Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1991

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1991 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2025 maidir leis an bhformheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint Mór / Móri de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/6016

IO L, 2025/1991, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1991/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1991/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1991

29.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1991 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meán Fómhair 2025

maidir leis an bhformheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Mór / Móri’ de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na hUngáire ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Mór / Móri’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Mór / Móri (ATFC), formheastar leis seo é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Christophe HANSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(3)   IO C, C/2025/2608/, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2608/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1991/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top