Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC04233

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2026/557

IO C, C/2026/4233, 31.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4233/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4233/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4233

31.7.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/4233)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Condado de Huelva’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1485-AM05 — 13.5.2026

1.   Ainm an táirge

‘Condado de Huelva’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

An Spáinn

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bhia. Ard-Stiúrthóireacht um Bia. Fo-Ard-Stiúrthóireacht um Rialú Cáilíochta Bia agus um Shaotharlanna Agrai-Bhia

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann an t-údarás inniúil gur leasú caighdeánach é an leasú sin ar shonraíocht táirge Condado de Huelva ATFC; ní féidir é a mheas mar leasú ar leibhéal an Aontais ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143 maidir le tásca geografacha. Go sonrach: níl athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach i gceist leis; níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

CINEÁL NUA FÍONA

Tuairisc

Cuireadh ‘Vino de pasto’ isteach mar chineál nua fíona i gcatagóir 1, agus tuairisc ar a shaintréithe anailíseacha agus a thréithe orgánaileipteacha.

Déanann an leasú sin difear do phointí B.1 agus B.2 den tsonraíocht táirge agus do phointe 6 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

ATHRUITHE AR THEORAINNEACHA ANAILÍSEACHA

Tuairisc

Laghdaíodh an neart alcóil iarbhír íosta le haghaidh ‘vinos generosos’ den chineál ‘Condado Pálido’ nó ‘Fino’ ó 15 % go 14 %. I gcás fhíonta chatagóir 1, ceadaítear é sin cheana féin leis an reachtaíocht. I gcás fíonta chatagóir 3, tá eisceacht rialála ann i gcás fíonta licéir a aosaíodh ar feadh tréimhse fhada (2 bhliain ar a laghad), a gceadaítear neart alcóil íosta 14 % ina leith. Baineann an rud céanna le fíonta licéir milse.

Áiríodh fíonta geala a rinneadh gan a neart alcóil a mhéadú go saorga; tagann an neart alcóil go hiomlán ó choipeadh. Tá an neart alcóil nádúrtha de réir toirte os cionn 15 % agus is é 13 % ar a laghad an neart alcóil iarbhír de réir toirte agus is féidir an méid siúcra dí-ocsaídithe a bheith níos mó ná 45 g/l.

I gcás ‘vinos generosos’, ceartaíodh an uasteorainn le haghaidh siúcraí dí-ocsaídithe ó 5 g/l go 4 g/l, toisc gur fíonta tirime iad sin. Sonraíodh, áfach, mar thoradh ar na próisis tiúchana a bhaineann le haosú ocsaídiúcháin, go bhféadfaidh an méid siúcra dí-ocsaídithe a bheith suas le 9 g/l, ar choinníoll nach mbeidh an leibhéal aigéadachta iomlán níos mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir faoi bhun an leibhéil siúcra dí-ocsaídithe.

Athraíodh na teorainneacha maidir le siúcraí dí-ocsaídithe in ‘vinos generosos de licor’.

Sonraíodh (mar a fhoráiltear cheana sa liosta maoluithe le haghaidh aigéadacht luaineach) go bhféadfadh aigéadacht luaineach suas le 35 meq/l a bheith ag ‘vinos generosos’ a bhaineann le catagóir fíniúna 3 agus ‘vinos generosos de licor’.

Déanann an leasú sin difear do phointe B.1 den tsonraíocht táirge agus do phointe 6 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

ATHRUITHE AR CHLEACHTAIS TÁIRGTHE

Tuairisc

Sonraíodh, mar a fhoráiltear cheana féin i reachtaíocht an Aontais, go bhfuil maolú i bhfeidhm maidir le táirgeadh fhíon licéir ‘Pedro Ximénez’ lena gceadaítear úrfhíon a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe den chineál sin a úsáid, ó réigiún ‘Montilla-Moriles’, ar cuireadh alcól neodrach de bhunús fíniúna leis chun coipeadh a chosc. Ina theannta sin, nuair a threisítear é, ní mór an t-úrfhíon a aosú i mbairillí darach ag a bhfuil toilleadh nach mó ná 1 000 lítear ar feadh 24 mhí ar a laghad.

Déanann an leasú sin difear do phointe C.3 den tsonraíocht táirge agus do phointe 7.1 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

TÉARMAÍ LIPÉADAITHE

Tuairisc

Sainmhíníodh na coinníollacha maidir le húsáid an téarma ‘abocado’.

Sonraíodh, mar a léirítear sa reachtaíocht náisiúnta, nuair a úsáidtear an téarma ‘Roble’ [dair], nach mór an tréimhse ama, i míonna nó i mblianta, a chaitear i gcoimeádáin atá déanta den speiceas adhmaid sin a léiriú.

Áiríodh aonaid gheografacha nua níos lú agus na coinníollacha maidir lena n-úsáid.

Sainíodh coinníollacha chun na téarmaí ‘flor’, ‘yema’, nó aon téarma eile a úsáid lena dtagraítear don chéad úrfhíon fíonchaor a fhaightear tar éis na fíonchaora a bhrú tráth na buaine. Sainmhíníodh coinníollacha freisin chun na téarmaí ‘vino en rama’ nó ‘en rama’ a úsáid, agus le haghaidh an téarma ‘de Pasas’ le haghaidh fíonta licéir.

Cuireadh isteach na coinníollacha maidir leis na téarmaí traidisiúnta ‘Viejo’ agus ‘Añejo’ a úsáid.

Áiríodh freisin na coinníollacha maidir le ‘Oloroso’ nó ‘Condado Viejo’ a úsáid le haghaidh ‘vinos generosos de licor’.

Sonraíodh na coinníollacha maidir leis an téarma ‘Naturalmente Dulce’ a úsáid ar fhíonta geala chatagóir 1 i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Déanann an leasú sin difear do phointí B.1, C.3, D.2, H.4 agus Iarscríbhinn I den tsonraíocht táirge agus do phointe 11 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

CINEÁLACHA NUA A CHUR ISTEACH

Tuairisc

Cuireadh isteach na cineálacha geala Malvasia Aromática, Albillo Mayor agus Montúa, agus na cineálacha dearga Petit Verdot, Listán Prieto, Mollar Cano, Garnacha Tinta agus Tintilla de Rota.

Baineann an leasú seo le pointe F den tsonraíocht táirge agus le pointe 8 den doiciméad aonair.

☑ Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

ATHRUITHE AR CHEANGLAIS BHREISE IS INFHEIDHME

Tuairisc

Baineadh an ceanglas maidir le stoic íosta fíona a aosú i bhfíonlanna.

Féadfaidh an Bord Rialála úsáid coimeádán adhmaid ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 1 000 lítear a údarú chun fíonta a aosú, ar choinníoll gur de chineál stairiúil iad. Coinneofar fardal díobh sin.

Baineann an leasú sin le pointe H.3 den tsonraíocht. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

‘Condado de Huelva’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1485-AM05 — 13.5.2026

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Condado de Huelva’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

3.   An tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Spáinn

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Táirge fíniúna

Fíon geal

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

‘Joven’: Bíonn dath idir buí éadrom agus órga éadrom orthu.

‘Condado de Huelva’: Bíonn idir dath buí na tuí go dath an tseanóir orthu.

‘Tradicional’: Dath idir buí na tuí go hórga.

‘Vino de Pasto’: Idir dath buí na tuí agus dath an tseanóir.

Dea-bholadh

‘Joven’: Dea-bholaithe torthaíocha, amhail úll glas, agus dea-bholaithe bláthacha.

‘Condado de Huelva’: Dea-bholaithe torthaíocha amhail clochthorthaí.

‘Tradicional’: Dea-bholaithe torthaíocha amhail clochthorthaí.

‘Vino de Pasto’: Dea-bholaithe torthaí aibí agus, ag brath ar an gcineál aosaithe, adhmaid agus/nó cnónna.

Blas

‘Joven’: Aigéadacht inbhraite sa bhéal.

‘Condado de Huelva’: Aigéadacht inbhraite sa bhéal.

‘Tradicional’: Beagán aigéadach sa bhéal.

‘Vino de Pasto’: Beagán searbh sa bhéal, agus aigéadacht idir measartha agus meán-ard le brath.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

10

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Fíon dearg agus fíon rosé

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Fíonta dearga: Idir dath dearg an tsilín go dath donnrua.

Fíonta rosé: Dath idir bándearg éadrom agus bándearg scothdhearg.

Dea-bholadh

Fíonta dearga: Déine aramatach agus torthaíoch inbhraite, agus dea-bholaithe luibheacha atá beagán inbhraite go hinbhraite.

Fíonta rosé: Torthaíoch agus bláthach ó thaobh bolaidh de.

Blas

Fíonta dearga: Déine bhlais inbhraite agus aigéadacht inbhraite sa bhéal, lena mbaineann seirbhe agus dlús inbhraite.

Fíonta rosé: Déine bhlais inbhraite sa bhéal, aigéadacht, searbhas agus seirbhe beagán inbhraite.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iarbhír íosta:

‘Joven’, ‘Roble’ agus ‘Crianza’: 11 %.

‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’: 12 %.

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

‘Vinos generosos’

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

‘Condado Pálido’ nó ‘Fino’: Bíonn idir dath buí na tuí go dath an tseanóir orthu.

‘Condado Viejo’ nó ‘Oloroso’: Dath an tseanóir nó dath dorcha an mhahagaine.

‘Amontillado’: Dath idir órga agus dath an mhahagaine.

‘Palo Cortado’: Dath idir dath an chastáin go dath an mhahagaine.

Dea-bholadh

‘Condado Pálido’ nó ‘Fino’: Dea-bholaithe de bharr aosaithe, amhail giosta.

‘Condado Viejo’ nó ‘Oloroso’: Dea-bholaithe cnónna agus adhmaid ó aosú ocsaídiúcháin, agus d’fhéadfadh siollaí vearnaise a bheith ann.

‘Amontillado’: Dea-bholadh cnónna a bhfuil iarbhlas adhmaid orthu mar gheall ar a n-aosú débhitheolaíoch agus ocsaídiúcháin.

‘Palo Cortado’: Dea-bholaithe cnónna agus adhmaid.

Blas

‘Condado Pálido’ nó ‘Fino’: Beagán searbh agus goirt sa bhéal.

‘Condado Viejo’: Marthanach sa bhéal, agus d’fhéadfadh sé a bheith olartha.

‘Amontillado’: Beagán aigéadach, searbh agus marthanach sa bhéal.

‘Palo Cortado’: An-dian agus marthanach sa bhéal.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iarbhír íosta:

‘Condado Pálido’ nó ‘Fino’: 14 %.

‘Condado Viejo’ nó ‘Oloroso’, ‘Amontillado’ agus ‘Palo Cortado’: 16 %.

Aigéadacht luaineach uasta de chatagóir 3 ‘vinos generosos’: 35 mhilleachoibhéis in aghaidh an lítir.

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

‘Vinos generosos de licor’

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Pale Dry: Dath idir buí éadrom agus órga.

Pale Cream: Bíonn idir dath buí na tuí go dath an tseanóir orthu.

Medium: Dath idir ómra agus dath dian an mhahagaine.

Cream: Dath idir dath an tseanóir go dath dian an mhahagaine.

Dea-bholadh

Pale Dry: Dea-bholadh measartha dian giosta.

Pale Cream: Dea-bholaithe ó aosú bitheolaíoch, mar shampla giosta.

Medium: Dea-bholaithe a bhaineann go sonrach leis an bpróiseas aosaithe agus d’fhéadfadh dea-bholaithe rísínithe a bheith ann.

Cream: Dea-bholadh ón bpróiseas aosaithe, agus d’fhéadfadh bolaithe rísínithe a bheith ann.

Blas

Pale Dry: Cumhachtach, blasta agus idir meántirim agus meánmhilis sa bhéal.

Pale Cream: Cumhachtach sa bhéal.

Medium: Cumhachtach sa bhéal.

Cream: Dlúth sa bhéal.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

15

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

35

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

‘Vinos de licor dulces’

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

‘Dulce’: Dath idir órga agus dath dian an mhahagaine.

‘Pedro Ximénez’: Dath an mhahagaine go dath dian an mhahagaine nó ciardhubh.

‘Moscatel’: Dath idir ómra agus dath dian an mhahagaine.

‘Mistela’: Dath idir órga agus dath dian an mhahagaine.

Dea-bholadh

‘Dulce’: Dea-bholaithe torthaíocha.

‘Pedro Ximénez’: Dea-bholaithe rísínithe, agus d’fhéadfadh siollaí gais a bheith le brath.

‘Moscatel’: Dea-bholaithe a bhaineann go sonrach leis an gcineál, amhail siollaí bláthacha agus torthaíocha agus d’fhéadfadh dea-bholaithe rísínithe a bheith le brath.

‘Mistela’: Dea-bholaithe torthaíocha.

Blas

‘Dulce’: Dlúth sa bhéal.

‘Pedro Ximénez’: An-dlúth sa bhéal.

‘Moscatel’: Beagán aigéadach agus dlúth sa bhéal.

‘Mistela’: Dlúth sa bhéal.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

15

Aigéadacht iomlán íosta:

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

MODHANNA FÁIS

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Srian ábhartha ar fhíonóireacht

Tuairisc

Ní mór do mhodhanna fáis an comhshaol a urramú i gcónaí agus go háirithe éilliú uisce agus ithreach a chosc. Dlús plandaithe idir 1 950 agus 4 000 planda in aghaidh an heicteáir. Féadfar fíniúnacha a threorú trí úsáid a bhaint as modhanna saorsheasaimh (cuachphrúnáil) agus/nó treilísithe (‘vara y pulgar’ agus/nó tródam dúbailte). I gcás ina mbeidh plandálacha measctha le clárú leis an mBord Rialála, ní mór deighilt iomlán a áirithiú idir cineálacha le linn na buaine.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Is é an limistéar táirgeachta an limistéar geografach ina bhfuil na fíonghoirt chláraithe lonnaithe, ina bhfuil na cineálacha ithreach ‘albariza’, ‘arenas’ agus ‘barros’. Tar éis an choipthe, féadfar na fíonta a chur faoi réir aosú bitheolaíoch nó ocsaídiúcháin, agus úsáid á baint as córas dinimiciúil ar a dtugtar ‘criaderas y soleras’ [córas cumaisc codánach] nó as córas statach ‘añadas’ [sárbhlianta]. Le linn aosú bitheolaíoch, is ann do shraith nó scannán giosta ar snámh – ar a dtugtar an ‘flor’ – ar dhromchla nochta an fhíona. Maidir le haosú ocsaídiúcháin, aosaítear na fíonta trí nochtadh d’ocsaigin. Cleachtas eile a úsáidtear is ea ‘cabeceo’, arb é atá i gceist leis fíonta éagsúla a mheascadh nó a chomhcheangal nó fiú fíonta a mheascadh le táirgí forlíontacha.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Srian ábhartha ar fhíonóireacht

Tuairisc

Níor cheart níos mó ná 70 lítear fíona a fháil ó gach 100 kg fíonchaor a bhuantar mar thoradh ar an mbrú a chuirtear chun an t-úrfhíon a eastóscadh.

I dtáirgeadh ‘Pedro Ximénez’ agus ‘Moscatel’, féadfar úrfhíon tiubhaithe agus fíon tirim de na cineálacha Zalema, Palomino Fino, Listán del Condado agus Garrido Fino a úsáid, ar choinníoll nach mó iad le chéile ná 30 % den táirge deiridh iomlán agus nach mó cion fhíon tirim na gcineálacha sin ná 15 % den táirge iomlán.

Déantar fíonta geala a aosú in umair os cionn talún agus/nó i gcascaí nó i ndabhcha darach ag a bhfuil uastoilleadh 650 lítear, ar feadh íostréimhse bliana.

Maidir le fíonta ‘vino generoso’ agus ‘vino generoso de licor’, déantar aosú bitheolaíoch agus ocsaídiúcháin, atá uathúil don chineál sin fíona, trí úsáid a bhaint as an gcóras clasaiceach ‘criaderas y soleras’ nó trí úsáid a bhaint as an gcóras ‘añadas’ i mbairillí nó dabhcha darach atá blaistithe go cuí agus ag a bhfuil uastoilleadh 1 000 lítear, ar feadh meántréimhse aosaithe 2 bhliain ar a laghad.

Fíonta Chatagóir 1 nach bhfuil i dteideal an téarma traidisiúnta ‘vino generoso’ a bheith orthu agus a ndéantar aosú orthu, coinnítear iad i mbairillí darach ag a bhfuil toilleadh nach mó ná 330 lítear, ar feadh na tréimhse íosta is gá chun an téarma ‘Roble’ nó na téarmaí traidisiúnta ‘Crianza’, ‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’ a úsáid.

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon / catagóir / cineál

Zalema

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht:

18 000

Aonad uastáirgeachta:

cileagraim d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha údaraithe eile

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht:

12 000

Aonad uastáirgeachta:

cileagraim d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó ar na cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

ALBILLO MAYOR

CABERNET FRANC

CABERNET SAUVIGNON

CHARDONNAY

COLOMBARD

GARNACHA TINTA

GARRIDO FINO

LISTAN DEL CONDADO

LISTÁN PRIETO

MALVASIA AROMÁTICA

MERLOT

MOLLAR CANO

MONTÚA

MOSCATEL DE ALEJANDRÍA

MOSCATEL DE GRANO MENUDO

PALOMINO FINO

PEDRO XIMÉNEZ

PETIT VERDOT

SAUVIGNON BLANC

SYRAH

TEMPRANILLO

TINTILLA DE ROTA

VERDEJO

ZALEMA

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

Cuimsítear leis an limistéar sin na limistéir agus na heastáit fíonsaothrúcháin sna bardais Almonte, Beas, Bollullos Par del Condado, Bonares, Chucena, Gibraleón, Hinojos, La Palma del Condado, Lucena del Puerto, Manzanilla, Moguer, Niebla, Palos de la Frontera, Rociana del Condado, San Juan del Puerto, Trigueros, Villalba del Alcor agus Villarrasa, iad uile i gcúige Huelva.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóir an táirge fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Comhfhreagraíonn an ATFC sin don Logán Báeiteach agus síneann sé thar thalamh cothrom nó beagán droimneach. Aeráid Meánmhara atá sa limistéar cé go mbíonn tionchair mhuirí le brath ann mar gheall ar thopagrafaíocht a fhágann nach bhfuil aon fhoscadh ann ar an Atlantach, agus déanann an tionchar, mar aon le gaireacht an limistéir do Pháirc Náisiúnta Doñana agus leis an saineolas traidisiúnta sa limistéar, difear do na cineálacha fíona a tháirgtear ann.

Catagóir an táirge fíniúna

3.

Fíon licéir

Achoimre ar an nasc

Comhfhreagraíonn an ATFC sin don Logán Báeiteach agus síneann sé thar thalamh cothrom nó beagán droimneach. Aeráid Meánmhara atá sa limistéar cé go mbíonn tionchair aigéin le brath ann mar gheall ar thopagrafaíocht a fhágann nach bhfuil aon fhoscadh ann ar an Atlantach, agus déanann an tionchar, mar aon le gaireacht an limistéir do Pháirc Náisiúnta Doñana agus leis an saineolas traidisiúnta sa limistéar, difear do na cineálacha fíona a tháirgtear ann. Déantar fíonta licéir, lena n-áirítear ‘vinos generosos’, a aosú trí úsáid a bhaint as córais thraidisiúnta – an córas ‘criaderas y soleras’ agus an córas ‘statach’ – ina bhfuil láimhseáil bairillí agus/nó dabhcha darach ríthábhachtach do cháilíocht na bhfíonta. Soláthraíonn ailtireacht agus bainistíocht na siléar fíona an mhiocraeráid is fearr le haghaidh aosaithe.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

LIPÉADÚ

Creat dlíthiúil

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais bhreise / an mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Ní mór ainm an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Condado de Huelva’, chomh maith leis an bhfaisnéis a éilítear go ginearálta sa reachtaíocht is infheidhme, a bheith le feiceáil go soiléir ar lipéid na bhfíonta buidéalaithe agus pacáistithe.

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 120(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, féadfar, go roghnach, tagairt a bheith ar an lipéad le haghaidh fíonta faoi chosaint d’ainm aonaid gheografaigh atá níos lú nó níos mó ná an limistéar a chumhdaítear leis an Ainmniúchán Tionscnaimh, is é sin ainmneacha na mbardas laistigh den limistéar táirgeachta mar aonaid gheografacha níos lú agus tagairt don Andalúis mar an t-aonad geografach níos mó. Féadfar tagairt a dhéanamh freisin do Pháirc Náisiúnta Doñana mar aonad geografach níos lú ar na lipéid le haghaidh fíonta a tháirgtear in Almonte, Hinojos, Bollullos Par del Condado, Rociana del Condado, Bonares, Lucena del Puerto, Palos de la Frontera agus Moguer. Meastar freisin gur aonaid gheografacha níos lú iad na heastáit seo a leanas, arna liostú de réir bardais:

Palos de la Frontera: La Dehesa, Mazagal, El Príncipe, Juana Rúiz agus Pozón.

Moguer: Ribera, Puntas agus Cobano.

Gibraleón: San José.

Lucena del Puerto: Las Dehesas.

Bonares: Carrascal, Huerto Viejo, Buenavista, Parrilla, Panseca, Espinos, Valdecanto, Ranosa, Granados, Campanera, Santa María, Valperdido, Corchito, Valle Gotoso, Huerta del Alcaide, Pozuelo agus El Pino.

Niebla: Matabueyes, Puntal, Cristos agus Matasanos.

Villarrasa: Valdeperros, Romanes agus Dehesa de Villarrasa.

La Palma del Condado: EL Corcho, Salamadre, Los Frailes, El Saucejo, Llano de la Pedrosa, Dehesa Boyal, Reyerta Nueva, Campo de la Muela agus El Pezón.

Villalba del Alcor: Las Nebles, Majadal, Cabrerizas agus Cantabria.

Manzanilla: El Ejido, Dehesa las Yeguas, Lentiscales, Dehesa San Isidro, Los Llanos, Retamares agus Valdeboque.

Chucena: La Dehesilla, Barrio Lobo, Los Llanos, El Retamal, Los Pradillos, Dehesilla de Alcalá, Mochados, Dehesa de Paternina, Cuartón de Gelos agus Algarbe.

Bollullos Par del Condado: Montañina, Reyerta Nueva, Reyerta Vieja, El Lirio, Esparraguera, La Veguilla, Labrados, Carboneras, Coritas, Madre Selva y Cuqueros, Lagunillas y el Palmar, Parmarejo y Cruz roja, Las Vegas y Puntales, Dehesa Nueva, Higuerón y Cañada Sana Juan, Morañina, La Mata, Molinillo, Remuñana, El Rozón y Cortigüelo, Vajamón y La Espita agus Lucero y Calancha.

Almonte: La Habana, Malata, La Parrilla, El Pilar, San Bartolomé, Pago La Zorra, Pernadas Campofrio, Huertecillos, El Pocito, Huerta de La Cañada, La Rivera, Montehigo, Judio, Chaparral, Tatambú, Algarrobo, Vicenta, Cebollarejos, Cabezogordo, Solana, Dehesa Turmal, Los Serranos, Reigal, Moriana, Obrapía, Teja, El Saucejo, Fuente Verano, Clavellinas agus Moriana.

Rociana del Condado: Moraina, Rosalejo, Frontones, Rosario, La Negra, Malaño, El Tejar, Soldados, Rezuela, Gavias, Pinar Cadena, Llanos, Pedro Cano, Alcornocal, Las Verillas agus Unciales.

Is féidir a suíomh a fheiceáil anseo: https://docondadodehuelva.es/wp-content/uploads/2026/02/pagos.pdf

Maidir le fíonta a tháirgtear ó úscadh úrfhíona nach mó ná 60 lítear in aghaidh 100 kg buaine, féadfar na téarmaí seo a leanas a úsáid: ‘abocado’, ‘flor’, ‘yema’, nó aon téarma eile a úsáid lena dtagraítear don chéad úrfhíon a fhaightear tar éis na fíonchaora a bhrú tráth na buaine.

Féadfar na téarmaí ‘vino en rama’ nó ‘en rama’ a úsáid le haghaidh fíonta nach ndearnadh aon chleachtas cobhsaíochta orthu seachas scagadh. Ní mór saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus tréithe orgánaileipteacha an chineáil fíona atá i gceist a bheith ag na fíonta sin, cé is moite de ghile agus soiléireacht.

Féadfar an téarma ‘de Pasas’ a úsáid le haghaidh fíonta licéir ar úsáideadh fíonchaora rísínithe ina leith sa phróiseas táirgthe agus ar choinníoll gur mó an méid siúcra ná 190 g/l.

Féadfar an téarma ‘Oloroso’ nó ‘Condado Viejo’ a úsáid le haghaidh fíonta ar a dtugtar ‘vino generoso de licor’ inarb é 85 % ar a laghad an cineál fíona faoi seach. Ní mór tásc maidir le méid siúcra an chumaisc a bheidh ann dá bharr a chur díreach i ndiaidh an téarma ‘Oloroso’ nó a chur ar an lipéadú díreach roimh an téarma sin, mar a rialaítear sna sonraíochtaí nó sna rialacháin táirge is infheidhme.

Féadfar an téarma ‘Naturalmente Dulce’ a úsáid le haghaidh fíonta geala a dhéantar gan a neart alcóil a mhéadú go saorga, agus an cion alcóil ag teacht go hiomlán ó choipeadh. Tá an neart alcóil nádúrtha de réir toirte os cionn 15 % agus tá an neart alcóil iarbhír de réir toirte 13 % ar a laghad.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://juntadeandalucia.es/sites/default/files/inline-files/2026/03/PC_Condado_modificado_6.pdf


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4233/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top