This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1908
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1908 of 24 September 2025 amending Regulation (EU) No 37/2010 as regards the classification of the substance fluralaner with respect to its maximum residue limit in foodstuffs of animal origin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1908 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte fluralainéir i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1908 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte fluralainéir i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
C/2025/6377
IO L, 2025/1908, 25.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1908/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1908 |
25.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1908 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte fluralainéir i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
|
(3) |
Áirítear an tsubstaint fluralainéir sa Rialachán sin mar shubstaint cheadaithe i gcás éanlaith chlóis. |
|
(4) |
An 24 Aibreán 2024 chuir Farmacologia En Aquacultura Veterinaria FAV S.A. iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, chun uasteorainneacha iarmhar na substainte gníomhaí fluralainéir a bhunú i salmainidí agus in éisc eite eile. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht le breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh le haghaidh substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh le haghaidh substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid i gcás speicis eile. |
|
(6) |
An 12 Feabhra 2025 (3) is é a mhol an Ghníomhaireacht, ar bhonn na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, MRLanna a bhunú le haghaidh úsáid fluralainéire i salmainidí, ar MRLanna iad is infheidhme maidir le matán agus craiceann i gcoibhneas nádúrtha. Ba é conclúid na Gníomhaireachta gurb iomchuí freisin na MRLanna le haghaidh fluralainéire a eachtarshuí chuig gach iasc eite. |
|
(7) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí na MRLanna atá molta le haghaidh fluralainéire a bhunú i ngach iasc eite. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/470/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/37(1)/oj).
(3) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta an 12 Feabhra 2025 maidir le huasteorainneacha iarmhar a bhunú] (EMA/CVMP/27344/2025).
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘fluralainéir’:
|
Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas Ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha Eile (i gcomhréir le hAirteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme Theiripeach |
|
‘Fluralainéir |
Fluralainéir |
Éanlaith chlóis |
65 μg/kg 650 μg/kg 650 μg/kg 420 μg/kg 1 300 μg/kg |
Matán Craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha An t-ae An duán Uibheacha |
GAN IONTRÁIL |
Oibreáin fhrithsheadánacha/Oibreáin in aghaidh eictisheadán’ |
|
Fluralainéir |
Iasc eite |
65 μg/kg |
Matán agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1908/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)