This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2204
Commission Decision (EU) 2025/2204 of 24 October 2025 designating the European Coordinator for the Central- and South-East European energy interconnectivity and laying down the detailed arrangements for the performance of their mission and tasks
Cinneadh (AE) 2025/2204 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a mhisin agus a chúraimí
Cinneadh (AE) 2025/2204 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a mhisin agus a chúraimí
C/2025/7126
IO L, 2025/2204, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2204/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2204 |
30.10.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2204 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2025
lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a mhisin agus a chúraimí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá dúshláin roimh réigiún Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, amhail athruithe struchtúracha sna córais leictreachais, riachtanais chomhfhreagracha forbartha líonra agus bonneagair, comhtháthú méadaitheach ar fud na n-earnálacha fuinnimh, dícharbónú an chórais gáis, patrúin athraitheacha i soláthairtí gáis na hEorpa, comhthéacs geopholaitiúil an lae inniu arna shainiú go tábhachtach ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, sainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha i réigiún Lár agus Oirdheisceart na hEorpa agus an t-éileamh ar inacmhainneacht agus iomaíochas. |
|
(2) |
Chun freagairt go héifeachtach do na dúshláin sin, tá tuilleadh tacaíochta faoin gcreat beartais fuinnimh tras-Eorpach agus comhar réigiúnach de dhíth ar an réigiún chun an idirnascacht réigiúnach a neartú i Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, chun creat rialála a chur chun cinn lena n-áiritheofar comhtháthú margaidh, úsáid éifeachtúil bonneagair agus inacmhainneacht i gcomhréir le acquis an Aontais, agus chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú i réigiún Lár agus Oirdheisceart na hEorpa. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú ar feadh tréimhse suas le bliain amháin, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó. Chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún an tacaíocht is gá a sholáthar chun an idirnascacht fuinnimh réigiúnach agus an comhtháthú margaidh a neartú, is gá comhordaitheoir tiomnaithe Eorpach a cheapadh le haghaidh na hidirnascachta fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa. Beidh an Comhordaitheoir freagrach as éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal lena gcuirtear chun cinn idirnascacht agus dea-fheidhmiú mhargaí fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, lena n-áirítear tionscadail leasa choitinn (TLC) faoi Rialachán (AE) 2022/869 agus tionscnaimh a thagann faoi choimirce an Ghrúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC) (2) faoi chathaoirleacht an Choimisiúin. Soláthróidh an Comhordaitheoir saineolas maidir le cur chun feidhme agus dul chun cinn na n-infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh, an chomhtháthaithe margaidh agus na ngníomhaíochtaí beartais sa réigiún, sainaithneoidh sé scrogaill agus tabharfaidh sé comhairle do na páirtithe leasmhara agus do na húdaráis maidir le conas deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú chun cur chun feidhme tráthúil agus rathúil na dtionscadal agus na ngníomhaíochtaí beartais a bhaineann leis an sainordú a áirithiú. Déanfaidh an Comhordaitheoir cúraimí an tsainordaithe i gcomhar agus i gcomhlántacht leis an gcomhar réigiúnach sa Ghrúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC). |
|
(4) |
Ba cheart an Comhordaitheoir a cheapadh le haghaidh sainordú bliana amháin i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869. Ba cheart an cinneadh faoi athnuachan an tsainordaithe a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit lena mbaineann i bhfianaise riachtanais an tsainordaithe an tráth sin. |
|
(5) |
D’fhonn a chuid cúraimí a fhorbairt, ba cheart liúntas míosúil ar ráta comhréidh a dheonú don Chomhordaitheoir Eorpach chun na costais rúnaíochta nach féidir le ranna an Choimisiúin a sholáthar go díreach a chumhdach agus ba cheart na costais mhisin a aisíoc leis i gcomhréir le rialacha an Choimisiúin i gcomhréir leis an Vademecum atá i gceangal leis an gcinneadh seo. |
|
(6) |
Ar bhonn Airteagal 6(3) de Rialachán (AE)2022/869, rinneadh an nós imeachta roghnúcháin le glao oscailte ar léiriú spéise ar feadh míosa idir an 4 Lúnasa agus an 4 Meán Fómhair 2025. Is é an tOllamh Dr Klaus-Dieter Borchardt an t-iarratasóir a roghnaíodh. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann idirnascacht fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, is iad sin an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Rómáin, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, maidir le torthaí an nós imeachta roghnúcháin agus an sainordú le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh. Chuir na Ballstáit in iúl go n-aontaíonn siad le hainmniú an Chomhordaitheora Eorpaigh i mí Dheireadh Fómhair 2025. |
|
(8) |
Tá práinn leis an gceapachán i bhfianaise na ndúshlán sa réigiún. Ar an gcúis sin, ba cheart an cinneadh a theacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ainmnítear an tOllamh Dr Klaus-Dieter Borchardt ina Chomhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa.
Airteagal 2
(1) Cuirfear tús le sainordú an Chomhordaitheora Eorpaigh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus tiocfaidh deireadh leis bliain amháin tar éis an dáta sin.
(2) Féadfar sainordú an Chomhordaitheora a athnuachan faoi dhó, más gá. Féadfaidh an Comhordaitheoir Eorpach, tráth ar bith, iarraidh ar an gCoimisiún a shainordú a fhoirceannadh.
Airteagal 3
Leagtar síos in Iarscríbhinn I na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh mhisin agus chúraimí an Chomhordaitheora Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj.
(2) Bunaíodh Grúpa Ardleibhéil CESEC in 2015 agus tá 17 gcomhalta ann ó naoi mBallstát de chuid an Aontais (an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic) agus ó ocht bPáirtí Chonarthacha de chuid an Chomhphobail Fuinnimh (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeirbia agus an Úcráin).
* in line with UNSCR 1244 and the ICJ Opinion on the Kosovo declaration of independence.
IARSCRÍBHINN
Téarmaí Tagartha
Rialachán GTE-F – Comhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa
Réamhrá
Is é an Coimisiún Eorpach a cheapann an Comhordaitheoir Eorpach um an idirnascacht fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (dá ngairtear ‘an Comhordaitheoir’ anseo feasta) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (Rialachán GTE-F). Beidh an Comhordaitheoir freagrach as éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal lena gcuirtear chun cinn idirnascacht agus dea-fheidhmiú mhargaí fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, lena n-áirítear tionscadail leasa choitinn (TLC) faoi Rialachán GTE-F agus tionscnaimh a thagann faoi choimirce an Ghrúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC) (1) faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.
Tréimhse an tSainordaithe
Ceapfar an Comhordaitheoir ar feadh tréimhse tosaigh bliana, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó, faoi réir feidhmíocht shásúil agus riachtanais na dtionscadal. Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun ceapachán an Chomhordaitheora roghnaithe a tharraingt siar, tráth ar bith, i gcás ina bhfuil sé neamhghníomhach, i gcás nach leor an rannchuidiú a thugann sé d’idirnascacht fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa nó i gcás ina bhfuil an rannchuidiú sin ar chaighdeán íseal, nó i gcás nach gcomhlíonann an Comhordaitheoir aon cheann de na ceanglais roghnúcháin a thuilleadh.
Cúraimí Sonracha agus na Spriocdhátaí a ghabhann leo
Is é misean an Chomhordaitheora an idirnascacht réigiúnach a neartú i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa, creat rialála a chur chun cinn lena n-áiritheofar comhtháthú margaidh, úsáid éifeachtúil bonneagair agus inacmhainneacht i gcomhréir le acquis an Aontais agus slándáil agus éagsúlú an tsoláthair fuinnimh a áirithiú i réigiún Lár agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá misean an Chomhordaitheora nasctha le cur chun feidhme rathúil agus tráthúil tionscadal, cúraimí, gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a chur i gcrích faoi Rialachán GTE-F i Lár agus Oirdheisceart na hEorpa.
Soláthróidh an Comhordaitheoir an saineolas criticiúil is gá agus an dlúthobair leantach is gá chun na tionscadail agus na cúraimí a chur i gcrích go tráthúil agus go hordúil i gcomhréir le spriocdhátaí agus plean cur chun feidhme na dtionscadal mar a shainítear i bPlean Gníomhaíochta CESEC maidir le Leictreachas agus Fuinneamh In-athnuaite agus i bPlean Gníomhaíochta CESEC maidir le Gáis, lena n-áirítear an fhorbairt a dhéanfar orthu amach anseo lena léireofar go háirithe torthaí an nós imeachta roghnúcháin TLC/TLF atá le teacht faoi Rialachán GTE-F.
Déanfaidh an Comhordaitheoir dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn na n-infheistíochtaí bonneagair agus na ngníomhaíochtaí beartais, soláthróidh sé comhairle agus éascóidh sé aon bheart is gá do na páirtithe leasmhara nó do na húdaráis a dhéanamh chun deacrachtaí a d’fhéadfadh moill mhór a chur ar an gcur chun feidhme a shárú, agus tabharfaidh sé tuairisc don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir leis an dul chun cinn ábhartha. Oibreoidh an Comhordaitheoir go dlúth leis na Ballstáit lena mbaineann, na húdaráis rialála, na tionscnóirí tionscadail, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus éascóidh sé an comhar eatarthu chun a áirithiú go gcuirfear na tionscadail agus na gníomhaíochtaí beartais a bhaineann leis an misean chun feidhme go tráthúil agus go rathúil. Glacfaidh an Comhordaitheoir cur chuige réamhghníomhach agus rannchuideoidh sé go gníomhach, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit lena mbaineann, le cur i gcrích na gcúraimí agus na ndualgas sainithe is gá le haghaidh na dtionscadal, lena n-áirítear rannpháirtíocht i meithleacha, i gcruinnithe nó i gceardlanna. Gairfidh agus eagróidh an Comhordaitheoir na cruinnithe sin in éineacht leis an gCoimisiún má mheastar go bhfuil gá leo chun an sainordú a chur chun feidhme. Cuirfidh an Comhordaitheoir an comhar réigiúnach in CESEC agus gníomhaíochtaí an Ghrúpa Ardleibhéil san áireamh, mar a leagtar amach sna conclúidí polaitiúla agus sna pleananna gníomhaíochta faoi seach. Is trí mheán an Bhéarla a dhéanfar obair an Chomhordaitheora Eorpaigh.
Go sonrach, áiritheoidh an Comhordaitheoir gur féidir leis an gCoimisiún an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann trí chúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 6 mír 2 de Rialachán GTE-F a chur chun feidhme:
|
— |
Tionscadail TLC atá ar an gcéad liosta TLC/TLF a chur chun cinn i mBallstáit AE CESEC, is iad sin 2.4 Idirnascaire leictreachais idir Würmlach (AT) – Somplago (IT), TLC 2.5 braisle leictreachais na hUngáire – na Rómáine, TLC 2.8 Idirnascaire idir Lienz (AT) – réigiún Veneto (IT), TLC 10.3 Idirnascaire hidrigine idir an Ghréig agus an Bhulgáir, 10.4 Conair chineálach arb é is aidhm di hidrigin a tharchur ón Úcráin go dtí an tSlóvaic, an tSeicia, an Ostair agus an Ghearmáin, eangach chliste leictreachais TLC 12.2 CARMEN (BG, RO), TLC 12.3 Danube InGrid (HU, SK), TLC 12.5 GreenSwitch (AT, HR, SI) agus an t-idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Féadfar cumhdach tionscadal a leathnú bunaithe ar thorthaí na nósanna imeachta roghnúcháin TLC/TLF atá le teacht; |
|
— |
Cúnamh a thabhairt do na páirtithe uile de réir mar is gá agus arna iarraidh sin dóibh ina ngníomhaíochtaí trí dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, trí ródúchán malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus trí na ceadanna is gá a fháil le haghaidh na dtionscadal; |
|
— |
I gcás inarb iomchuí, comhairle a chur ar thionscnóirí tionscadail maidir leis na tionscadail a mhaoiniú; |
|
— |
An tacaíocht agus an stiúradh straitéiseach iomchuí a áirithiú ó na Ballstáit lena mbaineann – agus ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh a mhéid lena mbaineann – chun na tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme agus chun comhthuiscint agus malartú faisnéise a éascú chun go ngníomhóidh na heintitis uile atá ábhartha maidir leis na tionscadail i gcomhaontú le chéile agus ar bhealach comhtháite comhleanúnach; |
|
— |
Treoir a thabhairt maidir le forbairt an líonra fuinnimh réigiúnaigh i Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, lena n-áirítear tacaíocht do chur chun feidhme tráthúil tionscadal leasa choitinn sa réigiún; arna comhlánú leis an tacaíocht is gá do chomhtháthú an mhargaidh fuinnimh, do shlándáil an tsoláthair agus don inacmhainneacht – i gcomhar leis na Ballstáit uile lena mbaineann, na húdaráis, na gníomhaithe margaidh, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus páirtithe leasmhara eile; |
|
— |
Tosaíochtaí a chur chun cinn a shainítear i bPlean Gníomhaíochta CESEC maidir le Leictreachas agus Fuinneamh In-athnuaite agus i bPlean Gníomhaíochta CESEC maidir le Gáis; agus |
|
— |
Gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a shainordaithe dó, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le nascacht CESEC agus maidir le haon deacracht agus aon bhacainn ar dócha go gcuirfidh siad moill mhór ar dháta coimisiúnaithe na n-infheistíochtaí ábhartha nó ar an dáta ar a ndéanfar gníomhaíochtaí ábhartha. Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa. |
Beidh an Comhordaitheoir ag déanamh na misean riachtanach uile maidir leis na láithreáin ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail nó na láithreáin ar a dtionólfar cruinnithe a bhaineann leis an tionscadal.
Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.
An Mhodheolaíocht atá le Leanúint
Oibreoidh an Comhordaitheoir i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, go háirithe an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, Grúpa Ardleibhéil CESEC, na Ballstáit agus i gcás inarb ábhartha, Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh lena mbaineann, tionscnóirí tionscadail, údaráis rialála agus páirtithe leasmhara ábhartha eile.
Liúntas agus Aisíocaíocht
Deonófar liúntas míosúil ar ráta comhréidh EUR 3 000 don Chomhordaitheoir chun na costais a bhaineann le cúnamh rúnaíochta a chumhdach, i gcás nach soláthraíonn ranna an Choimisiúin é go díreach (costais a bhaineann le cumarsáid, troscán oifige éagsúil, spás oifige, rúnaíocht), agus chun na costais a bhaineann le hionadaíocht ar mhisin taistil a chumhdach freisin i gcomhréir le rialacha an Choimisiúin. EUR 15 000 atá i mbuiséad bliantúil an mhisin. Déanfar tagairt do rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht misean i ndoiciméad ar leith (‘Vademecum’).
Rúndacht agus Coinbhleacht Leasa
Ní úsáidfidh an Comhordaitheoir ná ní sceithfidh sé aon doiciméad ná faisnéis a gheobhaidh sé le linn a chuid dualgas a chomhlíonadh, mura bhfuil an fhaisnéis sin san fhearann poiblí cheana. Seachnóidh an Comhordaitheoir aon chás a mbeadh coinbhleacht leasa mar thoradh air maidir leis na réimsí ina n-iarrtar air idirghabháil a dhéanamh.
Glacadh na dTéarmaí Tagartha
Trí ghlacadh leis an sainordú seo, aithníonn an Comhordaitheoir go bhfuil na téarmaí tagartha agus na coinníollacha a leagtar amach sa doiciméad seo léite aige, go dtuigeann sé iad agus go nglacann sé leo.
Vademecum maidir le rialacha oibre sonracha le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh
I. Misin a eagrú
Sa doiciméad seo, tugtar tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh na misean uile a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an Chomhordaitheora Eorpaigh (dá ngairtear ‘Comhordaitheoir’ anseo feasta).
Gníomhóidh Aonad C4 AS ENER (Bonneagar agus Comhar Réigiúnach) mar phointe teagmhála an Chomhordaitheora sa Choimisiún. Cuideoidh foireann an Aonaid le heagrú na misean agus, nuair is gá, gabhfaidh siad leis an gComhordaitheoir.
1. MISEAN A ULLMHÚ
1.1. Ordú misin
Ní mór misin an Chomhordaitheora a ionchódú in uirlis chorparáideach MIPS+ (Córas próiseála comhtháite na misean) agus ba cheart cloí leis na rialacha ginearálta a leagtar síos san Iarscríbhinn ‘Treoir maidir le misin agus le taisteal údaraithe’ a ghabhann leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir leis na forálacha ginearálta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 11, 12 agus 13 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne na nOifigeach (costais mhisin) agus maidir le taisteal údaraithe.
Ní mheastar gur bailí misin ach amháin má fhormheasann Ard-Stiúrthóir AS ENER C (oifigeach údarúcháin) iad. Ba cheart dáta agus uainiú an mhisin, an ceann scríbe agus an cuspóir a áireamh san iarratas ar mhisean.
1.2. Modhanna iompair a chur in áirithe
Ar bhonn ordú formheasta an mhisin, is féidir modhanna iompair a chur in áirithe leis an ngníomhaireacht taistil oifigiúil le cúnamh ó Aonad C4 AS ENER nó ón gComhordaitheoir féin. I gcás ina dtugann an Comhordaitheoir féin cúnamh, roinnfidh sé na ticéid agus na hadmhálacha ar a léirítear an praghas go soiléir le hAonad C4 AS ENER. Déanfaidh Aonad C4 AS ENER na socruithe taistil a ionchódú in MIPS+.
|
— |
Tá cead ag an gComhordaitheoir ticéid sholúbtha a iarraidh má tá riosca suntasach ann go gcuirfear an misean ar ceal nó go leasófar é. |
1.3. Costais óstáin a aisíoc
Féadfar an Comhordaitheoir an lóistín a roghnú, agus uasteorainneacha na haisíocaíochta maidir le costais lóistín á gcur san áireamh. Aisíocfar costais lóistín, ar an sonrasc a chur isteach, suas leis an uasteorainn le haghaidh láithreán an mhisin, nó, má dheonaíonn an t-oifigeach údarúcháin údarú chun an uasteorainn a shárú, aisíocfar méid iomlán an tsonraisc.
Ní chumhdófar an costas a bhaineann le hoícheanta breise i gcás ina gcomhcheanglaítear taisteal le laethanta saoire.
1.4. Costais tacsaí
Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin turais aistrithe i dtacsaí a cheadú mura rogha mhalartach iomchuí é iompar poiblí. Aisíocfar na costais nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.
Ba cheart turais i dtacsaí a ghlacadh laistigh den uainiú a léirítear in ordú an mhisin.
1.5. Coinbhleacht leasa
|
— |
Seachnófar aon chás a mbeadh coinbhleacht leasa mar thoradh air maidir leis na réimsí ina n-iarrtar ar an gComhordaitheoir idirghabháil a dhéanamh. Cuirfidh an Comhordaitheoir an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon choinbhleacht leasa a thiocfaidh chun cinn le linn an téarma oifige. |
|
— |
Ina theannta sin, ní úsáidfidh an Comhordaitheoir ná ní sceithfidh sé aon doiciméad ná faisnéis a gheobhaidh sé le linn a chuid dualgas a chomhlíonadh, mura bhfuil an fhaisnéis sin san fhearann poiblí cheana. Beidh na torthaí uile a chuirfidh an Comhordaitheoir ar fáil faoi úinéireacht an Aontais, agus féadfaidh an tAontas iad a úsáid nó iad a fhoilsiú de réir mar is cuí leis. |
|
— |
Ní féidir le heagraithe imeachta íoc as misin. Tá feidhm aige sin maidir le misin a thairgeann na Ballstáit freisin. Cumhdóidh an Coimisiún Eorpach costas na socruithe taistil/misin. |
|
— |
D’fhonn an úsáid is fearr a bhaint as buiséad an mhisin, más féidir, ba cheart cruinnithe nó cuairteanna a ghrúpáil le chéile chun iad a laghdú, a dhíriú agus a bharrfheabhsú. |
|
— |
Ba cheart tús áite a thabhairt do mhodhanna iompar atá níos glaise le haghaidh na misean. Ba cheart aon tairiscint bronntanas a bhaineann le comhlíonadh dhualgais an Chomhordaitheora a dhiúltú ach amháin i gcás nach bhfuil ach luach siombalach ag baint leis agus nach sáraíonn an luach sin EUR 50. Beidh an Comhordaitheoir faoi cheangal na treorach ón gCoimisiúin maidir le misin dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún maidir lena cheapadh. |
2. TAR ÉIS AN MHISIN
2.1. Tuarascáil mhisin
Ní mór don Chomhordaitheoir tuarascáil mhisin a sholáthar. Má ghabhann ionadaí de chuid Aonad C4 AS ENER leis an gComhordaitheoir, tá cead ag an gComhordaitheoir leas a bhaint as an tacaíocht ón Ionadaí le haghaidh sholáthar na tuarascála. Tarchuirfear an tuarascáil chuig Ard-Stiúrthóir AS ENER C le haghaidh faisnéise agus é curtha i gceangal leis an iarratas ar aisíocaíocht na gcostas. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na doiciméid sin a iarraidh ag céim áirithe chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt leis na costais.
Dáta:
Ainm, sloinne:
Síniú:
(1) Bunaíodh Grúpa Ardleibhéil CESEC in 2015 agus tá 17 gcomhalta ann ó naoi mBallstát de chuid an Aontais (an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic) agus ó ocht bPáirtí Chonarthacha de chuid an Chomhphobail Fuinnimh (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeirbia agus an Úcráin).
* i gcomhréir le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2204/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)