This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document L:2023:132:FULL
Official Journal of the European Union, L 132, 17 May 2023
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 132, 17 Bealtaine 2023
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 132, 17 Bealtaine 2023
ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
|
TREORACHA |
|
|
* |
Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe ( 1 ) |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/969 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2023
lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil dá shaoránaigh, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas a áirithiú go leanfaidh an limistéar sin de bheith ina áit shábháilte. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach trí chomhar níos éifeachtaí, níos comhordaithe idir na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht. |
(2) |
Tá sé thar a bheith dúshlánach an cuspóir sin a bhaint amach i gcás ina mbíonn gné thrasteorann ag baint leis an gcoireacht ar chríoch dhá Bhallstát nó níos mó agus/nó tríú tíortha. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann dul i gcomhar lena bhfórsaí agus lena n-oibríochtaí chun imscrúduithe trasteorann agus ionchúisimh éifeachtacha agus éifeachtúla a cheadú, a bhfuil malartú faisnéise agus fianaise ríthábhachtach ina leith. Ceann de na huirlisí is rathúla don chomhar trasteorann sin is ea na foirne comhpháirteacha um Imscrúdú (‘JITanna’) trínar féidir comhar díreach agus cumarsáid dhíreach a dhéanamh idir na húdaráis bhreithiúnacha agus na húdaráis forfheidhmithe dlí in dhá Bhallstát nó níos mó agus b’fhéidir i dtríú tíortha, chun go bhféadfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí agus imscrúduithe a eagrú ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Déanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó agus b’fhéidir údaráis inniúla tríú tíortha JITanna a bhunú le haghaidh cuspóir sonrach agus tréimhse theoranta chun imscrúduithe coiriúla a bhfuil tionchar trasteorann acu a dhéanamh go comhpháirteach. |
(3) |
Tá sé cruthaithe go bhfuil JITanna ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar chomhar breithiúnach i dtaca le coireanna trasteorann, amhail an chibearchoireacht, an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh, trí nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí am-íditheacha idir comhaltaí JITanna a laghdú. Le húsáid mhéadaithe JITanna, feabhsaíodh freisin cultúr an chomhair trasteorann in ábhair choiriúla idir údaráis bhreithiúnacha san Aontas. |
(4) |
Déantar foráil le acquis an Aontais maidir le dhá chreat dhlíthiúla chun JITanna a bhunú a mbeidh dhá Bhallstát ar a laghad rannpháirteach iontu: Airteagal 13 den Choinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (2) agus Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle (3). Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach mar Pháirtithe in JITanna i gcás ina bhfuil bunús dlí leis an rannpháirtíocht sin, amhail Airteagal 20 den Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, a síníodh in Strasbourg an 8 Samhain 2001 (4) agus Airteagal 5 den Chomhaontú maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (5). |
(5) |
Tá ról ríthábhachtach ag údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta maidir le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Féadfaidh a n-ionadaithe a bheith rannpháirteach in JIT áirithe ar chuireadh ó chomhaltaí JIT bunaithe ar an gcomhaontú ábhartha lena mbunaítear JIT (‘comhaontú JIT’). Dá bhrí sin, ba cheart freisin go n-éascófaí malartú faisnéise agus fianaise idir údaráis inniúla náisiúnta agus aon chúirt, binse nó sásra eile lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar choireanna tromchúiseacha ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart leis an Rialachán seo rochtain ar an ardán Teicneolaíochta Faisnéise (TF) (‘ardán comhoibrithe na JITanna’) a sholáthar d’ionadaithe údarás breithiúnach idirnáisiúnta den sórt sin chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta i dtaca le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. |
(6) |
Tá géarghá le hardán comhoibrithe le haghaidh JITanna chun cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh agus chun faisnéis agus fianaise a mhalartú ar bhealach slán chun a áirithiú gur féidir iad siúd atá freagrach as na coireanna is tromchúisí a thabhairt chun cuntais go pras. Leagtar béim ar an riachtanas sin le sainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus a leasaíodh le Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear ar chumas Eurojust fianaise maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus lena gcumasaítear fianaise ghaolmhar a mhalartú le húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. |
(7) |
Sna creataí dlíthiúla atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ní leagtar amach conas a dhéanann na heintitis atá rannpháirteach in JIT faisnéis a mhalartú agus cumarsáid a dhéanamh. Tagann na heintitis sin ar chomhaontú maidir le malartú agus cumarsáid den sórt sin ar bhonn riachtanas agus modhanna atá ar fáil. Tá ríthábhacht ag baint le luas, comhar agus éifeachtúlacht chun coireacht trasteorann, atá ag éirí níos casta i gcónaí agus ag forbairt go tapa, a chomhrac. Mar sin féin, níl aon chóras ann faoi láthair chun tacú le bainistiú JITanna, chun gur féidir fianaise a chuardach agus a thaifeadadh ar bhealach níos éifeachtúla, agus chun na sonraí a mhalartaítear idir iad siúd atá rannpháirteach in JIT a dhaingniú. Is léir nach bhfuil bealaí tiomnaithe slána agus éifeachtacha ann a bhféadfadh iad siúd go léir atá rannpháirteach in JIT leas a bhaint astu agus trína bhféadfaidís méideanna móra faisnéise agus fianaise a mhalartú go pras nó cumarsáid shlán agus éifeachtach a cheadú. Ina theannta sin, níl aon chóras ann chun tacú le bainistiú JITanna, lena n-áirítear inrianaitheacht na fianaise a mhalartaítear i measc na rannpháirtithe in JIT ar bhealach a chomhlíonann ceanglais dhlíthiúla os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ná pleanáil agus comhordú oibríochtaí JIT. |
(8) |
I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an bhféidearthacht go bhfaighidh coirpigh rochtain ar chórais TF, d’fhéadfadh an staid reatha bac a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht imscrúduithe trasteorann agus na himscrúduithe agus ionchúisimh sin a chur i mbaol agus a mhoilliú i ngeall ar fhaisnéis agus fianaise a bheith á malartú go neamhdhaingean agus go neamhdhigiteach, rud a d’fhágfadh go mbeadh siad níos costasaí. Ní mór do na húdaráis bhreithiúnacha agus do na húdaráis forfheidhmithe dlí, go háirithe, a áirithiú go mbeidh a gcórais chomh nua-aimseartha agus chomh sábháilte agus is féidir agus gur féidir le comhaltaí uile JITanna nascadh agus idirghníomhú go héasca, go neamhspleách ar a gcórais náisiúnta. |
(9) |
Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar chomhar idir JITanna agus tacú leis le huirlisí TF nua-aimseartha. D’fhéadfaí luas agus éifeachtúlacht na malartuithe idir iad siúd atá rannpháirteach in JIT a fheabhsú go mór trí ardán tiomnaithe TF a chruthú chun tacú le feidhmiú JITanna. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan síos lena mbunófar ardán comhoibrithe na JITanna ar leibhéal an Aontais chun cabhrú leo siúd atá rannpháirteach in JIT chun comhoibriú, cumarsáid shlán a dhéanamh agus faisnéis agus fianaise a roinnt. |
(10) |
Níor cheart ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil, inter alia, bunús dlí de chuid an Aontais chun JIT a bhunú. Maidir le gach JIT arna bhunú go huile agus go hiomlán ar bhunúis dlí idirnáisiúnta, níor cheart ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid, toisc gur maoiníodh é le buiséad an Aontais agus gur forbraíodh ar bhonn reachtaíocht an Aontais é. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta de chuid tríú tír ina bPáirtí i gcomhaontú JIT a bhfuil bunús dlí de chuid an Aontais aige sa bhreis ar bhunús dlí idirnáisiúnta, ba cheart a mheas gur comhaltaí JIT iad ionadaithe údarás inniúil an tríú tír sin. |
(11) |
Ba cheart úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a bheith ar bhonn deonach. Mar sin féin, i bhfianaise an bhreisluacha a bhaineann leis ó thaobh imscrúduithe trasteorann de, moltar go láidir é a úsáid. Níor cheart go ndéanfadh úsáid nó neamhúsáid ardán comhoibrithe na JITanna dochar ná difear do dhlíthiúlacht cineálacha eile cumarsáide nó malartaithe faisnéise ná níor cheart go n-athródh sé sin an chaoi a ndéantar na JITanna a bhunú, a eagrú nó a fheidhmiú. Maidir le hardán comhoibrithe na JITanna a bhunú, níor cheart go ndéanfadh sé sin difear do na bunúis dlí bhunúsacha chun JITanna a bhunú, ná níor cheart go ndéanfadh sé difear don reachtaíocht náisiúnta nós imeachta is infheidhme maidir le bailiú agus úsáid na fianaise a fhaightear. Ba cheart rochtain a bheith ag oifigigh ó údaráis inniúla náisiúnta eile, amhail lucht custaim, nuair is comhaltaí iad de JITanna arna mbunú de bhun Chinneadh Réime 2002/465/CGB, ar spásanna comhoibrithe na JITanna. Le hardán comhoibrithe na JITanna, níor cheart ach uirlis shlán TF a sholáthar chun comhar a fheabhsú, sreabhadh na faisnéise idir a úsáideoirí a luathú, agus slándáil na sonraí a mhalartaítear agus éifeachtacht na JITanna a mhéadú. |
(12) |
Ba cheart le hardán comhoibrithe na JITanna na céimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla de JIT a chumhdach ón nóiméad a shíneofar an comhaontú ábhartha JIT, go dtí go ndéanfar an mheastóireacht ar an JIT a thabhairt chun críche. Ós rud é nach ionann na gníomhaithe atá rannpháirteach i bpróiseas bunaithe an JIT agus na gníomhaithe atá ina gcomhaltaí de JIT nuair a bheidh sé bunaithe, níor cheart an próiseas maidir le JIT a bhunú a bhainistiú trí ardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe maidir le caibidlíocht a dhéanamh ar an ábhar agus an comhaontú JIT a shíniú. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá le huirlis leictreonach chun tacú leis an bpróiseas maidir le comhaontú JIT a shíniú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún breithniú i ndáil leis an bpróiseas sin a chumhdach leis an gCóras r-Fhianaise um Malartú Digiteach (eEDES), arb é atá ann tairseach shlán ar líne le haghaidh iarrataí agus freagairtí leictreonacha arna forbairt ag an gCoimisiún. |
(13) |
Maidir le gach JIT a bhaineann úsáid as ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart comhaltaí JIT a spreagadh chun meastóireacht a dhéanamh ar an JIT, le linn chéim oibríochtúil an JIT nó i ndiaidh clabhsúr a chur léi, trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá curtha ar fáil ag ardán comhoibrithe na JITanna. |
(14) |
Ba cheart comhaontú JIT, lena n-áirítear aon fhoscríbhinní, a bheith ina réamhriachtanas chun ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid. Ba cheart inneachar gach comhaontaithe JIT a bheidh ann amach anseo a oiriúnú chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur san áireamh. |
(15) |
D’fhorbair líonra na saineolaithe náisiúnta ar JITanna, arna bhunú in 2005 (‘an Líonra JITanna’), samhail-chomhaontú lena ngabhann foscríbhinní, chun bunú JITanna a éascú. Ba cheart ábhar an tsamhail-chomhaontaithe agus na foscríbhinní a oiriúnú chun an cinneadh úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna agus na rialacha maidir le rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna a chur san áireamh. |
(16) |
Ó thaobh na hoibríochta de, ba cheart ardán comhoibrithe na JITanna a bheith comhdhéanta de spásanna comhoibrithe leithlisithe a chruthaítear le haghaidh na JITanna aonair ar fad atá á n-óstáil ag ardán comhoibrithe na JITanna. |
(17) |
Ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart rochtain a bheith ar ardán comhoibrithe na JITanna trí nasc slán ar an idirlíon agus ba cheart an t-ardán a bheith comhdhéanta de chóras faisnéise láraithe a mbeadh rochtain air trí thairseach gréasáin shlán, bogearraí cumarsáide le haghaidh feistí móibíleacha agus deisce, lena n-áirítear ardsásra logála agus rianaithe, agus nasc idir an córas faisnéise láraithe agus na huirlisí TF ábhartha lena dtacaítear le feidhmiú JITanna agus arna mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna. |
(18) |
Ba cheart é a bheith de chuspóir ag ardán comhoibrithe na JITanna comhordú agus bainistiú JIT a éascú. Ba cheart, le hardán comhoibrithe na JITanna malartú agus stóráil shealadach faisnéise oibríochtúla agus fianaise oibríochtúla a áirithiú, cumarsáid shlán a chur ar fáil, foráil a dhéanamh maidir le hinrianaitheacht fianaise agus tacú leis an bpróiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar JIT. Ba cheart iad siúd go léir atá rannpháirteach in JIT a spreagadh chun úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí uile ardán comhoibrithe na JITanna agus chun bealaí cumarsáide agus malartaithe sonraí ardán comhoibrithe na JITanna a chur in ionad na mbealaí cumarsáide agus malartaithe sonraí atá in úsáid faoi láthair a mhéid is féidir. |
(19) |
Tá an comhardú agus an malartú sonraí idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ar gníomhaireachtaí agus comhlachtaí iad atá rannpháirteach sa chomhar breithiúnach, agus comhaltaí JITanna ríthábhachtach chun freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais ar ghníomhaíochtaí coireachta a áirithiú agus chun tacaíocht ríthábhachtach a sholáthar do na Ballstáit chun an choireacht a chomhrac. Le hardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart na huirlisí atá ann cheana a chomhlánú, ar uirlisí iad a fhágann gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí, amhail an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) arna bhainistiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
(20) |
Ba cheart feidhmiúlachtaí cumarsáide ardán comhoibrithe na JITanna a chur ar fáil le bogearraí úrscothacha lenar féidir cumarsáid neamh-inrianaithe a stóráil go háitiúil ar fheistí de chuid úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna. |
(21) |
Ba cheart feidhmiúlacht cheart a fhágann gur féidir faisnéis oibríochtúil agus fianaise oibríochtúil a mhalartú, lena n-áirítear comhaid mhóra, a áirithiú trí shásra uaslódála/íoslódála atá ceaptha chun na sonraí a stóráil go lárnach ar feadh na tréimhse teoranta ama is gá chun na sonraí a aistriú ar bhealach teicniúil agus ar feadh na tréimhse sin amháin. A luaithe a íoslódálfaidh na seolaithe uile na sonraí, ba cheart iad a léirscriosadh go huathoibríoch agus go buan ó ardán comhoibrithe na JITanna. |
(22) |
I bhfianaise na taithí atá aici ar chórais mhórscála a bhainistiú sa limistéar ceartais agus gnóthaí baile, ba cheart é a chur de chúram ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ardán comhoibrithe na JITanna a dhearadh, a fhorbairt agus a oibriú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí SIENA atá ann cheana agus feidhmiúlachtaí eile Europol chun comhlántacht agus, i gcás inarb iomchuí, nascacht, a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart sainordú eu-LISA a leasú chun na cúraimí nua sin a léiriú agus ba cheart an cistiú agus an fhoireann iomchuí a sholáthar do eu-LISA chun a chuid freagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Maidir leis sin, ba cheart rialacha a bhunú maidir leis na freagrachtaí a bheidh ar eu-LISA, agus í ag feidhmiú mar an ghníomhaireacht ar a gcuirtear de chúram ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt, a oibriú go teicniúil agus a chothabháil. |
(23) |
Ba cheart a áirithiú le eu-LISA go bhféadfaí, i gcás inar gá, sonraí atá ag údaráis forfheidhmithe dlí a tharchur go héasca ó SIENA chuig ardán comhoibrithe na JITanna. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a riachtanaí, a indéanta agus a oiriúnaí a bheadh sé nasc a dhéanamh idir ardán comhoibrithe na JITanna agus SIENA. Ba cheart na coinníollacha, na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun nasc agus malartú sonraí slán éifeachtúil a áirithiú a bheith sa tuarascáil sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú an leibhéal ard cosanta sonraí atá ag teastáil le haghaidh nasc den sórt sin, bunaithe ar chreat dlíthiúil an Aontais agus ar an gcreat náisiúnta um chosaint sonraí atá ann cheana, amhail Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na rialacha is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí lena mbunaítear iad. Ba cheart leibhéal cosanta na sonraí a mhalartófar trí ardán comhoibrithe na JITanna, eadhon sonraí íogaire agus neamh-rúnaicmithe, a thabhairt san áireamh. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin sula gcuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar ar chosaint cearta agus saoirsí na ndaoine aonair a eascraíonn as an bpróiseáil a bheartaítear a dhéanamh ar shonraí pearsanta. |
(24) |
Ó bunaíodh an Líonra JITanna in 2005, tacaíonn Rúnaíocht an Líonra JITanna le hobair an Líonra JITanna trí chruinnithe bliantúla agus gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú, trí mheastóireachtaí ar na JITanna aonair a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus trí chlár cistiúcháin Eurojust maidir le JIT a bhainistiú. Ó 2011 i leith, tá Rúnaíocht an Líonra JITanna á hóstáil ag Eurojust mar aonad ar leith. Ba cheart an fhoireann iomchuí a chur ar fáil do Eurojust lena leithdháileadh ar Rúnaíocht an Líonra JITanna chun go bhfágfar gur féidir le Rúnaíocht an Líonra JITanna tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna i gcur i bhfeidhm praiticiúil ardán comhoibrithe na JITanna, chun go gcuirfí treoir agus cúnamh ar fáil ó lá go lá, chun go ndéanfaí cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a chur ar fáil agus chun go ndéanfaí feasacht a mhúscailt agus chun go gcuirfí úsáid ardán comhoibrithe na JITanna chun cinn. |
(25) |
I bhfianaise na n-uirlisí TF atá ann faoi láthair lena dtacaítear le hoibríochtaí na JITanna, atá á n-óstáil ag Eurojust agus á mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna, is gá ardán comhoibrithe na JITanna a nascadh leis na huirlisí TF sin chun bainistiú JITanna a éascú. Chuige sin, ba cheart do Eurojust a áirithiú go ndéanfar an t-oiriúnú teicniúil is gá ar a chórais chun nasc den sórt sin a bhunú. Ba cheart an cistiú agus an fhoireann iomchuí a chur ar fáil freisin do Eurojust chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh ina leith sin. |
(26) |
Le linn chéim oibríochtúil JIT, tugann Eurojust agus Europol tacaíocht luachmhar oibríochtúil do chomhaltaí de JITanna trí raon leathan uirlisí tacaíochtaí a chur ar fáil, lena n-áirítear oifigí soghluaisteachta, trí anailísí crosmheaits agus anailíseacha, ionaid chomhordaithe agus oibríochtúla, comhordú ionchúisimh, saineolas agus cistiú a chur ar fáil. |
(27) |
Chun leithroinnt shoiléir ceart agus cúraimí a áirithiú, ba cheart rialacha a bhunú maidir le freagrachtaí na mBallstát, Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (12), na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (13) agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na coinníollacha faoinar féidir leo úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna chun críoch oibriúcháin. |
(28) |
Leagtar amach sa Rialachán seo na mionsonraí i dtaca le sainordú, comhdhéanamh agus gnéithe eagraíochtúla Boird Bainistíochta Clár ar cheart do Bhord Bainistíochta eu-LISA a bhunú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta Clár a áirithiú go ndéanfar bainistiú leordhóthanach ar chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna. Is gá freisin mionsonraí faoi shainordú, comhdhéanamh agus gnéithe eagraíochtúla an Ghrúpa Chomhairligh a mbunóidh eu-LISA a leagan amach chun saineolas a fháil a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe i gcomhthéacs clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí eu-LISA a ullmhú. |
(29) |
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna agus na coimircí is gá. Ba cheart é a bheith de chúram ar riarthóir spáis nó riarthóirí spáis na JITanna cearta rochtana ar spásanna comhoibrithe aonair an JIT a bhainistiú. Ba cheart iad a bheith i gceannas ar rochtain a bhainistiú, le linn chéimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla an JIT, d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, ar bhonn an chomhaontaithe ábhartha JIT. Ba cheart do riarthóirí spáis JIT a bheith in ann a gcúraimí teicniúla agus riaracháin a tharmligean chuig Rúnaíocht an Líonra JITanna, ach amháin i gcás fhíorú na sonraí arna n-uaslódáil ag tríú tíortha nó ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta. |
(30) |
Agus aird á tabhairt ar a íogaire atá na sonraí oibríochtúla a mhalartaítear i measc úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart leibhéal ard slándála a áirithiú le hardán comhoibrithe na JITanna. Ba cheart do eu-LISA gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá a dhéanamh chun slándáil an mhalartaithe sonraí a áirithiú trí algartaim chriptiúcháin láidre ó cheann go ceann a úsáid chun sonraí faoi bhealach nó ar fos a chriptiú. |
(31) |
Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir le dliteanas Ballstát, eu-LISA, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais i ndáil le damáiste ábhartha nó neamhábhartha a tharlaíonn mar thoradh ar aon ghníomh nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo. Maidir le tríú tíortha agus údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart clásail dliteanais i leith damáiste ábhartha nó neamhábhartha a bheith sna comhaontuithe ábhartha JIT. |
(32) |
Leagtar síos sa Rialachán seo forálacha cosanta sonraí sonracha a bhaineann le sonraí oibríochtúla agus sonraí neamhoibríochtúla araon. Tá gá leis na forálacha cosanta sonraí sin chun na socruithe atá ann cheana maidir le cosaint sonraí a fhorlíonadh agus chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach cosanta sonraí, slándála sonraí agus cosanta i dtaca le cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann. |
(33) |
Ba cheart an phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin. Maidir le próiseáil sonraí a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí a áirithiú. |
(34) |
Maidir le gach údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, ba cheart dóibh a bheith freagrach go haonar as sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil agus ardán comhoibrithe na JITanna á úsáid acu. Ba cheart a mheas gur chomhrialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 iad úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, maidir le próiseáil sonraí pearsanta neamhoibríochtúla. |
(35) |
I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, ba cheart riarthóirí spáis JIT a bheith in ann rochtain ar spás comhoibrithe JIT a dheonú d’ionadaithe ó údaráis inniúla de chuid tríú tíortha, údaráis ar páirtithe iad i gcomhaontú JIT nó d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT. I gcomhthéacs comhaontaithe JIT, aon aistriú sonraí pearsanta a dhéantar chuig tríú tíortha nó chuig údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta agus na húdaráis sin á meas a bheith ina n-eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na críche sin, tá sé faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart malartuithe sonraí oibríochtúla le tríú tíortha nó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta a bheith teoranta do na malartuithe a bhfuil fíorghá leo chun cuspóirí an chomhaontaithe ábhartha JIT a chomhlíonadh. |
(36) |
I gcás ina bhfuil roinnt riarthóirí spáis ag JIT, ba cheart ceann amháin acu a ainmniú sa chomhaontú ábhartha JIT mar rialaitheoir ar na sonraí arna n-uaslódáil ag tríú tíortha nó ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta, sula gcruthófar spás comhoibrithe JIT ina bhfuil tríú tíortha nó ionadaithe ó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta rannpháirteach. |
(37) |
Ba cheart do eu-LISA a áirithiú go ndéanfar rochtain ar an gcóras faisnéise láraithe agus ar gach oibríocht próiseála sonraí sa chóras faisnéise láraithe a logáil chun faireachán a dhéanamh ar shláine agus slándáil sonraí agus ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun críoch féinfhaireacháin chomh maith. Níor cheart rochtain a bheith ag eu-LISA ar na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear ar spásanna comhoibrithe na JITanna. |
(38) |
Leis an Rialachán seo, forchuirtear oibleagáidí tuairiscithe ar eu-LISA maidir le forbairt agus feidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil, aschur teicniúil, éifeachtúlacht costais, slándáil, agus cáilíocht seirbhíse. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar ardán comhoibrithe na JITanna lena ndéantar cuspóirí an Rialacháin seo a chur san áireamh, chomh maith le torthaí comhiomlánaithe na meastóireachtaí ar JITanna aonair, tráth nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin. |
(39) |
Cé gur cheart gurb é buiséad an Aontais a d’íocfadh as ardán comhoibrithe na JITanna a bhunú agus a chothabháil agus le ról tacaíochta Eurojust ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, maidir le gach Ballstáit, mar aon le Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus aon chomhlacht, oifig agus gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, ba cheart gurb orthu féin a bheadh sé na costais a sheasamh a thiocfaidh as úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna. |
(40) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le forbairt theicniúil agus cur chun feidhme ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). |
(41) |
Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil a ghlacadh a luaithe is féidir tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(42) |
Ba cheart don Choimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna a chinneadh a luaithe a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil agus a luaithe a bheidh tástáil chuimsitheach déanta ag eu-LISA ar ardán comhoibrithe na JITanna, le rannpháirtíocht na mBallstát. |
(43) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhar, cumarsáid agus malartú faisnéise agus fianaise atá éifeachtach agus éifeachtúil a éascú idir comhaltaí JIT, ionadaithe údarás breithiúnach idirnáisiúnta, Eurojust, Europol, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhchoiteanna a leagan amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(44) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(45) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 7 Aibreán 2022, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(46) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 25 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo:
(a) |
bunaítear ardán TF (‘ardán comhoibrithe na JITanna’) atá le húsáid ar bhonn deonach, chun comhar na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú (‘JITanna’) arna mbunú ar bhonn Airteagal 13 den Choinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó ar bhonn Chinneadh Réime 2002/465/CGB, a éascú; |
(b) |
leagtar síos rialacha maidir le freagrachtaí a roinnt idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna agus an ghníomhaireacht atá freagrach as ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt agus a chothabháil; |
(c) |
leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfar rochtain a thabhairt d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar ardán comhoibrithe na JITanna; |
(d) |
leagtar síos forálacha cosanta sonraí sonracha a bhfuil gá leo chun na socruithe atá ann cheana maidir le cosaint sonraí a fhorlíonadh agus chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach cosanta sonraí, slándála sonraí agus cosanta i dtaca le cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i gcomhthéacs JIT. Áirítear leis sin malartú agus stóráil sonraí oibríochtúla, chomh maith le sonraí neamhoibríochtúla.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le céimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla JIT, ag tosú ón nóiméad a shíneofar an comhaontú ábhartha JIT go dtí go mbainfear sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla uile an JIT sin den chóras faisnéise láraithe.
3. Leis an Rialachán seo ní dhéantar leasú ar na forálacha dlí atá ann cheana maidir le JITanna a bhunú, a stiúradh nó meastóireacht a dhéanamh orthu, ná ní dhéantar leis difear dóibh ar aon bhealach eile.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘córas faisnéise láraithe’ lárchóras TF ina ndéantar na sonraí a bhaineann le JITanna a stóráil agus a phróiseáil; |
(2) |
ciallaíonn ‘bogearraí cumarsáide’ bogearraí lena n-éascaítear malartú comhad agus teachtaireachtaí i bhformáidí téacs, fuaime, íomhá nó físe idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna; |
(3) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis na mBallstát atá inniúil chun bheith rannpháirteach in JIT a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh Réime 2002/465/CGB, OIPE ag gníomhú dó de bhun a hinniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, chomh maith le húdaráis inniúla de chuid tríú tír i gcás inar páirtithe iad i gcomhaontú JIT faoi bhunús breise dlí; |
(4) |
ciallaíonn ‘comhaltaí JIT’ ionadaithe na n-údarás inniúil; |
(5) |
ciallaíonn ‘úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna’ comhaltaí JIT, Eurojust, Europol, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais nó ionadaithe de chuid údaráis bhreithiúnaigh idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT; |
(6) |
ciallaíonn ‘údarás breithiúnach idirnáisiúnta’ comhlacht, cúirt, binse, nó sásra idirnáisiúnta arna bhunú nó arna bunú chun coireanna tromchúiseacha, ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, eadhon coireanna cinedhíothaithe, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a dhéanann difear don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta; |
(7) |
ciallaíonn ‘spás comhoibrithe JIT’ spás ar leith le haghaidh gach JIT a óstáiltear ar ardán comhoibrithe na JITanna; |
(8) |
ciallaíonn ‘riarthóir spáis JIT’ comhalta JIT de chuid Ballstáit, nó comhalta JIT de chuid OIPE, arna ainmniú i gcomhaontú JIT, atá i gceannas ar spás comhoibrithe JIT; |
(9) |
ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla’ faisnéis agus fianaise a phróiseálann ardán comhoibrithe na JITanna le linn chéim oibríochtúil JIT chun tacú le himscrúduithe trasteorann agus ionchúisimh; |
(10) |
ciallaíonn ‘sonraí neamhoibríochtúla’ sonraí riaracháin a phróiseálann ardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe chun bainistiú JIT agus comhar idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna a éascú. |
Airteagal 4
Ailtireacht theicniúil ardán comhoibrithe na JITanna
Beidh ardán comhoibrithe na JITanna comhdhéanta den mhéid seo a leanas:
(a) |
córas faisnéise láraithe a fhágann gur féidir sonraí a stóráil go lárnach ar bhonn sealadach; |
(b) |
bogearraí cumarsáide a fhágann gur féidir sonraí cumarsáide a stóráil go slán agus go háitiúil ar fheistí úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna; |
(c) |
nasc idir an córas faisnéise láraithe agus na huirlisí TF ábhartha lena dtacaítear le feidhmiú JITanna agus atá á mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna. |
Is é eu-LISA a dhéanfaidh an córas faisnéise láraithe a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla.
Airteagal 5
Cuspóir ardán comhoibrithe na JITanna
Is é an cuspóir a bheidh ag ardán comhoibrithe na JITanna an méid seo a leanas a éascú:
(a) |
comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar JIT, trí shraith feidhmiúlachtaí lena dtacaítear leis na próisis riaracháin agus airgeadais laistigh den JIT; |
(b) |
sonraí oibríochtúla, lena n-áirítear comhaid mhóra, a mhalartú go gasta agus go slán agus iad a stóráil go sealadach, trí fheidhmiúlacht uaslódála agus íoslódála; |
(c) |
cumarsáid shlán trí fheidhmiúlacht lena gcumhdaítear teachtaireachtaí meandracha, comhráite, closchomhdháil agus físchomhdháil; |
(d) |
inrianaitheacht malartuithe fianaise trí shásra logála agus rianaithe ardfhorbartha a fhágann gur féidir an fhianaise go léir a mhalartaítear, lena n-áirítear an rochtain atá uirthi agus a próiseáil, a rianú trí ardán comhoibrithe na JITanna; |
(e) |
measúnú a dhéanamh ar JIT trí phróiseas tiomnaithe meastóireachta comhoibríoch. |
CAIBIDIL II
FORBAIRT AGUS BAINISTIÚ OIBRÍOCHTÚIL
Airteagal 6
Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil a luaithe is féidir tar éis an 7 Meitheamh 2023, agus glacfaidh sé, go háirithe, gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) |
liosta de na feidhmiúlachtaí is gá chun comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar JIT, lena n-áirítear meaisínaistriúchán ar shonraí neamhoibríochtúla; |
(b) |
liosta de na feidhmiúlachtaí is gá le haghaidh cumarsáid shlán; |
(c) |
sonraíochtaí gnó an naisc dá dtagraítear in Airteagal 4, an chéad mhír, pointe (c); |
(d) |
slándáil dá dtagraítear in Airteagal 19; |
(e) |
logaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 25; |
(f) |
staitisticí agus faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 26; |
(g) |
ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta ardán comhoibrithe na JITanna. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 7
Freagrachtaí eu-LISA
1. Déanfaidh eu-LISA dearadh ailtireacht fhisiceach ardán comhoibrithe na JITanna a bhunú, lena n-áirítear a shonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh ar na sonraíochtaí sin, ar bhonn na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an dearadh sin a fhormheas, faoi réir tuairim fhabhrach ón gCoimisiún.
2. Beidh eu-LISA freagrach as ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Is éard a bheidh i bhforbairt den sórt sin mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.
3. Cuirfidh eu-LISA na bogearraí cumarsáide ar fáil d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna.
4. Is é eu-LISA a dhéanfaidh ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis an 7 Meitheamh 2023 agus tar éis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh.
5. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar ardán comhoibrithe na JITanna a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725chomh maith.
6. Is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil ardán comhoibrithe na JITanna. Is éard a bheidh i gceist le bainistiú oibríochtúil ardán comhoibrithe na JITanna na cúraimí go léir is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a choinneáil ag obair i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh ardán comhoibrithe na JITanna ar leibhéal sásúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.
7. Áiritheoidh eu-LISA go gcuirfear oiliúint ar fáil do Rúnaíocht an Líonra JITanna maidir le húsáid theicniúil ardán comhoibrithe na JITanna, lena n-áirítear trí ábhair oiliúna a sholáthar.
8. Bunóidh eu-LISA seirbhís tacaíochta chun maolú a dhéanamh, go tráthúil, ar theagmhais a thuairiscítear dó.
9. Ar bhonn leanúnach, déanfaidh eu-LISA feabhsuithe ar ardán comhoibrithe na JITanna agus cuirfidh sé leis na feidhmiúlachtaí atá aige, bunaithe ar an ionchur a fhaigheann sé ón nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12 agus ar thuarascáil bhliantúil Rúnaíocht an Líonra JITanna dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (e).
10. Ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear ar spásanna comhoibrithe na JITanna.
11. Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (15), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh a bheith ag obair le sonraí atá cláraithe sa chóras faisnéise láraithe. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.
Airteagal 8
Freagrachtaí na mBallstát
1. Déanfaidh gach Ballstát na socruithe teicniúla is gá chun go mbeidh rochtain ag a údaráis inniúla ar ardán comhoibrithe na JITanna i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar chúrsaí oiliúna a chuireann Rúnaíocht an Líonra JITanna ar fáil de bhun Airteagal 10, pointe (c), nó ar chúrsaí oiliúna coibhéiseacha arna soláthar ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar an eolas go hiomlán faoi na ceanglais cosanta sonraí faoi dhlí an Aontais.
Airteagal 9
Freagrachtaí na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais
1. Déanfaidh Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais na socruithe teicniúla is gá chun go mbeidh rochtain acu ar ardán comhoibrithe na JITanna.
2. Beidh Eurojust freagrach as an oiriúnú teicniúil is gá a dhéanamh ar a chuid córas, oiriúnú is gá chun an nasc dá dtagraítear in Airteagal 4, an chéad mhír, pointe (c), a bhunú.
Airteagal 10
Freagrachtaí Rúnaíocht an Líonra JITanna
Tacóidh Rúnaíocht an Líonra JITanna le feidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
tacaíocht riaracháin, dlí agus theicniúil a sholáthar, arna iarraidh sin don riarthóir spáis nó do na riarthóirí spáis JITanna, i gcomhthéacs cruthú spásanna comhoibrithe JIT aonair agus na gceart rochtana orthu a bhainistiú, de bhun Airteagal 14(3); |
(b) |
treoir, tacaíocht fheidhmiúil agus cúnamh a thabhairt ó lá go lá do chleachtóirí maidir le húsáid ardán comhoibrithe na JITanna agus feidhmiúlachtaí an ardáin sin; |
(c) |
cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a chur ar fáil d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, agus ar an dóigh sin is é is aidhm léi úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a éascú; |
(d) |
feabhas a chur ar chultúr comhair laistigh den Aontas maidir le comhar trasteorann in ábhair choiriúla trí fheasacht a mhúscailt agus úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a chur chun cinn i measc cleachtóirí; |
(e) |
nuair a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, eu-LISA a choinneáil ar an eolas maidir le ceanglais fheidhmiúla bhreise an chórais trí thuarascáil bhliantúil a thíolacadh maidir leis na feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar ardán comhoibrithe na JITanna agus na feidhmiúlachtaí nua a d’fhéadfaí a chur leis bunaithe ar an aiseolas maidir le húsáid phraiticiúil ardán comhoibrithe na JITanna a bhailítear ó úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna. |
Airteagal 11
Bord Bainistíochta an Chláir
1. Roimh chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta Clár ar feadh ré chéim an deartha agus na forbartha.
2. Beidh deichniúr comhaltaí ar Bhord Bainistíochta an Chláir mar a leanas:
(a) |
ochtar comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA; |
(b) |
Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 12; |
(c) |
comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. |
3. Áiritheoidh Bord Bainistíochta eu-LISA go mbeidh, ag na comhaltaí a cheapfaidh sé ar an mBord Bainistíochta Clár, an taithí agus an saineolas is gá maidir le forbairt agus bainistiú córas TF lena dtugtar tacaíocht d’údaráis bhreithiúnacha.
4. Beidh eu-LISA rannpháirteach in obair an Bhoird Bainistíochta Clár. Chuige sin, freastalóidh ionadaithe de chuid eu-LISA ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta Clár chun tuarascáil a chur le chéile i ndáil le dearadh agus le forbairt ardán comhoibrithe na JITanna agus i ndáil le haon obair ghaolmhar eile agus le haon ghníomhaíochtaí gaolmhara eile.
5. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta Clár le chéile uair amháin gach 3 mhí ar a laghad, agus níos minice ná sin nuair is gá. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú leormhaith ar chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Clár tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go tráthrialta, agus gach mí i gcás inar féidir, maidir le dul chun cinn ardán comhoibrithe na JITanna. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú ag an mBord Bainistíochta Clár chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.
6. Bunóidh an Bord Bainistíochta Clár, i gcomhairle le Bord Bainistíochta eu-LISA, a rialacha nós imeachta, lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir le cathaoirleacht, ionaid le haghaidh cruinnithe, ullmhú cruinnithe, cead isteach a thabhairt do shaineolaithe freastal ar chruinnithe agus pleananna cumarsáide lena n-áiritheofar go mbeidh an fhaisnéis iomlán ag comhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA nach comhaltaí den Bhord Bainistíochta Cláir iad.
7. Beidh cathaoirleacht an Bhoird Bainistíochta Clár ag Ballstát.
8. Is é eu-LISA a sholáthróidh rúnaíocht don Bhord Bainistíochta Clár.
Airteagal 12
Grúpa Comhairleach
1. Bunóidh eu-LISA Grúpa Comhairleach chun an saineolas a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna a fháil, go háirithe agus clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí de chuid eu-LISA á n-ullmhú aige, agus chun feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ardán comhoibrithe na JITanna agus feidhmiúlachtaí nua a bheidh le cur chun feidhme ar an ardán sin a shainaithint.
2. Beidh an Grúpa Comhairleach comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó Rúnaíocht an Líonra JITanna. Is é eu-LISA a bheidh ina chathaoirleach air. Déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) |
tiocfaidh sé le chéile uair sa mhí ar a laghad go dtí go rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, más féidir, agus tiocfaidh sé le chéile go tráthrialta ina dhiaidh sin; |
(b) |
le linn chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, tabharfaidh sé tuairisc don Bhord Bainistíochta Clár tar éis gach cruinnithe; |
(c) |
le linn chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí an Bhoird Bainistíochta Clár. |
CAIBIDIL III
SPÁSANNA COMHOIBRITHE JITANNA A CHRUTHÚ AGUS ROCHTAIN ORTHU
Airteagal 13
Na spásanna comhoibrithe JIT a chruthú
1. I gcás ina ndéantar foráil i gcomhaontú JIT ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid i gcomhréir leis an Rialachán seo, cruthófar spás comhoibrithe JIT laistigh d’ardán comhoibrithe na JITanna le haghaidh gach JIT.
2. Leis an gcomhaontú ábhartha JIT, déanfar foráil maidir le rochtain a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát agus do OIPE ar spás comhoibrithe ábhartha JIT agus féadfar foráil a dhéanamh ann go dtabharfar rochtain ar an spás comhoibrithe ábhartha JIT do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, d’údaráis inniúla de chuid tríú tíortha a bhfuil an comhaontú sínithe acu, agus d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta. Déanfar foráil, sa chomhaontú ábhartha JIT, do na rialacha maidir le rochtain den sórt sin.
3. Is é riarthóir nó riarthóirí an spáis JITanna a chruthóidh ardán comhoibrithe ábhartha na JITanna, agus tacaíocht theicniúil á fáil ó eu-LISA.
4. I gcás ina gcinnfidh comhaltaí JIT gan leas a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna tráth shíniú an chomhaontaithe JIT ach ina dtoileoidh siad tosú ar ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid fad a mhairfidh an JIT ábhartha, leasófar an comhaontú JIT sin i gcás nach ndéantar foráil ann don fhéidearthacht sin, agus beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3. I gcás ina n-aontóidh comhaltaí JIT éirí as ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid fad a mhairfidh an JIT, leasófar an comhaontú ábhartha JIT i gcás nach ndéantar foráil cheana don fhéidearthacht sin sa chomhaontú JIT sin.
Airteagal 14
Ainmniú agus ról riarthóir spáis JIT
1. Má dhéantar foráil sa chomhaontú JIT maidir le leas a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna, ainmneofar riarthóir spáis JIT amháin nó níos mó as measc chomhaltaí JIT de chuid na mBallstát nó de chuid Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa chomhaontú JIT sin.
2. Déanfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT cearta rochtana úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar an spás comhoibrithe JIT ábhartha a bhainistiú, i gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT.
3. Féadfar foráil a dhéanamh, le comhaontú JIT, go mbeidh rochtain ag Rúnaíocht an Líonra JITanna ar spás comhoibrithe JIT ar mhaithe le tacaíocht theicniúil agus riaracháin, agus ar mhaithe le tacaíocht theicniúil, dlíthiúil agus riaracháin maidir le cearta rochtana a bhainistiú. Sna cásanna sin, mar a chomhaontaigh comhaltaí an JIT, tabharfaidh riarthóir spáis nó riarthóirí spáis JIT rochtain ar an spás comhoibrithe JIT sin do Rúnaíocht an Líonra JITanna.
Airteagal 15
Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain ar spás comhoibrithe JIT d’údaráis inniúla na mBallstát a ainmnítear sa chomhaontú sin agus do OIPE i gcás ina n-ainmnítear é sa chomhaontú JIT sin.
Airteagal 16
Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla an Aontais
I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain, a mhéid is gá, ar spás comhoibrithe JIT dóibh seo a leanas:
(a) |
Eurojust, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727 a chomhlíonadh; |
(b) |
Europol, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 a chomhlíonadh; |
(c) |
OLAF, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (16); agus |
(d) |
comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, chun na cúraimí a leagtar amach sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad a chomhlíonadh. |
Airteagal 17
Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag údaráis inniúla tríú tíortha
1. I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, agus chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 5, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain ar spás comhoibrithe JIT d’údaráis inniúla tríú tíortha a bhfuil an comhaontú JIT sin sínithe acu.
2. Uair ar bith a uaslódálann comhaltaí JIT de chuid na mBallstát agus comhalta JIT OIPE, i gcás ina mbíonn sé rannpháirteach sa JIT ábhartha, sonraí oibríochtúla chuig spás comhoibrithe JIT le go bhféadfaidh tríú tír iad a íoslódáil, fíoróidh comhalta JIT na mBallstát ábhartha nó comhalta JIT OIPE go bhfuil na sonraí atá uaslódáilte acu faoi seach teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann.
3. Uair ar bith a uaslódálann tríú tír sonraí oibríochtúla chuig spás comhoibrithe JIT, fíoróidh riarthóir spáis nó riarthóirí spáis an JIT go bhfuil na sonraí sin teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann, sular féidir le húsáideoirí eile spás comhoibrithe JIT iad a íoslódáil.
4. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát nach n-aistreofar a gcuid sonraí pearsanta chuig tríú tíortha dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680.
5. Áiritheoidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach dtarlóidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, gan dochar do na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad, i gcás ina bhforchuirtear leis na rialacha sin coinníollacha sonracha le haghaidh aistrithe sonraí.
6. Áiritheoidh OIPE, ag gníomhú dó i gcomhréir lena inniúlachtaí mar a fhoráiltear in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, nach n-aistreoidh sé sonraí pearsanta chuig tríú tíortha ar tugadh rochtain dóibh ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 80 go 84 den Rialachán sin.
Airteagal 18
Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT
1. Chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 5, déanfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sa chomhaontú ábhartha JIT, rochtain ar spás comhoibrithe JIT a thabhairt d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa JIT ábhartha.
2. Fíoróidh agus áiritheoidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT go mbeidh malartuithe sonraí oibríochtúla le hionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-aistreofar a gcuid sonraí pearsanta chuig ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680.
4. Áiritheoidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach dtarlóidh aistrithe sonraí pearsanta chuig ionadaithe na n-údarás breithiúna idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, gan dochar do na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad, i gcás ina bhforchuirtear leis na rialacha sin coinníollacha sonracha le haghaidh aistrithe sonraí.
CAIBIDIL IV
SLÁNDÁIL AGUS DLITEANAS
Airteagal 19
Slándáil
1. Déanfaidh eu-LISA na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun leibhéal ard cibearshlándála ardán comhoibrithe na JITanna agus slándáil faisnéise na sonraí laistigh d’ardán comhoibrithe na JITanna a áirithiú, go háirithe chun rúndacht agus sláine na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear sa chóras faisnéise láraithe a áirithiú.
2. Cuirfidh eu-LISA cosc ar rochtain neamhúdaraithe ar ardán comhoibrithe na JITanna agus áiritheoidh sé nach mbeidh rochtain ag na daoine a bheidh údaraithe chun rochtain a fháil ar ardán comhoibrithe na JITanna ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana.
3. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, glacfaidh eu-LISA plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun a áirithiú go bhféadfar an córas faisnéise láraithe a aischur i gcás ina dtarlóidh briseadh. Déanfaidh eu-LISA foráil maidir le socrú oibre leis an bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire le haghaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bunaíodh le Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le heagrú agus le hoibriú foirne práinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) (17). Agus an plean slándála sin á ghlacadh, cuirfidh eu-LISA san áireamh na moltaí a d’fhéadfadh teacht ó na saineolaithe slándála a bhíonn i láthair ag an nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo.
4. Déanfaidh eu-LISA faireachán ar éifeachtacht na mbeart uile a dtugtar tuairisc orthu san Airteagal seo agus déanfaidh sé na bearta eagraíochtúla is gá maidir le féinfhaireachán agus maoirseacht chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo.
Airteagal 20
Dliteanas
1. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais damáiste d’ardán comhoibrithe na JITanna, toisc nár éirigh leo a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an Ballstát sin, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais faoi seach, faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, ach amháin agus a mhéid nach ndearna eu-LISA bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.
2. Éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1, is faoi dhlí an Bhallstáit sin a rialófar iad. Maidir le héilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais as damáiste den sórt sin, is faoi na gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad a rialófar iad.
CAIBIDIL V
COSAINT SONRAÍ
Airteagal 21
Tréimhse choinneála chun sonraí oibríochtúla a stóráil
1. Déanfar sonraí oibríochtúla a bhaineann le gach spás comhoibrithe JIT a stóráil sa chóras faisnéise láraithe a fhad is gá chun go gcuirfidh úsáideoirí uile ardán comhoibrithe na JITanna lena mbaineann próiseas a íoslódála i gcrích. Ní bheidh an tréimhse choinneála níos faide ná 4 seachtaine ó dháta uaslódáil na sonraí sin ar ardán comhoibrithe na JITanna.
2. A luaithe a bheidh an próiseas íoslódála curtha i gcrích ag gach úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid nó, ar a dhéanaí, ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1, scriosfar na sonraí go huathoibríoch agus go buan ón gcóras faisnéise láraithe.
Airteagal 22
Tréimhse choinneála chun sonraí neamhoibríochtúla a stóráil
1. I gcás ina mbeidh sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar JIT, déanfar sonraí neamhoibríochtúla a bhaineann le gach spás comhoibrithe JIT a stóráil sa chóras faisnéise láraithe go dtí go mbeidh an mheastóireacht ábhartha ar na JITanna curtha i gcrích. Ní bheidh an tréimhse choinneála níos faide ná 5 bliana ón dáta a iontráiltear na sonraí sin ar ardán comhoibrithe na JITanna.
2. Má chinntear gan an mheastóireacht a dhéanamh tráth a chuirfear an clabhsúr ar JIT nó, ar a dhéanaí, ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1, scriosfar na sonraí go huathoibríoch ón gcóras faisnéise láraithe.
Airteagal 23
Rialaitheoir sonraí agus próiseálaí sonraí
1. Maidir le gach údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, measfar gur rialaitheoirí sonraí iad i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil faoin Rialachán seo.
2. Maidir le sonraí a uaslódálann údaráis inniúla tríú tíortha nó ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta ar ardán comhoibrithe na JITanna, ainmneofar duine de na riarthóirí spáis JIT sa chomhaontú ábhartha JIT le bheith ina rialaitheoir sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear agus a stóráiltear trí ardán comhoibrithe na JITanna agus a stóráiltear ann.
Ní uaslódálfar aon sonraí arna bhfáil ó thríú tíortha nó ó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta sula n-ainmneofar an rialaitheoir sonraí.
3. Measfar eu-LISA a bheith ina phróiseálaí sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 a mhéid a bhaineann leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear trí ardán comhoibrithe na JITanna agus a stóráiltear ann.
4. Beidh úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ina rialaitheoirí comhpháirteacha, de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725, le haghaidh phróiseáil sonraí pearsanta neamhoibríochtúla in ardán comhoibrithe na JITanna.
Airteagal 24
An cuspóir atá le próiseáil sonraí pearsanta
1. Na sonraí a iontráiltear in ardán comhoibrithe na JITanna, déanfar iad a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin:
(a) |
malartú sonraí oibríochtúla idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, chun na críche dár bunaíodh an JIT ábhartha sin; |
(b) |
malartú sonraí neamhoibríochtúla idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, chun an JIT ábhartha a bhainistiú. |
2. Beidh rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna teoranta do bhaill foirne chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát agus tríú tíortha, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais nó ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta, a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, agus don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus is comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.
Airteagal 25
Logaí teicniúla
1. Áiritheoidh eu-LISA go gcoimeádfar loga teicniúil ar an rochtain uile ar an gcóras faisnéise láraithe agus ar gach oibríocht próiseála sonraí sa chóras faisnéise láraithe, i gcomhréir le mír 2.
2. Léireoidh na logaí teicniúla an méid seo a leanas:
(a) |
an dáta, an crios ama agus an t-am beacht rochtana ar an gcóras faisnéise láraithe; |
(b) |
marc aitheantais gach úsáideora aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna a fuair rochtain ar an gcóras faisnéise láraithe; |
(c) |
dáta, crios ama agus am rochtana gach oibríochta a rinne gach úsáideoir aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna; |
(d) |
an oibríocht a rinne gach úsáideoir aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna. |
Úsáidfear bearta teicniúla iomchuí chun na logaí teicniúla a chosaint ar mhodhnú agus rochtain neamhúdaraithe. Coinneofar na logaí teicniúla ar feadh trí bliana nó ar feadh tréimhse is faide ná sin de réir mar is gá chun nósanna imeachta faireacháin leanúnacha a fhoirceannadh.
3. Arna iarraidh sin, cuirfidh eu-LISA na logaí teicniúla ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát a ghlac páirt in JIT áirithe gan moill mhíchuí.
4. Laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí agus chun a ndualgais a chomhlíonadh, beidh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí ar na logaí teicniúla arna iarraidh sin.
5. Laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí agus chun a dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, beidh rochtain ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na logaí teicniúla arna iarraidh sin.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 26
Faireachán agus meastóireacht
1. Bunóidh eu-LISA nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt ardán comhoibrithe na JITanna maidir leis na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna maidir leis na cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtúlacht, inúsáidteacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2. Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil maidir leis an bhféidearthacht staitisticí teicniúla tráthrialta a sholáthar chun críoch faireacháin agus rannchuideofar leis an meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna.
3. Más baol moill shuntasach a bheith ar an bpróiseas forbartha, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe is féidir maidir le cúiseanna na moille sin, an tionchar a bheidh aici i dtéarmaí tráthchlár agus airgeadais, agus na céimeanna atá beartaithe aige a thabhairt chun é sin a leigheas.
4. A luaithe a bheidh forbairt ardán comhoibrithe na JITanna tugtha chun críche, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costais, agus ina dtabharfar údar maith le haon neamhréireachtaí.
5. I gcás uasghrádú teicniúil ar ardán comhoibrithe na JITanna, uasghrádú a bhféadfadh costais mhóra a bheith mar thoradh air, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfar an t-uasghrádú.
6. Tráth nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, déanfar an méid seo a leanas:
(a) |
cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil ardán comhoibrithe na JITanna, lena n-áirítear a ghnéithe slándála neamhíogaire, faoi bhráid an Choimisiúin, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí; |
(b) |
ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna agus tarchuirfidh sé tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. |
Gach bliain tar éis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a tharchur, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil ardán comhoibrithe na JITanna faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear a ghnéithe slándála neamhíogaire, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
Gach 4 bliana tar éis an tuarascáil meastóireachta fhoriomlán dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a tharchur agus ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfidh eu-LISA isteach i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna agus tarchuirfidh sé tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
7. Laistigh de 18 mí ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Europol agus leis an nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh measúnú ar a riachtanaí, a indéanta, a oiriúnaí agus a chost-éifeachtúla a bheadh sé dá bhféadfaí nasc a dhéanamh idir ardán comhoibrithe na JITanna agus SIENA. Sa tuarascáil sin, freisin, beidh coinníollacha, sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le nasc slán éifeachtúil a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, beidh na tograí reachtacha is gá ag gabháil leis an tuarascáil sin, agus d’fhéadfadh sé, sna tograí sin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla an naisc sin a ghlacadh.
8. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais cibé faisnéis is gá a sholáthar do eu-LISA agus don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus an tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta ón gCoimisiúin dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhréachtú. Soláthróidh siad freisin do Rúnaíocht an Líonra JITanna an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (e), a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt agus sa dara habairt den mhír seo aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, ainmneacha ball foirne ná imscrúduithe.
9. Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh.
Airteagal 27
Costais
Is as buiséad ginearálta an Aontais a sheasfar na costais a thabhófar i mbunú agus oibriú ardán comhoibrithe na JITanna.
Airteagal 28
Tús a chur le hoibríochtaí
1. Cinnfidh an Coimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, a luaithe a bheidh sé sásta go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a) |
go mbeidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6, pointí (a) go (g), glactha; |
(b) |
go mbeidh tástáil chuimsitheach ar ardán comhoibrithe na JITanna tugtha i gcrích go rathúil ag eu-LISA, le rannpháirtíocht na mBallstát, agus úsáid á baint as sonraí tástála anaithnide. |
In aon chás, ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná an 7 Nollaig 2025.
2. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an dáta sin in iúl do na Ballstáit, Eurojust, Europol, OIPE agus OLAF. Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin.
3. An cinneadh ón gCoimisiún lena gcinnfear an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
4. Tosóidh úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ag baint úsáide as ardán comhoibrithe na JITanna ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 29
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 30
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘4b. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as forbairt agus bainistiú oibríochtúil, lena n-áirítear forbairtí teicniúla, ardán comhoibrithe de chuid na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, (‘ardán comhoibrithe na JITanna’)’; |
(2) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8c Cúraimí a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna I ndáil le hardán comhoibrithe na JITanna, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
(*1) Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 132, 17.5.2023, lch. 1).’;." |
(3) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES, ETIAS, DubliNet, ECRIS-TCN, chóras e-CODEX, ardán comhoibrithe na JITanna agus córais mhórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(5).’ |
(4) |
in Airteagal 19(1), pointe (ff), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(5) |
in Airteagal 27(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.
(2) IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.
(3) Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).
(4) ETS Uimh. 182.
(5) IO L 181, 19.7.2003, lch. 34.
(6) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(7) Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara (IO L 148, 31.5.2022, lch. 1.).
(8) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(9) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(10) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(13) Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(15) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(16) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
TREORACHA
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/21 |
TREOIR (AE) 2023/970 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2023
chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, atá daingnithe ag na Ballstáit uile, go bhfuil na Stáit is Páirtithe leis na bearta iomchuí ar fad a dhéanamh chun go n-áiritheofar, inter alia, an ceart chun pá chomhionainn, lena n-áirítear sochair, agus chun córa comhionainne maidir le hobair ar luach comhionann, chomh maith le cóir chomhionann sa mheastóireacht ar cháilíocht na hoibre. |
(2) |
In Airteagal 2 agus Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cumhdaítear an ceart chun comhionannais idir mná agus fir mar cheann de luachanna bunúsacha an Aontais. |
(3) |
In Airteagail 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear go mbeidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú bunaithe ar ghnéas ina chuid beartas agus gníomhaíochtaí uile a chomhrac. |
(4) |
Le hAirteagal 157(1) CFAE, cuirtear d’oibleagáid ar gach Ballstát a áirithiú go gcuirtear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna i bhfeidhm. Le hAirteagal 157(3) CFAE, foráiltear go nglacfaidh an tAontas bearta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach (‘prionsabal an phá chomhionainn’). |
(5) |
Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) nach féidir raon feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a theorannú d’idirdhealú ar an mbonn gur de ghnéas amháin nó de ghnéas eile atá duine (3). I bhfianaise chuspóir an phrionsabail agus chineál na gceart a bhféachtar lena gcosaint, beidh feidhm ag an bprionsabal sin freisin maidir le hidirdhealú a eascraíonn as athshannadh inscne. |
(6) |
Is féidir le daoine an tríú inscne a chlárú go dlíthiúil i roinnt Ballstát faoi láthair, agus is minic gur inscne neodrach a bhíonn i gceist. Ní dhéantar difear leis an Treoir seo do na rialacha náisiúnta ábhartha lena dtugtar éifeacht d’aitheantas mar sin a mhéid a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus pá. |
(7) |
Le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), toirmisctear aon idirdhealú, inter alia, ar bhonn gnéis. In Airteagal 23 den Chairt, foráiltear nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. |
(8) |
Luaitear in Airteagal 23 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, inter alia, go mbeidh an ceart ag gach uile dhuine, gan aon idirdhealú, chun pá chomhionainn as obair chomhionann, chun saor-rogha fostaíochta, chun coinníollacha oibre córa fabhracha agus chun pá chóir lena n-áirithítear cóir mhaireachtála atá oiriúnach do dhínit an duine. |
(9) |
I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, ionchorpraítear i measc phrionsabail an cholúin sin cóir chomhionann agus deiseanna idir mná agus fir, agus an ceart chun pá chomhionainn as obair ar comhionann a luach. |
(10) |
Foráiltear le Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) go gcuirfear deireadh le hidirdhealú díreach agus indíreach ar bhonn gnéis i ndáil le gach gné agus gach coinníoll luacha saothair as an obair chéanna nó an obair dá dtugtar an luach comhionann. I gcás ina n-úsáidtear córas aicmithe post, go háirithe, chun pá a chinneadh, tá sé le bheith bunaithe ar na critéir inscne-neodracha chéanna agus ba cheart é a tharraingt suas chun aon idirdhealú ar bhonn gnéis a eisiamh. |
(11) |
I meastóireacht 2020 ar na forálacha ábhartha de Threoir 2006/54/CE, fuarthas amach go gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn mar gheall ar easpa trédhearcachta i gcórais phá, easpa deimhneachta dlíthiúla maidir leis an gcoincheap ‘obair ar comhionann a luach’, agus constaicí nós imeachta a bhíonn os comhair íospartaigh an idirdhealaithe. Níl an fhaisnéis is gá ag oibrithe chun éileamh rathúil ar phá comhionann a dhéanamh agus, go háirithe, faisnéis faoi na leibhéil phá do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhféadfadh breis trédhearcachta laofacht inscne agus idirdhealú ar bhonn inscne a nochtadh i struchtúir phá gnóthais nó eagraíochta. Chuirfeadh sé ar chumas oibrithe, fostóirí agus na comhpháirtithe sóisialta freisin gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun cur i bhfeidhm an chirt chun pá chomhionainn as obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach (‘an ceart chun pá chomhionainn’) a áirithiú. |
(12) |
Tar éis meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus próiseas comhairliúcháin fadréimseach cuimsitheach, fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025] go molfadh an Coimisiún bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá. |
(13) |
Bhí tionchar diúltach díréireach ag iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 ar mhná agus ar chomhionannas inscne, agus is minic a cailleadh poist in earnálacha a bhfuil pá íseal agus ina mbíonn mná i bhfad níos líonmhaire. Leag paindéim COVID-19 béim ar thearcluacháil leanúnach struchtúrach na hoibre a dhéanann mná den chuid is mó agus léirigh sé ardluach socheacnamaíoch a bhaineann leis an obair a dhéanann mná i seirbhísí túslíne, cosúil le cúram sláinte, glantachán, cúram leanaí, cúram sóisialta agus cúram cónaithe do dhaoine scothaosta agus do chleithiúnaithe aosaithe eile nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an infheictheacht agus an aitheantas íseal a bhaineann léi. |
(14) |
Dá bhrí sin, le héifeachtaí phaindéim COVID-19, déanfar neamhionannais inscne agus an bhearna phá idir na hinscní a leathnú tuilleadh ach amháin má bhíonn an fhreagairt téarnaimh inscne-íogair. Fágann na hiarmhairtí sin go bhfuil sé níos práinní fós dul i ngleic le saincheist an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Tá tábhacht ar leith ag baint le cur chun feidhme phrionsabail an phá chomhionainn a neartú trí bhearta breise chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol an dul chun cinn a rinneadh maidir le haghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí ó thaobh pá de. |
(15) |
Tá bearna phá idir na hinscní fós san Aontas: bhí sí cothrom le 13 % in 2020, agus éagsúlachtaí suntasacha ar fud na mBallstát, agus níor tháinig ach laghdú beag uirthi le 10 mbliana anuas. Tosca éagsúla is cúis leis an mbearna phá idir na hinscní, amhail steiréitíopaí inscne, buanú na ‘síleála gloine’ agus an ‘urláir ghreamaithigh’, leithscaradh cothrománach, lena n-áirítear ró-ionadaíocht na mban i bpoist seirbhíse ar phá íseal, agus freagrachtaí cúraim a bheith á gcomhroinnt ar bhealach míchothrom. Ina theannta sin, is idirdhealú pá inscnebhunaithe díreach agus indíreach is cúis i bpáirt leis an mbearna phá idir na hinscní. Is bacainní struchtúracha iad na heilimintí sin ar fad atá mar chuid de na dúshláin chasta a bhaineann le post ardcháilíochta agus pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a bhaint amach agus bíonn iarmhairtí fadtéarmacha ag baint leo amhail bearna pinsin agus baineannú na bochtaineachta. |
(16) |
Le heaspa trédhearcachta ginearálta maidir le leibhéil phá laistigh d'eagraíochtaí, coinnítear cás inar deacair idirdhealú pá inscnebhunaithe agus laofacht inscne a bhrath nó, i gcás ina bhfuil amhras ann, ina mbíonn sé deacair iad a chruthú. Tá gá, dá bhrí sin, le bearta ceangailteacha chun trédhearcacht pá a fheabhsú, chun eagraíochtaí a spreagadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a struchtúir phá chun pá comhionann a áirithiú do mhná agus d'fhir a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, agus chun cur ar chumas íospartaigh an idirdhealaithe a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú. Ní mór bearta ceangailteacha den sórt sin a chomhlánú le forálacha lena soiléirítear coincheapa dlíthiúla atá ann cheana, amhail na coincheapa ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’ agus le bearta a fheabhsaíonn sásraí forfheidhmiúcháin agus rochtain ar cheartas. |
(17) |
Ba cheart cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a fheabhsú trí dheireadh a chur le hidirdhealú pá díreach agus indíreach. Ní chuirtear bac leis ar fhostóirí íocaíocht a thabhairt d’oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach ar bhonn critéar oibiachtúil, inscne-neodrach agus saor ó laofacht, amhail feidhmíocht agus inniúlacht. |
(18) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, lena n-áirítear oibrithe páirtaimseartha, oibrithe ar conradh ar théarma seasta agus daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht shealadach, chomh maith le hoibrithe i bpoist bhainistíochta, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear le dlí, comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó cleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais (5) á chur san áireamh. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha, tiocfaidh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oibrithe i bhfostaíocht dhídeanach, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh. |
(19) |
Is gné thábhachtach chun deireadh a chur le hidirdhealú pá í trédhearcacht pá sula gcuirtear tús le fostaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hiarratasóirí ar fhostaíocht freisin. |
(20) |
Chun deireadh a chur le bacainní ar íospartaigh idirdhealú pá inscnebhunaithe a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú, agus chun treoir a thabhairt d'fhostóirí maidir leis an gceart sin a áirithiú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na coincheapa lárnacha a bhaineann le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, amhail ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart cur i bhfeidhm na choincheapa sin a éascú leis sin, go háirithe do mhicreafhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. |
(21) |
Ba cheart prionsabal an phá chomhionainn a urramú maidir le pá, tuarastal nó aon chomaoin eile, bíodh sé in airgead tirim nó i gcomhchineál, a fhaigheann na hoibrithe go díreach nó go hindíreach, i ndáil lena bhfostaíocht óna bhfostóir. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (6), leis an gcoincheap pá, ba cheart, chomh maith le tuarastal, na comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha den phá a chlúdach freisin. Faoi chomhpháirteanna comhlántacha nó inathraitheacha, ba cheart aon sochair sa bhreis ar an ngnáth-bhunphá nó ar an ngnáthphá íosta nó tuarastal, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach, bíodh sin in airgead tirim nó i gcomhchineál, a chur san áireamh. Le comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha den sórt sin, féadfadh bónais, cúiteamh ragoibre, saoráidí taistil, liúntais tithíochta agus bia, cúiteamh as freastal ar oiliúint, íocaíochtaí i gcás dífhostú, pá breoiteachta reachtúil, cúiteamh a éilítear go reachtúil agus pinsin ghairme a bheith san áireamh, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ba cheart gach gné den luach saothair atá dlite faoin dlí, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus/nó faoin gcleachtais i ngach Ballstáit a chur san áireamh sa choincheap pá. |
(22) |
Chun an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur i láthair ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart leibhéil phá a chur in iúl mar ollphá bliantúil agus an t-ollphá comhfhreagrach san uair. Ba cheart go bhféadfaí ríomh na leibhéal pá a bhunú ar an bpá iarbhír a shonraítear i ndáil leis an oibrí, gan beann ar cé acu a shocraítear go bliantúil, go míosúil, san uair nó ar bhealach eile é. |
(23) |
Níor cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí nua a bhunú chun críoch na Treorach seo. Ba cheart dóibh a bheith in ann na cúraimí a eascróidh uaithi a thabhairt do chomhlachtaí bunaithe, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo. |
(24) |
Chun oibrithe a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar an eagla atá orthu go ndéanfaí íospartach de dhuine agus prionsabal an phá chomhionainn á fheidhmiú, ba cheart d’ionadaí a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh dóibh. D'fhéadfadh ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe eile a bheith i gceist leis sin. Mura bhfuil aon ionadaithe oibrithe ann, ba cheart d’ionadaí dá rogha féin a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh do na hoibrithe. Ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit a n-imthosca náisiúnta a chur san áireamh chomh maith le róil dhifriúla a bhaineann le hionadaíocht do na hoibrithe. |
(25) |
Foráiltear le hAirteagal 10 CFAE gurb é is aidhm don Aontas, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac. Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2006/54/CE nach mbeidh aon idirdhealú díreach nó indíreach ann ar bhonn gnéis maidir le pá. Maidir le hidirdhealú pá ar bhonn inscne i gcás ina bhfuil ról ríthábhachtach ag gnéas an íospartaigh, is féidir é a bheith i bhfoirmeacha éagsúla sa chleachtas. D'fhéadfadh trasnú d'aiseanna éagsúla idirdhealaithe nó neamhionannais a bheith i gceist i gcás inar ball é an t-oibrí de ghrúpa amháin nó níos mó atá cosanta ar idirdhealú ar bhonn gnéis, ar thaobh amháin, agus ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh, mar atá cosanta faoi Threoir 2000/43/CE (7) nó 2000/78/CE (8) ón gComhairle, ar an taobh eile. Tá mná faoi mhíchumas, mná de thionscnamh éagsúil ciníoch agus eitneach, lena n-áirítear mná Romacha, agus mná óga nó scothaosta i measc grúpaí a d’fhéadfadh a bheith ag déileáil le hidirdhealú trasnach. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú leis an Treoir seo, i gcomhthéacs an idirdhealaithe pá inscnebhunaithe, gur cheart a bheith in ann an comhcheangal sin a chur san áireamh, agus, ar an gcaoi sin, aon amhras a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis sin faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana a bhaint agus a chur ar chumas cúirteanna náisiúnta, comhlachtaí comhionannais agus údarás inniúil eile an aird chuí a thabhairt ar aon chás ina n-eascraíonn mhíbhuntáiste as idirdhealú trasnach, go háirithe chun críoch substainteach agus nós imeachta, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt don idirdhealú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomparadóir cuí, measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht, agus leibhéal an chúitimh arna dhámhachtain nó na pionóis arna bhforchur a chinneadh, i gcás inarb ábhartha. Tá cur chuige trasnach tábhachtach chun an bhearna phá idir na hinscní a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi. Níor cheart raon feidhme oibleagáidí na bhfostóirí i ndáil le bearta trédhearcachta pá faoin Treoir seo a athrú leis an soiléiriú seo. Go háirithe, níor cheart ceangal a chur ar fhostóirí sonraí a bhaineann le forais chosanta seachas forais gnéis a bhailiú. |
(26) |
Chun urraim a thabhairt don cheart chun pá chomhionainn, ní mór d’fhostóirí struchtúir pá a bheith i bhfeidhm acu lena n-áirithítear nach mbeidh aon difríochtaí pá inscnebhunaithe ann idir oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach nach bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla, inscne-neodrach. Le struchtúir phá den sórt sin, ba cheart a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir luach na bpost éagsúil laistigh den struchtúr eagrúcháin céanna. Ba cheart é a bheith indéanta struchtúir pá den sórt sin a bhunú ar threoirlínte atá ag an Aontas cheana a bhaineann le córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá inscne-neodrach, nó ar tháscairí nó ar shamhlacha inscne-neodracha. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart luach na hoibre a mheasúnú agus a chur i gcomparáid ar bhonn critéir oibiachtúla lena n-áirítear ceanglais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre, gan beann ar dhifríochtaí i bpatrúin oibre. Chun cur i bhfeidhm choincheap na hoibre ar comhionann a luach a éascú, go háirithe i gcás mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, ba cheart ceithre thoisc a chuimsiú sna critéir oibiachtúla a úsáidfear: scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre. Sainaithníodh na tosca sin leis na treoirlínte atá ag an Aontas cheana féin mar thosca atá riachtanach agus leordhóthanach chun meastóireacht a dhéanamh ar na tascanna a dhéantar in eagraíocht gan beann ar an earnáil eacnamaíoch lena mbaineann an eagraíocht. Ós rud é nach bhfuil na tosca go léir chomh hábhartha céanna maidir le post sonrach, ba cheart don fhostóir gach ceann de na ceithre thoisc a mheá ag brath ar ábharthacht na gcritéar sin maidir leis an bpost sonrach lena mbaineann. Féadfar critéir bhreise a chur san áireamh freisin, i gcás ina bhfuil siad ábhartha agus ina bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte an Aontais atá ann cheana a uasdátú, i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE). |
(27) |
Bíonn éagsúlachtaí idir na córais náisiúnta maidir le socrú pá, agus féadfaidh siad a bheith bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála agus/nó ar ghnéithe a chinneann an fostóir. Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na córais náisiúnta éagsúla maidir le socrú pá. |
(28) |
Is paraiméadar tábhachtach é comparadóir bailí a shainaithint agus cinneadh á dhéanamh an féidir obair ar comhionann a luach a mheas. Cuireann sé ar chumas na n-oibrithe a thaispeáint gur caitheadh leo ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna ná mar a caitheadh le comparadóir de ghnéas difriúil a bhfuil obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach á déanamh aige. Ag tógáil ar ar tharla mar gheall ar an sainmhíniú ar idirdhealú díreach agus indíreach i dTreoir 2006/54/CE, i gcásanna nach ann do chomparadóir fíorshaoil, ba cheart úsáid comparadóra hipitéisigh a cheadú, chun a chur ar chumasoibrithe a thaispeáint nár tugadh an chóir chéanna dóibh agus a thabharfaí do chomparadóir hipitéiseach de ghnéas eile. Bhainfeadh sé sin bacainn thábhachtach de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh idirdhealú pá inscnebhunaithe, go háirithe i margaí fostaíochta atá an-leithscartha de réir inscne, ina mbeadh sé beagnach dodhéanta éileamh pá comhionann a dhéanamh de bharr riachtanas comparadóir de ghnéas eile a aimsiú. Ina theannta sin, níor cheart cosc a chur ar oibrithe úsáid a bhaint as fíorais eile ar féidir a thoimhdiú ina leith go ndearnadh idirdhealú líomhnaithe uathu, mar shampla staidreamh nó faisnéis eile atá ar fáil. D'fhágfadh sé sin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais phá inscnebhunaithe ar bhealach níos éifeachtaí in earnálacha agus i ngairmeacha atá leithscartha de réir inscne, go háirithe i gcinn ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire amhail an earnáil cúraim. |
(29) |
Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gá go mbeadh an chomparáid teoranta do chásanna ina n-oibríonn fir agus mná don fhostóir céanna chun measúnú a dhéanamh i gcás inchomparáide atá na hoibrithe (9). D’fhéadfadh sé go mbeadh oibrithe i gcás inchomparáide fiú mura n-oibríonn siad don fhostóir céanna i gcás inar féidir na coinníollacha pá a chur i leith foinse aonair lena mbunaítear na coinníollacha sin agus i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin cothrom agus inchomparáide. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh nuair a rialaítear na coinníollacha pá ábhartha le forálacha reachtúla nó comhaontuithe a bhaineann le pá atá infheidhme i gcás roinnt fostóirí, nó nuair a leagtar síos na coinníollacha sin go lárnach do bhreis agus eagraíocht amháin nó gnólacht amháin laistigh de chuideachta sealbhaíochta nó d’ilchuideachta. Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil an chomparáid teoranta d’oibrithe atá fostaithe ag an am céanna leis an éilitheoir (10). Sa bhreis air sin, agus an measúnú iarbhír á dhéanamh, ba cheart a aithint gur féidir difríocht sa phá a mhíniú trí thosca nach mbaineann le gnéas. |
(30) |
Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcuirfear an oiliúint agus na huirlisí agus na modheolaíochtaí sonracha ar fáil chun tacú le fostóirí sa mheasúnú ó thaobh a bhfuil i gceist le hobair ar comhionann a luach agus chun treoir a thabhairt ina leith. Ba cheart cur i bhfeidhm an choincheapa sin a éascú leis sin, go háirithe do mhicreafhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Agus an dlí náisiúnta, comhaontuithe cómhargála agus/nó cleachtas náisiúnta á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forbairt uirlisí agus modheolaíochtaí sonracha a chur de chúram ar na comhpháirtithe sóisialta, nó iad a fhorbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta nó tar éis dul i gcomhairle leo. |
(31) |
Mura n-úsáidtear córais aicmithe agus meastóireachta post ar bhealach inscne-neodrach, go háirithe nuair a ghlactar steiréitíopaí traidisiúnta inscne leo, féadfaidh idirdhealú pá ar bhonn inscne a bheith mar thoradh orthu. I gcásanna mar sin, rannchuidítear leis an mbearna phá agus buanaítear í trí mheastóireacht a dhéanamh ar bhealach éagsúil ar phoist ina mbíonn na fir i bhfad níos líonmhaire agus ar phoist ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire i gcásanna ina bhfuil luach comhionann leis an obair a dhéantar. I gcás ina n-úsáidtear córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá inscne-neodrach, áfach, tá siad éifeachtach ó thaobh córas trédhearcach pá a bhunú, agus tá siad ríthábhachtach chun a áirithiú go n-eisiatar idirdhealú díreach nó indíreach ar bhonn gnéis. Aimsítear leo idirdhealú pá indíreach a bhaineann le tearcluacháil na bpost a dhéanann mná de ghnáth. Leo sin, déantar amhlaidh trí phoist a bhfuil ábhar difriúil iontu ach a bhfuil luach comhionann leo a thomhas agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus mar sin tacaítear le prionsabal an phá chomhionainn. |
(32) |
Le heaspa faisnéise maidir le réimse pá an phoist atá beartaithe, cruthaítear neamhshiméadracht faisnéise a chuireann srian ar chumhacht mhargála iarratasóirí le haghaidh fostaíochta. Trí thrédhearcacht a áirithiú, ba cheart oibrithe ionchasacha a bheith in ann cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tuarastal a bhfuiltear ag súil leis gan teorainn a chur ar bhealach ar bith le cumhacht mhargála an fhostóra nó an oibrí tuarastal a chaibidil fiú amháin lasmuigh den raon a léirítear. D’áiritheofaí leis an trédhearcacht freisin bonn sainráite nach bhfuil laofacht inscne aige do shocrú pá agus chuirfeadh sé isteach ar thearcluacháil an phá i gcomparáid le scileanna agus taithí. Leis an trédhearcacht, thabharfaí aghaidh freisin ar idirdhealú trasnach i gcás ina gceadaíonn socruithe pá neamh-thrédhearcacha cleachtais idirdhealaitheacha ar roinnt forais idirdhealaithe. Ba cheart d’iarratasóirí ar fhostaíocht faisnéis a fháil faoin bpá tosaigh nó faoina raon ar bhealach lena n-áirithítear idirbheartaíocht eolasach thrédhearcach maidir le pá, amhail i bhfógra folúntais foilsithe, roimh an agallamh poist nó, ar shlí eile sula gcuirtear conradh fostaíochta i gcrích. Ba cheart don fhostóir an fhaisnéis a chur ar fáil nó ba cheart í a chur ar fáil ar bhealach eile, ag na comhpháirtithe sóisialta cuir i gcás. |
(33) |
Chun cur isteach ar leanúint na bearna pá idir na hinscní a dhéanann difear d’oibrithe aonair thar am, ba cheart d’fhostóirí a áirithiú go mbeidh fógraí folúntais poist agus teidil poist inscne-neodrach agus go ndéanfar próisis earcaíochta a threorú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ionas nach mbainfear an bonn den cheart chun pá chomhionainn. Níor cheart cead a bheith ag fostóirí fiosrú a dhéanamh nó iarracht réamhghníomhach a dhéanamh faisnéis a fháil faoi phá reatha nó stair phá iarratasóra ar fhostaíocht. |
(34) |
Maidir le bearta trédhearcachta pá, ba cheart dóibh an ceart atá ag oibrithe chun pá comhionann a chosaint agus, san am céanna, na costais agus an t-ualach riaracháin a theorannú, a mhéid is féidir, d’fhostóirí, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. I gcás inarb iomchuí, ba cheart bearta a chur in oiriúint do mhéid na bhfostóirí agus líon na bhfostaithe á gcur san áireamh. Maidir le líon na n-oibrithe atá fostaithe ag fostóirí agus atá le cur i bhfeidhm mar chritéar faoina bhfuil fostóir faoi réir tuairisciú pá dá dtagraítear sa Treoir seo, socraítear í agus Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (11) á chur san áireamh. |
(35) |
Ba cheart d’fhostóirí rochtain a thabhairt d’oibrithe ar na critéir a úsáidtear chun leibhéil phá agus dul chun cinn pá a chinneadh. Tagraíonn dul chun cinn pá don phróiseas trína mbogann oibrí go leibhéal pá níos airde. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar chritéir a bhaineann le dul chun cinn pá, inter alia, feidhmíocht an duine aonair, forbairt scileanna, agus sinsearacht. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar ualach iomarcach riaracháin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga a sheachaint. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teimpléid réamh-dhéanta a sholáthar freisin, mar bheart maolaitheach, chun tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga an oibleagáid a chomhlíonadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann fostóirí ar micrifhiontair agus fiontair bheaga a dhíolmhú ón oibleagáid a bhaineann le dul chun cinn pá, mar shampla trína ligean dóibh na critéir maidir le dul chun cinn pá a chur ar fáil arna iarraidh sin d’oibrithe. |
(36) |
Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe uile faisnéis a fháil, arna iarraidh sin dóibh, maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir gnéis, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach lena gcuid oibre. Ba cheart an deis a bheith acu freisin an fhaisnéis a fháil trí ionadaithe oibrithe nó trí chomhlacht comhionannais. Ba cheart d’fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoin gceart sin ar bhonn bliantúil, chomh maith leis na céimeanna atá le déanamh chun an ceart a fheidhmiú. Féadfaidh fostóirí freisin, ar a dtionscnamh féin, roghnú faisnéis den sórt sin a sholáthar gan é a bheith d’iallach ar oibrithe í a iarraidh. |
(37) |
Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go mbeidh rochtain leordhóthanach ag daoine faoi mhíchumas ar an bhfaisnéis a sholáthraítear d’iarratasóirí ar fhostaíocht agus d’oibrithe dá bun. Ba cheart faisnéis den sórt sin a sholáthar do na daoine sin agus a míchumais ar leith á gcur san áireamh, i bhformáid agus i bhfoirm iomchuí cúnaimh agus tacaíochta chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis agus go dtuigfidh siad í. D’fhéadfaí a áireamh leis sin faisnéis a sholáthar ar bhealach intuigthe a d’fhéadfaidís a bhrath, i gclómhéid leordhóthanach, agus úsáid á baint as formáid leordhóthanach codarsnachta nó as formáid eile is iomchuí do chineál a míchumais. I gcás inarb ábhartha, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
(38) |
Ba cheart d’fhostóirí ag a bhfuil 100 oibrí ar a laghad tuairisc a thabhairt go rialta ar phá, dá bhforáiltear leis an Treoir seo. Ba cheart do chomhlachtaí faireacháin na mBallstát an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach oiriúnach trédhearcach. Féadfaidh fostóirí na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin nó iad a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile, mar shampla tríd an bhfaisnéis a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta, i gcás inarb infheidhme sa tuarascáil bhainistíochta arna tarraingt suas faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Féadfaidh fostóirí atá faoi réir cheanglais na Treorach sin a roghnú tuairisciú ar phá in éineacht le hábhair eile a bhaineann le hoibrithe ina dtuarascáil bhainistíochta. Chun cumhdach na trédhearcachta pá i gcás oibrithe a uasmhéadú, féadfaidh na Ballstáit minicíocht an tuairiscithe ar phá a mhéadú nó tuairisciú rialta ar phá a dhéanamh éigeantach d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 100 oibrí acu. |
(39) |
Le tuairisciú pá, ba cheart fostóirí a bheith in ann meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar a struchtúir phá agus ar a mbeartais phá, rud a chuireann ar a gcumas prionsabal an phá chomhionainn a chomhlíonadh go réamhghníomhach. Le tuairisciú agus measúnuithe comhpháirteacha ar phá, rannchuidítear le feasacht mhéadaithe ar laofacht inscne i struchtúir phá agus idirdhealú pá agus ar aghaidh a thabhairt ar laofacht agus idirdhealú den sórt sin ar bhealach éifeachtach sistéamach agus, ar an gcaoi sin, téann siad chun tairbhe d’oibrithe go léir atá fostaithe ag an bhfostóir céanna. Ag an am céanna, ba cheart na sonraí atá imdhealaithe de réir gnéis a bheith ina gcabhair ag údaráis phoiblí inniúla, ionadaithe oibrithe agus páirtí leasmhara eile chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní thar earnálacha (leithscaradh cothrománach) agus feidhmeanna (leithscaradh ingearach). D'fhéadfadh sé gur mhian le fostóirí go mbeadh míniú ar aon difríocht pá nó bearna phá idir na hinscní ag gabháil leis na sonraí foilsithe. I gcás nach dtugtar, ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodrach, bonn cirt do dhifríochtaí sa mheánphá as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna, ba cheart don fhostóir bearta a ghlacadh chun deireadh a chur leis na neamhionannais. |
(40) |
Chun an t-ualach ar fhostóirí a laghdú, d’fhéadfadh na Ballstáit na sonraí is gá a bhailiú agus a idirnascadh trína riaracháin náisiúnta lena mbeifear in ann an bhearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aghaidh an fhostóra a ríomh. Chun sonraí den sórt sin a bhailiú, d’fhéadfadh go mbeadh gá le sonraí ó roinnt riaracháin phoiblí, amhail cigireachtaí cánach agus oifigí slándála sóisialta a idirnascadh agus bheadh sé indéanta dá mbeadh sonraí riaracháin ar fáil a mheaitseálann sonraí na bhfostóirí, ar leibhéal na cuideachta nó na heagraíochta, le sonraí na n-oibrithe, ar an leibhéal aonair, lena n-áirítear sochair in airgead tirim agus sochair chomhchineáil. D’fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú ní hamháin do na fostóirí atá cumhdaithe ag an oibleagáid tuairiscithe pá faoin Treoir seo, ach do na fostóirí nach bhfuil cumhdaithe ag an oibleagáid, agus a bhíonn ag tuairisciú go deonach. Ba cheart foilsiú na faisnéise is gá ag na Ballstáit a chur in ionad na hoibleagáide maidir le tuairisciú pá atá ar na fostóirí sin atá cumhdaithe ag na sonraí riaracháin, ar choinníoll go mbaintear amach an toradh atá beartaithe leis an oibleagáid tuairiscithe. |
(41) |
Chun an fhaisnéis maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a chur ar fáil go forleathan ar leibhéal eagraíochtúil, ba cheart do na Ballstáit a chur de chúram ar an gcomhlacht faireacháin arna ainmniú de bhun na Treorach seo na sonraí ar an mbearna phá a fhaightear ó fhostóirí a thiomsú gan ualach breise a chur ar fhostóirí. Ba cheart don chomhlacht faireacháin na sonraí sin a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear trína bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain éasca air, ionas gur féidir sonraí na bhfostóirí aonair, na n-earnálacha agus na réigiún sa Bhallstát lena mbaineann a chur i gcomparáid le chéile. |
(42) |
Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’fhostóirí nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo, fostóirí a thuairiscíonn go deonach maidir lena bpá, mar shampla trí lipéad trédhearcachta pá, d’fhonn dea-chleachtais a chur chun cinn i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo. |
(43) |
Le measúnuithe comhpháirteacha ar phá, ba cheart tús a chur le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir phá in eagraíochtaí ag a bhfuil ar a laghad 100 oibrí lena léirítear neamhionannais phá. Ba cheart an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh mura n-aontaíonn fostóirí agus na hionadaithe oibrithe lena mbaineann gur féidir bonn cirt a thabhairt leis an difríocht de 5 % ar a laghad ar an meánleibhéal pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna i gcatagóir oibrithe ar leith ar bhonn critéar oibiachtúil, inscne-neodrach, mura gcuireann an fostóir bonn cirt den sórt sin ar fáil, nó mura ndearna an fostóir difríocht den sórt sin sa leibhéal pá a leigheas laistigh de shé mhí ón dáta a tíolacadh an tuairisciú pá. Ba cheart d’fhostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh i gcomhar leis na hionadaithe oibrithe. Mura bhfuil aon ionadaithe oibrithe ann, ba cheart d’oibrithe iad a ainmniú chun críoch an mheasúnaithe chomhpháirtigh ar phá. Ba cheart go gcuirfí, laistigh de thréimhse ama réasúnta, deireadh le hidirdhealú pá inscnebhunaithe mar thoradh ar mheasúnuithe comhpháirteacha ar phá trí bhearta feabhais a ghlacadh. |
(44) |
Ba cheart aon phróiseáil nó foilsiú faisnéise faoin Treoir seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart coimircí sonracha a chur isteach chun nochtadh faisnéise díreach nó indíreach oibrí inaitheanta a chosc. Níor cheart cosc a chur ar oibrithe a bpá a nochtadh go deonach chun críoch phrionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú. |
(45) |
Tá sé tábhachtach go bpléifeadh na comhpháirtithe sóisialta cúrsaí a bhaineann le pá comhionann sa chómhargáil agus go dtabharfaidís aird ar leith orthu. Ba cheart gnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus na gcóras cómhargála ar fud an Aontais agus neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta, mar aon lena gcumas mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras agus lena gcleachtais náisiúnta, bearta iomchuí a ghlacadh chun na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun aird chuí a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le pá comhionann, lena bhféadfaí a áireamh plé ar an leibhéal iomchuí cómhargála, bearta chun feidhmiú an chirt chun cómhargála a bhaineann leis na cúrsaí lena mbaineann a spreagadh agus na srianta míchuí air a bhaint agus córais meastóireachta agus aicmithe inscne-neodracha maidir le poist a fhorbairt. |
(46) |
Ba cheart na nósanna imeachta is gá a bheith ar fáil ag na hoibrithe uile chun feidhmiú a gcirt chun rochtain a fháil ar cheartas a éascú. Maidir leis an reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’úsáid a bhaint as idir-réiteach, nó lena ndéantar idirghabháil comhlachta chomhionannais éigeantach nó faoi réir dreasachtaí nó pionóis, níor cheart di cosc a chur ar pháirtithe a gceart chun rochtain ar na cúirteanna a fheidhmiú. |
(47) |
Tá ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais, sa bhreis ar pháirtí leasmhara eile, chun prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí agus sainorduithe na gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta a bheith leordhóthanach chun idirdhealú pá inscnebhunaithe a chumhdach go hiomlán, lena n-áirítear aon trédhearcacht pá nó aon chearta agus oibleagáidí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Chun na bacainní nós imeachta a shárú chomh maith leis na bacainní a bhaineann le costas a bhíonn ag oibrithe atá ag iarraidh a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú, ba cheart do chomhlachtaí comhionannais, chomh maith le cumainn, eagraíochtaí agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil suim acu comhionannas idir fir agus mná a áirithiú a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann daoine aonair. Ba cheart dóibh a bheith in ann cúnamh a thabhairt d’oibrithe trí ghníomhú thar a gceann nó trí thacú leo, rud a cheadódh d’oibrithe a d’fhulaing idirdhealú éileamh a thionscnamh go héifeachtach maidir leis an sárú líomhnaithe ar a gcearta agus ar phrionsabal an phá chomhionainn. |
(48) |
Is bealach chun imeachtaí a éascú é éilimh a dhéanamh thar ceann roinnt oibrithe nó tacaíocht a thabhairt dóibh, ar imeachtaí iad nach dtionscnófaí murach sin de dheasca bacainní nós imeachta agus airgeadais nó ar eagla go ndéanfaí íospartach de dhuine. Bíonn an méid sin éascaitheach freisin d’oibrithe agus iad ag dul i ngleic le hidirdhealú ar níos mó ná foras amháin rud is féidir a bheith deacair a scaradh óna chéile. D'fhéadfadh éilimh chomhchoiteanna idirdhealú sistéamach a nochtadh agus infheictheacht an chirt chun pá chomhionainn agus an chomhionannais inscne a chruthú sa tsochaí ina hiomláine. D’fhéadfadh an fhéidearthacht comhshásaimh a bheith ann comhlíonadh réamhghníomhach na mbeart trédhearcachta pá a spreagadh, lena gcruthófaí piarbhrú, lena méadófaí feasacht agus toilteanas na bhfostóirí gníomhú ar bhealach coisctheach agus lena dtabharfaí aghaidh ar chineál sistéamach an idirdhealaithe pá. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh critéir cháilíochta a leagan síos d’ionadaithe oibrithe in imeachtaí cúirte a bhaineann le héilimh ar phá chomhionainn, chun a áirithiú go bhfuil na hionadaithe sin cáilithe go leordhóthanach. |
(49) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chomhlachtaí comhionannais chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a bhaineann le hidirdhealú pá ar bhonn gnéis a chomhlíonadh go héifeachtach agus go leordhóthanach. I gcás ina leithdháiltear na cúraimí ar níos mó ná comhlacht amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar iad a chomhordú go leordhóthanach. Áirítear air sin, mar shampla, méideanna arna n-aisghabháil mar fhíneálacha a leithdháileadh ar na comhlachtaí comhionannais chun críche a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach i ndáil le forfheidhmiú an chirt chun pá chomhionainn, lena n-áirítear chun éilimh maidir le hidirdhealú pá a dhéanamh nó chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh éilimh den sórt sin a dhéanamh. |
(50) |
Le cúiteamh, ba cheart an caillteanas agus an damáiste a tharlaíonn mar thoradh ar idirdhealú pá inscnebhunaithe (15) a chumhdach ina iomláine i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart a áireamh leis sin aisghabháil iomlán an phá aisghníomhaigh agus na mbónas gaolmhar nó na n-íocaíochtaí comhchineáil, chomh maith le cúiteamh ar dheiseanna caillte, amhail rochtain ar shochair áirithe ag brath ar an leibhéal pá, agus ar dhamáiste neamhábhartha, cosúil le anachair mar gheall ar thearcluacháil na hoibre a rinneadh. I gcás inarb iomchuí, is féidir leis an gcúiteamh damáiste arna dhéanamh ag idirdhealú pá bunaithe ar ghnéas a thrasnaíonn le forais chosanta idirdhealaithe eile a chur san áireamh. Níor cheart do na Ballstáit uasteorainn roimh ré a shocrú don chúiteamh sin. |
(51) |
Chomh maith le cúiteamh, ba cheart foráil a dhéanamh do leigheasanna eile. Ba cheart do na húdaráis inniúla nó na cúirteanna náisiúnta a bheith in ann, mar shampla, a cheangal ar fhostóir bearta struchtúracha nó eagraíochtúla a dhéanamh chun a oibleagáidí maidir le pá comhionann a chomhlíonadh. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin, mar shampla, oibleagáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra maidir le socrú pá bunaithe ar mheastóireacht agus aicmiú inscne-neodrach; plean gníomhaíochta a bhunú chun deireadh a chur leis na neamhréireachtaí a aimsíodh agus chun aon bhearna phá nach bhfuil bunús léi a laghdú; faisnéis a chur ar fáil agus feasacht oibrithe a ardú maidir lena gceart chun pá chomhionainn; agus oiliúint éigeantach a bhunú d'fhoireann acmhainní daonna maidir le pá comhionann agus meastóireacht agus aicmiú atá neodrach i dtaobh inscne ar phost. |
(52) |
I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (16), bunaítear le Treoir 2006/54/CE forálacha chun a áirithiú go n-aistreofaí an dualgas cruthúnais chuig an bhfreagróir nuair a bhíonn cás prima facie idirdhealaithe ann. Mar sin féin, ní bhíonn sé éasca i gcónaí d’íospartaigh agus do chúirteanna a fhios a bheith acu conas an toimhde sin a bhunú fiú. I gcás C-109/88, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nuair atá trédhearcacht in easnamh go hiomlán ó chóras pá gur cheart an dualgas cruthúnais a chur ar an bhfreagróir, gan beann ar chás prima facie idirdhealaithe phá a bheith á léiriú ag an oibrí. Dá réir sin, ba cheart an dualgas cruthúnais a aistriú chuig an bhfreagróir i gcás nach gcomhlíonann fostóir na hoibleagáidí trédhearcachta pá a leagtar amach sa Treoir seo, mar shampla trí dhiúltú faisnéis a d’iarr na hoibrithe a sholáthar nó gan tuairisciú a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní, i gcás inarb ábhartha, ach amháin i gcás ina gcruthóidh an fostóir gur léir go raibh sárú den sórt sin neamhbheartaithe agus gur mionsárú é. |
(53) |
I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a bhaineann le héilimh a dhéanamh i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a bheith de chineál nach bhfágann siad beagnach dodhéanta nó ródheacair é na cearta sin a fheidhmiú. Cruthaíonn tréimhsí teorann bacainní sonracha d’íospartaigh an idirdhealaithe phá inscnebhunaithe. Chun na críche sin, ba cheart íoschaighdeáin choiteanna a bhunú. Ba cheart a chinneadh leis na caighdeáin sin cathain a thosóidh an tréimhse teorann, fad na tréimhse sin agus na himthosca ina gcuirfear ar fionraí í nó ina mbrisfear í, agus ba cheart a foráil leo gur 3 bliana ar a laghad atá sa tréimhse teorann chun éilimh a dhéanamh. Níor cheart tús a chur le tréimhsí teorann sula mbeidh an t-éilitheoir ar an eolas faoin sárú, nó sula bhféadfar a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh sé ar an eolas faoin sárú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh nach tosófar an tréimhse teorainn fad atá an sárú fós á dhéanamh nó sula gcuirfear deireadh leis an gconradh fostaíochta nó an caidreamh fostaíochta. |
(54) |
Cruthaíonn costais dlíthíochta dídhreasacht thromchúiseach d’íospartaigh an idirdhealaithe phá inscnebhunaithe éilimh a dhéanamh maidir le sáruithe líomhnaithe ar a gceart chun pá chomhionainn, rud a fhágann nach leor an chosaint a thugtar d’oibrithe agus nach ndéantar an ceart chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú go leordhóthanach. Chun deireadh a chur leis an mbac suntasach sin ar an nós imeachta shubstaintiúil ar an gceartas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta a mheas an raibh forais réasúnta ag éilitheoir nár éirigh leis an t-éileamh a dhéanamh agus, más amhlaidh go raibh, cibé ar cheart nó nár cheart a cheangal ar an éilitheoir sin costais na n-imeachtaí a íoc. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin go háirithe i gcás nár chomhlíon freagróir rathúil na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a leagtar amach sa Treoir seo. |
(55) |
Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus a bhaineann leis an gceart chun pá chomhionainn. Ba cheart a áireamh ar na pionóis sin fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar oll-láimhdeachas bliantúil an fhostóra nó ar phárolla iomlán an fhostóra. Aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm in imthosca an cháis, mar shampla, i gcás ina ndéantar idirdhealú pá bunaithe ar ghnéas a chomhcheangal le forais idirdhealaithe chosanta eile, ba cheart iad a chur san áireamh. Is faoi na Ballstáit atá sé na sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, arb iad fíneálacha an pionós is iomchuí ina leith, a chinneadh. |
(56) |
Ba cheart do na Ballstáit pionóis shonracha a bhunú le haghaidh sáruithe leantacha ar aon cheart nó oibleagáid a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, chun déine an tsáraithe a léiriú agus chun sáruithe den sórt sin a dhíspreagadh tuilleadh. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla dídhreasaithe airgeadais a bheith i gceist leis na pionóis sin, amhail sochair phoiblí a chúlghairm nó eisiamh, ar feadh tréimhse áirithe, ó aslacha airgid a dhámhachtain tuilleadh nó ó aon nós imeachta tairisceana poiblí. |
(57) |
Oibleagáidí ar fhostóirí a eascraíonn as an Treoir seo, is cuid iad de na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí dhlí an chomhshaoil, an dlí sóisialta agus dlí an tsaothair nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil siad á gcomhlíonadh faoi Threoracha 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar poiblí. Chun na hoibleagáidí sin ar fhostóirí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an gceart chun pá chomhionann, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe go bhfuil sásraí maidir le socrú pá ag oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhlíonadh conartha phoiblí nó lamháltais, nach n-eascraíonn bearna phá idir na hinscní astu idir oibrithe in aon chatagóir oibrithe a dhéanann obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, nach féidir bonn cirt a thabhairt léi ar bhonn critéir inscne-neodracha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar a chur de cheangal ar údaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach lena n-áirithítear comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. Ba cheart na húdaráis chonarthacha a bheith in ann a chur san áireamh freisin neamhchomhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn ag an tairgeoir nó ag ceann dá fhochonraitheoirí nuair a bhíonn cur i bhfeidhm na bhforas eisiaimh á meas nó nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh gan conradh a dhámhachtain don tairgeoir a chuir isteach an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch. |
(58) |
Ceanglaítear le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun pá chomhionainn cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a chur ar fáil ar aon chóir dhíobhálach a dhéantar mar fhreagairt ar iarracht arna déanamh ag oibrithe an ceart sin a fheidhmiú, ar aon ghearán a dhéantar leis an bhfostóir nó ar aon imeacht dlíthiúil nó riaracháin arb é is aidhm dó comhlíonadh an chirt chun pá chomhionainn a fhorfheidhmiú. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais (20), ba cheart léiriú leathan a dhéanamh ar an gcatagóir fostaithe atá i dteideal na cosanta, agus ba cheart na fostaithe uile a áireamh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir bearta díoltais arna ndéanamh ag fostóir mar fhreagra ar ghearán faoi idirdhealú ar bhonn gnéis. Níl an chosaint teoranta d’fhostaithe a thaisc gearáin nó a n-ionadaithe, ná dóibh siúd a chomhlíonann ceanglais fhoirmiúla áirithe lena rialaítear aitheantas do stádas áirithe, amhail stádas finné. |
(59) |
Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú phrionsabal an phá chomhionainn, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo na huirlisí agus na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin atá ann cheana maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus na forálacha maidir le pá comhionann a leagtar amach i dTreoir 2006/54/CE. |
(60) |
Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, agus, ar an gcaoi sin tugtar urraim do shaincheart na mBallstát forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe a thabhairt isteach agus a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag cearta fós arna bhfáil faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, ach amháin má thugtar forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin agus a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhorais bhailí chun cearta oibrithe a mhaolú maidir le prionsabal an phá chomhionann. |
(61) |
Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chirt chun pá chomhionainn, ba cheart do na Ballstáit comhlacht faireacháin tiomnaithe a bhunú nó a ainmniú. Maidir leis an gcomhlacht sin, ar chóir go bhféadfadh sé a bheith mar chuid de chomhlacht atá ann cheana a mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú aige, ba cheart cúraimí sonracha a bheith aige i ndáil le cur chun feidhme na mbeart trédhearcachta pá dá bhforáiltear sa Treoir seo agus ba cheart dó sonraí áirithe a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar neamhionannais phá agus ar thionchar na mbeart trédhearcachta pá. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná comhlacht amháin a ainmniú, ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlacht lárnach na feidhmeanna faireacháin agus anailíse a leagtar amach sa Treoir seo. |
(62) |
Chun anailís a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá ar leibhéal an Aontais agus chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá idir na hinscní ar leibhéal an Aontais, tá sé fíor-riachtanach staidreamh pá atá miondealaithe de réir gnéis a thiomsú agus staidreamh cruinn iomlán a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle (21), ceanglaítear ar na Ballstáit staidreamh ar thuilleamh struchtúrach ceithre bliana a thiomsú ar mhicrealeibhéal a sholáthraíonn sonraí comhchuibhithe chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh. Le staitisticí bliantúla ar ardcháilíocht, d'fhéadfaí trédhearcacht a mhéadú agus faireachán agus feasacht a fheabhsú maidir le neamhionannas pá idir na hinscní. Tá infhaighteacht agus inchomparáideacht na sonraí sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an Aontais araon. Ba cheart staitisticí ábhartha a tharchuirtear chuig an gCoimisiún (Eurostat) a bhailiú chun críocha staidrimh de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). |
(63) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí trí íoscheanglais choiteanna a bhunú ar cheart feidhm a bheith aige maidir le gach gnóthas agus gach eagraíocht ar fud an Aontais Eorpaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo, treoir nach socraítear leis ach caighdeáin íosta, thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(64) |
Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an gcaoi a gcuirtear bearta trédhearcachta pá chun feidhme sna Ballstáit a cheapadh, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil cumhdach ard cómhargála acu. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, cur chun feidhme na Treorach seo ina hiomláine nó cuid di a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí a lorgaítear leis an Treoir seo a ráthú i gcónaí. |
(65) |
I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar, fiontar beag nó meánmhéide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeart trasuite, ar mhicrifhiontar agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach do na fiontair sin, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú. |
(66) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus thug an Maoirseoir tuairim an 27 Aibreán 2021, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná (‘prionsabal an phá chomhionainn’) a chumhdaítear in Airteagal 157 CFAE agus an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE, go háirithe trí thrédhearcacht pá agus sásraí forfheidhmiúcháin treisithe.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le fostóirí in earnálacha poiblí agus príobháideacha.
2. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear leis an dlí, le chomhaontuithe comhchoiteanna agus/nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.
3. Chun críocha Airteagal 5, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hiarratasóirí ar fhostaíocht.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘pá’ an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann oibrí go díreach nó go hindíreach (comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha), i leith a fhostaíochta nó a fostaíochta óna fhostóir nó óna fostóir; |
(b) |
ciallaíonn ‘leibhéal pá’ pá bliantúil comhlán agus an pá comhlán comhfhreagrach in aghaidh na huaire; |
(c) |
ciallaíonn ‘bearna phá idir na hinscní’ an difríocht idir meánleibhéil phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna an fhostóra arna sloinneadh mar chéatadán de mheánleibhéal pá na n-oibrithe fireanna; |
(d) |
ciallaíonn ‘leibhéal airmheánach pá’ an leibhéal pá ar a dtuilleann leathchuid d’oibrithe an fhostóra níos mó agus an leathchuid eile níos lú; |
(e) |
ciallaíonn ‘bearna airmheánach phá idir na hinscní’ an difríocht idir leibhéal airmheánach pá oibrithe baineanna agus leibhéal airmheánach pá oibrithe fireanna an fhostóra arna sloinneadh mar chéatadán de leibhéal airmheánach pá oibrithe na n-oibrithe fireanna; |
(f) |
ciallaíonn ‘banda pá ceathairíleach’ gach ceann de cheithre ghrúpa chomhionanna oibrithe ina roinntear iad de réir a leibhéal pá, ón leibhéal is ísle go dtí an leibhéal is airde; |
(g) |
ciallaíonn ‘obair ar comhionann a luach’ obair a chinntear a bheith ar luach comhionann i gcomhréir leis na critéir neamh-idirdhealaitheacha agus inscne-neodracha oibiachtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(4); |
(h) |
ciallaíonn ‘catagóir oibrithe’ oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach arna ngrúpáil ar bhealach neamhthreallach bunaithe ar na critéir neamh-idirdhealaitheacha agus inscne-neodracha oibiachtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ag fostóir na n-oibrithe sin, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar leis hionadaithe oibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. |
(i) |
ciallaíonn ‘idirdhealú díreach’ an cás ina ndéileáiltear le duine amháin le níos lú fabhair ar fhorais gnéis ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile i gcás inchomparáide; |
(j) |
ciallaíonn ‘idirdhealú indíreach’ an cás ina gcuirfeadh foráil, critéar nó cleachtas a dhealraíonn a bheith neodrach daoine de ghnéas amháin faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine den ghnéas eile, ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an bhforáil, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin ar bhonn aidhm dhlisteanach, agus má tá na modhanna chun an aidhm sin a bhaint amach iomchuí agus riachtanach; |
(k) |
ciallaíonn ‘cigireacht saothair’ an comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, as feidhmeanna rialaithe agus/nó cigireachta i margadh an tsaothair, ach amháin, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, go bhféadfaidh na comhpháirtithe sóisialta na feidhmeanna sin a dhéanamh; |
(l) |
ciallaíonn ‘comhlacht comhionannais’ an comhlacht nó na comhlachtaí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE; |
(m) |
ciallaíonn ‘ionadaithe oibrithe’ ionadaithe oibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. |
2. Chun críocha na Treorach seo, is ionann idirdhealú agus an méid seo a leanas:
(a) |
ciapadh agus gnéaschiapadh, de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (a), de Threoir 2006/54/CE, mar aon le haon chóir is lú fabhar atá bunaithe ar dhiúltú duine d'iompar den sórt sin nó ar ghéilleadh duine d'iompar den sórt sin, nuair a bhaineann ciapadh nó cóir den sórt sin le feidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo nó gur toradh é ar fheidhmiú na gceart sin; |
(b) |
aon treoir idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais gnéis; |
(c) |
aon chóir is lú fabhar a bhaineann le saoire toirchis nó saoire mháithreachais de réir bhrí Threoir 92/85/CEE ón gComhairle (24); |
(d) |
aon chóir is lú fabhar, de réir bhrí Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), bunaithe ar ghnéas, lena n-áirítear maidir le saoire atharthachta, saoire tuismitheora nó saoire cúramóirí; |
(e) |
idirdhealú trasnach, ar idirdhealú é atá bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d'aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe a chosnaítear faoi Threoir 2000/43/CE nó 2000/78/CE. |
3. Ní bheidh oibleagáidí breise ar fhostóirí i mír 2, pointe (e), sonraí a bhailiú dá dtagraítear sa Treoir seo maidir le forais chosanta idirdhealaithe eile seachas gnéas.
Airteagal 4
Obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach
1. Déanfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil struchtúir phá i bhfeidhm ag fostóirí chun a áirithiú go n-íoctar an pá céanna ar an obair chéanna nó ar obair ar comhionann a luach.
2. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais, na bearta is gá lena n-áirítear go gcuirtear uirlisí anailíseacha nó modheolaíochtaí ar fáil a mbeidh rochtain éasca orthu chun tacaíocht agus treoir a thabhairt d’fhostóirí chun luach na hoibre a mheasúnú agus a chomparáid i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach san Airteagal seo. Leis na huirlisí nó na modheolaíochtaí sin, beidh fostóirí agus/nó na comhpháirtithe sóisialta in ann córais inscne-neodrach meastóireachta agus aicmithe post a bhunú agus a úsáid go héasca ar córais iad lena n-eisiatar aon idirdhealú pá ar bhonngnéis.
3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nuashonrú a dhéanamh ar threoirlínte uile-Aontais a bhaineann le córais meastóireachta agus aicmithe post atá inscne-neodrach, i gcomhairle leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).
4. Leis na struchtúir phá sin cumasófar measúnú cé acu atá nó nach bhfuil oibrithe i gcás inchomparáide maidir le luach na hoibre ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha arna gcomhaontú leis na hionadaithe oibrithe i gcás inarb ann do na hionadaithe sin. Ní bheidh na critéir sin bunaithe go díreach ná go hindíreach ar ghnéas na n-oibrithe. Áireofar iontu sin scileanna, iarracht, freagracht agus dálaí oibre, agus, más iomchuí, aon tosca eile atá ábhartha don phost sonrach. Cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil atá inscne-neodrach, agus eisiafar leo aon idirdhealú díreach nó indíreach bunaithe ar ghnéas. Go háirithe, ní dhéanfar tearcluacháil ar scileanna boga ábhartha.
CAIBIDIL II
TRÉDHEARCACHT PÁ
Airteagal 5
Trédhearcacht pá roimh fhostú
1. Beidh sé de cheart ag iarratasóirí ar fhostaíocht faisnéis a fháil, ón bhfostóir ionchasach, maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
an pá tosaigh nó a raon, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, inscne-neodracha, atá le sannadh don phost lena mbaineann; agus |
(b) |
i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha an chomhaontaithe chomhchoitinn arna gcur i bhfeidhm ag an bhfostóir i ndáil leis an bpost. |
Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach lena n-áiritheofar caibidlíocht eolasach thrédhearcach maidir le pá, amhail i bhfógra folúntais foilsithe, roimh an agallamh poist nó ar shlí eile.
2. Ní cheisteoidh fostóir iarratasóirí faoina stair phá le linn an chaidrimh fostaíochta atá acu faoi láthair nó a bhí acu roimhe sin.
3. Áiritheoidh fostóirí go mbeidh fógraí folúntais poist agus teidil poist inscne-neodrach agus go ndéanfar próisis earcaíochta a threorú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ionas nach mbainfear an bonn den cheart pá comhionann a fháil as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach (‘an ceart chun pá chomhionainn’).
Airteagal 6
Trédhearcacht an bheartais maidir le socrú pá agus dul chun cinn pá
1. Tabharfaidh fostóirí rochtain éasca dá gcuid oibrithe ar na critéir a úsáidtear chun pá, leibhéil phá agus dul chun cinn pá oibrithe a chinneadh. Beidh na critéir sin oibiachtúil agus inscne-neodrach.
2. Féadfaidh na Ballstáit fostóirí a fhostaíonn níos lú ná 50 oibrí a dhíolmhú ón oibleagáid a bhaineann leis an dul chun cinn pá a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 7
Ceart chun faisnéise
1. Beidh sé de cheart ag oibrithe, i gcomhréir le míreanna 2 agus 4, faisnéis a iarraidh agus a fháil i scríbhinn maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir gnéis, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach.
2. Beidh an deis ag oibrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh agus a fháil trína n-ionadaithe oibrithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Beidh an deis acu freisin an fhaisnéis a iarraidh agus a fháil trí chomhlacht comhionannais.
Mura bhfuil an fhaisnéis a fhaightear cruinn nó iomlán, beidh sé de cheart ag an oibrí, ar bhonn pearsanta nó trína n-ionadaithe oibrithe, soiléiriú breise agus réasúnta a iarraidh chomh maith le mionsonraí maidir le haon sonraí arna soláthar agus freagra réasúnaithe a fháil.
3. Cuirfidh fostóirí na hoibrithe uile ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoina gceart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus faoi na bearta atá le déanamh ag an oibrí chun an ceart sin a fheidhmiú.
4. Soláthróidh fostóirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse réasúnta ama ach in aon chás laistigh de dhá mhí ón dáta a ndéanfar an iarraidh.
5. Ní chuirfear cosc ar oibrithe a bpá a nochtadh chun críoch phrionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun cosc a chur ar théarmaí conarthacha lena gcuirtear srian ar oibrithe faisnéis a nochtadh faoina bpá.
6. Féadfaidh fostóirí a cheangal ar oibrithe a bhfuil faisnéis faighte acu de bhun an Airteagail seo, seachas faisnéis maidir lena leibhéal pá nó pá féin, gan an fhaisnéis sin a úsáid chun aon chríche seachas a gceart chun pá chomhionainn a fheidhmiú.
Airteagal 8
Inrochtaineacht faisnéise
Soláthróidh fostóirí aon fhaisnéis a roinnfear le hoibrithe nó le hiarratasóirí ar fhostaíocht de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 i bhformáid a bheidh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus ina gcuirfear na riachtanais ar leith atá acu san áireamh.
Airteagal 9
Tuairisciú ar an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh fostóirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir lena n-eagraíocht, i gcomhréir leis an Airteagal seo:
(a) |
an bhearna phá idir na hinscní; |
(b) |
an bhearna phá idir na hinscní i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha; |
(c) |
an bhearna airmheánach phá idir na hinscní; |
(d) |
an bhearna airmheánach phá idir na hinscní i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha; |
(e) |
cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna a fhaigheann comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha; |
(f) |
cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna i ngach banda pá ceathairíleach; |
(g) |
an bhearna phá idir na hinscní idir oibrithe de réir catagóirí oibrithe agus iad miondealaithe de réir gnáth-thuarastal bunaidh nó gnáthphá bunaidh agus de réir comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha. |
2. Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 250 oibrí nó níos mó, faoin 7 Meitheamh 2027 agus gach bliain ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.
3. Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 150 oibrí go 249 oibrí, faoin 7 Meitheamh 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.
4. Soláthróidh fostóirí a fhostaíonn 100 oibrí go 149 oibrí, faoin .7 Meitheamh 2031 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin.
5. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar fhostóirí a fhostaíonn níos lú ná 100 oibrí an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a sholáthar ar bhonn deonach. Féadfaidh na Ballstáit, mar ábhar an dlí náisiúnta, a cheangal ar fhostóirí a fhostaíonn níos lú ná 100 oibrí faisnéis a sholáthar maidir le pá.
6. Dearbhóidh lucht bainistíochta an fhostóra go bhfuil an fhaisnéis cruinn, tar éis dul i gcomhairle leis na hionadaithe oibrithe. Beidh rochtain ag na hionadaithe oibrithe ar na modheolaíochtaí a chuireann an fostóir i bhfeidhm.
7. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo a chur in iúl don údarás atá i gceannas ar shonraí den sórt sin a thiomsú agus a fhoilsiú de bhun Airteagal 29(3), pointe (c). Féadfaidh an fostóir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f), den Airteagal seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin nó cuirfidh sé ar fáil don phobal í ar shlí eile.
8. Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1, pointí (a) go (f), den Airteagal seo a thiomsú iad féin, ar bhonn sonraí riaracháin amhail sonraí a chuirfidh fostóirí ar fáil do na húdaráis chánach nó do na húdaráis slándála sóisialta. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 29(3), pointe (c).
9. Cuirfidh fostóirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), ar fáil dá n-oibrithe uile agus dionadaithe oibrithe a n-oibrithe. Cuirfidh fostóirí an fhaisnéis ar fáil don chomhlacht comhionannais agus don chigireacht saothair arna iarraidh sin dóibh. Déanfar an fhaisnéis ó na ceithre bliana roimhe sin, má tá sí ar fáil, a chur ar fáil freisin arna iarraidh sin.
10. Beidh sé de cheart ag oibrithe, ionadaithe oibrithe, cigireachtaí saothair agus comhlachtaí comhionannais soiléiriú breise agus sonraí a iarraidh ar fhostóirí maidir le haon sonraí a cuireadh ar fáil, lena n-áirítear mínithe maidir le haon difríochtaí pá idir na hinscní. Tabharfaidh fostóirí freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar. I gcás nach bhfuil bonn cirt le difríochtaí pá idir na hinscní ar bhonn critéar oibiachtúil inscne-neodrach, déanfaidh fostóirí an cás a leigheas laistigh de thréimhse ama réasúnta i ndlúthchomhar leis na hionadaithe oibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais.
Airteagal 10
Measúnú comhpháirteach ar phá
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh fostóirí atá faoi réir tuairisciú pá de bhun Airteagal 9, i gcomhar le hionadaithe oibrithe a n-oibrithe, measúnú comhpháirteach ar phá a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
léiríonn an tuairisciú pá difríocht 5 % ar a laghad sa mheánleibhéal pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aon chatagóir oibrithe; |
(b) |
níl difríocht den sórt sin sa mheánleibhéal pá a bhfuil bonn cirt leis ag an bhfostóir ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha; |
(c) |
níor leigheas an fostóir difríocht den sórt sin nach bhfuil bonn cirt leis sa mheánleibhéal pá laistigh de shé mhí ó dháta foilsithe na tuairiscithe pá. |
2. Déanfar an measúnú comhpháirteach ar phá d’fhonn difríochtaí pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna a shainaithint, a leigheas agus a chosc, difríochtaí nach bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha agus áireofar ann an méid a leanas:
(a) |
anailís ar chion na n-oibrithe baineanna agus fireanna i ngach catagóir oibrithe; |
(b) |
faisnéis ar mheánleibhéil phá na n-oibrithe baineanna agus na n-oibrithe fireanna agus ar chomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha le haghaidh gach catagóir oibrithe; |
(c) |
aon difríocht i leibhéil meánphá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna i ngach catagóir oibrithe; |
(d) |
na cúiseanna atá le difríochtaí den sórt sin i leibhéil meánphá agus, ar bhonn critéir oibiachtúla inscne-neodracha, más ann dóibh, mar a leagtar síos i gcomhpháirt ag na hionadaithe oibrithe agus ag an bhfostóir; |
(e) |
cion na n-oibrithe baineanna agus fireanna a thairbhigh d’aon fheabhsú ar phá tar éis dóibh filleadh ar shaoire mháithreachais nó atharthachta, saoire tuismitheora nó saoire cúramóirí, má tharla an feabhsú sin i gcatagóir ábhartha na n-oibrithe le linn na tréimhse inar tógadh an tsaoire; |
(f) |
bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sa phá mura bhfuil bonn cirt leo ar bhonn critéir oibiachtúla, inscne-neodracha; |
(g) |
meastóireacht ar éifeachtacht beart ó mheasúnuithe comhpháirteacha ar phá a rinneadh roimhe seo. |
3. Cuirfidh fostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá ar fáil d’oibrithe agus d’ionadaithe oibrithe agus cuirfidh siad in iúl don chomhlacht faireacháin é de bhun Airteagal 29(3), pointe (d). Cuirfidh siad ar fáil é don chigireacht saothair agus don chomhlacht comhionannais arna iarraidh sin.
4. Agus na bearta a eascraíonn as an measúnú comhpháirteach ar phá á gcur chun feidhme, déanfaidh an fostóir na difríochtaí pá nach bhfuil bonn cirt leo a leigheas laistigh de thréimhse réasúnta ama, i ndlúthchomhar leis na hionadaithe oibrithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Féadfar iarraidh ar an gcigireacht saothair agus/nó ar an gcomhlacht comhionannais a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Áireofar i gcur chun feidhme na mbeart anailís ar na córais mheastóireachta agus aicmithe poist atá ann cheana nó ar bhunú na gcóras sin, chun a áirithiú go n-eisiafar aon idirdhealú pá díreach nó indíreach ar bhonn gnéis.
Airteagal 11
Tacaíocht d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu
Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil, i bhfoirm cúnaimh theicniúil agus oiliúna, d’fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu agus d’ionadaithe oibrithe lena mbaineann, chun a gcomhlíonadh maidir leis na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a éascú.
Airteagal 12
Cosaint sonraí
1. Sa mhéid go mbaineann aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun bearta arna ndéanamh faoi Airteagail 7, 9 agus 10 le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear ar fáil í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
2. Aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun Airteagail 7, 9 nó 10 den Treoir seo, ní úsáidfear iad chun aon chríoch eile seachas chun prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm.
3. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás ina nochtfaí faisnéis de bhun Airteagail 7, 9 agus 10 go nochtfaí, go díreach nó go hindíreach, pá comhoibreora inaitheanta, nach mbeidh rochtain ach ag na hionadaithe oibrithe, ag an gcigireacht saothair nó ag an gcomhlacht comhionannais ar an bhfaisnéis sin. Cuirfidh na hionadaithe oibrithe nó an comhlacht comhionannais comhairle ar oibrithe maidir le héileamh a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin Treoir seo gan nochtadh a dhéanamh ar leibhéil iarbhír pá na n-oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Chun críocha faireacháin, de bhun Airteagal 29, cuirfear an fhaisnéis ar fáil gan srian.
Airteagal 13
Idirphlé sóisialta
Gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú, trí bhíthin plé a dhéanamh ar na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás inarb infheidhme arna iarraidh sin dóibh.
Gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta á gcur san áireamh, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun ról na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn agus chun feidhmiú an chirt chun cómhargála a spreagadh maidir le bearta chun dul i ngleic le hidirdhealú pá agus an drochthionchar atá aige ar luacháil post a dhéanann oibrithe d’aon ghnéas amháin den chuid is mó.
CAIBIDIL III
LEIGHEASANNA AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 14
Cearta a chosaint
Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis dul ar iontaoibh idir-réitigh, go mbeidh imeachtaí cúirte maidir le forfheidhmiú cearta agus oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn ar fáil do gach oibrí a mheasann go bhfuil éagóir déanta acu de bharr nár cuireadh i bhfeidhm prionsabal an phá chomhionainn. Beidh na himeachtaí sin so-rochtana d’oibrithe agus do na daoine a ghníomhaíonn thar a gceann, fiú amháin tar éis dheireadh an chaidrimh fostaíochta ina líomhnaítear gur tharla an t-idirdhealú.
Airteagal 15
Nósanna imeachta thar ceann oibrithe nó mar thaca leo
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachais, eagraíochtaí, comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí náisiúnta, leas dlisteanach maidir le comhionannas idir fir agus mná a áirithiú, páirt a ghlacadh in aon nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte maidir le sárú líomhnaithe ar na cearta nó ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann oibrí nó tacú le hoibrí ar íospartach líomhnaithe é nó í de shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn, le formheas an duine sin.
Airteagal 16
Ceart chun cúitimh
1. Maidir le haon oibrí a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart aige nó aici cúiteamh nó leorghníomh iomlán a éileamh agus é a fháil, mar a chinnfidh an Ballstát, as an damáiste sin.
2. Is éard a bheidh i gceist leis an gcúiteamh nó leis an sásamh dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh cúiteamh nó leorghníomh réadach agus éifeachtach ann, de réir mar a chinneann an Ballstát, ar an gcaillteanas agus ar an damáiste a rinneadh, ar bhealach athchomhairleach agus comhréireach.
3. Cuirfidh an cúiteamh nó an leorghníomh an t-oibrí a rinneadh damáiste dó nó di sa staid ina mbeadh an duine sin murach go ndearnadh idirdhealú air nó uirthi ar bhonn gnéis nó murar sáraíodh aon cheann de na cearta nó de na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chúiteamh nó sa leorghníomh aisghabháil iomlán ar aisphá agus bónais ghaolmhara nó íocaíochtaí comhchineáil, cúiteamh ar dheiseanna caillte, damáiste neamhábhartha, aon damáiste a rinneadh de bharr fachtóirí ábhartha eile a bhféadfadh idirdhealú trasnach a bheith san áireamh leo, chomh maith le hús ar riaráistí.
4. Ní chuirfear srian ar an gcúiteamh nó an leorghníomh trí uasteorainn a shocrú roimhe sin.
Airteagal 17
Leigheasanna eile
1. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás sárú ar chearta nó oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn, go bhféadfaidh údaráis inniúla nó cúirteanna náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an méid seo a leanas a eisiúint, arna iarraidh sin don éilitheoir agus ar chostas an fhreagróra:
(a) |
ordú chun deireadh a chur leis an sárú; |
(b) |
ordú chun bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm. |
2. I gcás nach gcomhlíonann freagróir aon ordú arna eisiúint de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla nó a gcúirteanna náisiúnta in ann, i gcás inarb iomchuí, ordú athfhillteach um íocaíocht pionóis a eisiúint, d’fhonn comhlíonadh a áirithiú.
Airteagal 18
Aistriú an dualgas cruthúnais
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta bhreithiúnacha, maidir le hoibrithe a mheasann go ndearnadh éagóir orthu toisc nár cuireadh prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm ina leith, chun a áirithiú go ndéanfaidh siad fíorais as a bhféadfar a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach astu a shuíomh os comhair údarás inniúil nó cúirt náisiúnta, is faoin bhfreagróir a bheidh sé a chruthú nach ndearnadh aon idirdhealú díreach nó indíreach i dtaca le pá.
2. I nós imeachtaí riaracháin nó in imeachtaí cúirte i ndáil le hidirdhealú díreach nó indíreach líomhnaithe a bhaineann le pá, i gcás nár chuir an fostóir oibleagáidí trédhearcachta pá chun feidhme mar a leagtar amach iad in Airteagail 5, 6, 7, 9 agus 10, áiritheoidh na Ballstáit gur faoin bhfostóir atá sé a chruthú nach ndearnadh idirdhealú den chineál sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina gcruthóidh an fostóir gur léir go raibh sárú na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 5, 6, 7, 9 agus 10 neamhbheartaithe go follasach agus gur mionsárú é.
3. Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit rialacha fianaiseacha a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrí a dhéanann nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte a thionscnaimh maidir le sárú líomhnaithe ar aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.
4. Ní gá do na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus imeachtaí ina bhfuil sé faoin údarás inniúil nó faoin gcúirt náisiúnta fíorais an cháis a imscrúdú.
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta.
Airteagal 19
Cruthúnas maidir le hobair chomhionann nó obair ar comhionann a luach
1. Agus measúnú á dhéanamh an obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach í an obair atá á déanamh ag oibrithe baineanna agus fireanna, ní bheidh an measúnú chun a chinneadh an bhfuil oibrithe i staid inchomparáide teoranta do chásanna ina n-oibríonn oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna don fhostóir céanna ach leathnófar é go dtí aon fhoinse amháin lena mbunófar na coinníollacha pá. Beidh aon fhoinse amháin i gcás ina sonrófar na gnéithe den phá atá ábhartha chun comparáid a dhéanamh idir oibrithe.
2. Ní bheidh an measúnú i dtaobh an bhfuil oibrithe i staid inchomparáide teoranta d'oibrithe arna bhfostú an tráth céanna agus a fostaíodh an t-oibrí lena mbaineann.
3. I gcás nach féidir fíor-chomparadóir a bhunú, féadfar aon fhianaise eile a úsáid chun idirdhealú líomhnaithe pá a chruthú, lena n-áirítear staidreamh nó comparáid leis an gcaoi a gcaithfí le hoibrí i gcás inchomparáide.
Airteagal 20
Rochtain ar fhianaise
1. In imeachtaí a bhaineann le héileamh maidir le pá comhionann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla nó na cúirteanna náisiúnta in ann ordú a thabhairt don fhreagróir aon fhianaise ábhartha atá faoi rialú an fhreagróra a nochtadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis inniúla nó cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda a ordú i gcás ina measfaidh siad gurb ábhartha don éileamh ar phá comhionann é. Áiritheoidh na Ballstáit, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil d’údaráis inniúla nó do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint, i gcomhréir le rialacha náisiúnta nós imeachta.
3. Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar na Ballstáit rialacha atá níos fabhraí d'éilitheoirí a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach.
Airteagal 21
Tréimhsí teorann
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfear leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le tréimhsí teorann chun éilimh ar phá comhionann a dhéanamh cathain a thosóidh na tréimhsí sin, fad na dtréimhsí sin agus na himthosca faoina bhféadfar iad a chur ar fionraí nó faoina bhféadfar cur isteach orthu. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí teorann sula mbeidh an t-éilitheoir ar an eolas faoi shárú, nó sula bhféadfar a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh sé ar an eolas faoi shárú. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfear tús le tréimhsí teorann fad atá sárú fós á dhéanamh nó roimh dheireadh an chonartha fostaíochta nó an chaidrimh fostaíochta. Ní bheidh tréimhsí teorann den sórt sin níos giorra ná 3 bliana.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tréimhse teorann ar fionraí nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, go gcuirfear isteach ar thréimhse teorann, a luaithe a dhéanann éilitheoir gníomhaíocht trí ghearán a thabhairt ar aird an fhostóra nó trí imeachtaí a thionscnamh os comhair cúirte, go díreach nó trína hionadaithe oibrithe, na cigireachta saothair nó an chomhlachta comhionannais.
3. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le rialacha i ndáil le dul in éag na n-éileamh.
Airteagal 22
Costais dlí
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-éireoidh le freagróir in imeachtaí a bhaineann le héileamh ar idirdhealú pá, gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cibé acu an raibh forais réasúnacha ag an éilitheoir nár éirigh leis nó léi an t-éileamh a thionscnamh agus, más fíor sin, an iomchuí nach gceanglófaí ar an éilitheoir sin costais na n-imeachtaí a íoc.
Airteagal 23
Pionóis
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha i ndáil leis na pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le sáruithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ráthófar leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíor-éifeacht dhíspreagthach maidir le sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn. Áireofar ar na pionóis sin fíneálacha, a mbeidh a socrú bunaithe ar an dlí náisiúnta.
3. Cuirfear san áireamh sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach ábhartha is infheidhme maidir le himthosca an tsáraithe, lena bhféadfaí idirdhealú trasnach a áireamh.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pionóis shonracha i bhfeidhm i gcás sáruithe leantacha ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.
5. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis dá bhforáiltear de bhun an Airteagail seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas.
Airteagal 24
Pá comhionainn i gconarthaí poiblí agus lamháltais
1. Áireofar sna bearta iomchuí a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE bearta chun a áirithiú, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí nó lamháltas, go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn.
2. Breithneoidh na Ballstáit é a chur de cheangal ar údaráis chonarthacha pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach, de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn a áirithiú i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. I gcás ina ngníomhaíonn údaráis na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 38(7), pointe (a), de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 57(4), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, nó le hAirteagal 80(1) de Threoir 2014/25/AE i gcomhar le hAirteagal 57(4), pointe (a), de Threoir 2014/24/AE, féadfaidh na Ballstáit aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó a chur de cheangal ar na húdaráis chonarthacha aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair phoiblí i gcás inar féidir leo a léiriú ar aon mhodh iomchuí go bhfuil sárú ann ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a bhaineann le mainneachtain oibleagáidí trédhearcachta pá a chomhlíonadh nó le bearna pá de níos mó ná 5 % in aon chatagóir oibrithe, bearna pá nach féidir leis an bhfostóir bonn cirt a thabhairt léi ar bhonn critéir oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne. Beidh sé seo gan dochar d’aon ceart nó oibleagáid eile a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE.
Airteagal 25
Íospairt agus cosaint ar chóir is lú fabhar
1. Ní chaithfear le hoibrithe ná le hionadaithe oibrithe a n-oibrithe le níos lú fabhair ar an bhforas gur fheidhmigh siad a gcearta i ndáil le pá comhionann nó gur thacaigh siad le duine eile chun cearta an duine sin a chosaint.
2. Tabharfaidh na Ballstáit isteach ina gcórais dlí náisiúnta na bearta sin is gá chun oibrithe a chosaint, lena n-áirítear oibrithe ar ionadaithe oibrithe iad, ar dhífhostú nó ar chóireáil dhíobhálach eile ag fostóir mar fhreagairt ar ghearán laistigh d'eagraíocht an fhostóra nó ar aon nós imeachta riaracháin nó imeachtaí cúirte chun críche aon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn a fhorfheidhmiú.
Airteagal 26
Gaol le Treoir 2006/54/CE
Beidh feidhm ag Caibidil III den Treoir seo maidir le himeachtaí i dtaca le haon cheart nó oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA
Airteagal 27
Leibhéal na cosanta
1. Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ó thaobh na n-oibrithe de ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.
2. Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo, in imthosca ar bith, ina fhoras chun leibhéal na cosanta a laghdú sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 28
Comhlachtaí comhionannais
1. Gan dochar d'inniúlacht cigireachtaí saothair nó comhlachtaí eile a fhorfheidhmíonn cearta oibrithe, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, beidh na comhlachtaí comhionannais inniúil maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
2. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, bearta gníomhacha a ghlacadh chun dlúthchomhar agus comhordú a áirithiú i measc na gcigireachtaí saothair, na gcomhlachtaí comhionannais agus, i gcás inarb infheidhme, na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le prionsabal an phá chomhionainn.
3. Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní leordhóthanacha is gá ar fáil dá gcomhlachtaí comhionannais chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le hurramú an chirt chun pá chomhionainn.
Airteagal 29
Faireachán agus múscailt feasachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn agus ar fhorfheidhmiú na leigheasanna uile atá ar fáil agus go dtabharfar tacaíocht chomhsheasmhach agus chomhordaithe don mhéid sin.
2. Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta, agus tacaíocht a thabhairt dó, lena gcuirtear an Treoir (comhlacht faireacháin) seo chun feidhme agus déanfaidh sé na socruithe is gá maidir le feidhmiú cuí an chomhlachta sin. Féadfaidh an comhlacht faireacháin a bheith mar chuid de chomhlacht nó de struchtúr atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná comhlacht amháin a ainmniú chun feasacht a mhúscailt agus sonraí a bhailiú, ar choinníoll go n-áiritheoidh comhlacht lárnach na feidhmeanna faireacháin agus anailíse dá bhforáiltear i mír 3, pointí (b), (c) agus (e).
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar ar chúraimí an chomhlachta faireacháin an méid seo a leanas:
(a) |
feasacht a mhúscailt i measc gnóthais phoiblí agus phríobháideacha agus i measc eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, na comhpháirtithe sóisialta agus an pobal i gcoitinne chun prionsabal an phá chomhionainn agus an ceart chun trédhearcachta pá a chur chun cinn, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach i ndáil le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach; |
(b) |
anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mbearna phá idir na hinscní agus uirlisí a cheapadh chun cabhrú le héagothromaíochtaí pá a mheas, agus leas á bhaint, go háirithe, as obair anailíseach agus as uirlisí EIGE; |
(c) |
sonraí a fhaightear ó fhostóirí de bhun Airteagal 9(7) a bhailiú, agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a) go (f), a fhoilsiú go pras ar bhealach a mbeidh rochtain éasca orthu, agus ar bhealach soláimhsithe don úsáideoir, lena bhféadfar comparáid a dhéanamh idir fostóirí, earnálacha agus réigiúin sa Bhallstát lena mbaineann, agus lena n-áirithítear go bhfuil an fhaisnéis ó na 4 bliana roimhe sin inrochtana má tá sí ar fáil; |
(d) |
na tuarascálacha maidir le measúnú comhpháirteach ar phá a bhailiú de bhun Airteagal 10(3); |
(e) |
sonraí a chomhiomlánú maidir le líon agus cineálacha na ngearán maidir le hidirdhealú pá a thugtar os comhair na n-údarás inniúil, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, agus éilimh a thugtar os comhair na gcúirteanna náisiúnta. |
4. Faoin 7 Meitheamh 2028 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit, in aon aighneacht amháin, na sonraí dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d) agus (e) a sholáthar don Choimisiún.
Airteagal 30
Cómhargáil agus gníomhaíocht chomhchoiteann
Ar an gcaoi chéanna, leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear don cheart dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó cleachtas.
Airteagal 31
Staidreamh
Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat), ar bhonn bliantúil, sonraí náisiúnta atá cothrom le dáta chun an bhearna phá idir na hinscní, i bhfoirm nach bhfuil coigeartaithe, a ríomh. Déanfar miondealú ar na staitisticí sin de réir gnéis, na hearnála eacnamaíche, am oibre (lánaimseartha/páirtaimseartha), rialú eacnamaíoch (úinéireacht phoiblí/príobháideach) agus de réir aoise agus déanfar iad a ríomh ar bhonn bliantúil.
Déanfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír a tharchur ón 31 Eanáir 2028 le haghaidh bhliain tagartha 2026.
Airteagal 32
Scaipeadh faisnéise
Déanfaidh na Ballstáit bearta gníomhacha chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha a ghlacfaidh siad de bhun na Treorach seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana féin, a thabhairt ar aird do na daoine lena mbaineann ar fud a gcríche ar gach bealach iomchuí.
Airteagal 33
Cur chun feidhme
Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta i dtaca le ról na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na cúraimí cur chun feidhme a chuirfear ar na comhpháirtithe sóisialta:
(a) |
forbairt uirlisí nó modheolaíochtaí anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2); |
(b) |
pionóis airgeadais atá coibhéiseach le fíneálacha, ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
Airteagal 34
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Agus an Coimisiún á chur ar an eolas, cuirfidh na Ballstáit achoimre ar fáil dó freisin ar thorthaí measúnaithe maidir le tionchar a mbeart trasuite ar oibrithe agus ar fhostóirí a bhfuil níos lú ná 250 oibrí acu agus tagairt don áit ina bhfoilsítear an measúnú sin.
2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
Airteagal 35
Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Faoin 7 Meitheamh 2031 cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chur chun feidhme na Treorach seo agus faoina tionchar iarbhír.
2. Faoin 7 Meitheamh 2033 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, inter alia, ar thairseacha na bhfostóirí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10, chomh maith leis an truicear 5 % don mheasúnú comhpháirteach ar phá dá bhforáiltear in Airteagal 10(1). Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún aon leasuithe reachtacha a mheasann sé a bheith riachtanach ar bhonn na tuarascála sin.
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 37
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO C 341, 24.8.2021, lch. 84.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.
(3) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Aibreán 1996, P v S, C-13/94, ECLI:EU:C:1996:170; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Eanáir 2004, K.B., C-117/01, ECLI:EU:C:2004:7; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Aibreán 2006, Richards, C-423/04, ECLI:EU:C:2006:256; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Meitheamh 2018, M.B., C-451/16, ECLI:EU:C:2018:492.
(4) Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(5) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Lawrie-Blum, 66/85, ECLI:AE:C:1986:284; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, C-428/09, ECLI:EU: C:2010:612; breithiúnas na Cúirt Breithiúnais an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Iúil 2015, Balkaya, C-229/14, ECLI:EU:C:2015:455; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Iúil 2020, Governo della Repubblica italiana (Stádas giúistísí na hIodáile), C-658/18, ECLI:EU:C:2020:572.
(6) Mar shampla, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Feabhra 1982, Garland, C-12/81, ECLI:EU:C:1982:44; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 9 Meitheamh 1982, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg, C-58/81, ECLI:EU:C:1982:215; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Iúil 1989, Rinner-Kulhn, C-171/88, ECLI:EU:C:1989:328; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Meitheamh 1990, Kowalska, C-33/89, ECLI: EU:C:1990:265; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Meitheamh 1992, Bötel, C-360/90, ECLI:EU:C:1992:246; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Feabhra 1996, Gillespie and Others, C-342/93, ECLI:EU:C:1996:46; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Márta 1996, Freers and Speckmann, C-278/93, ECLI:EU:C:1996:83 breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Márta 2004, Alabaster, C-147/02, ECLI:EU:C:2004:192.
(7) Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
(8) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
(9) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2002, Lawrence and others, C-320/00, ECLI:EU:C:2002:498.
(10) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Márta 1980, Macarthys Ltd, C-129/79, ECLI:EU:C:1980:103.
(11) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(12) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(13) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(14) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(15) Breithiúnas naCúirte Breithiúnais an 17 Nollaig 2015, Arjona Camacho, C-407/14, ECLI:EU:C:2015:831, mír 45.
(16) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1989, Danfoss, C-109/88, ECLI:EU:C:1989:383.
(17) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(18) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(19) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(20) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 20 Meitheamh 2019, Hakelbracht and others, C-404/18, ECLI:EU:C:2019:523.
(21) Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999, lch. 6).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(23) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(24) Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
(25) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/45 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/971 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Bealtaine 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’, a thíolaic an Iodáil, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ (STFC) cláraithe anois.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 25, 24.1.2023, lch. 12
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/46 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/972 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Bealtaine 2023
lena t-údaraítear eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena t-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
An 7 Deireadh Fómhair 2019 chuir an chuideachta Medika Natura Sdn. Bhd. (‘an t-iarratasóir’, i dtosach Orchid Life Sdn Bhd) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go t-úsáidfí eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), forbhianna a bheartaítear don phobal fásta, seachas mná torracha agus mná atá ag lachtadh, ag an uasleibhéal úsáide 750 mg in aghaidh an lae. |
(4) |
An 7 Deireadh Fómhair 2019 chuir an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid an Choimisiúin freisin ar chosaint sonraí dílseánaigh, is é sin staidéar cógaschinéiteach i bhfrancaigh (4), tástáil bhaictéarach ais-sócháin (5), tástáil saofa crómasóim in vitro i mamaigh (6), tástáil micreanúicléis ar eiritricítí mamacha i lucha (7), staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil i bhfrancaigh (8), tástáil intuaslagthachta (9), tástáil micreanúicléis in vitro (10) agus tástáil tocsaineachta ainsealaí aon bhliain amháin (11). |
(5) |
An 14 Aibreán 2020 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila mar bhia núíosach. |
(6) |
An 28 Meán Fómhair 2022 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of an aqueous ethanolic extract of Labisia pumila as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (12) [Sábháilteacht eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le heastóscán eatánólach uiscí (1:1) ón bplanda iomlán Labisia pumila measctha le maltaideistrin (2:1) a fheidhmíonn mar áis triomaithe, go bhfuil sé sábháilte don spriocphobal ag leibhéil suas le 350 mg in aghaidh an lae. Dá bhrí sin, is leor an foras sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí maidir le heastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila, nuair a úsáidtear é i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, forbhianna a bheartaítear don phobal fásta, seachas mná torracha agus mná atá ag lachtadh, ag an uasleibhéal úsáide 350 mg in aghaidh an lae, go gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh an chonclúid uaidh i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar an tástáil intuaslagthachta agus ar fhaisnéis thocsaineolaíoch (staidéir ar chógaschinéitic, géineatocsaineacht, tocsaineacht fho-ainsealach bhéil, tocsaineacht ainsealach bhéil), ar rudaí iad nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá t-uireasa. |
(9) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(10) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige ar an staidéar cógaschinéiteach i bhfrancaigh, an tástáil bhaictéarach ais-sócháin, an tástáil saofa crómasóim in vitro i mamaigh, an tástáil micreanúicléis ar eiritricítí mamacha i lucha, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil i bhfrancaigh, an tástáil intuaslagthachta, an tástáil micreanúicléis in vitro agus an tástáil tocsaineachta ainsealaí aon bhliain amháin tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh go dleathach. |
(11) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus mheas sé go raibh sé cuí-réasúnaithe go leormhaith gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an staidéar cógaschinéiteach i bhfrancaigh, an tástáil bhaictéarach ais-sócháin, an tástáil saofa crómasóim in vitro i mamaigh, an tástáil micreanúicléis ar eiritricítí mamacha i lucha, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil i bhfrancaigh, an tástáil intuaslagthachta, an tástáil micreanúicléis in vitro agus an tástáil tocsaineachta ainsealaí aon bhliain amháin, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(12) |
Mar sin féin, maidir le húdarú eastóscáin eatánólaigh uiscí ó Labisia pumila agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a t-iarratas bunaithe. |
(13) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le heastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I ndáil leis sin, i gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna a bhfuil eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila iontu mar a mhol an t-iarratasóir agus a ndearna an tÚdarás measúnú orthu, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí lipéadú iomchuí nár cheart ach do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois, seachas mná torracha agus mná atá ag lachtadh, forbhianna a bhfuil eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila iontu a thomhailt. |
(14) |
Ba cheart eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1) Údaraítear eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
(2) Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta Medika Natura Sdn. Bhd (13). chun an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 6 Meitheamh, mura bhfaighidh iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Medika Natura Sdn. Bhd.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Medika Natura Sdn. Bhd.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(4) Iarscríbhinn 48.
(5) Iarscríbhinn 52.
(6) Iarscríbhinn 53.
(7) Iarscríbhinn 54.
(8) Iarscríbhinn 55.
(9) Iarscríbhinn 91.
(10) Iarscríbhinn 92.
(11) Iarscríbhinní 93, 94, 97 agus 98.
(12) EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(11):7611.
(13) No. 44B Jalan Bola Tampar 13/14 Section 13, 40100 Shah Alam Selangor, an Mhalaeisia.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/52 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/973 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Bealtaine 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSile agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Go háirithe, leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi 2 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Ontario (1) agus Québec (1), ráigeanna a deimhníodh an 17 Aibreán 2023 agus an 19 Aibreán 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug an tSile fógra don Choimisiún faoi 3 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i réigiún Valparaíso (2) agus Biobío (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 18 Aibreán 2023 agus an 20 Aibreán 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Ina theannta sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 6 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Devon (1), Yorkshire Theas (1) Yorkshire (1) i Sasana agus Powys (3) sa Bhreatain Bheag, ráigeanna a deimhníodh idir an 31 Márta 2023 agus an 29 Aibreán 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Tar éis na ráigeanna deireanacha sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Sile agus na Ríochta Aontaithe criosanna rialaithe de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(9) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an tSile agus ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta arna leagan síos ag údaráis tréidliachta Cheanada , na Sile agus na Ríochta Aontaithe mar gheall ar na ráigeanna deireanacha den fhliú éanúil ardphataigineach. |
(10) |
Thairis sin, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le 8 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí British Columbia (4), Ontario (3) agus Quebec (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 5 Aibreán 2022 agus an 1 Nollaig 2022. |
(11) |
Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le 58 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontaetha , Cumbria (1), Herefordshire (1), Lincolnshire (6), Norfolk (42), Yorkshire Thuaidh (1), Staffordshire (1) Suffolk (4), Worcestershire (1) agus Yorkshire (1) i Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 3 Meán Fómhair 2022 agus an 10 Márta 2023. |
(12) |
Thairis sin, chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(13) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna i gCeanada ná sa Ríocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí tar éis na ráigeanna sin. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sa tSile. |
(15) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sa tSile á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(16) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/868 (4) ón gCoimisiún leasaíodh Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí na rónna le haghaidh chrios US-2.278 a leasú in Iarscríbhinní V agus XIV, trí dháta oscailte an chreasa sin a bhí iata roimhe sin a leagan síos sna hiontrálacha le haghaidh na Stát Aontaithe. Ós rud é gur braitheadh earráid maidir le dáta oscailte chrios US-2.278 in Iarscríbhinní V agus XIV, ba cheart na rónna le haghaidh chrios US-2.278 in Iarscríbhinní V agus XIV a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúchán sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/868. |
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún
1. In Iarscríbhinn V, i Roinn B de Chuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.278:
‘US Na Stáit Aontaithe |
US-2.278 |
BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 |
N, P1 |
|
23.9.2022 |
31.3.2023’; |
2. In Iarscríbhinn XIV, i Roinn B de Chuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.278:
‘US Na Stáit Aontaithe |
US-2.278 |
POU, RAT |
N, P1 |
|
23.9.2022 |
31.3.2023 |
GBM |
P1 |
|
23.9.2022 |
31.3.2023’; |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 29 Aibreán 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/868 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe, leis an tSile agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 113, 28.4.2023, lch. 12).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/74 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/974 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Bealtaine 2023
lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 19 Márta 2014, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear den chéad uair maolú ar Airteagal 13(1), an chéad fhomhír de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus an doimhneacht le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine, a chuaigh in éag an 23 Márta 2017. Deonaíodh síneadh leis an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 ón gCoimisiún (3), a chuaigh in éag an 27 Márta 2020. Deonaíodh síneadh breise leis an maolú sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/511 ón gCoimisiún (4), a chuaigh in éag an 27 Márta 2023. |
(2) |
An 21 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún iarraidh ón tSlóivéin chun síneadh a chur leis an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/511 ón gCoimisiún. Rinne an tSlóivéin an plean bainistithe, a glacadh an 18 Lúnasa 2021 (5), agus tuarascáil ar fhaireachán agus ar chur chun feidhme an phlean bainistithe a chur ar fáil, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/511, lenar tugadh údar cuí le síneadh a chur leis an maolú, i bhfianaise cheanglais Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(3) |
Le linn an 71ú seisiún iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) (7) i mí na Samhna 2022, rinne STECF measúnú ar an iarratas maidir le síneadh a chur leis an maolú agus an tuarascáil cur chun feidhme. Dheimhnigh STECF an tuairim a bhí aige roimhe seo ar an bplean agus ar bhonn na faisnéise nua a chuir an tSlóivéin ar fáil, tháinig STECF ar an gconclúid go bhfuil coinníollacha an mhaolaithe fós á gcomhlíonadh. |
(4) |
Comhlíonann an maolú a d’iarr an tSlóivéin na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
(5) |
Go háirithe, tá srianta sonracha geografacha ann, ós rud é nach mbaineann uiscí teorann na Slóivéine doimhneacht 50 méadar amach in áit ar bith. In éagmais an mhaolaithe, dá bhrí sin, ní bheadh trálaeir ‘volantina’ in ann oibriú ach níos mó ná 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, áit a bhfuil teorann suntasach ar mheánna iascaireachta óir is le haghaidh bealaí loingseoireachta tráchtála atá an limistéar sin. |
(6) |
Thairis sin, ráthaítear i bplean bainistithe na Slóivéine nach dtiocfaidh méadú ar an iarracht iascaireachta amach anseo, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Ní eiseofar údaruithe iascaireachta ach do 12 shoitheach shonracha a bhfuil údaruithe iascaireachta acu ón tSlóivéin cheana. |
(7) |
Baineann an iarraidh le gníomhaíocht iascaireachta atá údaraithe ag an tSlóivéin cheana féin agus le soithí a bhfuil cuntas teiste acu san iascach ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
(8) |
Áirítear na soithigh sin ar liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le ceanglais Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
(9) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ós rud é nach n-oibríonn an t-iascach os cionn ceapacha den fhéar mara Posidonia oceanica, go háirithe ná os cionn fanaragaim mhara eile. |
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an gceanglas mogallmhéideanna íosta a chomhlíonadh, comhlíonann an maolú arna iarraidh le hAirteagal 8(1)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, arna ionadú ag Airteagal 8(1) agus roinn I de Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, ós rud é nach n-úsáidtear mogall cearnógach is lú ná 40 mm i rigín lín ‘volantina’. |
(11) |
Ní cheadaítear an trálaeireacht ghrinnill ‘volantina’, ar de chineál iascach measctha é, a dhéanamh le trealamh eile seachas leis an ‘tartana’ atá níos troime, agus d’fhéadfaí teagmháil bhreise a bheith ann le grinneall na farraige dá thoradh sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh gabhálacha breise speiceas grinnill ann, áfach, agus ní chuireann sé isteach ar threalaimh eile ach amháin tráil, saighní nó líonta tarraingthe dá samhail. |
(12) |
Déantar trálaeir ‘volantina’ a rialáil lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, i gcomhréir le critéir Airteagal 13(9)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Thug STECF dá aire nach diomaibhseach iad gabhálacha na speiceas sin, mar sin féin tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil toirt iomlán na ngabhálacha sin cothrom le roinnt deicheanna tonna, ar toirt an-bheag í de ghabhálacha iomlána na speiceas sin i Muir Aidriad Thuaidh, ós rud é gur méid teoranta atá san iascach ‘volantina’. |
(13) |
Ní dhíríonn trálaeir ‘volantina’ ar cheifileapóid. Thug STECF dá aire gur foghabháil luachmhar den iascach ‘volantina’ iad ceifileapóid, mar sin féin, tháinig sé ar an gconclúid, bunaithe ar an tuarascáil cur chun feidhme is déanaí maidir leis an bplean, gur dócha, i bhfianaise mhéid theoranta an iascaigh ‘volantina’, nach bhfuil sna gabhálacha ceifileapóid éagsúla ach méid an-bheag de ghabhálacha iomlána na speiceas sin fud fad Mhuir Aidriad Thuaidh. |
(14) |
Le plean bainistithe na Slóivéine, áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus in Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8). |
(15) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an síneadh leis an maolú a d’iarr an tSlóivéin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Dá bhrí sin, ba cheart an síneadh leis an maolú a iarradh a dheonú. |
(16) |
Ba cheart don tSlóivéin tuairisciú don Choimisiún i dtráth cuí agus i gcomhréir leis an bplean faireacháin dá bhforáiltear i bplean bainistithe na Slóivéine. |
(17) |
Ba cheart teorannú a bhunú maidir le fad an mhaolaithe chun bearta bainistithe tapa ceartaitheach a chur i bhfeidhm i gcás go léirítear drochstádas caomhantais na stoc saothraithe sa tuarascáil chuig an gCoimisiún, agus leis sin an bunús eolaíoch a fheabhsú chun plean bainistithe feabhsaithe a chur ar fáil. |
(18) |
Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/2383ón gCoimisiún in éag an 27 Márta 2023, d’fhonn leanúnachas dlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 28 Márta 2023. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maolú
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 laistigh d’uiscí teorann na Slóivéine, gan beann ar an doimhneacht, idir 1,5 agus 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, ar thrálaeir ‘volantina’ atá in úsáid ag soithigh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a) |
ag a bhfuil an chláruimhir dá luaitear i bplean bainistithe na Slóivéine arna ghlacadh ag an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus; |
(b) |
ag a bhfuil cuntas teiste san iascach ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana agus lena dtugtar le tuiscint nach mbeidh aon mhéadú sa todhchaí ar an iarracht iascaireachta a cuireadh ar fáil agus; |
(c) |
ag a bhfuil údarú iascaireachta agus atá ag feidhmiú faoi phlean bainistithe na Slóivéine i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
Airteagal 2
Plean faireacháin agus tuairisciú
Cuirfidh an tSlóivéin tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh sa phlean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl don Choimisiún laistigh de 1 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus tréimhse chur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2023 go dtí an 27 Márta 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 409, 30.12.2006, lch. 11.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneachtíosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘volantina’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 82, 20.3.2014, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/2383 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2017 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘ volantina ’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 340, 20.12.2017, lch. 32).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/511 ón gCoimisiún an 30 Márta 2022 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘ volantina ’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 103, 31.3.2022, lch. 7-10).
(5) Cinneadh Uimh. 34200-2/2021/3 an 18.8.2021.
(6) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(7) Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) — 71ú Tuarascáil iomlánach (STECF-PLEN-22-03). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022 https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/43440856/STECF+PLEN+22-03.pdf/d0acb3d4-6b6a-4067-9d08-0b6004660e25)
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
CINNTÍ
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/77 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/975 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Bealtaine 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi C(2023) 2817)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 11(1) agus pointe 8 den Iarscríbhinn II a ghabhann léi de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (2), agus go háirithe Airteagal 20 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (3), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (4), agus go háirithe Airteagal 26(1) de,
Tar éis dul dó i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2001/95/CE,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún (5), leagtar amach na treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE, agus a chóras fógartha. |
(2) |
Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725, leagtar amach, i gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, go mbeidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Féadfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a chinneadh le dlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chur ar fáil. |
(3) |
Le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679, leagtar amach, i gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, go mbeidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Féadfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a chinneadh le dlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur ar fáil. |
(4) |
Gníomhaíonn an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha chun sonraí a phróiseáil sa chóras Safety Gate/RAPEX. |
(5) |
Is gá na róil, na freagrachtaí agus na socruithe faoi seach idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 a leagan síos. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 1. Na treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis “RAPEX” a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE agus a chóras fógartha, leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. 2. An rialaitheoireacht chomhpháirteach maidir le Córas an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis “RAPEX”, leagtar amach í in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.’; |
(2) |
athainmnítear an Iarscríbhinn mar Iarscríbhinn I; |
(3) |
Cuirtear Iarscríbhinn II isteach, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Didier REYNDERS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 11, 15.1.2002, lch. 4
(2) IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.
(3) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(4) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistíocht a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus a chóras fógartha (IO L 73, 15.3.2019, lch. 121).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN II
AN RIALAITHEOIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE CÓRAS AN AONTAIS EORPAIGH UM MEARFHAISNÉIS ‘RAPEX’ A BUNAÍODH FAOI AIRTEAGAL 12 DE THREOIR 2001/95/CE Ó PHARLAIMINT Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE (1) (AN TREOIR MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT GHINEARÁLTA TÁIRGÍ)
1. Ábhar agus tuairisc ar an bpróiseáil
Is córas fógartha é feidhmchlár Safety Gate/RAPEX atá beartaithe chun faisnéis a mhalartú go tapa idir údaráis náisiúnta na mBallstát, na 3 stát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch/Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (LEE/CSTE) (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus an Coimisiún maidir le bearta arna ndéanamh in aghaidh táirgí contúirteacha a fhaightear ar mhargadh an Aontais agus/nó ar mhargadh LEE/CSTE. Is é is cuspóir don chóras fógartha sin:
— |
soláthar táirgí contúirteacha do thomhaltóirí sa mhargadh inmheánach a chosc; |
— |
i gcás inar gá, bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun táirgí den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh. |
Baineann an malartú faisnéise le bearta coisctheacha agus sriantacha agus le gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáil le táirgí contúirteacha tomhaltóirí agus gairmiúla, seachas bia, beatha, cógaisíocht agus feistí leighis. Cumhdaítear leis an gcóras Safety Gate/RAPEX bearta arna n-ordú ag údaráis náisiúnta agus bearta a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha dá ndeoin féin.
2. Raon feidhme na Rialaitheoireachta Comhpháirtí
Gníomhaíonn an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha chun sonraí a phróiseáil sa chóras Safety Gate/RAPEX. Is ionann ‘údaráis náisiúnta’ agus údaráis uile na mBallstát agus údaráis uile thíortha CSTE/LEE atá ag gníomhú ar shábháilteacht táirgí agus atá rannpháirteach sa líonra Safety Gate/RAPEX, lena n-áirítear údaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí le ceanglais sábháilteachta agus údaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha.
Chun críocha Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tagann na gníomhaíochtaí próiseála seo a leanas faoi fhreagracht an Choimisiúin mar rialaitheoir comhpháirteach sonraí pearsanta:
(1) |
Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a phróiseáil maidir le bearta arna nglacadh i gcoinne táirgí a bhfuil rioscaí tromchúiseacha ag baint leo, a allmhairítear isteach san Aontas agus isteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a onnmhairítear ón Aontas agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chun í a tharchur chuig Pointí Teagmhála RAPEX. |
(2) |
Féadfaidh an Coimisiún próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó thríú tíortha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó ghnólachtaí nó ó chórais mhear-rabhaidh eile maidir le táirgí de thionscnamh AE agus neamh-AE a bhfuil riosca ag baint leo, chun an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta. |
Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí agus coinníollacha Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na gníomhaíochtaí sin.
Is faoi fhreagracht na n-údarás náisiúnta, mar rialaitheoirí comhpháirteacha ar shonraí pearsanta, a thagann na gníomhaíochtaí próiseála seo a leanas:
(1) |
Féadfaidh údaráis náisiúnta faisnéis a phróiseáil de bhun Airteagail 11 agus 12 de Threoir 2001/95/CE agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Bhallstáit eile agus do thíortha CSTE/LEE maidir leis an bhfaisnéis sin; |
(2) |
Féadfaidh údaráis náisiúnta faisnéis a phróiseáil i ndiaidh a ngníomhaíochtaí leantacha i ndáil le fógraí Safety Gate/RAPEX chun fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Bhallstáit eile agus do thíortha CSTE/LEE maidir leis an bhfaisnéis sin; |
Tá sé de fhreagracht ar na húdaráis náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí agus coinníollacha Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na gníomhaíochtaí sin.
3. Freagrachtaí agus róil na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí agus an caidreamh atá ag na rialaitheoirí sin leis na hábhair sonraí
3.1. Catagóirí na n-ábhar sonraí agus na sonraí pearsanta
Déanann na Rialaitheoirí Comhpháirteacha próiseáil i gcomhpháirt ar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta:
(a) |
Sonraí teagmhála úsáideoirí Safety Gate/RAPEX. Féadfar na sonraí seo a leanas a phróiseáil:
|
(b) |
Sonraí teagmhála údair agus bhailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha a cuireadh isteach tríd an gcóras Safety Gate/RAPEX. I measc na n-údar agus na mbailíochtóirí sin tá:
Féadfar na sonraí seo a leanas a phróiseáil:
|
(c) |
Ina theannta sin, is féidir dhá chineál sonraí pearsanta a áireamh go teagmhasach sa chóras:
|
3.2. Faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 17 go 24 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí freisin chun cabhrú leis na húdaráis náisiúnta aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 19 go 26 agus 37 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid maidir leis na sonraí a leanas:
— |
Sonraí a bhaineann le húsáideoirí Safety Gate/RAPEX; |
— |
Sonraí a bhaineann le húdair agus bailíochtóirí na bhfógraí agus na bhfrithghníomhartha. |
Cuirtear úsáideoirí an Gheata Sábháilteachta/RAPEX ar an eolas faoina gcearta tríd an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil in Safety Gate/RAPEX.
Déanfaidh na húdaráis náisiúnta bearta iomchuí freisin chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 agus aon teachtaireacht faoi Airteagail 19 go 26 agus 37 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid maidir leis na sonraí a leanas:
— |
faisnéis faoi dhaoine dlítheanacha lena ndéantar duine nádúrtha a shainaithint; |
— |
ainmneacha agus sonraí eile daoine a rinne na tástálacha ar tháirgí contúirteacha agus/nó a rinne na tuarascálacha tástála a fhíordheimhniú. |
Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, lena n-airítear an méid sin a dhéanamh go leictreonach.
Bainfidh na húdaráis náisiúnta úsáid as an tsamhail le haghaidh ráiteas príobháideachais arna sholáthar ag an gCoimisiún agus a n-oibleagáidí maidir le hábhair sonraí á gcomhlíonadh acu.
3.3. Iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil
Féadfaidh na hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach, i leith gach Rialaitheora Chomhpháirtigh agus i gcoinne gach Rialaitheora Chomhpháirtigh.
Láimhseálfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha iarrataí na n-ábhar sonraí i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaigh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha chun na críche sin. Mínítear an nós imeachta mionsonraithe maidir le cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú sa Ráiteas Príobháideachais.
Oibreoidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha i gcomhar le chéile agus, arna iarraidh sin dóibh, tabharfaidh siad cúnamh tapa agus éifeachtúil dá chéile chun aon iarraidh ó ábhar sonraí a láimhseáil.
I gcás ina bhfaighidh Rialaitheoir Comhpháirteach amháin iarraidh ón ábhar sonraí, iarraidh nach dtagann faoina fhreagracht, cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach sin an iarraidh ar aghaidh go pras, agus laistigh de sheacht lá féilire ar a dhéanaí ón iarraidh sin a fháil, chuig an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as an iarraidh sin. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach admháil fála chuig an ábhar sonraí laistigh de thrí lá féilire breise, agus an tráth céanna, cuirfidh sé an Rialaitheoir Comhpháirteach a fuair an iarraidh ar an gcéad dul síos ar an eolas faoi sin.
Mar fhreagra ar iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain ar shonraí pearsanta, ní nochtfaidh an Rialaitheoir Comhpháirteach ná ní chuirfidh sé ar fáil ar shlí eile aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil go comhpháirteach, gan dul i gcomhairle ar dtús leis an Rialaitheoir Comhpháirteach ábhartha eile.
4. Freagrachtaí agus róil eile na rialaitheoirí comhpháirteacha
4.1. Slándáil na próiseála
Cuirfidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
Slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go comhpháirteach a áirithiú agus a chosaint, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 (5) ón gCoimisiún agus le gníomh dlí ábhartha Bhallstát an Aontais/thír CSTE/LEE, faoi seach; |
(b) |
Aon sonraí pearsanta atá ina sheilbh a chosaint ar aon phróiseáil, caillteanas, úsáid, nochtadh nó fáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach; |
(c) |
Gan na sonraí pearsanta a nochtadh nó rochtain orthu a cheadú d’aon duine seachas na faighteoirí nó na próiseálaithe a comhaontaíodh roimh ré. |
Déanfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun slándáil na próiseála a áirithiú de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach.
Cuirfidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha cúnamh tapa agus éifeachtúil ar fáil dá chéile i gcás teagmhais slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta.
4.2. Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta
Láimhseálfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha teagmhais slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin agus leis an reachtaíocht is infheidhme.
Go háirithe, maidir le sainaithint agus láimhseáil aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a bhaineann leis an bpróiseáil chomhpháirteach, tabharfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha cúnamh tapa agus éifeachtúil dá chéile de réir mar is gá chun an tsainaithint agus an láimhseáil sin a éascú.
Tabharfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha fógra dá chéile faoi na nithe seo a leanas:
(a) |
aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ann d’infhaighteacht, do rúndacht agus/nó do shláine na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu; |
(b) |
aon teagmhas slándála a bhaineann leis an oibríocht próiseála comhpáirtí; |
(c) |
aon sárú ar shonraí pearsanta (i.e. aon sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh díothú, cailleadh, athrú, nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, nó rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta, a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu, bíodh an méid sin neamhdhleathach nó déanta de thaisme), na hiarmhairtí is dócha a bheidh ag an sárú ar shonraí pearsanta, an measúnú ar an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus aon bhearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta agus chun an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a mhaolú; |
(d) |
aon sárú ar choimircí teicniúla agus/nó eagraíochtúla na hoibríochta próiseála comhpháirtí. |
Tá gach Rialaitheoir Comhpháirteach freagrach as na teagmhais slándála uile, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a tharlaíonn mar thoradh ar shárú ar oibleagáidí an Rialaitheora Chomhphairtigh sin faoin gCinneadh seo, faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach.
Déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha na teagmhais slándála (lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta) a dhoiciméadú agus tabharfaidh siad fógra dá chéile gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí laistigh de 48 uair an chloig tar éis tar éis dóibh a bheith ar an eolas faoi theagmhas slándála (lena n-áirítear sárú ar shonraí pearsanta).
Déanfaidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as sárú ar shonraí pearsanta an sárú sin a dhoiciméadú agus tabharfaidh sé fógra faoin sárú sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó don údarás maoirseachta náisiúnta inniúil. Déanfaidh sé amhlaidh gan moill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú ar shonraí pearsanta, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú ar shonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile ar an eolas faoin bhfógra sin.
Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach as an sárú ar shonraí pearsanta an sárú sin in iúl do na hábhair sonraí lena mbaineann, más dócha go dtiocfaidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha sin as an sárú sin. Cuirfidh an Rialaitheoir Comhpháirteach atá freagrach na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile ar an eolas faoin gcumarsáid sin.
4.3. Sonraí pearsanta a logánú
Déanfar Sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch an phróisis fógra tríd an gcóras Safety Gate/RAPEX, déanfar iad a stóráil agus a bhailiú san fheidhmchlár Safety Gate/RAPEX a oibríonn an Coimisiún chun a áirithiú go mbeidh an rochtain ar an iarratas teoranta do dhaoine atá sainaitheanta go soiléir agus, ar an gcaoi sin, go mbeidh na sonraí atá stóráilte san iarratas cosanta go maith.
Sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch na hoibríochta próiseála, ní dhéanfar iad a phróiseáil ach amháin laistigh de chríoch AE/LEE agus ní fhágfaidh siad an chríoch sin, mura rud é go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 nó 49 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagail 47, 48 nó 50 de Rialachán (AE) 2018/1725.
De réir Airteagal 12(4) de Threoir 2001/95/CE, tá rochtain ar Safety Gate/RAPEX oscailte do thíortha iarrthacha, do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi chuimsiú an chomhaontaithe idir an tAontas agus na tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin, de réir na socruithe a shainítear sna comhaontuithe sin. Faisnéis roghnaithe ón gcóras Safety Gate/RAPEX, feadfar é a mhalartú. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin.
4.4. Faighteoirí
Ní cheadófar rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin d’fhoireann údaraithe agus do chonraitheoirí an Choimisiúin agus na n-údarás náisiúnta chun an córas Safety Gate/RAPEX a riar agus a oibriú, rud a éascaíonn an oibríocht phróiseála. Beidh an rochtain sin faoi réir ceanglais aitheantais agus pasfhocail mar a leanas:
— |
Ní bheidh Safety Gate/RAPEX oscailte ach amháin don Choimisiún agus d’úsáideoirí arna gceapadh go sonrach ag údaráis Bhallstáit an Aontais agus ag tíortha CSTE/LEE, chomh maith le húdaráis na Ríochta Aontaithe i leith úsáideoirí Thuaisceart Éireann. |
— |
Ní thabharfar rochtain ar na sonraí pearsanta a bhailítear ar Safety Gate/RAPEX ach d’úsáideoirí ainmnithe agus údaraithe an fheidhmchláir a bhfuil Aitheantas Úsaideora/Pasfhocal acu. Ní fhéadfar rochtain a thabhairt ar an bhfeidhmchlár ná pasfhocal a dheonú ach amháin má iarrann an t-údarás náisiúnta inniúil é sin faoi mhaoirseacht ginearálta Fhoireann Safety Gate/RAPEX an Choimisiúin. |
— |
Tugtar rochtain ar na sonraí pearsanta a bailíodh d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na daoine atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloífidh na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta. |
Is iad seo a leanas na daoine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí pearsanta a bhaileofar:
(a) |
baill foirne agus conraitheoirí an Choimisiúin; |
(b) |
pointí teagmhála agus cigirí sainaitheanta ó údaráis um fhaireachas margaidh Bhallstáit an Aontais agus thíortha CSTE/LEE chomh maith le húdaráis na Ríochta Aontaithe i leith úsáideoirí Thuaisceart Éireann; |
(c) |
cigirí sainaitheanta ó na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais agus thíortha CSTE/LEE. |
Is iad seo a leanas na daoine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí pearsanta go léir a bhaileofar agus a bheidh in ann iad a mhodhnú arna iarraidh sin:
(a) |
comhaltaí d’Fhoireann Safety Gate/RAPEX an Choimisiúin; |
(b) |
comhaltaí de Dheasc Cabhrach Safety Gate/RAPEX an Choimisiúin. |
Beidh liosta de na pointí teagmhála uile Safety Gate/RAPEX (úsáideoirí arna n-ainmniú ag na húdaráis náisiúnta i dtíortha AE/LEE), liosta ina bhfuil a sonraí teagmhála (sloinne, ainm, ainm an údaráis, seoladh an údaráis, fón, facs, ríomhphost) ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí Europa Safety Gate (6). Is iad na pointí teagmhála náisiúnta Safety Gate/RAPEX a rialóidh bainistiú úsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta tríd an bhfeidhmchlár Safety Gate/RAPEX.
Beidh rochtain ag gach úsáideoir ar inneachar na bhfógraí a bhfuil stádas ‘EC validated’ acu. Ní bheidh rochtain ach ag úsáideoirí náisiúnta Safety Gate/RAPEX ar dhréacht a bhfógraí (sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad). Baill foirne an Choimisiúin agus daoine údaraithe beidh rochtain acu ar fhógraí a bhfuil stádas ‘EC submitted’ acu.
Cuirfidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach gach Rialaitheoir Comhpháirteach eile ar an eolas faoi aon aistriú sonraí pearsanta chuig faighteoirí i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta.
5. Freagrachtaí sonracha na Rialaitheoirí Comhpháirteacha
Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas agus beidh sé freagrach as an méid seo a leanas:
(a) |
Cinneadh a dhéanamh maidir le modhanna, ceanglais agus cuspóirí na próiseála; |
(b) |
An oibríocht phróiseála a thaifeadadh; |
(c) |
Feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí a éascú; |
(d) |
Iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil; |
(e) |
Cinneadh a dhéanamh srian a chur ar chur i bhfeidhm chearta an ábhair sonraí nó maolú orthu, i gcás inar gá agus inar comhréireach; |
(f) |
An príobháideachas trí dhearadh agus an príobháideachas trí réamhshocrú a áirithiú; |
(g) |
Dlíthiúlacht, riachtanas agus comhréireacht tarchur agus aistrithe sonraí pearsanta a shainaithint agus a mheasúnú; |
(h) |
Dul i gcomhairle roimh ré leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás inar gá; |
(i) |
A áirithiú go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí; |
(j) |
Oibriú i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna iarraidh sin dó, agus a chúraimí á gcomhlíonadh. |
Áiritheoidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas agus beidh siad freagrach as an méid seo a leanas:
(a) |
An oibríocht phróiseála a thaifeadadh; |
(b) |
A áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil chomhpháirteach á déanamh orthu leordhóthanach, cruinn, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche sin; |
(c) |
A áirithiú go dtabharfar faisnéis thrédhearcach d’abhair sonraí agus go ndéanfar cumarsáid thrédhearcach leo maidir lena gcearta; |
(d) |
Feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí a éascú; |
(e) |
Gan ach próiseálaithe a úsáid a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go ndéanfaidh siad bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme sa chaoi go gcomhlíonann an phróiseáil ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus go n-áirithítear léi cosaint chearta an ábhair sonraí; |
(f) |
Próiseáil an phróiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlí faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679; |
(g) |
Dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás maoirseachta náisiúnta, i gcás inar gá; |
(h) |
A áirithiú go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí; |
(i) |
Oibriú i gcomhar leis an údarás maoirseachta náisiúnta, arna iarraidh sin dó, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh. |
6. Fad na próiseála
Ní choinneoidh ná ní phróiseálfaidh Rialaitheoirí Comhpháirteacha sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críocha agus na hoibleagáidí comhaontaithe a leagtar amach sa Chinneadh seo a chur i gcrích, i.e. ar feadh an ama is gá chun cuspóir an bhailithe nó na próiseála breise a chomhlíonadh. Go háirithe:
(a) |
Coinneofar sonraí teagmhála úsáideoirí an fheidhmchláir Safety Gate/RAPEX sa chóras fad is gur úsáideoirí iad. Scriosfar sonraí teagmhála ón iarratas díreach tar éis faisnéis a fháil nach úsáideoir den chóras é duine áirithe a thuilleadh; |
(b) |
Sonraí teagmhála na gcigirí ó údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát agus thíortha CSTE/LEE, agus na gcigirí ó na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, arna soláthar i bhfógraí agus i bhfrithghníomhartha, déanfar iad a choinneáil sa chóras go ceann tréimhse cúig bliana tar éis an fógra nó an frithghníomh a bhailíochtú. |
(c) |
Coinneofar sonraí pearsanta daoine nádúrtha eile a d’fhéadfaí a áireamh sa chóras i bhfoirm lenar féidir sainaithint a dhéanamh go ceann 30 bliain ón tráth a chuirtear an fhaisnéis isteach in Safety Gate/RAPEX, rud a chomhfhreagraíonn do shaolré uasta mheasta catagóirí táirgí amhail fearais leictreacha nó mótarfheithiclí. |
Maidir le hiarrataí dlisteanacha ó ábhair sonraí go ndéanfaí a gcuid sonraí a bhlocáil, a choigeartú nó a scriosadh, comhlíonfaidh an Coimisiún iad laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.
7. Dliteanas maidir le neamhchomhlíonadh
Beidh an Coimisiún faoi dhliteanas i leith neamh-chomhlíontachta i gcomhréir le Caibidil VIII de Rialachán (AE) 2018/1725.
Beidh na Ballstáit faoi dhliteanas i leith neamh-chomhlíontachta i gcomhréir le Caibidil VIII de Rialachán (AE) 2016/679.
8. Comhar idir Rialaitheoirí Comhpháirteacha
Tabharfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach, arna iarraidh sin dó, cúnamh tapa agus éifeachtúil do na Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile agus an Cinneadh seo á chur i gcrích acu, agus ceanglais uile Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679, faoi seach, agus rialacha eile is infheidhme maidir le cosaint sonraí, á gcomhlíonadh aige.
9. Díospóidí a réiteach
Féachfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha le réiteach cairdiúil a fháil ar aon díospóid a éireoidh as nó a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chinnidh seo.
Más rud é, tráth ar bith, go dtagann ceist, díospóid nó easaontas chun cinn idir na Rialaitheoirí Comhpháirteacha, i ndáil leis an gCinneadh seo nó i dtaca leis, déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha gach iarracht é a réiteach trí phróiseas comhairliúcháin.
Is fearr go réiteofar gach díospóid ar an leibhéal oibríochtúil de réir mar a thagann siad chun cinn, agus go réiteoidh na pointí teagmhála dá dtagraítear i bpointe 10 den Iarscríbhinn seo agus a liostaítear ar shuíomh gréasáin poiblí Europa Safety Gate iad.
Is é is aidhm don chomhairliúcháin an gníomhaíocht a dhéantar chun réiteach a fháil ar an bhfadhb a tháining chun cinn a athbhreithniú agus a chomhaontú chomh fada agus is féidir agus rachaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha i mbun caibidlíochta le chéile de mheon macánta chuige sin. Tabharfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach freagra ar iarratas ar réiteach cairdiúil laistigh de 7 lá oibre ón iarratas sin. Is 30 lá oibre ó dháta na hiarrata a bheidh sa tréimhse chun réiteach cairdiúil a bhaint amach.
Mura féidir an díospóid a réiteach go cairdiúil, féadfaidh gach Rialaitheoir Comhpháirteach cur isteach ar idirghabháil nó/agus imeachtaí breithiúnacha ar an mbealach seo a leanas:
(a) |
i gcás idirghabhála, déanfaidh na Rialaitheoirí Comhpháirteacha idirghabhálaí a cheapadh go comhpháirteach a bheidh inghlactha ag gach duine acu agus a bheidh freagrach as réiteach na díospóide a éascú laistigh de dhá mhí ón díospóid a bheith curtha faoina bhráid, |
(b) |
i gcás imeachtaí breithiúnacha, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
10. Pointí teagmhála don chomhar idir na Rialaitheoirí Comhpháirteacha
Ainmníonn gach Rialaitheoir Comhpháirteach pointe teagmhála aonair, agus rachaidh Rialaitheoirí Comhpháirteacha eile i dteagmháil leis an pointe teagmhála sin maidir le fiosruithe, gearáin agus soláthar faisnéise laistigh de raon feidhme an Chinnidh seo.
Beidh liosta de na pointí teagmhála uile arna n-ainmniú ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta i dtíortha AE/LEE, liosta ina bhfuil a sonraí teagmhála (sloinne, ainm, ainm an údaráis, seoladh an údaráis, fón, facs, ríomhphost), ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí Europa Safety Gate.
(1) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(5) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40).
(6) https://ec.europa.eu/safety/consumers/consumers_safety_gate/menu/documents/Safety_Gate_contacts.pdf
17.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/87 |
CINNEADH (AE) 2023/976 ÓN mBORD RÉITIGH AONAIR
an 22 Márta 2023
ar Urscaoileadh maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme agus le cuntais an Bhoird Réitigh Aonair (“BRA”) a dhúnadh don bhliain airgeadais 2021 (SRB/PS/2023/02)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN BORD RÉITIGH AONAIR,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar leith a réiteach sa chreat de Shásra Réitigh Aonair agus de Chiste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), agus go sonrach, Airteagail 50(1)(b) agus 63(8) den Rialachán SRA,
Ag féachaint d’Airteagail 97, 98 agus 99 de Rialachán Airgeadais an BRA an 17 Eanáir 2020,
Ag féachaint do Chuntais Bhliantúla Deiridh an BRA don bhliain airgeadais 2021 mar a glacadh iad ar an 29 Meitheamh 2022 (“Cuntais Bhliantúla Deiridh 2021”),
Ag féachaint do Chuntais Bhliantúla Deiridh an BRA don bhliain airgeadais 2021 mar a glacadh iad ar an 30 Bealtaine 2022 (“Tuarascáil Bhliantúil 2021”),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais bhliantúla an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ón BRA (“Tuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCúirt Iniúchóirí”),
Ag féachaint don Tuarascáil ar Chuntais Bhliantúla Deiridh 2021 lena n-áirítear tuairimí iniúchóireachta an 17 Meitheamh 2022 arna n-ullmhú ag Mazars Réviseurs d’Enterprises (“Tuarascáil Iniúchta Mazars 2021”),
Ag féachaint don Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 806/2014) maidir le haon dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as feidhmiú a gcúraimí ag an mBord Réitigh Aonair, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún faoi Rialachán SRA don bhliain airgeadais 2021 (“Tuarascáil um Dhliteanais Teagmhasacha na Cúirte Iniúchóirí 2021”),
Ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Iniúchta Inmheánaigh 2021 an 15 Eanáir 2022,
Ag féachaint do Chlár Oibre BRA 2021.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal Aonair
1. Urscaoileadh a thabhairt do Chathaoirleach an BRA maidir le buiséad an BRA a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2021;
2. Dúnadh na gcuntas BRA a fhaomhadh don bhliain airgeadais 2021;
3. A thuairimí a leagan amach sa rún thíos;
4. Treoir a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair an Cinneadh seo a chur in iúl don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí, lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L), agus ar shuíomh gréasáin an BRA a shocrú.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe.
Thar ceann an Bhoird Réitigh Aonair,
Jan Marc BERK
Comhalta Iomlánach