CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2069 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6881)
(Is é an téacs Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha.
|
|
(2)
|
I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí.
|
|
(3)
|
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.
|
|
(4)
|
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc. Go sonrach, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú sa Fhrainc, ar criosanna srianta iad lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus maidir le crios vacsaínithe a bhunú sa Fhrainc i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireacháin sin, chomh maith leis an crios vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.
|
|
(5)
|
Ó leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1762 (6) agus (AE) 2025/1931 (7) ón gCoimisiún, thug an Fhrainc fógra don Choimisiún faoi ráig dheimhnithe bhreise de ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíocht bó-ainmhithe i roinn Rhône i réigiún Auvergne-Rhône-Alpes an 18 Meán Fómhair 2025. Tá an ráig nua sin suite níos mó ná 100 ciliméadar siar ó na ráigeanna is gaire a deimhníodh roimhe sin. Mar fhreagairt ar an ráig nua sin, bhunaigh an Fhrainc criosanna cosanta agus faireachais i réigiún Auvergne-Rhône-Alpes, go sonrach ranna Ain, Rhône, Isère agus Loire, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
|
|
(6)
|
Agus na ráigeanna sin sa Fhrainc a tharla le déanaí á gcur san áireamh, ba cheart, dá bhrí sin, na limistéir a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a thabhairt cothrom le dáta leis an gCinneadh seo, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais sin a shocrú.
|
|
(7)
|
Maidir le méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, arna leasú leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na limistéir sin, bunaítear na nithe sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, cuimsítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (8).
|
|
(8)
|
Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 cuirtear toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta agus faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna sin sa Fhrainc nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. I bhfianaise na ráigeanna leanúnacha d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc, is gá an toirmeasc sin a choinneáil ar bun sna criosanna srianta nuabhunaithe timpeall ar an ráig dheimhnithe is déanaí.
|
|
(9)
|
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú dá réir.
|
|
(10)
|
I bhfianaise ráig ghalar an chraicinn chnapánaigh i roinn Rhône, arbh é an chéad uair a bhí an galar sin ann sa réigiún sin, chinn an Fhrainc a plean vacsaínithe a thabhairt cothrom le dáta agus vacsaíniú cosantach éigeandála a chur chun feidhme laistigh de na criosanna cosanta agus faireachais a bunaíodh timpeall na ráige. Dá bhrí sin, an 27 Meán Fómhair 2025, chuir an Fhrainc tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an phlean oifigiúil vacsaínithe in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh i Roinn Rhône, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. Soláthraíodh faisnéis sa tuarascáil maidir leis an vacsaíniú atá le déanamh sa chrios srianta atá bunaithe i ranna Ain, Rhône, Isère agus Loire.
|
|
(11)
|
Chun rialú galar comhordaithe a áirithiú, agus chun an trádáil laistigh den Aontas agus le tríú tíortha a chosaint, is gá coigeartú a dhéanamh freisin ar an gcrios vacsaínithe maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, ar leibhéal an Aontais.
|
|
(12)
|
Maidir leis na criosanna vacsaínithe I agus II a leagtar amach i gCodanna B agus A d’Iarscríbhinn II a gabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708, tá a gcineáil, a méid agus a bhfad tréimhse bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch agus ar dhul chun cinn na bhfeachtas vacsaínithe sa Fhrainc, agus aird á tabhairt go háirithe ar an leibhéal athraitheach an chumhdaigh vacsaíne a bhaintear amach, ar phlean oifigiúil vacsaínithe an Bhallstáit, agus ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin. Dá bhrí sin, tá na dátaí ar lena linn a bheidh feidhm ag na criosanna vacsaínithe le leagan amach, le haghaidh gach limistéir lena mbaineann dá réir sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708.
|
|
(13)
|
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 a leasú dá réir.
|
|
(14)
|
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair sa Fhrainc, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 leis an gCinneadh seo a luaithe is féidir chun leathadh breise an ghalair laistigh den Fhrainc, chuig Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha a chosc, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó aon bhacainn gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint.
|
|
(15)
|
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
|
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Fraince a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1)
IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1336 (IO L, 2025/1708, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1708/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1762 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (IO L 2025/1762, 28.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1762/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1931 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1708 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sa Fhrainc (IO L 2025/1931, 22.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1931/oj).
(8)
https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.