This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2306
Commission Regulation (EU) 2025/2306 of 7 November 2025 establishing a fisheries closure for small-eyed ray in area 7e for vessels flying the flag of France
Rialachán (AE) 2025/2306 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic mhionsúileacha i limistéar 7e i gcás soithí faoi bhratach na Fraince
Rialachán (AE) 2025/2306 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic mhionsúileacha i limistéar 7e i gcás soithí faoi bhratach na Fraince
C/2025/7618
IO L, 2025/2306, 11.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2306/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2306 |
11.11.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2306 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Samhain 2025
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic mhionsúileacha i limistéar 7e i gcás soithí faoi bhratach na Fraince
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2025. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2025 ídithe ag gabhálacha an stoic roc mionsúileach i limistéar 7e a rinne soithí atá faoi bhratach na Fraince nó atá cláraithe sa Fhrainc. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an bhFrainc le haghaidh an stoic roc mionsúileach i limistéar 7e le haghaidh 2025 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí atá faoi bhratach na Fraince nó atá cláraithe sa Fhrainc. Toirmeascfar go háirithe éisc a lorg agus trealamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a gabhadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha de thaisme speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh in aghaidh cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
13/TQ202 |
|
BALLSTÁT |
An Fhrainc |
|
STOC |
RJE/07E. |
|
SPEICEAS |
An roc mionsúileach (Raja microocellata) |
|
LIMISTÉAR |
7e |
|
DÁTE AN IAIMH |
an 22 Deireadh Fómhair 2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2306/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)