This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2234
Council Decision (EU) 2025/2234 of 27 October 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union in the 197th session of the World Forum for Harmonization of Vehicle Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe
Cinneadh (AE) 2025/2234 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 197ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é
Cinneadh (AE) 2025/2234 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 197ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é
ST/13746/2025/ADD/1
IO L, 2025/2234, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2234/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2234 |
7.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2234 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Deireadh Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 197ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000. |
|
(3) |
I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin, déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadúcháin an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda (RTDanna) ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
(5) |
Ón 11 Samhain go dtí an 14 Samhain 2025, le linn an 197ú seisiún dá chuid, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe, inter alia, ar rialacháin Uimh. 0, 10, 16, 46, 48, 49, 62, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe; dhá thogra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir le déanamh feithiclí (R.E.3); togra le haghaidh ceartúchán ar rún frithpháirteach Uimh. 1 (M.R.1); agus togra le haghaidh leasú ar rún speisialta Uimh. 1 (S.R.1). |
|
(6) |
Chun an taithí allamuigh agus na forbairtí teicniúla a léiriú le linn an phróisis cineálcheadaithe, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le rialacháin Uimhreacha 0, 10, 16, 46, 48, 49, 62, 73, 79, 83, 90, 100, 105, 107, 121, 127, 129, 131, 134, 145, 148, 149, 154, 156, 171, 173, 174, 175 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh. |
|
(7) |
Chun an dul chun cinn teicneolaíoch agus an dícharbónú a éascú, is gá RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe. |
|
(8) |
Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an RTD ó na Náisiúin Aontaithe agus leis na rúin ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí sin a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí le linn an 197ú seisiún den fhóram sin, a thionólfar idir an 11 Samhain agus an 14 Samhain 2025, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais in WP.29 mionathruithe ar an dréachtchinneadh a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1997/836/oj).
(2) Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/125/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Rialachán Uimh. |
Teideal na míre ar chlár oibre |
Cód tagartha an doiciméid (1) |
|
0 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 0 ó na Náisiúin Aontaithe (ECE/TRANS/WP.29/1186, mír 59, bunaithe ar WP.29-196-22) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/159 |
|
10 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 07 de Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/3, arna leasú le GRE-92-24 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/110 |
|
10 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 06 de Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, mír 29, bunaithe ar GRE-90-36 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/113 |
|
16 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 16 ó na Náisiúin Aontaithe (Criosanna sábháilte) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 13 Bunaithe ar GRSP-77-03 agus GRSP-77-33-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/120 |
|
16 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 16 ó na Náisiúin Aontaithe (Criosanna sábháilte) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 13 Bunaithe ar GRSP-77-04 agus GRSP-77-33-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/121 |
|
16 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 16 ó na Náisiúin Aontaithe (Criosanna sábháilte) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 13 Bunaithe ar GRSP-77-05 agus GRSP-77-33-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/122 |
|
46 |
Togra le haghaidh sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 46 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Amhairc Neamhdhírigh) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 10, bunaithe ar GRSG-129-44-Rev.1 mar a atáirgtear in iarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/103 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Deiseanna Comharthaíochta Solais) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, míreanna 16, 18, 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/4 agus GRE-92-31, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/6, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/20/Rev.1 arna leasú le GRE-92-32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/114 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Deiseanna Comharthaíochta Solais) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, míreanna 16, 18, 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/4 agus GRE-92-31, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/6, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/20/Rev.1 arna leasú le GRE-92-32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/115 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Deiseanna Comharthaíochta Solais) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, míreanna 16, 18, 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/4 agus GRE-92-31, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/6, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/20/Rev.1 arna leasú le GRE-92-32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/116 |
|
48 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Deiseanna Comharthaíochta Solais) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, míreanna 16, 17, 18, 19, 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/4 agus GRE-92- 31, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/5 arna leasú le GRE-92-10-Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/6, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/7, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/20/Rev.1 arna leasú le GRE-92-32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/117 |
|
49 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (Gás peitriliam leachtaithe agus Gás nádúrtha comhbhrúite)) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 48., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/13) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/93 |
|
49 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (Gás peitriliam leachtaithe agus Gás nádúrtha comhbhrúite)) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 49., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/12, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/13, GRPE-92- 25-Rev.2 arna leasú le hIarscríbhinn VIII) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/94 |
|
62 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 62 ó na Náisiúin Aontaithe (Cosaint ar Úsáid Neamhúdaraithe i gcás Feithiclí de Chatagóirí L1 — L7 atá feistithe le hanla-bharraí). (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 39, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/2 nár leasaíodh) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/106 |
|
73 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 73 ó na Náisiúin Aontaithe (Fobharraí cosanta taoibh) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 15, bunaithe ar GRSG-129-21-Rev.5) |
ECE/TRAS/WP.29/2025/104, WP.29-197-09 |
|
79 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 14 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/137 |
|
79 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/138 |
|
83 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 19 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/8 arna leasú le hIarscríbhinn IV) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/95 |
|
83 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 21 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 14., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/8, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/9 agus GRPE-92-22 arna leasú le hIarscríbhinn V) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/96 |
|
83 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 15., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/8, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/9 agus GRPE-92-22 arna leasú le hIarscríbhinn VI) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/97 |
|
83 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 16., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/8 agus ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/10 arna leasú le hIarscríbhinn VII) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/98 |
|
90 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 12 a ghabhann le sraith leasuithe 01 de Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhpháirteanna athsholáthair coscán) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/35 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/139 |
|
90 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhann le sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhpháirteanna athsholáthair coscán) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/35 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/36 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/140 |
|
100 |
Togra le haghaidh cheartúchán 2 ar shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu) (sa Fhraincis amháin) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 20 Bunaithe ar GRSP-77-44 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/123 |
|
100 |
Togra le haghaidh cheartúchán 1 ar shraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu) (sa Fhraincis amháin) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 20 Bunaithe ar GRSP-77-44 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/124 |
|
100 |
Togra le haghaidh cheartúchán 1 ar shraith leasuithe 5 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu) (sa Fhraincis amháin) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 20 Bunaithe ar GRSP-77-44 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/125 |
|
105 |
Togra le haghaidh Cheartúchán 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 105 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí le haghaidh Iompar Earraí Contúirteacha) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 40, bunaithe ar GRSG-129-40 mar a atáirgtear in iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/107 |
|
107 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí M2 agus M3) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 3, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/9, arna leasú le hiarscríbhinn II) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/105 |
|
121 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 121 ó na Náisiúin Aontaithe (Sainaithint Rialaitheoirí, Leideoirí agus Táscairí) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 22, bunaithe ar GRSG-129-15, mar a atáirgtear in iarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/108 |
|
127 |
Togra le haghaidh fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 23 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/8 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/126 |
|
127 |
Togra le haghaidh fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 23 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/8 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/127 |
|
127 |
Togra le haghaidh fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 23, Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/8 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/128 |
|
129 |
Togra le haghaidh fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 04 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe srianta sábháilteachta linbh) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 26 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/4 agus GRSP-77-12 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/129 |
|
131 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Uathchoscánaithe Éigeandála) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22 bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-22-05 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/141 |
|
134 |
Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí hidrigine agus feithiclí breosla-chille) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 30 Bunaithe ar GRSP-77-30-Rev.2 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/130 |
|
134 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí hidrigine agus feithiclí breosla-chille) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 30 Bunaithe ar GRSP-77-46-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/131 |
|
145 |
Togra le haghaidh cheartúchán 2 a ghabhfadh leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais ancaireachta Isofix, ancaireachtaí ar teaghrán uachtaracha Isofix agus ionaid suí i-Size) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 53 Bunaithe ar GRSP-77-13-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/132 |
|
145 |
Togra le haghaidh cheartúchán 1 ar shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais ancaireachta Isofix, ancaireachtaí ar teaghrán uachtaracha Isofix agus ionaid suí i-Size) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 53 Bunaithe ar GRSP-77-14-Rev.1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/133 |
|
148 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Deiseanna comharthaíochta solais) ECE/TRANS/WP.29/GRE/92, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/20/Rev.1 arna leasú le GRE-92-32 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/112 |
|
149 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Soilsiúcháin Bóthair) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/92, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/8 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/118 |
|
149 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Soilsiúcháin Bóthair) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/92, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/8 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/119 |
|
154 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (WLTP) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 19., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/2, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/11 agus GRP-92-21-Rev.3 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hAguisín 3) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/99 |
|
154 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (WLTP) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 20., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/3, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/11 agus GRP-92-21-Rev.3 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hAguisín 4) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/100 |
|
154 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (WLTP) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 21., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/4, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/11 agus GRP-92-21-Rev.3 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hAguisín 5) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/101 |
|
154 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfadh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (WLTP) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 22., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/5, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/11 agus GRP-92-21-Rev.3 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hAguisín 6) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/102 |
|
156 |
Togra le haghaidh sraith nua leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Nuashonraithe Bogearraí agus Córas Bainistithe Nuashonraithe Bogearraí) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/28 |
ECE/TRAS/WP.29/2025/142, WP.29-197-07 |
|
171 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe (DCAS) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/31 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/30 arna leasú le GRVA-22-18 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/143 |
|
171 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe (CCRT) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/30 arna leasú le GRVA-22-18 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/144 |
|
173 |
Togra le haghaidh fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh. 173 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais srianta paisinéirí a shuiteáil) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 34 Bunaithe ar GRSP-77-55 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/134 |
|
174 |
Togra le haghaidh ceartúchán ar shraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 174 ó na Náisiúin Aontaithe (Meabhrúcháin criosanna sábháilte) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 35 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/6 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/135 |
|
174 |
Togra le haghaidh ceartúchán ar shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 174 ó na Náisiúin Aontaithe (Meabhrúcháin criosanna sábháilte) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 35 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/6 agus GRSP-77-16 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/136 |
|
175 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 175 ó na Náisiúin Aontaithe (Rialú Luasghéaraithe ar Earráid Troitheáin (ACPE)) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/33 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/145 |
|
176 |
Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 176 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Chúnta Réimse Radhairc) ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/7 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/109 |
|
Nithe ilghnéitheacha |
Teideal na míre ar chlár oibre |
Cód tagartha an doiciméid |
|
RTD |
Togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Tromshaothair Leictrithe (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 67., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/7, GRPE-92-43 mar a léirítear in Aguisín 7) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/149 |
|
Tuarascáil |
Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil ar fhorbairt Rialacháin Theicniúil Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Tromshaothair Leictrithe (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/92, mír 68., bunaithe ar GRPE-92-44 mar a léirítear in Aguisín 8) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/150 |
|
Tuarascáil |
An tríú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le ADS UNR agus RTD |
ECE/TRANS/WP.29/2025/160 |
|
Údarú |
Iarraidh ar údarú chun leasú ar RTD Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt |
ECE/TRANS/WP.29/2025/161 |
|
Rún |
Togra le haghaidh Athbhreithniú 8 a ghabhann leis an Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/5, arna leasú le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/146 |
|
Rún |
Togra le haghaidh leasuithe ar an Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/28 arna leasú le GRVA-22-11/Rev.2 |
ECE/TRAS/WP.29/2025/147, WP.29-197-06 |
|
Rún |
Togra le haghaidh ceartúchán ar M.R.1 (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 40, bunaithe ar GRSP-77-54) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/148 |
|
Rún |
Togra le haghaidh Leasú 3 ar Rún Speisialta Uimh. 1 (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/108, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/6, arna leasú le mír 30 den tuarascáil) |
ECE/TRANS/WP.29/2025/151 |
|
Treoraíocht |
Togra le haghaidh Treoirdhoiciméad maidir le húsáid an Bhunachair Sonraí chun Doiciméadacht Chineálcheadaithe a Mhalartú chun críche Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le feithiclí a cheadú i ndáil le Córas um Chúnamh Rialúcháin don Tiománaí (CCRT) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2025/29 arna leasú le GRVA-22-1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/92 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 1 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/152 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 2 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/153 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 3 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/154 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 5 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/155 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 6 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/156 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 7 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/157 |
|
Coimre |
Togra le haghaidh síneadh 5 bliana i gCoimre na nIarrthóirí ar liostú Uimh. 9 |
ECE/TRANS/WP.29/2025/158 |
(1) Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: https://unece.org/sites/default/files/2025-08/ECE-TRANS-WP.29-1187e%20%281%29.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2234/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)