This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3012
Regulation (EU) 2024/3012 of the European Parliament and of the Council of 27 November 2024 establishing a Union certification framework for permanent carbon removals, carbon farming and carbon storage in products
Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí
Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí
PE/92/2024/REV/1
IO L, 2024/3012, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3012/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3012 |
6.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Faoi Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’), a formheasadh trí bhíthin Chinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle (4), chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád i bhfad faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Ghlac Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC Comhshocrú Aeráide Ghlaschú freisin an 13 Samhain 2021 lena n-aithnítear go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag méadú teochta 1,5 oC, i gcomparáid le 2 oC, agus lena beartaítear iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 oC a chur leis an méadú teochta. Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gComhaontú Pháras agus tá siad an-tiomanta dá chur chun feidhme trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí aistrithe carbóin a mhéadú. |
|
(2) |
Ar an scála domhanda, léirítear leis na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) nach dócha go ndéanfar an téamh domhanda a theorannú go méadú 1,5 C ach amháin má dhéantar laghduithe tapa móra ar astaíochtaí gas ceaptha teasa go domhanda ar feadh a bhfuil fágtha den deacáid seo agus sna deacáidí atá amach romhainn. Leis na tuarascálacha ó IPCC, luaitear go soiléir chomh maith go bhfuil sé dosheachanta aistriú dé-ocsaíde carbóin (CO2) a dhéanamh chun astaíochtaí iarmharacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo a fhrithchothromú má tá astaíochtaí CO2nó gas ceaptha teasa glan-nialasacha le baint amach. Chun an méid sin a dhéanamh, ní mór gníomhaíochtaí inbhuanaithe a úsáid ar mórscála chun CO2 a ghabháil ón atmaisféar agus chun é a stóráil go marthanach i dtaiscumair gheolaíocha, talún nó mhuirí, lena n-áirítear in aigéin, nó i dtáirgí fadmharthanacha. Sa lá atá inniu ann agus leis na beartais atá ann faoi láthair, níl an tAontas ar an gconair cheart chun na haistrithe carbóin sin a bhaint amach: tá laghdú ag teacht ar aistrithe carbóin in éiceachórais talún le blianta beaga anuas, agus níl aon aistrithe carbóin tionsclaíocha suntasacha á ndéanamh san Aontas faoi láthair. |
|
(3) |
Is é is aidhm don Rialachán seo creat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí (‘creat deimhniúcháin an Aontais’), d’fhonn glacadh aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach ar ardcháilíocht a éascú agus a spreagadh, agus lánurraim á tabhairt do chuspóirí an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir le truailliú nialasach, mar chomhlánú ar laghduithe inbhuanaithe astaíochtaí ar fud na n-earnálacha uile. Is é a bheidh i gcreat deimhniúcháin an Aontais, dá réir sin, uirlis chun tacú le cuspóirí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann faoi 2050. Ba cheart gach aistriú carbóin agus gach laghdú astaíochtaí ithreach arna dheimhniú faoi chreat deimhniúcháin an Aontais a bheith ag cabhrú le rannchuidiú an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDC) agus a chuspóirí aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart do na haistrithe carbóin ná do na laghduithe astaíochtaí ithreach sin rannchuidiú le NDCanna tríú páirtí ná le scéimeanna idirnáisiúnta comhlíontachta. Gheall an tAontas freisin astaíochtaí diúltacha a ghiniúint tar éis 2050. Ionstraim thábhachtach chun aistrithe carbóin in éiceachórais talún a fheabhsú is ea Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, ina leagtar amach sprioc an Aontais maidir le glan-aistrithe dar méid 310 milliún tona de choibhéis CO2 faoi 2030 agus lena leithdháiltear spriocanna ar gach Ballstát. |
|
(4) |
Sa teachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2024 dar teideal ‘I dtreo Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch uaillmhianach don Aontas Eorpach’, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chuspóirí foriomlána le haghaidh riachtanais aistrithe carbóin i gcomhréir le huaillmhian aeráide 2040 an Aontais agus leis an sprioc aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin; roghanna beartais agus sásraí tacaíochta a fhorbairt le haghaidh aistrithe carbóin tionsclaíocha, lena n-áirítear más ceart agus conas iad a chur san áireamh i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais; agus ag an am céanna, borradh a chur faoi thaighde, nuálaíocht agus léiriú luath teicneolaíochtaí tionsclaíocha núíosacha chun CO2 a bhaint faoin gclár Fís Eorpach, an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Ciste don Nuálaíocht arna bhunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ina theannta sin, is iomchuí don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna le haghaidh spriocanna an Aontais maidir le haistrithe carbóin, lena n-áirítear sprioc ar leith le haghaidh buanaistrithe carbóin a leagan amach go soiléir. |
|
(5) |
Le creat deimhniúcháin comhchuibhithe de chuid an Aontais, meastar go gcuirfear feabhas ar shláine chomhshaoil agus ar thrédhearcacht na mbuanaistrithe carbóin, na feirmeoireachta carbóin agus na stórála carbóin i dtáirgí agus go gcuirfear chun cinn muinín as a ndeimhniú agus go laghdófar na costais riaracháin ghaolmhara ag an am céanna. Is é atá i gceist le cineál deonach chreat deimhniúcháin an Aontais ná go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha, bídís ann cheana nó nua, in ann iarratas a dhéanamh ar aitheantas ón gCoimisiún faoin Rialachán seo ach nach mbeidh sé d’oibleagáid orthu é sin a dhéanamh chun oibriú san Aontas. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2021/1119, leagtar amach freisin sprioc cheangailteach aeráide de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh faoi 2030 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre i gcomparáid le leibhéil 1990. Chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí leordhóthanacha maolúcháin á ndéanamh suas go 2030, beidh rannchuidiú na nglanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. |
|
(7) |
Tacóidh creat deimhniúcháin an Aontais le buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a mbíonn tionchar dearfach aeráide gan débhrí mar thoradh orthu a fhorbairt san Aontas, agus glas-snasú á sheachaint ag an am céanna. I gcás feirmeoireacht carbóin, ba cheart do chreat deimhniúcháin an Aontais glacadh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a chur chun cinn freisin lena ngintear comhthairbhí don bhithéagsúlacht, agus ar an gcaoi sin, cuirtear leis na spriocanna athbhunaithe dúlra a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach. |
|
(8) |
Le creat deimhniúcháin an Aontais, is iomchuí go spreagfar taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear trí bhéim a leagan ar ról na gclár taighde ábhartha, agus é mar aidhm leis rochtain ar an margadh a éascú do theicneolaíochtaí nua. I ndáil leis an méid sin, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit dul i mbun comhar trasdisciplíneach, ina mbeadh páirt ag institiúidí taighde náisiúnta agus réigiúnacha, eolaithe, feirmeoirí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. |
|
(9) |
Chun tacú le hoibreoirí atá toilteanach iarrachtaí breise a dhéanamh chun aistrithe carbóin a mhéadú nó astaíocht ithreacha a laghdú ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart a chur san áireamh i gcreat deimhniúcháin an Aontais na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí, a sonraíochtaí agus an tionchar gaolmhar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ba cheart sainmhínithe soiléire a sholáthar maidir le buanaistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus maidir le gnéithe eile de chreat deimhniúcháin an Aontais. Ba cheart a áireamh ar a raon feidhme gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear stóráil carbóin i dtaiscumair gheolaíocha, talún nó mhuirí, lena n-áirítear san aigéin, agus i dtáirgí fadmharthanacha. Ba cheart aon cheann amháin nó níos mó de na cleachtais nó na próisis lena mbaintear carbón ón atmaisféar a áireamh sna gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla glantairbhí aistrithe carbóin agus faid éagsúla stórála carbóin a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí áirithe, mar shampla, gníomhaíochtaí atá bunaithe ar bhithghualach a úsáid, ag brath ar na dálaí sonracha ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Dá réir sin, ba cheart rialacha iomchuí faireacháin agus dliteanais a leagan amach sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme atá le bunú ag leibhéal an Aontais de bhun an Rialacháin seo. |
|
(10) |
I gcás feirmeoireacht carbóin, is féidir cleachtais agus próisis arna ndéanamh sna héiceachórais mhuirí agus chósta a áireamh sna gníomhaíochtaí ábhartha. Is féidir a áireamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha freisin cleachtais nó próisis lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ithreacha nó cleachtais nó próisis a mbíonn mar thoradh orthu laghdú scaoileadh carbóin isteach san atmaisféar ó linnte carbóin san ithir mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841, mar a tharlaíonn, mar shampla, i gcás gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear bainistiú ithreach nó lena n-athbhunaítear tailte portaigh díghrádaithe. Ina theannta sin, ba cheart laghduithe astaíochtaí ó ithreacha talmhaíochta, a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir ‘ithreacha talmhaíochta’, mar a thuairiscítear i dtábla 3.D de tháblaí na formáide tuairiscithe coitinne faoi threoirlínte tuairiscithe UNFCCC maidir le fardail bhliantúla le haghaidh Páirtithe a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, ba cheart iad a chur san áireamh freisin agus gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin á gcainníochtú fad agus a thagann na laghduithe astaíochtaí sin mar thoradh ar ghníomhaíocht lena ndéantar, ar an iomlán, astú carbóin ó linnte carbóin san ithir a laghdú nó aistrithe carbóin i linnte carbóin bithghineacha a mhéadú. Os a choinne sin, maidir le gníomhaíochtaí nach mbíonn aistrithe carbóin ná laghduithe astaíochtaí ithreach mar thoradh orthu, amhail tionscadail lena seachnaítear dífhoraoisiú nó tionscadail fuinnimh in-athnuaite, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme chreat deimhniúcháin an Aontais. |
|
(11) |
Leis an Rialachán seo ba cheart na ceanglais faoina mbeidh aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach incháilithe do dheimhniú faoi chreat deimhniúcháin an Aontais a leagan amach. Chuige sin, ba cheart aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a chainníochtú ar bhealach cruinn stóinseach, agus níor cheart iad a ghiniúint ach amháin trí ghníomhaíochtaí lena ngintear glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, ar gníomhaíochtaí breise iad agus arb é is aidhm dóibh stóráil fhadtéarmach carbóin a áirithiú. Níor cheart go ndéanfaí aon dochar suntasach don chomhshaol leo agus ba cheart gur féidir comhthairbhí maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta a bheith mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a bheith faoi réir iniúchadh neamhspleách tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí deimhniúcháin chun inchreidteacht agus iontaofacht an phróisis deimhniúcháin a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan amach sa Rialachán seo maidir le heisiúint agus úsáid aonad deimhnithe. |
|
(12) |
Le rialacha sainordaitheacha an Aontais maidir le praghsáil carbóin arna mbunú trí Threoir 2003/87/CE rialaítear láimhseáil astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2003/87/CE, ach amháin i ndáil le deimhniú gabhála agus stórála astaíochtaí CO2 ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bunaíodh faoi Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), maille le haon choigeartuithe is gá le haghaidh cur i bhfeidhm faoi Threoir 2003/87/CE, mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. |
|
(13) |
Ba cheart glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a bheith mar thoradh ar ghníomhaíocht, ar an gcaoi sin léireofaí go mbeidh tionchar dearfach aici ar an aeráid. Ba cheart an ghlantairbhe aistrithe carbóin nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a chainníochtú trí phróiseas dhá chéim. |
|
(14) |
Sa chéad chéim chun an ghlantairbhe aistrithe carbóin nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a chainníochtú, ba cheart d’oibreoirí méid na n-aistrithe carbóin breise nó na laghduithe astaíochtaí ithreach breise a ghintear le gníomhaíocht i gcomparáid le bonnlíne a chainníochtú. I gcás na feirmeoireachta carbóin, ba cheart a áirithiú leis an mbealach a dhéantar aistrithe carbóin nó laghduithe astaíochtaí ithreach a chainníochtú go ndéanfar aon scaoileadh carbóin as linn charbóin a chur san áireamh ar bhealach iomchuí agus glantairbhe na gníomhaíochta sin á chainníochtú. Leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin, ba cheart bonnlínte caighdeánaithe a bhunú ar cheart dóibh a bheith an-ionadaíoch ar fheidhmíocht chaighdeánach a bhíonn ag cleachtais agus próisis inchomparáide in imthosca comhchosúla sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, rialála agus teicneolaíocha agus ba cheart an comhthéacs geografach a chur san áireamh léi, lena n-áirítear dálaí áitiúla peidichlíomacha agus rialála. Ba cheart tús áite a thabhairt don chur chuige sin maidir leis na bonnlínte caighdeánaithe a bhunú toisc go n-áirithítear leis oibiachtúlacht, go n-íoslaghdaítear leis costais comhlíonta agus riaracháin eile agus go n-aithnítear leis go dearfach gníomhaíocht na gcéad thionscnóirí a bhí ag gabháil do ghníomhaíochtaí incháilithe cheana féin. I gcomhthéacs na feirmeoireachta carbóin, níor cheart ach cleachtais agus próisis a théann níos faide ná an cleachtas coiteann a dheimhniú. Dá bhrí sin, níor cheart gníomhaíocht shonrach de chuid na feirmeoireachta carbóin a chúiteamh má tá an ghníomhaíocht sin á cleachtadh go forleathan cheana féin laistigh de réigiún a bhfuil dálaí comhchosúla peidichlíomacha agus rialála ann. Ba cheart a áireamh leis na bonnlínte caighdeánaithe, a luaithe a thiocfaidh gníomhaíocht chun bheith ina cleachtas coiteann, nach féidir gníomhaíocht den sórt sin a dheimhniú a thuilleadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na bonnlínte caighdeánaithe gach 5 bliana ar a laghad agus iad a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na n-imthosca rialála atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil, chun forbairtí sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, rialála agus teicneolaíocha a léiriú agus chun uaillmhian mhéadaithe a spreagadh le himeacht ama i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Anuas air sin, ba cheart úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha atá ar fáil, lena n-áirítear bunachair sonraí leictreonacha agus córais faisnéise geografaí, cianbhraiteacht, córais nua cainníochtaithe carbóin ar an láthair, an intleacht shaorga agus an mheaisínfhoghlaim, agus léarscáileanna leictreonacha a chur chun cinn chun na costais a bhaineann le bunú bonnlínte caighdeánaithe a laghdú agus chun stóinseacht an fhaireacháin ar na gníomhaíochtaí a áirithiú. Mar sin féin, i gcás nach féidir bonnlínte caighdeánaithe den sórt sin a shocrú, ba cheart bonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a úsáid atá bunaithe ar fheidhmíocht aonair an oibreora. Ba cheart don oibreoir na bonnlínte a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a thabhairt cothrom le dáta ag tús gach tréimhse gníomhaíochta, mura luaitear a mhalairt sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme. |
|
(15) |
Sa dara céim chun an glantairbhe a chainníochtú ba cheart aon astaíochtaí gás ceaptha teasa bainteacha a scaoiltear le linn shaolré na gníomhaíochta agus a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta, ba cheart iad sin a dhealú. Ar na hastaíochtaí ábhartha gás ceaptha teasa ba cheart a chur san áireamh, áirítear astaíochtaí díreacha, amhail na hastaíochtaí sin a eascraíonn as leasacháin, ceimiceáin, breosla nó fuinneamh, ionchuir agus iompar ábhair eile a bheith á n-úsáid, nó astaíochtaí indíreacha, mar atá, na hastaíochtaí sin a eascraíonn as athrú ar thalamhúsáid lena ngabhann rioscaí iarmhartacha do shlándáil an tsoláthair bia mar thoradh ar tháirgeadh talmhaíochta a dhíláithriú, nó éifeachtaí díláithrithe mar gheall ar éileamh iomaíoch ar fhuinneamh nó ar dhramhtheas. Maidir le haon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is féidir a leagan ar chur chun feidhme na gníomhaíochta, ba cheart é a dhealú ón nglantairbhe aistrithe carbóin nó ón nglantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach ar bhealach iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha teicniúla a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme. Níor cheart laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as cur chun feidhme na gníomhaíochta, seachas laghdú ar astaíoachtaí ithreach ó ithreacha talmhaíochta, a chur san áireamh chun an ghlantairbhe aistrithe carbóin nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a chainníochtú, ach ba cheart a mheas go soláthraíonn siad comhthairbhe i dtreo chuspóir inbhuanaitheachta an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus ba cheart é a thuairisciú ar na deimhnithe comhlíontachta. D’fhéadfadh na laghduithe sin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, mar aon le comhthairbhí inbhuanaitheachta eile, luach na n-aistrithe carbóin deimhnithe nó na laghduithe astaíochtaí ithreach a mhéadú. |
|
(16) |
Ba cheart a áireamh ar oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas poiblí a oibríonn nó a rialaíonn gníomhaíocht, nó dar tarmligeadh cumhacht eacnamaíoch chinntitheach maidir le feidhmiú teicniúil na gníomhaíochta. I gcás feirmeoireacht carbóin, ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú ar ‘oibreoir’maidir le ‘feirmeoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), maidir le haon bhainisteoir eile gníomhaíochta i dtimpeallacht talún nó chósta, maidir le húinéir nó bainisteoir foraoise mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó maidir le heintiteas poiblí inniúil. Ba cheart a chumhdach le ‘grúpa oibreoirí’ aon eintiteas dlíthiúil a dhéanann ionadaíocht ar dhá oibreoir ar a laghad, lena n-áirítear comharchumainn nó eagraíochtaí táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí, agus a áirithíonn go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí sin an Rialachán seo. |
|
(17) |
Cruthaíonn gníomhaíocht glantairbhe aistrithe carbóin nuair is mó na haistrithe carbóin os cionn na bonnlíne ná aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin. Mar shampla, i gcás buanaistrithe carbóin trína n-instealltar carbón faoi thalamh, ba cheart gur mhó an méid carbóin a bhuanstóráiltear ná na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh a scaoileann an próiseas tionsclaíoch. Ar an gcaoi chéanna, i gcás laghduithe astaíochtaí ithreach trí fheirmeoireacht carbóin, is dearfach an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach má sháraíonn na laghduithe astaíochtaí ithreach i gcomparáid leis an mbonnlíne aon mhéadú ar gás ceaptha teasa a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Go ginearálta, cuireann gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin feabhas ar cháilíocht na hithreach, rud a mbíonn tionchar dearfach aici ar athléimneacht agus ar tháirgiúlacht na hithreach, ach i gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar tháirgeadh bia mar gheall orthu agus, dá bhrí sin, go mbeadh éifeacht sceite carbóin ann mar thoradh ar athrú indíreach ar an talamhúsáid, agus, dá réir sin, ba cheart na hastaíochtaí indíreacha gaolmhara a chur san áireamh. Aon charbóin a ghabhtar agus a stóráiltear trí fhoraoisiú nó trí laghdú astaíochtaí ithreach trí bhíthin gníomhaíocht athfhliuchta portaigh, ba cheart gur mhó é ná na hastaíochtaí ón innealra a úsáidtear chun an ghníomhaíocht a dhéanamh nó ná na hastaíochtaí ón athrú indíreach ar an talamhúsáid a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar sceitheadh carbóin. |
|
(18) |
Ba cheart aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach, chomh maith leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha bainteacha comhfhreagracha, a chainníochtú ar bhealach ábhartha, coimeádach, cruinn, iomlán, comhsheasmhach, trédhearcach agus inchomparáide. Ba cheart éiginnteachtaí a thagann chun cinn agus cainníochtú á dhéanamh a thuairisciú go cuí agus a chur san áireamh ar bhealach coimeádach chun teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le rómheas a dhéanamh ar chainníocht an CO2 a bhaintear as an atmaisféar nó le gannmheas a dhéanamh ar chainníocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha a ghintear le gníomhaíocht. Ba cheart aistrithe carbóin sealadacha agus laghduithe astaíochtaí ithreacha sealadacha arna nginiúint tríd an bhfeirmeoireacht carbóin a chainníochtú ar ardleibhéal cruinnis chun an caighdeán is airde a áirithiú agus chun éiginnteachtaí a íoslaghdú; agus ba cheart iad a bheith bunaithe, i gcás inarb indéanta, ar úsáid modheolaíochtaí leibhéal 3 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin. Thairis sin, chun sineirgí idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a dhreasú, is gá faireachán feabhsaithe a dhéanamh ar thalamh, agus ar an gcaoi sin cuidiú, ar fud an Aontais, le hathléimneacht a chosaint agus a fheabhsú i gcás na n-aistrithe carbóin dúlrabhunaithe. Is gá don fhaireachán ar astaíochtaí agus aistrithe na sineirgí sin a léiriú go dlúth, ba cheart é a bheith bunaithe ar theaglaim iomchuí de thomhais ar an láthair le cianbhraiteacht nó samhaltú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme, ba cheart dó an úsáid is fearr a bhaint as ardteicneolaíochtaí atá ar fáil faoi chláir an Aontais, mar a dhéantar mar shampla i gcomhpháirt Copernicus de Chlár Spáis an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart dó lánúsáid a bhaint as uirlisí atá ann cheana, agus ba cheart dó comhsheasmhacht leis na fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a áirithiú. |
|
(19) |
Maidir leis an rogha modhanna atá ábhartha ó thaobh astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa a ríomh, ba cheart cur chuige coimeádach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC do mheastacháin ar Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa, i gcás inarb infheidhme. Is é atá i gceist leis sin ná gur cheart meastacháin choimeádacha astaíochtaí nó aistrithe a bheith mar thoradh ar na modhanna a úsáidtear ionas nach ndéanfar gannmheas ar astaíochtaí agus nach ndéanfar rómheas ar aistrithe. |
|
(20) |
Le creat deimhniúcháin an Aontais, ba cheart gníomhaíochtaí breise a dhreasú, is é sin, gníomhaíochtaí a théann thar an ngnáthchleachtas. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaíochtaí sin dul thar cheanglais reachtúla ar leibhéal an oibreora aonair, is é sin le rá, ba cheart d’oibreoirí gníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforchuirtear orthu cheana féin leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, ba cheart na gníomhaíochtaí a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de bharr éifeacht dreasachta an deimhnithe. Is ann don éifeacht sin nuair a athraítear iompraíocht na n-oibreoirí mar gheall ar an dreasacht a chruthaítear leis na hioncaim fhéideartha arna n-eascairt as an deimhniú, ionas go nglacann siad páirt sa ghníomhaíocht bhreise chun aistrithe carbóin nó laghduithe astaíochtaí ithreach breise a bhaint amach. |
|
(21) |
Ba cheart don bhonnlíne chaighdeánaithe na dálaí reachtúla agus margaidh ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht a léiriú. Má fhorchuirtear gníomhaíocht ar oibreoirí leis an dlí is infheidhme, nó mura gá aon dreasacht chun go ndéanfaí í, léireofar feidhmíocht i mbonnlínte caighdeánaithe den sórt sin. Ar an gcúis sin, ba cheart a thoimhdiú gur gníomhaíocht bhreise í gníomhaíocht lena ndéantar aistrithe carbóin nó laghduithe astaíochtaí ithreach de bhreis ar an mbonnlíne sin. Dá bhrí sin, dá n-úsáidfí bonnlíne chaighdeánaithe, shimpleofaí léiriú na breisíochta d’oibreoirí, agus laghdófaí ualach riaracháin an phróisis deimhniúcháin, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i gcás oibreoirí ar mionscála. |
|
(22) |
Le carbón atmaisféarach nó bithghineach a ghabhtar agus a stóráiltear trí bhuanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí gabhann riosca go scaoilfí ar ais san atmaisféar iad mar gheall ar theagmhais nádúrtha nó antrapaigineacha. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí gach beart coisctheach ábhartha a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú agus ba cheart dóibh faireachán cuí a dhéanamh ar cé acu a leantar nó nach leantar de charbón a stóráil le linn na tréimhse faireacháin a shocraítear don ghníomhaíocht ábhartha. Ba cheart bailíocht an aonaid dheimhnithe a bheith ag brath ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an stóráil agus na rioscaí éagsúla maidir le haisiompú a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin. Cuireann buanaistrithe carbóin dóthain cinnteachta ar fáil maidir le fad an-fhadtéarmach na stórála, is é sin fad na gcéadta bliain. Tá riosca scaoilte carbóin an-íseal ag baint le táirgí dá bhfuil carbón buancheangailte go ceimiceach, nó níl aon riosca scaoilte ag baint leo. Tá feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí níos neamhchosanta ar an riosca go scaoilfí carbón san atmaisféar go deonach nó go neamhdheonach. Chun an riosca sin a chur san áireamh, ba cheart bailíocht an aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin agus an aonaid stórála carbóin i dtáirgí a bheith faoi réir dáta éaga arb ionann é agus dáta dheireadh na tréimhse faireacháin ábhartha, ar cheart di 35 bliana ar a laghad a chumhdach le haghaidh stóráil carbóin i dtáirgí. Ina dhiaidh sin, ba cheart a mheas gur scaoileadh isteach san atmaisféar an carbón a gabhadh agus a stóráladh, ach amháin má gheallann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an tréimhse faireacháin a fhadú. Leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin, ba cheart fadú thréimhse faireacháin na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin ábhartha a chur chun cinn, agus é mar aidhm leo a áirithiú go ndéanfar an CO2 a ghabhtar a stóráil go fadtéarmach in ithreacha nó i mbithmhais agus dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin san fhadtéarma. Chuige sin, leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin, is iomchuí oibreoirí a dhreasú chun an tréimhse faireacháin a fhadú roinnt uaireanta, agus é mar aidhm leo carbón gafa a stóráil ar feadh roinnt mhaith deacáidí ar a laghad. |
|
(23) |
Anuas ar na bearta a dhéantar chun an riosca maidir le scaoileadh carbóin san atmaisféar a íoslaghdú le linn na tréimhse faireacháin, ba cheart sásraí iomchuí dliteanais chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina dtarlaíonn aisiompú a áireamh sna modheolaíochtaí deimhniúcháin. Ba cheart a áireamh sna modheolaíochtaí deimhniúcháin freisin rialacha chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go dteipfeadh ar na sásraí dliteanais. D’fhéadfaí maoláin chomhchoiteanna agus sásraí árachais tosaigh a áireamh sna sásraí sin. Chun rialáil dhúbailte a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag sásraí dliteanais i ndáil le stóráil gheolaíoch agus sceitheadh CO2, agus ag bearta ceartaitheacha ábhartha, a leagtar síos le Treoir 2003/87/CE agus Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht rialála a áirithiú, ba cheart a áireamh sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme rialacha faireacháin agus sásraí dliteanais atá comhsheasmhach leis na rialacha a bhaineann le carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Threoir 2003/87/CE. |
|
(24) |
D’fhéadfadh buanaistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí réitigh a bhfuil buntáiste ag gach taobh iontu a chur ar fáil don inbhuanaitheacht, fiú mura féidir comhbhabhtálacha a chur as an áireamh. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais íosta inbhuanaitheachta a bhunú chun a áirithiú nach ndéanfaidh na gníomhaíochtaí sin díobháil shuntasach don chomhshaol agus gur féidir comhthairbhí a ghiniúint leo do na cuspóirí seo a leanas: maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin; bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sláinte ithreach agus díghrádú talún a sheachaint; úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint; aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear úsáid éifeachtúil ábhar bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe; agus cosc agus rialú ar thruailliú. Ba cheart do ghníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin comhthairbhí a ghiniúint ar a laghad chun an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sláinte na hithreach chomh maith le díghrádú talún a sheachaint. Ba cheart an tionchar atá ag an ngníomhaíocht laistigh agus lasmuigh den Aontas araon chomh maith leis na dálaí áitiúla a chur san áireamh sna ceanglais íosta inbhuanaitheachta, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart na ceanglais íosta sin a bheith comhsheasmhach leis na critéir scagtha theicniúil don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh amhábhar bithmhaise foraoise agus talmhaíochta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001. Cleachtais a mbíonn éifeachtaí díobhálacha acu ar an mbithéagsúlacht, amhail monashaothrú foraoise lena gcruthaítear éifeachtaí díobhálacha ar an mbithéagsúlacht, níor cheart iad a bheith incháilithe do dheimhniú. |
|
(25) |
Cuireann cleachtais feirmeoireachta agus foraoiseachta a aistríonn CO2 as an atmaisféar nó a laghdaíonn astaíochtaí ithreach leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus ba cheart iad a chúiteamh, tríd an gcomhbheartas talmhaíochta nó trí thionscnaimh phoiblí nó phríobháideacha eile. Go sonrach, ba cheart cleachtais feirmeoireachta agus foraoiseachta dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, lena n-áirítear foraoisiú, athfhoraoisiú agus gníomhaíochtaí bainistithe inbhuanaithe foraoisí, a chur san áireamh sa Rialachán seo; agrafhoraoiseacht agus cineálacha eile feirmeoireachta measctha; bairr bhreise, bairr chumhdaigh agus curaíocht chaomhnaithe a úsáid agus gnéithe tírdhreacha a mhéadú; talamh curaíochta a thiontú go talamh branair nó limistéir atá curtha i leataobh a thiontú go féarthailte buana; tailte portaigh agus bogaigh a athbhunú. Agus modheolaíochtaí deimhniúcháin á bhforbairt i gcomhthéacs na feirmeoireachta carbóin, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh gur gá rannchuidiú le slándáil bia a áirithiú, gur gá cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras a chur chun cinn, agus gur gá a chinntiú nach bhfaighfear talamh chun críoch amhantrach a mbeadh éifeachtaí diúltacha ar phobail tuaithe mar thoradh air, agus gur gá freisin cearta na bpobal áitiúil agus na ndaoine dúchasacha a mbíonn tionchar ag na gníomhaíochtaí sin orthu a urramú, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Ba cheart dó na gníomhaíochtaí sin ar mó a bhféadfadh comhthairbhí dearfacha a theacht astu don bhithéagsúlacht a chur chun cinn, chomh maith le struchtúr foraoise fadtéarmach, cobhsaíocht fhadtéarmach na linnte carbóin, sláinte éiceachórais, athléimneacht agus an riosca suaite nádúrtha a chur san áireamh. |
|
(26) |
Ba cheart oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a bheith in ann comhthairbhí a thuairisciú a lena rannchuidítear leis na cuspóirí inbhuanaitheachta sa bhreis ar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta. Chuige sin, ba cheart dá dtuairisciú na modheolaíochtaí deimhniúcháin atá curtha in oiriúint do na gníomhaíochtaí aistrithe carbóin éagsúla, arna bhforbairt ag an gCoimisiún, a chomhlíonadh. Le modheolaíochtaí deimhniúcháin, ba cheart, a mhéid is féidir, giniúint comhthairbhí don bhithéagsúlacht a dhreasú a théann thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta, d’fhonn préimh mhargaidh a ghiniúint do na haonaid dheimhnithe, trí liostaí dearfacha de ghníomhaíochtaí a mheastar a ghineann comhthairbhí a áireamh, mar shampla. Leis na comhthairbhí breise sin, thabharfaí luach eacnamaíoch níos mó do na haonaid dheimhnithe agus is é a bheadh mar thoradh orthu ioncam níos airde do na hoibreoirí. I bhfianaise na n-ábhar machnaimh sin, is iomchuí don Choimisiún tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt modheolaíochtaí deimhniúcháin oiriúnaithe le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin lena soláthraítear comhthairbhí móra don bhithéagsúlacht, agus lena rannchuidítear leis an mbainistiú inbhuanaithe ar thalamh talmhaíochta agus foraoisí. |
|
(27) |
Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a bhunú do na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh, chun a chur ar chumas oibreoirí na critéir cháilíochta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe, infhíoraithe, costéifeachtach agus inchomparáide. Leis na modheolaíochtaí sin, ba cheart deimhniú stóinseach trédhearcach a áirithiú maidir leis an nglanaistriú carbóin nó an glanlaghdú astaíochtaí ithreach a ghintear leis an ngníomhaíocht, agus ualach riaracháin díréireach ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí á sheachaint ag an am céanna, go háirithe ar fheirmeoirí beaga agus ar úinéirí agus bainisteoirí foraoise beaga, go háirithe trí úsáid rialacha simplithe maidir le deimhniú agus iniúchadh, ar nós iniúchadh grúpa, a cheadú. Ba cheart na modheolaíochtaí sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Saineolaithe um Aistrithe Carbóin arna bhunú ag an gCoimisiún agus leis na gníomhaithe leasmhara eile uile. Ba cheart na modheolaíochtaí a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil, tógáil ar scéimeanna agus modheolaíochtaí poiblí agus príobháideacha atá ann cheana chun aistrithe carbóin nó laghduithe astaíochtaí ithreach a dheimhniú, agus aon chaighdeáin ábhartha agus aon rialacha ábhartha a glacadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh. |
|
(28) |
I bhfianaise an ghá atá le haistrithe carbóin san Aontas a mhéadú go tapa, ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad chéim d’fhorbairt na modheolaíochtaí deimhniúcháin, tosaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí seo a leanas: na gníomhaíochtaí is aibí, gníomhaíochtaí ar féidir leo comhthairbhí inbhuanaitheachta a sholáthar nó ar glacadh, cheana féin, dlí de chuid an Aontais ina leith atá ábhartha maidir le forbairt na modheolaíochtaí sin; gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin a rannchuidíonn le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar thalamh talmhaíochta, ar fhoraoisí agus ar an muirthimpeallacht, chomh maith le gníomhaíochtaí lena stóráiltear carbón i dtáirgí foirgníochta adhmadbhunaithe agus bithbhunaithe. Leagtar amach sa Chiste don Nuálaíocht rialacha atá ábhartha maidir le modheolaíochtaí deimhniúcháin a fhorbairt le haghaidh bithfhuinneamh lena ngabhann gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil ón aer. Chun éileamh neamh-inbhuanaithe ar amhábhar bithmhaise a sheachaint, níor cheart méadú teacht ar acmhainneacht gléasra bithfhuinnimh as na tairbhí airgeadais a bhaineann leis an deimhniú thar a bhfuil riachtanach chun gabháil agus stóráil carbóin a oibriú. Is iomchuí go gcuirfear san áireamh sna modheolaíochtaí deimhniúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí lena stóráiltear carbón sa mhuirthimpeallacht, lena n-áirítear sna haigéin, an dul chun cinn idirnáisiúnta maidir le haistriú carbóin a thuairisciú agus an fhaisnéis eolaíoch is déanaí atá ar fáil agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, torthaí thuarascáil an Choimisiúin arna hullmhú de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/841. Thairis sin, chun úsáid inbhuanaithe agus éifeachtúil acmhainní teoranta bithmhaise a chur chun cinn, is iomchuí go n-áiritheofar le modheolaíochtaí deimhniúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí ina n-úsáidtear bithmhais go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise mar a leagtar síos in Airteagal 3(3) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é, ag brath dóibh ar na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana agus dúbláil á seachaint ag an am céanna. Leagtar síos na rialacha maidir leis an bprionsabal sin a bheith á chur chun feidhme ag údaráis náisiúnta in Airteagal 3(3), (3a) agus (3b) den Treoir sin. |
|
(29) |
Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas deimhniúcháin inchreidte iontaofa, ba cheart gníomhaíochtaí a bheith faoi réir iniúchadh neamhspleách tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí deimhniúcháin. Go háirithe, ba cheart na gníomhaíochtaí uile a bheith faoi réir iniúchadh deimhniúcháin tosaigh sula gcuirfear chun feidhme iad, lena bhfíorófar go gcomhlíonann siad na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear cainníochtú ceart na nglantairbhí a bhfuiltear ag súil leo. Ba cheart na gníomhaíochtaí uile a bheith faoi réir iniúchtaí athdheimhniúcháin tréimhsiúla freisin gach 5 bliana ar a laghad, nó níos minice mar a shonraítear sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme bunaithe ar shaintréithe na gníomhaíochta ábhartha. Leis na hiniúchtaí athdheimhniúcháin, ba cheart a fhíorú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht critéir cháilíochta an Rialacháin seo agus an ghlantairbhe aistrithe carbóin nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a ghintear leis an ngníomhaíocht. Mar thoradh ar iniúchadh athdheimhniúcháin, ba cheart don chomhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin a eisiúint, ina mbeidh achoimre agus, i gcás inarb iomchuí, deimhniú comhlíontachta nuashonraithe. Ba cheart é a bheith indéanta iniúchtaí athdheimhniúcháin a dhéanamh níos minice, lena n-áirítear go bliantúil, do gach gníomhaíocht, go háirithe gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin. Chun costais riaracháin an deimhniúcháin agus an athdheimhniúcháin a laghdú, ba cheart d’oibreoirí a bheith in ann úsáid a bhaint as faisnéis gheografach iontaofa arna soláthar ag gníomhaireachtaí íocaíochta tríd an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chuige sin, ba cheart an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla plean gníomhaíochta agus plean faireacháin, agus na dtuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus na dtuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin, a leagan amach. |
|
(30) |
Tá sé ríthábhachtach eolas, uirlisí agus modhanna feabhsaithe a chur ar fáil d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar aistrithe carbóin deimhnithe agus laghduithe astaíochtaí ithreach agus chun iad a optamú chun gníomhaíochtaí maolúcháin a chur chun feidhme ar bhealach costéifeachtach agus chun a rannpháirtíocht i bhfeirmeoireacht carbóin a chinntiú. Tá sé sin ábhartha go háirithe d’fheirmeoirí beaga nó d’úinéirí agus bainisteoirí foraoise beaga an Aontais nach mbíonn an fios ná an saineolas is gá acu chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin a chur chun feidhme agus chun na critéir cháilíochta is gá agus na modheolaíochtaí deimhniúcháin gaolmhara a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar eagraíochtaí táirgeoirí soláthar seirbhísí comhairleacha ábhartha dá gcomhaltaí a éascú. Is féidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus le státchabhair náisiúnta, inter alia, a bheith ina mhodh nó ina modh chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscadail nuálaíochta idirghníomhacha a bhfuil baint ag feirmeoirí agus úinéirí agus bainisteoirí foraoise leo, agus do sholáthar seirbhísí comhairleacha, malartú eolais, oiliúint, agus gníomhaíochtaí faisnéise. |
|
(31) |
Sa teachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2024 dar teideal ‘Ár dtodhchaí a dhaingniú – Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil’, tugann an Coimisiún le fios go bhfuil sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna gnó a chruthú le haghaidh slabhra luacha agraibhia inbhuanaithe agus cistí príobháideacha a ghiaráil i sineirgíocht le cistiú poiblí. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh le sásraí nua margadhbhunaithe chun borradh a chur faoi bhia inbhuanaithe, ós rud é go bhféadfadh praghas bia níos fearr a bheith mar thoradh air sin chun inbhuanaitheacht a léiriú, chomh maith le luach saothair cothrom d’fheirmeoirí agus foinse nua chistiúcháin le haghaidh infheistíochtaí. Is le comhordú daingean leis na gníomhaithe tionsclaíocha uile sa slabhra luacha bia ina iomláine agus le fócas dírithe ar chleachtais chóir trádála ar fud an tslabhra sin, agus leo sin amháin, is féidir na dreasachtaí cearta a thabhairt do chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe, ioncam cuibhiúil agus inbhuanaithe a áirithiú d’fheirmeoirí agus ioncam a ghiniúint chun tacú leis an aistriú. |
|
(32) |
Chun a áirithiú go mbeidh an fíorú cruinn, stóinseach agus trédhearcach, ba cheart na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá a bheith ag na comhlachtaí deimhniúcháin atá freagrach as an bpróiseas deimhniúcháin a fheidhmiú agus ba cheart dóibh a bheith creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nó a bheith aitheanta ag údarás inniúil náisiúnta. Chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart do na comhlachtaí deimhniúcháin a bheith go hiomlán neamhspleách ar an oibreoir nó ar an ngrúpa oibreoirí a dhéanann an ghníomhaíocht atá faoi réir an deimhnithe. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le cur chun feidhme ceart an phróisis deimhniúcháin a áirithiú trí mhaoirseacht a dhéanamh ar oibriú na gcomhlachtaí deimhniúcháin atá creidiúnaithe ag údaráis náisiúnta creidiúnaithe, agus tríd na comhlachtaí deimhniúcháin agus na scéimeanna deimhniúcháin ábhartha a chur ar an eolas faoi thorthaí neamh-chomhréireachta ábhartha. |
|
(33) |
Ba cheart d’oibreoirí scéimeanna deimhniúcháin a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin oibriú ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta atá iontaofa agus trédhearcach agus ba cheart dóibh neamhshéanadh thionscnamh na faisnéise agus na sonraí arna dtíolacadh ag oibreoirí, agus cosaint ar chalaois a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na sonraí sin, a áirithiú, chomh maith le cruinneas, iontaofacht, sláine faisnéise agus sonraí den sórt sin. Ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh cuntasaíocht cheart na haonaid deimhnithe aistrithe carbóin nó na haonaid laghdaithe astaíochtaí ithreach freisin, go háirithe trí chomhaireamh dúbailte a sheachaint. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha teicniúla comhchuibhithe maidir le deimhniú, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus cuntasaíochta agus iniúchóireachta neamhspleáiche atá le cur i bhfeidhm le scéimeanna deimhniúcháin, chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí agus maidir le scéimeanna deimhniúcháin. Chun próiseas deimhniúcháin costéifeachtach a áirithiú, ba cheart é a bheith de chuspóir freisin ag na rialacha teicniúla comhchuibhithe sin maidir le deimhniú aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoirí, nó ar ghrúpa oibreoirí a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear feirmeoirí beaga agus úinéirí agus bainisteoirí foraoise beaga. |
|
(34) |
Chun a áirithiú go mbeidh an rialú deimhniúcháin iontaofa agus comhchuibhithe, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena n-aithnítear scéimeanna deimhniúcháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le hinniúlacht theicniúil, iontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách. Ba cheart na cinntí aitheantais sin a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart iad a chur ar fáil go poiblí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hábhar agus próisis aitheantais an Aontais do scéimeanna deimhniúcháin. |
|
(35) |
Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), arna bhformheas trí bhíthin Chinneadh 2005/370/CE ón gComhairle (15), a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, tá na forálacha sin infheidhme, i gcás inarb ábhartha. |
|
(36) |
Chun trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán aonad deimhnithe a áirithiú, agus chun an riosca calaoise agus comhairimh dhúbailte a sheachaint, ba cheart don Choimisiún clárlann de chuid an Aontais a bhunú laistigh de 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a choinneáil ar bun ina dhiaidh sin, ar clárlann í maidir le buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí (‘clárlann an Aontais’). Ba cheart don Choimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (a), de Threoir 2003/87/CE agus in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/841 a chur san áireamh. I gcás ina gcuirtear imní a bhaineann le calaois in iúl, ba cheart don Choimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear trí chinntí ábhartha a aisghairm nó trí na haonaid lena mbaineann a chur ar ceal. Mar shampla, d’fhéadfaí a mheas go ndearnadh calaois má eisítear níos mó ná deimhniú comhlíontachta amháin le haghaidh na gníomhaíochta céanna ós rud é gur cláraíodh an ghníomhaíocht faoi dhá scéim deimhniúcháin éagsúla nó gur cláraíodh í faoi dhó faoin scéim chéanna. D’fhéadfaí a mheas go ndearnadh calaois freisin nuair a úsáidtear an deimhniú comhlíontachta céanna roinnt uaireanta chun an maíomh céanna a dhéanamh bunaithe ar ghníomhaíocht nó ar aonad deimhnithe. Ba cheart do chlárlann an Aontais úsáid a bhaint as córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha, chun an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar a laghad, a chur ar fáil don phobal. Ba cheart oibriú chlárlann an Aontais a mhaoiniú le táillí socraithe bliantúla is iníoctha ag úsáideoirí, atá comhréireach leis an úsáid a bhaineann siad as clárlann an Aontais, agus atá leordhóthanach chun rannchuidiú le costais bunaithe agus costais oibriúcháin bhliantúla chlárlann an Aontais a chumhdach, amhail na costais a bhaineann le baill foirne nó uirlisí TF. Measfar na hacmhainní ó na táillí sin a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach chun críoch Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart a chumhdach leo, go háirithe, na costais a bhaineann le huirlisí, seirbhísí agus slándáil TF, lena n-áirítear na córais oibriúcháin agus cheadúnúcháin, agus na costais a bhaineann leis na baill foirne atá ag obair ar bhainistiú chlárlann an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na ceanglais riachtanacha a leagan amach maidir le clárlann an Aontais agus na tosca atá le cur san áireamh chun leibhéal na dtáillí úsáideoirí a chinneadh agus chun iad a aisghabháil. Agus na ceanglais sin á leagan amach aige, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar an ngá lena áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht leordhóthanach ar thrádáil na n-aonad deimhnithe. Le linn gach ráithe deiridh den bhliain roimh bhliain féilire an chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme amháin nó níos mó a ghlacadh chun méideanna aonair na dtáillí úsáideoirí atá le cur i bhfeidhm don bhliain féilire sin a leagan amach nó chun athbhreithniú a dhéanamh orthu. Go dtí go mbunófar clárlann an Aontais, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin atá aitheanta ag an gCoimisiún clárlanna deimhniúcháin idir-inoibritheacha a bhunú agus a choinneáil ar bun. Chun a áirithiú go mbeidh trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán ann maidir leis na haonaid dheimhnithe, agus chun an riosca calaoise agus comhairimh dhúbailte a sheachaint, ba cheart do na scéimeanna deimhniúcháin úsáid a bhaint freisin as córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha chun an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ar a laghad a chur ar fáil go poiblí. Chun cothrom iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach caighdeáin agus rialacha teicniúla maidir le feidhmiú agus idir-inoibritheacht na gclárlann deimhniúcháin sin. Níor cheart do chlárlanna deimhniúcháin nó do chlárlann an Aontais, ach í a bheith bunaithe, aonaid dheimhnithe a eisiúint ach amháin go dtí go nginfear glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, bunaithe ar dheimhniú comhlíontachta bailí atá mar thoradh ar iniúchadh athdheimhniúcháin. Chun eisiúint dhúbailte agus úsáid dhúbailte a sheachaint, níor cheart aon aonad deimhnithe a eisiúint níos mó ná uair amháin, agus níor cheart é a bheith in úsáid ag níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin tráth ar bith. Ba cheart d’aonaid buanaistrithe carbóin, aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin, aonaid stórála carbóin i dtáirgí, agus aonaid laghdaithe astaíochtaí ithreach leanúint de bheith ar leithligh óna chéile. Chun an riosca bunúsach maidir le haisiompú carbóin aistrithe a chur san áireamh, ba cheart d’aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin agus aonaid stórála carbóin i dtáirgí dul in éag ag deireadh na tréimhse faireacháin don ghníomhaíocht ábhartha, agus iad a chur ar ceal sa chlárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe, ach amháin má gheallann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an tréimhse faireacháin a fhadú, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme. |
|
(37) |
Tá ról tábhachtach ag scéimeanna deimhniúcháin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin tuairisciú don Choimisiún go tráthrialta maidir lena ngníomhaíocht. Ba cheart tuarascálacha den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ina n-iomláine nó, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm chomhiomlánaithe, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun maoirseacht an Choimisiúin a fheabhsú. Ina theannta sin, bheadh sna tuarascálacha sin an fhaisnéis a theastódh ón gCoimisiún chun tuarascáil a thabhairt ar oibriú scéimeanna deimhniúcháin d’fhonn dea-chleachtais a aithint agus togra reachtach a thíolacadh, dá mba iomchuí, chun na dea-chleachtais sin a chur chun cinn. Chun tuairisciú inchomparáide comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na mionsonraí teicniúla maidir le hábhar agus formáid na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag na scéimeanna deimhniúcháin. |
|
(38) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a bhunú do chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí, ina leagtar amach caighdeáin agus rialacha teicniúla maidir le feidhmiú chlárlann an Aontais agus Iarscríbhinní I agus II a shonrú nó a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(39) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Chun na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart don Choimisiún cúnamh a fháil maidir lena chuid cúraimí faoin Rialachán seo ón gCoiste um Athrú Aeráide, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). |
|
(40) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoin 27 Nollaig 2027, agus ina dhiaidh laistigh de 6 mhí ó thoradh gach athbhreithnithe dhomhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras. Ba cheart an Rialachán seo a choinneáil faoi athbhreithniú i ngach gné agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: forbairtí ábhartha a bhaineann le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear a chomhsheasmhacht le Rialachán (AE) 2018/841, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Rialachán (AE) 2021/1119, chomh maith le Treoracha 2003/87/CE agus (AE) 2018/2001; forbairtí ábhartha maidir le UNFCCC agus Comhaontú Pháras, lena n-áirítear rialacha agus treoirlínte a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 6 den Chomhaontú sin; dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch, na dea-chleachtais agus forbairtí margaidh i réimse na n-aistrithe carbóin; an acmhainneacht maidir le buanstóráil carbóin i dtríú tíortha, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) a bheith ann, agus foráil á déanamh ag an am céanna maidir le coinníollacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2009/31/CE chun a áirithiú go mbeidh stóráil gheolaíoch CO2 a ghabhtar slán go buan agus sábháilte go buan ó thaobh an chomhshaoil de; tionchar na húsáide bithmhaise méadaithe ar an gcomhshaol a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear an tionchar ar dhíghrádú talún agus ar athbhunú éiceachórais; an tionchar ar shlándáil bia an Aontais agus ar amhantraíocht talún; agus costas an phróisis deimhniúcháin. |
|
(41) |
Faoin 31 Iúil 2026, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chuimsiú chatagóir foinse ‘an talmhaíocht’, fochatagóirí 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus 3.B ‘bainistiú aoiligh’ de chuid IPCC, arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, sna laghduithe astaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus costais deiseanna, éabhlóid an chreata rialála, éifeachtaí diúltacha féideartha as a dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus sprioc aeráide 2040 an Aontais mar a mholtar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 á gcur san áireamh, agus ba cheart dó tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh. I gcomhthéacs an athbhreithnithe sin, is iomchuí breithniú a dhéanamh ar conas ba cheart catagóiriú a dhéanamh ar na haonaid a d’fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin a ghiniúint. Is iomchuí freisin dlús a chur le modheolaíocht deimhniúcháin phíolótach a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta ó choipeadh eintreach agus bainistiú aoiligh, mar ullmhúchán d’athbhreithniú 2026 arna dhéanamh ag an gCoimisiún. |
|
(42) |
Is iomchuí go mbeadh deimhnithe comhlíontachta agus aonaid dheimhnithe mar bhonn taca le húsáidí deiridh éagsúla, amhail cruthúnas ar éilimh a bhaineann leis an aeráid agus éilimh chorparáideacha chomhshaoil eile, lena n-áirítear maidir leis an mbithéagsúlacht, nó malartú aonad deimhnithe trí mhargaí carbóin deonacha. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le ceanglais bhreise chun an Rialachán seo a ailíniú leis na rialacha agus an treoraíocht in Airteagal 6(2) agus (4) de Chomhaontú Pháras agus le dea-chleachtais sna margaí carbóin deonacha agus ba cheart dó, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir leis an ngá sin. Ba cheart comparáid a dhéanamh sa mheasúnú sin idir ceanglais mhodheolaíocha, lena n-áirítear bonnlínte, tréimhsí faireacháin, tréimhsí gníomhaíochta, breisíocht, sceitheadh, neamhbhuaine agus dliteanas, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar cheanglais a bhaineann le húdarú agus le coigeartuithe comhfhreagracha. Ba cheart dó a chinneadh freisin an iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir úsáidí deiridh do gach cineál aonad, agus ba cheart dó na ceanglais chomhfhreagracha a shainaithint maidir le húsáid na n-aonad ag gníomhaithe príobháideacha nó tríú páirtithe, lena n-áirítear maidir leis na margaí carbóin deonacha agus scéimeanna comhlíontachta idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht á háirithiú le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais amhail Rialacháin (AE) 2018/1999 agus (AE) 2021/1119, agus Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), an chlárlann le haghaidh torthaí maolúcháin a aistrítear go hidirnáisiúnta de bhun Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus treoir atá le teacht maidir le héilimh fhollasacha chomhshaoil a bhunú agus a chur in iúl. |
|
(43) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon úsáid aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus, ag an am céanna, riosca a bhaineann leis an nglas-snasú a íoslaghdú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Is é cuspóir an Rialacháin seo cur in úsáid buanaistrithe carbóin, feirmeoireachta carbóin agus stórála carbóin i dtáirgí a éascú d’oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus iad a spreagadh na nithe sin a chur in úsáid, mar chomhlánú ar laghduithe inbhuanaithe astaíochtaí ar fud na n-earnálacha uile chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach. Chuige sin, leis an Rialachán seo bunaítear creat deonach de chuid an Aontais chun aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a dheimhniú trí na nithe seo a leanas a leagan síos:
|
(a) |
critéir cháilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí a tharlaíonn san Aontas; |
|
(b) |
rialacha maidir le fíorú agus deimhniú aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach arna nginiúint ag gníomhaíochtaí; |
|
(c) |
rialacha maidir le scéimeanna deimhniúcháin a fheidhmiú agus iad a bheith á n-aithint ag an gCoimisiún; |
|
(d) |
rialacha maidir le haonaid dheimhnithe a eisiúint agus a úsáid. |
2. Is é is aidhm don Rialachán seo tacú le cuspóirí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe cuspóir na haeráidneodrachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann faoi 2050 ar a dhéanaí. Dá réir sin, le gach aistriú carbóin agus gach laghdú astaíochtaí ithreach a ghintear faoin Rialachán seo, rannchuideofar le NDC an Aontais agus a chuspóirí aeráide a bhaint amach agus ní rannchuideofar le NDCanna tríú páirtí ná le scéimeanna comhlíontachta idirnáisiúnta.
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cé is moite de ghabháil agus stóráil astaíochtaí CO2 ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunaítear faoi Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001, maille le haon choigeartuithe is gá maidir le cur i bhfeidhm faoi Threoir 2003/87/CE, mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘aistriú carbóin’ aistriú antrapaigineach carbóin ón atmaisféar agus stóráil mharthanach an charbóin sin i dtaiscumair gheolaíocha, talún nó aigéin, nó i dtáirgí fadtéarmacha; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘laghdú astaíochtaí ithreach’ laghdú ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 nó laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’, arna chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, i gcás ina ndéantar, ar an iomlán, leis an ngníomhaíocht ábhartha astú carbóin ó linnte carbóin san ithir a laghdú nó aistrithe carbóin i linnte carbóin bithghineacha a mhéadú; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht’ cleachtas nó próiseas amháin nó níos mó a dhéanann oibreoir, nó grúpa oibreoirí, as a dtagann buanaistriú carbóin, aistriú sealadach carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin nó trí stóráil carbóin i dtáirgí, nó laghduithe astaíochtaí ithreach tríd an bhfeirmeoireacht carbóin i gcás ina ndéantar, ar an iomlán, le feirmeoireacht carbóin den sórt sin astaíochtaí carbóin ó linnte carbóin san ithir a laghdú nó aistrithe carbóin i linnte carbóin bithghineacha a mhéadú; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘linn charbóin bhithghineach’ bithmhais bheo, easair, adhmad marbh, ábhar orgánach marbh, ithreacha mianracha agus ithreacha orgánacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (a) go (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí a oibríonn nó a rialaíonn gníomhaíocht, nó dar tarmligeadh cumhacht eacnamaíoch chinntitheach ar fheidhmiú teicniúil na gníomhaíochta; i gcás gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, ciallaíonn ‘oibreoir’ feirmeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/2115, aon bhainisteoir eile ar ghníomhaíocht i dtimpeallacht talún nó chósta, úinéir nó bainisteoir foraoise mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó eintiteas poiblí inniúil; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘grúpa oibreoirí’ eintiteas dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar dhá oibreoir ar a laghad agus atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí sin an Rialachán seo; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘tréimhse ghníomhaíochta’ tréimhse ina ngintear leis an ngníomhaíocht glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, agus a chinntear sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘tréimhse faireacháin’ tréimhse ina ndéanann oibreoir nó grúpa oibreoirí faireachán ar laghdú astaíochtaí ithreach nó stóráil carbóin, lena gcumhdaítear ar a laghad an tréimhse ghníomhaíochta, agus a chinntear sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘buanaistriú carbóin’ aon chleachtas nó próiseas lena ndéantar, faoi ghnáthchúinsí agus trí chleachtais bhainistíochta iomchuí a úsáid, carbón atmaisféarach nó bithghineach a ghabháil agus a stóráil ar feadh roinnt céadta bliain, lena n-áirítear carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, agus nach bhfuil comhcheangailte le haisghabháil hidreacarbóin fheabhsaithe; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘feirmeoireacht carbóin’ aon chleachtas nó próiseas a dhéantar thar thréimhse ghníomhaíochta 5 bliana ar a laghad, a bhaineann le bainistiú timpeallachta talún nó cósta agus as a dtagann gabháil agus stóráil shealadach carbóin atmaisféaraigh nó bhithghinigh i linnte carbóin bithghineacha, nó as a dtagann laghdú astaíochtaí ithreach; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘stóráil carbóin i dtáirgí’ aon chleachtas nó próiseas lena ngabhtar agus lena stóráiltear carbón atmaisféarach nó bithghineach ar feadh 35 bliana ar a laghad i dtáirgí fadtréimhseacha, lenar féidir faireachán ar an láthair a dhéanamh ar an gcarbón stóráilte, agus atá deimhnithe ar feadh na tréimhse faireacháin; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí’ carbón a stóráiltear go ceimiceach laistigh de tháirge agus a fhágann nach dtéann sé isteach san atmaisféar faoi ghnáthúsáid an táirge, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a tharlaíonn tar éis dheireadh shaolré an táirge, i gcomhréir le hAirteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘stóráil gheolaíoch CO2’ stóráil gheolaíoch CO2 mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, de Threoir 2009/31/CE; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘comhlacht deimhniúcháin’ comhlacht neamhspleách um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe nó aitheanta agus a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige le scéim deimhniúcháin chun iniúchtaí deimhniúcháin a dhéanamh agus chun deimhnithe comhlíontachta a eisiúint; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ eagraíocht a dheimhníonn go gcomhlíonann gníomhaíochtaí agus oibreoirí na critéir cháilíochta agus na rialacha deimhniúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘iniúchadh deimhniúcháin’ iniúchadh arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘iniúchadh athdheimhniúcháin’ iniúchadh a dhéantar le linn an phróisis chun deimhniú comhlíontachta arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin a athnuachan; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘deimhniú comhlíontachta’ ráiteas comhréireachta arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann gníomhaíocht an Rialachán seo; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘aonad buanaistrithe carbóin’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe buanaistrithe carbóin deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht buanaistrithe carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘aonad laghdaithe astaíochtaí ithreach’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe deimhnithe laghdaithe astaíochtaí ithreach a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘aisiompú’, i gcás stóráil gheolaíoch CO2, sceitheadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2009/31/CE agus, i gcás gníomhaíochtaí eile, an carbón a gabhadh agus a stóráladh trí bhíthin gníomhaíochta a scaoileadh ar ais san atmaisféar, bíodh an scaoileadh sin deonach nó neamhdheonach; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘aonad ceaptha feirmeoireachta carbóin’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘aonad stórála carbóin i dtáirgí’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht stórála carbóin i dtáirgí agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12. |
Airteagal 3
Incháilitheacht do dheimhniú
Beidh aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach incháilithe do dheimhniú faoin Rialachán seo i gcás ina gcomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:
|
(a) |
gintear iad le gníomhaíocht a chomhlíonann na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagail 4 go 7; |
|
(b) |
fíoraítear go neamhspleách iad i gcomhréir le hAirteagal 9. |
CAIBIDIL 2
CRITÉIR CHÁILÍOCHTA
Airteagal 4
Cainníochtú
1. Le gníomhaíocht buanaistrithe carbóin, soláthrófar glantairbhe buanaistrithe carbóin, a dhéanfar a chainníochtú trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
glantairbhe buanaistrithe carbóin = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0,
i gcás inarb amhlaidh:
|
(a) |
is é ACbonnlíne méid na n-aistrithe carbóin faoin mbonnlíne; |
|
(b) |
is é ACiomlán méid iomlán aistrithe carbóin na gníomhaíochta; |
|
(c) |
is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin. |
2. Le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin soláthrófar glantairbhe aistrithe carbóin sealadach nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, a dhéanfar a chainníochtú trí na foirmlí seo a leanas a úsáid:
|
(a) |
glantairbhe aistrithe carbóin sealadach = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0, i gcás inarb amhlaidh:
|
|
(b) |
glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach = AILbonnlíne — AILiomlán + AITbonnlíne — AITiomlán — GCTbainteach > 0, i gcás inarb amhlaidh:
|
Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in ACbonnlíne agus ACiomlán do ghlanaistrithe gás ceaptha teasa a áirítear i raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841.
Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in LSEbonnlíne agus LSEiomlán do na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841.
Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in ASEbonnlíne agus ASEiomlán do na hastaíochtaí ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’.
3. Leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme, ceanglófar miondealú de réir gás ceaptha teasa ar na cainníochtaí go léir dá dtagraítear i mír 2.
4. Má thagann méadú ar astaíochtaí ithreach mar thoradh ar ghníomhaíocht a mbíonn aistriú carbóin sealadach tríd an bhfeirmeoireacht carbóin mar thoradh uirthi, déanfar iad a chainníochtú agus a chur san áireamh sa ghlantairbhe aistrithe carbóin. Go háirithe, déanfar astaíochtaí ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 a chainníochtú agus a thuairisciú mar chuid de ACiomlán, agus déanfar astaíochtaí ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’, a chainníochtú agus a thuairisciú mar astaíochtaí GCTbainteach.
Má thagann laghdú ar astaíochtaí ithreach mar thoradh ar ghníomhaíocht a mbíonn aistriú sealadach carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin mar thoradh uirthi, déanfar iad a chainníochtú, a thuairisciú agus a chur san áireamh mar ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach.
I gcás ina mbíonn glantairbhe aistrithe carbóin agus glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach araon ann mar thoradh ar ghníomhaíocht, sonrófar sa mhodheolaíocht ábhartha na rialacha leithdháilte maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha bainteacha atá inchurtha i leith na gníomhaíochta sin.
5. Le gníomhaíocht stórála carbóin i dtáirgí, soláthrófar glantairbhe aistrithe carbóin sealadach, a dhéanfar a chainníochtú trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
glantairbhe aistrithe carbóin sealadach = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0,
i gcás inarb amhlaidh:
|
(a) |
is é ACbonnlíne méid na n-aistrithe carbóin faoin mbonnlíne; |
|
(b) |
is é ACiomlán méid iomlán aistrithe carbóin na gníomhaíochta stórála carbóin i dtáirgí; |
|
(c) |
is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin. |
6. Tabharfar comhartha diúltach (–) do chainníochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 más glanaistrithe gás ceaptha teasa iad agus tabharfar comhartha deimhneach (+) dóibh más glanastaíochtaí gás ceaptha teasa iad; déanfar iad a shloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2.
7. Déanfar buanaistrithe carbóin, aistrithe sealadacha carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, laghduithe astaíochtaí ithreach agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bainteacha a chainníochtú ar bhealach atá ábhartha, coimeádach, cruinn, iomlán, comhsheasmhach, trédhearcach agus inchomparáide, i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil. Beidh an faireachán bunaithe ar theaglaim iomchuí de thomhais ar an láthair le cianbhraiteacht nó samhaltú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme.
8. Beidh an bhonnlíne dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 5 an-ionadaíoch ar fheidhmíocht chaighdeánach cleachtas agus próiseas inchomparáide in imthosca comhchosúla sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, teicneolaíocha agus rialála agus cuirfear san áireamh iontu an comhthéacs geografach, lena n-áirítear dálaí áitiúla peidichlíomacha agus rialála (‘bonnlíne chaighdeánaithe’).
9. Bunóidh an Coimisiún an bhonnlíne chaighdeánaithe sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar an mbonnlíne chaighdeánaithe agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta í i bhfianaise na n-imthosca rialála atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil. Ní bheidh feidhm ag an mbonnlíne chaighdeánaithe nuashonraithe ach amháin maidir le gníomhaíocht a dtosaíonn a tréimhse ghníomhaíochta tar éis theacht i bhfeidhm na modheolaíochta deimhniúcháin is infheidhme.
10. De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme, lena n-áirítear mar gheall ar easpa sonraí nó toisc nach bhfuil go leor gníomhaíochtaí inchomparáide ann, úsáidfidh an t-oibreoir bonnlíne a chomhfhreagraíonn d’fheidhmíocht aonair gníomhaíochta sonraí (‘bonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht’).
11. Déanfar na bonnlínte a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, ag tús gach tréimhse gníomhaíochta, mura sonraítear a mhalairt sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
12. Agus cainníochtú á dhéanamh ar bhuanaistrithe carbóin, aistrithe carbóin sealadacha tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus laghduithe astaíochtaí ithreach, cuirfear éiginnteachtaí san áireamh ar bhealach coimeádach agus i gcomhréir le cineálacha cur chuige staidrimh aitheanta. Déanfar éiginnteachtaí a thagann chun cinn agus cainníochtú á dhéanamh ar aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a thuairisciú go cuí.
13. Chun tacú le cainníochtú aistrithe carbóin sealadacha agus laghduithe astaíochtaí ithreach a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, baileoidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí, i gcás inarb indéanta, sonraí maidir le haistrithe carbóin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar úsáid mhodheolaíochtaí leibhéal 3 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus na mionchoigeartuithe ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin, agus ar bhealach atá comhoiriúnach le fardail náisiúnta gás ceaptha teasa faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
Airteagal 5
Breisíocht
1. Is gníomhaíocht bhreise a bheidh in aon ghníomhaíocht. Chuige sin, comhlíonfaidh sí an dá chritéar seo a leanas:
|
(a) |
rachaidh sí thar cheanglais reachtúla an Aontais agus ceanglais reachtúla náisiúnta ar leibhéal an oibreora aonair; |
|
(b) |
ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag an deimhniú faoin Rialachán seo chun go mbeidh an ghníomhaíocht inmharthana ó thaobh airgeadais de. |
2. I gcás ina n-úsáidtear bonnlíne chaighdeánaithe, measfar go gcomhlíontar an bhreisíocht dá dtagraítear i mír 1.
I gcás ina n-úsáidtear bonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht, léireofar breisíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí thástálacha sonracha breisíochta i gcomhréir leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
Airteagal 6
Stóráil, faireachán agus dliteanas
1. Léireoidh oibreoir nó grúpa oibreoirí maidir le gníomhaíocht go ndéantar carbón a bhuanstóráil léi nó go bhfuil sé d’aidhm léi carbón a stóráil go fadtéarmach.
2. Chun críocha mhír 1, beidh oibreoir nó grúpa oibreoirí:
|
(a) |
faoi réir rialacha maidir le faireachán agus rialacha maidir le maolú a dhéanamh ar aon rioscaí sainaitheanta aisiompaithe a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin; |
|
(b) |
faoi dhliteanas aghaidh a thabhairt, trí shásraí dliteanais iomchuí i gcomhréir leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8, ar aon aisiompú a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin le haghaidh na gníomhaíochta sin i gcás an charbóin a gabhadh agus a stóráladh trí bhíthin gníomhaíochta. |
3. I gcás na rialacha faireacháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (a):
|
(a) |
maidir le buanaistrithe carbóin, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 13 go 16 de Threoir 2009/31/CE; |
|
(b) |
maidir le carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE; |
|
(c) |
maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, leagfar amach iad agus tabharfar údar cuí leo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8. |
4. I gcás na sásraí dliteanais dá dtagraítear i mír 2, pointe (b):
|
(a) |
maidir le buanaistrithe carbóin, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 de Threoir 2009/31/CE; |
|
(b) |
maidir le carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, beidh siad comhsheasmhach leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE; |
|
(c) |
maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, leagfar amach iad agus tabharfar údar cuí leo sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8 agus féadfar maoláin chomhchoiteanna nó sásraí árachais tosaigh a áireamh iontu. |
5. Measfar an carbón a aistríodh agus a stóráladh ina dhiaidh sin trí ghníomhaíocht aistrithe carbóin a bheith scaoilte isteach san atmaisféar ag deireadh na tréimhse faireacháin, ach amháin má dhéantar an tréimhse faireacháin sin a fhadú trí dheimhniú nua ar an ngníomhaíocht nó má bhuanstóráiltear an carbón de bhun mhír 3, pointí (a) agus (b), agus mhír 4, pointí (a) agus (b).
6. Beidh gníomhaíochtaí maidir le laghduithe astaíochtaí ithreach faoi réir rialacha faireacháin agus sásraí dliteanais iomchuí mar a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
Airteagal 7
Inbhuanaitheacht
1. Ní dhéanfaidh gníomhaíocht dochar suntasach don chomhshaol agus féadfaidh sí comhthairbhí a ghiniúint le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas:
|
(a) |
maolú ar an athrú aeráide thar an nglantairbhe aistrithe carbóin agus thar an nglantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2); |
|
(b) |
oiriúnú don athrú aeráide; |
|
(c) |
úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní uisce agus muirí agus iad a chosaint; |
|
(d) |
aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear úsáid éifeachtúil ábhar bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe; |
|
(e) |
truailliú a chosc agus a rialú; |
|
(f) |
an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sláinte ithreach chomh maith le díghrádú talún a sheachaint. |
2. Is é a dhéanfaidh gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, ar a laghad, comhthairbhí a ghiniúint le haghaidh an chuspóra inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (f).
3. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh gníomhaíocht na ceanglais íosta inbhuanaitheachta a leagtar síos sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
Maidir leis na ceanglais íosta inbhuanaitheachta:
|
(a) |
déanfar an tionchar atá ann laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus dálaí áitiúla, a chur san áireamh; |
|
(b) |
i gcás inarb iomchuí, beidh siad comhsheasmhach leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; |
|
(c) |
déanfar inbhuanaitheacht a chur chun cinn i gcás amhábhar bithmhaise foraoise agus talmhaíochta i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001. |
4. I gcás ina dtuairiscíonn oibreoir nó grúpa oibreoirí comhthairbhí a rannchuidíonn leis na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, comhlíonfaidh an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí sin na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8. Aireofar sna modheolaíochtaí deimhniúcháin sin gnéithe chun giniúint comhthairbhí a théann thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta a dhreasú a mhéid is féidir, go háirithe le haghaidh an chuspóra dá dtagraítear i mír 1, pointe (f), den Airteagal seo.
Airteagal 8
Modheolaíochtaí deimhniúcháin
1. Úsáidfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí an mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme chun na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagail 4 go 7 (‘modheolaíocht deimhniúcháin’) a chomhlíonadh.
2. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíochtaí deimhniúcháin a bhunú, lena sonrófar, i gcás gach gníomhaíochta, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do mhodheolaíochtaí deimhniúcháin a fhorbairt le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin arb iad is aibí, a bhfuil sé d’acmhainn acu na comhthairbhí is mó a sholáthar nó ar glacadh dlí de chuid an Aontais in leith atá ábhartha chun na modheolaíochtaí sin a fhorbairt.
I gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, mar chuid dá bheartú tosaíochta, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gcuireann na gníomhaíochtaí le bainistiú inbhuanaithe na talún talmhaíochta, na bhforaoisí agus na muirthimpeallachta.
I gcás stóráil carbóin i dtáirgí, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do mhodheolaíochtaí deimhniúcháin le haghaidh táirgí foirgníochta adhmadbhunaithe agus bithbhunaithe.
3. Le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2, déanfar idirdhealú idir gníomhaíochtaí a bhaineann le buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí agus déanfar idirdhealú breise idir na gníomhaíochtaí ar bhonn a saintréithe.
Déanfar an méid seo a leanas leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin:
|
(a) |
stóinseacht agus trédhearcacht aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a áirithiú; |
|
(b) |
cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras a chur chun cinn; |
|
(c) |
rannchuidiú le slándáil bia an Aontais a áirithiú agus amhantraíocht talún a sheachaint; |
|
(d) |
iomaíochas na bhfeirmeoirí agus na n-úinéirí foraoise agus na mbainisteoirí foraoise san Aontas a chur san áireamh ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe i gcás oibreoirí ar mionscála; |
|
(e) |
inbhuanaitheacht na bithmhaise a chur chun cinn i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(f) |
a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir (AE) 2018/2001; |
|
(g) |
a áirithiú go seachnófar éileamh neamh-inbhuanaithe ar amhábhar bithmhaise; |
|
(h) |
an t-ualach riaracháin agus airgeadais ar oibreoirí a íoslaghdú, go háirithe ar oibreoirí ar mionscála, agus an próiseas deimhniúcháin a choinneáil chomh simplí agus is féidir, agus éasca le húsáid; |
|
(i) |
a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar chásanna aisiompaithe trí shásraí dliteanais iomchuí amhail maoláin chomhchoiteanna nó sásraí árachais tosaigh agus, mar rogha dheireanach, na haonaid a chur ar ceal go díreach. |
4. Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
dlí ábhartha an Aontais agus an dlí ábhartha náisiúnta; |
|
(b) |
modheolaíochtaí agus caighdeáin deimhniúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus modheolaíochtaí agus caighdeáin deimhniúcháin ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus |
|
(c) |
an fhianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil. |
CAIBIDIL 3
DEIMHNIÚ
Airteagal 9
Deimhniú comhlíontachta
1. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú um chomhlíonadh an Rialacháin seo, cuirfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí iarratas faoi bhráid scéim deimhniúcháin.
Ar ghlacadh leis an iarratas sin, cuirfidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí plean gníomhaíochta faoi bhráid comhlacht deimhniúcháin ina n-áirítear fianaise ar chomhlíonadh Airteagail 4 go 7 agus an glantairbhe aistrithe carbóin a bhfuiltear ag súil leis nó an glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a bhfuiltear ag súil leis a ghintear leis an ngníomhaíocht, agus plean faireacháin.
Sonróidh grúpaí oibreoirí freisin cén chaoi a soláthraítear seirbhísí comhairleacha, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mionscála.
Maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, féadfaidh na Ballstáit comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí faoi chuimsiú na seirbhísí comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115.
Chun idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí ábhartha maidir le feirmeoireacht carbóin a chur chun cinn, i gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a áireamh, sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116, faisnéis bhunriachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear cleachtais bhainistíochta a bhaineann leis an ngníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, dáta tosaigh agus dáta deiridh na gníomhaíochta, uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta, ainm an chomhlachta deimhniúcháin agus ainm na scéime deimhniúcháin.
2. Ceapfaidh an scéim deimhniúcháin comhlacht deimhniúcháin, a dhéanfaidh iniúchadh deimhniúcháin chun a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a thíolactar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo cruinn agus iontaofa, agus chun a dheimhniú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagail 4 go 7.
Nuair atá, mar thoradh ar an iniúchadh deimhniúcháin sin, comhlíontacht na faisnéise a tíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo fíoraithe, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta deimhniúcháin ina n-áirítear achoimre, agus eiseoidh sé deimhniú comhlíontachta ina bhfuil, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Déanfaidh an scéim deimhniúcháin athbhreithniú ar an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin agus ar an deimhniú comhlíontachta, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin, ina hiomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, i bhfoirm achoimrithe, agus an deimhniú comhlíontachta ar fáil go poiblí ina clárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12 ach í a bheith bunaithe (‘clárlann an Aontais’).
3. Gach 5 bliana ar a laghad, nó níos minice i gcás ina sonraítear amhlaidh sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme bunaithe ar shaintréithe na gníomhaíochta ábhartha, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchtaí athdheimhniúcháin chun a athdhearbhú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagail 4 go 7 agus chun an glantairbhe carbóin nó an glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a ghintear leis an ngníomhaíocht a fhíorú. Mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin sin, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin ina n-áirítear achoimre, agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé deimhniú comhlíontachta nuashonraithe.
Déanfaidh an scéim deimhniúcháin athbhreithniú ar an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin agus ar an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin, ina hiomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, i bhfoirm achoimrithe, agus an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe ar fáil go poiblí ina clárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.
Eiseoidh clárlann deimhniúcháin na scéime deimhniúcháin nó clárlann an Aontais, ach í a bheith bunaithe, aonaid dheimhnithe bunaithe ar an deimhniú comhlíontachta nuashonraithe atá mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin.
4. Tacóidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí leis an gcomhlacht deimhniúcháin le linn an iniúchta deimhniúcháin agus an iniúchta athdheimhniúcháin, go háirithe trí rochtain a thabhairt ar áitreabh na gníomhaíochta agus trí aon sonraí agus doiciméid a theastaíonn ón gcomhlacht deimhniúcháin sin a sholáthar.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla an phlean gníomhaíochta agus an phlean faireacháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus na dtuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus na dtuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 10
Comhlachtaí deimhniúcháin
1. Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin a cheaptar trí scéimeanna deimhniúcháin, déanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta iad a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó aithneoidh údarás inniúil náisiúnta iad mar chomhlachtaí atá inniúil chun raon feidhme an Rialacháin seo nó raon feidhme sonrach na scéime deimhniúcháin a chumhdach.
2. Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin:
|
(a) |
beidh siad inniúil ar na hiniúchtaí deimhniúcháin agus na hiniúchtaí athdheimhniúcháin a dhéanamh; |
|
(b) |
beidh siad neamhspleách, ar bhonn dlíthiúil agus airgeadais, ar oibreoir nó ar ghrúpa oibreoirí; agus |
|
(c) |
na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh siad iad chun leas an phobail. |
3. Chun críocha mhír 2, pointe (b), maidir le comhlachtaí deimhniúcháin agus aon chuid díobh:
|
(a) |
ní bheidh siad ina n-oibreoir nó ina ngrúpa oibreoirí, ina n-úinéir oibreora nó ina n-úinéir grúpa oibreoirí, ná faoina n-úinéireacht; |
|
(b) |
ní bheidh siad i gcaidrimh le hoibreoir nó le grúpa oibreoirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht. |
4. Déanfaidh na Ballstáit maoirseacht ar oibriú comhlachtaí deimhniúcháin.
Tíolacfaidh comhlachtaí deimhniúcháin, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla náisiúnta, an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a n-oibriú, lena n-áirítear dáta, am agus suíomh an iniúchta deimhniúcháin agus an iniúchta athdheimhniúcháin.
I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad an comhlacht deimhniúcháin agus an scéim deimhniúcháin ábhartha ar an eolas faoi sin gan mhoill.
Foilseofar an fhaisnéis faoi shaincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh sa chlárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.
CAIBIDIL 4
SCÉIMEANNA DEIMHNIÚCHÁIN
Airteagal 11
Oibriú scéimeanna deimhniúcháin
1. Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú, glacfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí páirt i scéim deimhniúcháin atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 13.
2. Oibreoidh scéimeanna deimhniúcháin ar bhealach neamhspleách ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe maidir le bainistíocht agus faireachán inmheánach, gearáin agus achomhairc a láimhseáil, comhairliúchán le geallsealbhóirí, trédhearcacht agus foilsiú faisnéise, ceapadh agus oiliúint comhlachtaí deimhniúcháin, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna neamh-chomhréireachta, agus forbairt agus bainistiú na gclárlann deimhniúcháin.
Socróidh na scéimeanna deimhniúcháin táillí trédhearcacha agus cuirfidh siad faisnéis faoi na táillí sin ar fáil go héasca d’oibreoirí, lena n-áirítear trína bhfoilsiú ar a suíomhanna gréasáin.
Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin nósanna imeachta gearáin agus achomhairc a mbeidh rochtain éasca orthu i bhfeidhm. Cuirfear faisnéis faoi na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí sa chlárlann deimhniúcháin agus i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.
3. Fíoróidh scéimeanna deimhniúcháin an raibh an fhaisnéis agus na sonraí a thíolaic oibreoir nó grúpa oibreoirí le haghaidh deimhniú comhlíontachta de bhun Airteagal 9 faoi réir iniúchóireacht neamhspleách agus an ndearnadh an deimhniú comhlíontachta, lena n-áirithítear na tuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin, ar bhealach cruinn, iontaofa agus costéifeachtach.
4. Foilseoidh scéimeanna deimhniúcháin, go bliantúil ar a laghad, ina gclárlanna deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe liosta de na comhlachtaí deimhniúcháin atá ceaptha, agus sonrófar le haghaidh gach comhlachta deimhniúcháin cén t-údarás inniúil náisiúnta a rinne creidiúnú air nó cén t-údarás inniúil náisiúnta a d’aithin é agus cén t-údarás inniúil náisiúnta atá ag déanamh faireacháin air.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach an struchtúr, an fhormáid, na mionsonraí teicniúla agus an próiseas atá ag teastáil chun críocha mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a bhfuil feidhm le bheith acu maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin uile atá aitheanta ag an gCoimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 12
Clárlann de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus clárlanna deimhniúcháin
1. Bunóidh an Coimisiún faoin 27 Nollaig 2028, clárlann de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus déanfaidh sé í a choinneáil ar bun mar is cuí ina dhiaidh sin, chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana, ina bhfuil, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Agus clárlann an Aontais á bunú aige, cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (a), de Threoir 2003/87/CE agus in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/841 san áireamh.
Úsáidfidh clárlann an Aontais córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha, chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach slán, lena n-áirítear na deimhnithe comhlíontachta agus deimhnithe comhlíontachta nuashonraithe, ionas gur féidir cainníocht na n-aonad deimhnithe a rianú agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
Maoineofar clárlann an Aontais le táillí socraithe bliantúla is iníoctha ag úsáideoirí. Beidh na táillí sin comhréireach le húsáid chlárlann an Aontais agus leordhóthanach chun rannchuidiú le costais bunaithe agus costais oibriúcháin bhliantúla chlárlann an Aontais a chumhdach, amhail na costais a bhaineann le baill foirne nó uirlisí TF.
Is ioncam sannta seachtrach a bheidh in acmhainní ó tháillí den sórt sin chun críocha Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leis an ioncam sin, cumhdófar, go háirithe, costais uirlisí, seirbhísí agus slándáil TF, lena n-áirítear na córais oibriúcháin agus cheadúnúcháin, agus na costais a bhaineann leis na baill foirne atá ag obair ar bhainistiú chlárlann an Aontais.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí na ceanglais riachtanacha a leagan síos maidir le clárlann an Aontais, lena n-áirítear rialacha chun formhaoirseacht leordhóthanach ar thrádáil aonad deimhnithe a áirithiú, agus na fachtóirí atá le meas maidir le leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh agus maidir le haisghabháil na dtáillí sin.
Le linn gach ráithe dheiridh den bhliain roimh bhliain féilire an chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme amháin nó níos mó chun méideanna aonair na dtáillí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm don bhliain féilire sin a leagan amach nó chun athbhreithniú a dhéanamh orthu.
3. Go dtí go mbunófar clárlann an Aontais, bunófar, le scéim deimhniúcháin, clárlann deimhniúcháin, agus déanfar í a choinneáil ar bun mar is cuí, chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí agus ar bhealach slán, lena n-áirítear deimhnithe comhlíontachta agus deimhnithe comhlíontachta nuashonraithe, ina bhfuil, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ionas gur féidir cainníocht na n-aonad atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 9 a rianú.
Úsáidfidh clárlann deimhniúcháin córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha, agus beidh sí idir-inoibritheach le clárlanna eile de chuid scéimeanna deimhniúcháin aitheanta eile chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na gclárlann deimhniúcháin agus thaifeadadh, choinneáil nó úsáid na n-aonad deimhnithe, lena n-áirítear amhail dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
4. Ní eiseoidh clárlanna deimhniúcháin, nó clárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe, aonaid dheimhnithe ach amháin go dtí go nginfear glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, bunaithe ar dheimhniú comhlíontachta bailí atá mar thoradh ar iniúchadh athdheimhniúcháin.
Ní eiseofar aon aonad deimhnithe níos mó ná uair amháin, agus ní úsáidfidh níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin é tráth ar bith.
Leanfaidh aonaid buanaistrithe carbóin, aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin, aonaid stórála carbóin i dtáirgí, agus aonaid laghdaithe astaíochtaí ithreach de bheith ar leithligh óna chéile.
5. Ach amháin má chruthaítear go bhfuil carbón aistrithe á stóráil go fadtéarmach trí fhaireachán leanúnach, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme, rachaidh aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin agus aonaid stórála carbóin i dtáirgí in éag ag deireadh na tréimhse faireacháin le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha, agus cuirfear ar ceal iad i gclárlann deimhniúcháin nó i gclárlann an Aontais ach í a bheith bunaithe.
Airteagal 13
Scéimeanna deimhniúcháin a aithint
1. Ní fhéadfaidh oibreoir ná grúpa oibreoirí ach scéim deimhniúcháin atá aitheanta ag an gCoimisiún trí bhíthin cinnidh a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Beidh cinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana agus cuirfear ar fáil go poiblí é i gclárlann an Aontais.
2. Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún maidir le hiarratas go n-aithneofaí scéim deimhniúcháin phoiblí.
Tabharfaidh ionadaí dlíthiúil de chuid scéime deimhniúcháin príobháidí fógra don Choimisiún maidir le hiarratas go n-aithneofaí an scéim deimhniúcháin phríobháideach sin.
3. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle go hiomchuí leis an scéim deimhniúcháin, cinneadh lena n-aithnítear an scéim sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo a aisghairm i gcás nach gcuireann an scéim deimhniúcháin na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) chun feidhme.
I gcás ina n-ardaíonn Ballstát nó aon pháirtí leasmhar eile ábhair imní a bhfuil bunús cuí leo nach n-oibríonn scéim deimhniúcháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) atá mar bhonn do chinntí faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún an cás a imscrúdú agus déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear an cinneadh ábhartha a aisghairm.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na bpróiseas aitheantais agus fógartha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 14
Ceanglais maidir le tuairisciú
1. Gach bliain faoin 30 Aibreán, cuirfidh gach scéim deimhniúcháin atá aitheanta ag an gCoimisiún agus atá á hoibriú le 12 mhí ar a laghad tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena hoibríochtaí, lena n-áirítear tuairisc ar aon chás calaoise agus ar bhearta feabhsúcháin gaolmhara, ar tuarascáil í a chumhdaíonn an bhliain féilire roimhe sin.
Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí, ina n-iomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, i bhfoirm chomhiomlánaithe.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
CAIBIDIL 5
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 15
Leasú ar Iarscríbhinní
1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do chineálacha nua gníomhaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
2. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú chun í a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8, 12 agus 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 26 Nollaig 2024.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 12 agus 15 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8, 12 nó 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 17
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, a bunaíodh le hAirteagal 44(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1999, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 18
Athbhreithniú
1. Déanfar an Rialachán seo a choinneáil faoi athbhreithniú i ngach gné, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
forbairtí ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid atá sé comhsheasmhach le Rialacháin (AE) 2018/841, (AE) 2018/842 agus (AE) 2021/1119 agus Treoracha 2003/87/CE agus (AE) 2018/2001; |
|
(b) |
forbairtí ábhartha a bhaineann le UNFCCC agus Comhaontú Pháras, lena n-áirítear rialacha agus treoirlínte a bhaineann le hAirteagal 6 den Chomhaontú sin a chur chun feidhme; |
|
(c) |
dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch, dea-chleachtais agus forbairtí margaidh i réimse na n-aistrithe carbóin; |
|
(d) |
an acmhainneacht maidir le buanstóráil carbóin i dtríú tíortha, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1735 a bheith ann, agus foráil á déanamh ag an am céanna maidir le coinníollacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2009/31/CE chun a áirithiú go mbeidh stóráil gheolaíoch CO2 a ghabhtar slán go buan agus sábháilte go buan ó thaobh an chomhshaoil de; |
|
(e) |
tionchar na húsáide méadaithe bithmhaise ar an gcomhshaol atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear an tionchar ar dhíghrádú talún agus ar athbhunú éiceachórais; |
|
(f) |
an tionchar ar shlándáil bia an Aontais agus ar amhantraíocht talún; agus |
|
(g) |
costas an phróisis deimhniúcháin. |
2. Faoin 27 Nollaig 2027, agus ina dhiaidh sin laistigh de 6 mhí ó thoradh gach athbhreithnithe dhomhanda a chomhaontaítear faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Faoin 31 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le hastaíochtaí a laghdú ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, agus costais deiseanna, éabhlóid an chreata rialála, éifeachtaí diúltacha féideartha as a dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus sprioc aeráide 2040 an Aontais á gcur san áireamh mar a mholtar i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an tuarascáil sin bunaithe, inter alia, ar mhodheolaíocht deimhniúcháin phíolótach le haghaidh gníomhaíochtaí lena laghdaítear astaíochtaí talmhaíochta ó choipeadh eintreach agus bainistiú aoiligh.
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil sin chun raon feidhme na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a leathnú chuig laghdú astaíochtaí i gcatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.A ‘coipeadh eintreach’ agus fochatagóir 3.B ‘bainistiú aoiligh’, arna chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.
4. Faoin 31 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceanglais bhreise is gá chun an Rialachán seo a ailíniú le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras agus le dea-chleachtais, lena n-áirítear coigeartuithe comhfhreagracha, údarú an pháirtí óstaigh agus modheolaíochtaí. Sa mheasúnú sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar úsáid aonad deimhnithe chun astaíochtaí a ghintear lasmuigh de NDC an Aontais agus de chuspóirí aeráide an Aontais. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 184, 25.5.2023, lch. 83.
(2) IO C 157, 3.5.2023, lch. 58.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2024.
(4) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(8) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(9) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(10) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(12) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(13) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(15) Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).
(16) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(21) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).
(22) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
IARSCRÍBHINN I
Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 8, áireoidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas sna modheolaíochtaí deimhniúcháin, agus sainiúlachtaí gach gníomhaíochta á gcur san áireamh:
|
(a) |
an cineál gníomhaíochta agus tuairisc ar na cleachtais agus ar na próisis a chumhdaítear, lena n-áirítear an tréimhse ghníomhaíochta agus an tréimhse faireacháin; |
|
(b) |
rialacha maidir leis na linnte aistrithe carbóin agus na foinsí astaíochtaí gáis ceaptha teasa uile de réir bhrí Airteagal 4(1), (2) agus (5) a aithint; |
|
(c) |
rialacha maidir leis an mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), in Airteagal 4(2), pointe (a)(i), in Airteagal 4(2), pointí (b)(i) agus (iii), nó in Airteagal 4(5), pointe (a), a ríomh; |
|
(d) |
rialacha maidir leis na haistrithe carbóin iomlána dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), in Airteagal 4(2), pointe (a)(ii), nó in Airteagal 4(5), pointe (b), a ríomh; |
|
(e) |
rialacha maidir le hastaíochtaí ithreach LULUCF dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b)(ii), a ríomh; |
|
(f) |
rialacha maidir le hastaíochtaí ithreach talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (iv), a ríomh; |
|
(g) |
rialacha maidir le hastaíochtaí GCTbainteach dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c), in Airteagal 4(2), pointe (a)(iii), in Airteagal 4(2), pointe (b)(v), nó in Airteagal 4(5), pointe (c), a ríomh; |
|
(h) |
rialacha maidir leis na bonnlínte caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(9) a thabhairt cothrom le dáta agus maidir leis an mbonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4(11) a thabhairt cothrom le dáta; |
|
(i) |
rialacha chun éiginnteachtaí a chur san áireamh ar bhealach coimeádach agus cainníochtú á dhéanamh ar bhuanaistrithe carbóin, aistrithe carbóin sealadacha tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus laghduithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(12); |
|
(j) |
rialacha chun na tástálacha breisíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh; |
|
(k) |
rialacha maidir le faireachán agus rialacha maidir le maolú a dhéanamh ar aon rioscaí sainaitheanta aisiompaithe maidir leis an gcarbón stóráilte dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a); |
|
(l) |
rialacha maidir le sásraí dliteanais sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b), agus Airteagal 6(4), lena n-áirítear rialacha maidir leis an riosca go gclisfeadh ar an sásra dliteanais ábhartha; |
|
(m) |
rialacha maidir leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 6(5) a chur chun feidhme; |
|
(n) |
rialacha maidir le faireachán ar na laghduithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 6(6); |
|
(o) |
rialacha maidir leis na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3); |
|
(p) |
rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na comhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(4). |
IARSCRÍBHINN II
An fhaisnéis íosta atá le háireamh sa deimhniú comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 9
Áireofar an fhaisnéis íosta seo a leanas sa deimhniú comhlíontachta:
|
(a) |
ainm agus cineál na gníomhaíochta, lena n-áirítear cleachtais agus próisis, agus ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí; |
|
(b) |
suíomh na gníomhaíochta, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus na ceanglais scála mapála 1:5 000 atá ar an mBallstát á n-urramú; |
|
(c) |
fad na tréimhse gníomhaíochta, lena n-áirítear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh; |
|
(d) |
ainm na scéime deimhniúcháin; |
|
(e) |
ainm, seoladh agus lógó an chomhlachta deimhniúcháin; |
|
(f) |
uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta; |
|
(g) |
áit, dáta eisiúna agus tréimhse bhailíochta an deimhnithe comhlíontachta; |
|
(h) |
tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8; |
|
(i) |
an ghlantairbhe buanaistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(5); |
|
(j) |
aistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), nó in Airteagal 4(2), pointe (a)(i), nó in Airteagal 4(5), pointe (a); nó astaíochtaí ithreach faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b)(i) agus (iii); |
|
(k) |
iomlán na n-aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), in Airteagal 4(2), pointe (a)(ii), nó in Airteagal 4(5), pointe (b); nó iomlán na n-astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (b)(ii) agus (iv); |
|
(l) |
an méadú ar astaíochtaí GCGbainteach díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c), in Airteagal 4(2), pointe (a)(iii), in Airteagal 4(2), pointe (b)(v), agus in Airteagal 4(5), pointe (c); |
|
(m) |
miondealú de réir gás, foinsí, linnte carbóin agus stoc maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (j), (k) agus (l); |
|
(n) |
fad thréimhse faireacháin na gníomhaíochta; |
|
(o) |
méid na bithmhaise a úsáideadh agus cruthúnas go gcomhlíontar léi na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3); |
|
(p) |
aon chomhthairbhe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7; |
|
(q) |
maidir le feirmeoireacht carbóin, comhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(2); |
|
(r) |
tagairt d’aon deimhniú idirnáisiúnta nó náisiúnta eile, lena n-áirítear uimhir uathúil nó cód uathúil an deimhnithe comhlíontachta; |
|
(s) |
cineál an tsásra dliteanais, ranníocaíocht na gníomhaíochta leis an sásra agus an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi dhliteanas; |
|
(t) |
cainníocht agus bailíocht na n-aonad deimhnithe; |
|
(u) |
aon éiginnteachtaí a thagann chun cinn agus cainníochtú á dhéanamh ar aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach i gcomhréir le hAirteagal 4(12). |
IARSCRÍBHINN III
An fhaisnéis íosta atá le bheith i gclárlann an Aontais agus clárlanna deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12
Áireofar i gclárlann an Aontais agus i gclárlanna deimhniúcháin an fhaisnéis íosta seo a leanas do gach gníomhaíocht agus do gach aonad deimhnithe:
|
(a) |
ainm agus cineál na gníomhaíochta, agus ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí; |
|
(b) |
suíomh na gníomhaíochta, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus na ceanglais scála mapála 1:5 000 ar an mBallstát á n-urramú; |
|
(c) |
fad na tréimhse gníomhaíochta, lena n-áirítear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh; |
|
(d) |
ainm na scéime deimhniúcháin, an cinneadh ón gCoimisiún lena n-aithnítear an scéim sin dá dtagraítear in Airteagal 13, rialacha agus nósanna imeachta na scéime deimhniúcháin agus liosta na gcomhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh dá dtagraítear in Airteagal 11, agus a tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 14; |
|
(e) |
tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8; |
|
(f) |
an ghlantairbhe buanaistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), nó an ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach dá dtagraítear in Airteagal 4(5); |
|
(g) |
aon chomhthairbhe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7; |
|
(h) |
stádas deimhniúcháin, lena n-áirítear deimhnithe comhlíontachta agus tuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus tuarascálacha iniúchta athdheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9; cainníocht agus stádas na n-aonad deimhnithe, mar shampla an bhfuil siad eisithe, curtha as feidhm, dulta in éag, curtha ar ceal nó leithdháilte ar mhaolán, agus úsáid deiridh na n-aonad deimhnithe, agus an t-eintiteas a úsáideann na haonaid dheimhnithe. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3012/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)