Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 32025R1758

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1758 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

C/2025/5783

IO L, 2025/1758, 22.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1758/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

A dokumentum hatályossági állapota Hatályos

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1758/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1758

22.8.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1758 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2025

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 9 Lúnasa 2025 thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i gcontae Devon, Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 8 Lúnasa 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Tar éis na ráigeanna deireanacha sin de HPAI, bhunaigh údarás tréidliachta na Ríochta Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir sé beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis bhreise curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise HPAI a chosc tar éis na ráigeanna sin de HPAI a tharla le déanaí.

(8)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna bhunú ag údarás tréidliachta na Ríochta Aontaithe, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna sin á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(9)

Thairis sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthraithe ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críocha a mhéid a bhaineann le HPAI arb í ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(10)

An 11 Lúnasa 2025 chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aici i ndáil le ráig de HPAI atá ann in éanlaith chlóis i gcontae Wrexham, an Bhreatain Bheag, ráig a deimhníodh an 24 Meitheamh 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(11)

An 13 Lúnasa 2025 chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aici i ndáil le ráig de HPAI atá ann in éanlaith chlóis i gcontae North Yorkshire, Sasana, ráig a deimhníodh an 20 Meitheamh 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(12)

Tar éis na ráigeanna sin de HPAI, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme aici chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aici freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe.

(13)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aici nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí san Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ón gcrios atá buailte, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ón gcrios atá buailte sa Ríocht Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an tríú tír sin sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(14)

Agus na ráigeanna HPAI sa Ríocht Aontaithe a tharla le déanaí á gcur san áireamh, agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis an tríú tír sin a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2025

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, Roinn B, leasaítear an iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.382:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.382

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

20.6.2025

12.8.2025’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.384:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.384

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

24.6.2025

11.8.2025’

(iii)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.390 agus GB-2.391 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.389:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.390

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

8.8.2025

 

GB-2.391

N, P1

 

8.8.2025’

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.390 go GB-2.391 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.389:

‘an Ríocht Aontaithe

GB-2.390

near Seaton, East Devon, Devon, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N50.70 Long: W3.11

GB-2.391

near Lifton, West Devon, Devon, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N50.67 Long: W4.22’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, Roinn B, leasaítear an iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.382:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.382

POU, RAT

N, P1

 

20.6.2025

12.8.2025

GBM

P1

 

20.6.2025

12.8.2025’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.384:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.384

POU, RAT

N, P1

 

24.6.2025

11.8.2025

GBM

P1

 

24.6.2025

11.8.2025’

(c)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.390 agus GB-2.391 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.389:

GB

an Ríocht Aontaithe

GB-2.390

POU, RAT

N, P1

 

8.8.2025

 

GBM

P1

 

8.8.2025

 

GB-2.391

POU, RAT

N, P1

 

8.8.2025

 

GBM

P1

 

8.8.2025’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1758/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Az oldal tetejére