an beart a bheith inchurtha i leith an Stáit agus ní mór é a mhaoiniú trí acmhainní Stáit; (ii) ní mór buntáiste a thabhairt dá fhaighteoir leis; (iii) ní mór an buntáiste sin a bheith roghnach; agus (iv) leis an mbeart ní mór iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt agus ní mór an cumas a bheith ann difear a dhéanamh do thrádáil idir na Ballstáit. |
|
(83) |
Sa mhéid a leanas, díreoidh an Coimisiún a mheasúnú ar cé acu a tugadh nó nár tugadh buntáiste do SMBV leis an rialú cánach faoi chonspóid. |
7.2. Buntáiste do SMBV a bheith ann
|
(84) |
Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, aon tairbhe eacnamaíoch nach bhféadfadh gnóthas a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, is é sin in éagmais idirghabháil Stáit. Agus á shuí gur ann do bhuntáiste, ní mór tagairt d’éifeacht an bhirt féin. A mhéid a bhaineann le bearta fioscacha, d’fhéadfaí buntáiste a thabhairt trí chineálacha éagsúla laghdaithe ar mhuirear cánach gnóthais agus go háirithe trí laghdú ar an mbonn inchánach nó ar an méid cánach dlite. |
|
(85) |
Mar a shonraítear i Roinn 3 den Chinneadh seo, rinne an Coimisiún an t-imscrúdú foirmiúil in aghaidh na hÍsiltíre maidir le APA SMBV a thionscnamh bunaithe ar na trí ábhar amhrais a shonraítear sa Chinneadh Tosaigh. |
|
(86) |
Ba é an chéad ábhar amhrais a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh cé acu a bhí nó nach raibh údarás cánach na hÍsiltíre ceart chun glacadh le haicmiú SMBV mar mhonaróir dolaphróiseála ísealriosca chun a luach saothair ar neamhthuilleamaí a chinneadh. |
|
(87) |
Maidir leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta ina breithiúnas nach leor ann féin toradh nár comhlíonadh ceanglais mhodheolaíocha anailíse traidisiúnta ar phraghsáil aistrithe chun a léiriú gur tugadh státchabhair. Fiú más rud é go raibh an Coimisiún ceart chun bheith in amhras faoin aicmiú praghsála aistrithe a cuireadh i bhfeidhm, níor mhór don Choimisiún a léiriú i gcónaí go raibh buntáiste do SMBV ina thoradh ar an earráid mhodheolaíoch sin. Dar leis an gCúirt Ghinearálta, sa chás seo, theip ar an gCoimisiún an buntáiste sin a léiriú de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh (10). |
|
(88) |
Ba é an dara hábhar amhrais a chuir an Coimisiún in iúl cé acu a bhí nó nach raibh údarás cánach na hÍsiltíre ceart chun glacadh leis an gcéad choigeartú agus leis an dara coigeartú a rinne an comhairleoir cánach agus luach saothair SMBV faoi APA SMBV á ríomh. Bhain an chéad choigeartú le rogha na speansas oibriúcháin mar an táscaire ar leibhéal brabúis chun luach saothair SMBV a ríomh. Ba choigeartú ar an gcaipiteal oibre é an dara coigeartú, mar a shonraigh SMBV. |
|
(89) |
Ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta nár léirigh an Coimisiún gur mhícheart an rogha táscaire ar leibhéal brabúis (11). |
|
(90) |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcoigeartú ar an gcaipiteal oibre, chinn an Chúirt Ghinearálta, i ndáil le cinneadh an Choimisiúin gur sholáthair grúpa Starbucks údar neamh-leordhóthanach leis na coigeartuithe a rinneadh ar na torthaí arna ríomh le TNMM, nár leor an cinneadh sin ann féin chun a léiriú go raibh na coigeartuithe sin earráideach nó gur tugadh buntáiste do SMBV leo. Ar an mbonn sin, chinn an Chúirt Ghinearálta nár léirigh an Coimisiún gur tugadh buntáiste do SMBV leis an gcoigeartú ar an gcaipiteal oibre (12). |
|
(91) |
Ba é an t-ábhar amhrais deiridh a chuir an Coimisiún in iúl cé acu a bhí nó nach raibh údarás cánach na hÍsiltíre ceart chun glacadh leis an modh a sainaithníodh in APA SMBV chun an leibhéal ríchíosanna atá iníoctha ag SMBV a ríomh. Maidir leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna an Coimisiún earráid trína chinneadh gur léiríodh leis na gaolta conarthacha idir grúpa Starbucks agus cuideachtaí eile rósta caife gur cheart nialas a bheith sa leibhéal ríchíosa arna íoc ag SMBV (13). Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin go ndearna an Coimisiún earráid trína chinneadh gur léiríodh le comhaontuithe idir iomaitheoirí ghrúpa Starbucks agus cuideachtaí eile rósta caife gur cheart nialas a bheith sa leibhéal ríchíosa arna íoc ag SMBV (14). |
|
(92) |
Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin nár léirigh an Coimisiún go leormhaith, i gcás nár nialas a bhí sa leibhéal ríchíosa arna íoc ag SMBV, gur cheart dó a bheith ní b’ísle ná an méid arna íoc faoi APA SMBV mar sin féin (15). Shonraigh an Chúirt Ghinearálta nár shonraigh an Coimisiún ina chinneadh an leibhéal ríchíosa a mheas sé mar a bheith iomchuí. (16) |
|
(93) |
Ar bhonn níos ginearálta, chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh an Coimisiún mícheart chun glacadh leis nár saothraíodh luach na maoine intleachtúla arna soláthar do SMBV ach amháin i gcás inar díoladh táirgí le custaiméirí deiridh (17). Chinn an Chúirt Ghinearálta, ó tharla gur ghá an mhaoin intleachtúil chun go bhfeidhmeodh SMBV a ghníomhaíocht eacnamaíoch, gur bhain SMBV luach as úsáid na maoine intleachtúla sin (18). |
|
(94) |
Thairis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh an Coimisiún mícheart chun a áitiú nach bhféadfadh SMBV ríchíos a íoc as an maoin intleachtúil sin mar ba neamhbhrabúsach na gníomhaíochtaí a raibh an mhaoin intleachtúil de dhíth ar SMBV ina leith (19). An fhaisnéis lenar léiríodh gur ghníomhaíochtaí neamhbhrabúsacha iad, shonraigh an Chúirt Ghinearálta nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil ach ó 2010 ar aghaidh agus ar an gcaoi sin nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil tráth a tugadh APA SMBV i gcrích. Maidir leis sin, i gcás ina n-eascródh cabhair nua as APA SMBV, shonraigh an Chúirt Ghinearálta gur cheart fógra faoin gcabhair sin a bheith tugtha don Choimisiún roimh a chur chun feidhme, mar a cheanglaítear le hAirteagal 108(3) CFAE. Ós rud é gurbh éigean don Choimisiún, sa chás sin, seasamh a ghlacadh ar fhógra den sórt sin gan úsáid a bhaint ach as an bhfaisnéis a bhí ar fáil dó an tráth sin, chinn an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfadh an Coimisiún locht a fháil ar údarás cánach na hÍsiltíre toisc nár chuir sé san áireamh faisnéis nach raibh ar eolas nó nach bhféadfaí í a thuar go réasúnta tráth a tugadh APA SMBV i gcrích (20). |
|
(95) |
Thairis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, cé go bhféadfadh údarás cánach na hÍsiltíre APA SMBV a chúlghairm nó a leasú le linn a thréimhse bailíochta, nár áitigh an Coimisiún gur tugadh buntáiste do SMBV de dhroim chinneadh údarás cánach na hÍsiltíre gan APA SMBV a chúlghairm nó a mhionathrú le linn a théarma (21). Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún i dteideal an argóint sin a úsáid chun údar a thabhairt le húsáid faisnéise nach raibh ar fáil ach tar éis thabhairt i gcrích APA SMBV. |
|
(96) |
Go hachoimre, chinn an Chúirt Ghinearálta gur theip ar an gCoimisiún a léiriú de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh gur tugadh buntáiste do SMBV le APA SMBV agus, dá bhrí sin, i bhfianaise chineál carnach na dtosca a mheabhraítear in aithris (82), gur theip ar an gCoimisiún a shuí gur thug an Ísiltír cabhair do SMBV de shárú ar Airteagal 107(1) CFAE. Chuir an Chúirt Ghinearálta an Cinneadh Clabhsúir ar neamhní dá réir sin. |
|
(97) |
De bhun Airteagal 266 de CFAE, tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Starbucks ón gCúirt Ghinearálta lenar cuireadh an Cinneadh Clabhsúir ar neamhní a chomhlíonadh. |
|
(98) |
Chuige sin, bhailigh an Coimisiún faisnéis bhreise a bhaineann le hoibríochtaí gnó ghrúpa Starbucks san Ísiltír trí iarraidh ar fhaisnéis a seoladh chuig an Ísiltír. Níor soláthraíodh fianaise in aighneacht údaráis na hÍsiltíre mar fhreagra ar an iarraidh sin ar fhaisnéis ná i gcruinniú ina dhiaidh sin idir an Coimisiún, údaráis na hÍsiltíre agus ionadaí ghrúpa Starbucks lenar deimhníodh, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh, na hábhair amhrais a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le comhlíontacht APA SMBV le hAirteagal 107(1) CFAE. |
|
(99) |
Thairis sin, níor nochtadh in imscrúdú an Choimisiúin aon fhoinse eile faisnéise airgeadais iontaofa ábhartha ón tréimhse inar tugadh an APA i gcrích i dtosach idir údarás cánach na hÍsiltíre agus SMBV lena soláthrófaí faisnéis le haghaidh a anailíse ar phraghsáil aistrithe. Bhí an easpa sonraí iontaofa sin thar a bheith ábhartha sa chás seo, mar chinn an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfadh an Coimisiún dul i muinín faisnéis nach raibh ar fáil tráth a tugadh i gcrích an beart faoi chonspóid (22). |
|
(100) |
Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún teacht ar an gconclúid nár léiríodh de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh san imscrúdú foirmiúil ar APA SMBV gur tháinig feabhas ar ghlanstaid airgeadais SMBV mar thoradh ar APA SMBV. |
Conclúid
|
(101) |
Na hábhair amhrais a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le buntáiste a bheith ann, ní mór don Choimisiún iad sin a chur i leataobh sa Chinneadh seo, dá bhrí sin. Ós rud é gur critéir charnacha iad na critéir chun a shuí gur ann do státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE, ní gá measúnú a dhéanamh ar na critéir eile a leagtar amach san fhoráil sin. |
8. CONCLÚID MAIDIR LE CABHAIR A BHEITH ANN
|
(102) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE atá in APA SMBV. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis an réamh-chomhaontú praghsála faoi chonspóid a d’eisigh údarás cánach Ríocht na hÍsiltíre an 28 Aibreán 2008, níor thug Ríocht na hÍsiltíre cabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh do Starbucks Manufacturing EMEA bv.
Airteagal 2
Is chuig Ríocht na hÍsiltíre a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Margrethe VESTAGER
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO C 460, 19.12.2014, lch. 11.
(2) Is mar chomhchiallaigh a úsáidtear na téarmaí ‘rialú cánach’ agus ‘APA’ sa Chinneadh seo ón gCoimisiún.
(3) Is é atá i réamh-chomhaontú praghsála comhaontú idir údarás cánach agus cáiníocóir maidir le cur i bhfeidhm an dlí cánach maidir le hidirbhearta (sa todhchaí). Cinntear le réamh-chomhaontú praghsála, sula ndéantar idirbhearta inghrúpa, tacar critéar iomchuí (e.g. modh, gnéithe inchomparáide agus coigeartuithe iomchuí orthu sin, toimhdí criticiúla maidir le himeachtaí sa todhchaí) chun praghsáil ar neamhthuilleamaí a chinneadh le haghaidh na n-idirbheart sin thar thréimhse ama sheasta. Cáiníocóir a thionscnaíonn réamh-chomhaontú praghsála go foirmiúil.
(4) IO C 460, 19.12.2014, lch. 11.
(5) Cinneadh (AE) 2017/502 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 maidir le státchabhair SA.38374 (2014/C ex 2014/NN) arna cur chun feidhme ag an Ísiltír do Starbucks (IO L 83, 29.3.2017, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/502/oj).
(6) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669.
(*1) Faisnéis rúnda.
(7) An bunleagan san Ollainnis: ‘[SMBV] wordt geacht een arm’s length vergoeding te ontvangen voor haar activiteiten zoals beschreven [in het transfer pricing report] indien de operationele marge [9-12] % van de relevante kostgrondslag bedraagt.’
(8) Úsáidtear ‘breisluach’ sa chás seo chun tuairisc a thabhairt ar chásanna ina dtógann cuideachta táirge a bhféadfaí é a mheas mar tháirge aonchineálach, gan ach líon beag difríochtaí (más ann do dhifríochtaí ar chor ar bith) idir an táirge sin agus táirge de chuid iomaitheora agus ina soláthraíonn sé gné nó breiseán do chustaiméirí féideartha lena dtugtar luach níos mó dó.
(9) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 2 Meán Fómhair 2010, An Coimisiún v Deutsche Post, C-399/08 P, ECLI:EU:C:2010:481, mír 39.
(10) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 427.
(11) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 501.
(12) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 541.
(13) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 359.
(14) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 358.
(15) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 362.
(16) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 368.
(17) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 260.
(18) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 262.
(19) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 273.
(20) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 250.
(21) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 248.
(22) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Meán Fómhair 2019, An Ísiltír agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-760/15 agus T-636/16, ECLI:EU:T:2019:669, mír 251.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2402/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)