Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2007:347:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 347, 29 Nollaig 2007


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

50
29 Nollaig 2007


Clár

 

II   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

 

2007/857/CE

 

*

Cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2007 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 347 a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

CINNTÍ

29.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2007

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005

(2007/857/CE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 3(3) d’Ionstraim Aontachais 2005 go n-aontóidh Poblacht na Bulgáire agus go n-aontóidh an Rómáin do na coinbhinsiúin agus do na prótacail a liostaítear in Iarscríbhinn I.

(2)

An 14 Aibreán 2005, shínigh na Ballstáit Coinbhinsiún ar aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (1).

(3)

Ba chóir foráil a dhéanamh d’aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, arna leasú le Coinbhinsiún an 14 Aibreán 2005. Chun na críche sin, ba chóir an Coinbhinsiún sin a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuirfear an fhleasc seo a leanas le pointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005:

‘—

Coinbhinsiún an 14 Aibreán 2005 ar aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (IO C 169, 8.7.2005, lch. 1).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2007

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R PEREIRA


(1)  IO C 169, 8.7.2005, lch. 1.


Top