Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC03893

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

PUB/2026/548

IO C, C/2026/3893, 17.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3893/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3893/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3893

17.7.2026

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2026/3893)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

‘Bourgogne aligoté’

PDO-FR-A0739-AM01

Dáta na teachtaireachta: 21 Aibreán 2026

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS

1.   Táirgeacht

I gCaibidil I, Cuid VIII, pointe 2, méadaíodh an teorainn táirgeachta (uasta) ó 75 go 77 heictilítear in aghaidh an heicteáir.

Méadaíodh an teorainn táirgeachta chun an t-athrú aeráide a chur san áireamh, rud is cúis le teagmhais dhothuartha agus easnaimh bhuainte athfhillteacha.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

2.   Athrú ar an gcomhlacht cigireachta

Leasaíodh Caibidil III, Roinn II den tsonraíocht táirge i bhfianaise na rialacha dréachtaithe athbhreithnithe.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Bourgogne aligoté

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

ATFC Bourgogne Aligoté

Is fíonta socra geala tirime iad na fíonta.

(a)

Tá neart alcóil nádúrtha íosta 10 % de réir toirte ag na fíonta.

(b)

Tar éis an tsaibhrithe, ní bhíonn neart alcóil iarbhír de réir toirte na bhfíonta dearga níos mó ná 12,5 %.

(c)

Tá uasmhéid siúcra choipthigh (glúcós + fruchtós) 3 ghram in aghaidh an lítir ag na fíonta críochnaithe atá réidh lena dtomhailt nó tá 4 ghram in aghaidh an lítir acu má tá an aigéadacht iomlán 55,10 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a laghad.

Comhlíonann na critéir anailíseacha eile na luachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréith de na fíonta is ea imireacha glasa glana sa dath agus dea-bholaithe ina bhfuil siollaí aigéadacha den chuid is mó. Tugtar na saintréithe sin amach trí aibiú gearr a tháirgeann fíonta atá le hól agus iad óg de ghnáth. Tá pearsantacht agus fad saoil ag na fíonta ó dháileachtaí talún atá suite ar fhánaí thaobh an chnoic, a bhfuil táirgeacht íseal acu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): —

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   ATFC Bourgogne Aligoté

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

(a)

Tá toirmeasc ar shliseanna adhmaid a úsáid;

(b)

Níl an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag na fíonta tar éis saibhriú níos mó ná 12,5 %.

Anuas ar na forálacha thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fhíoneolaíocha a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um Iascaireacht Mhuirí.

2.   Dlús plandaithe

An modh saothraithe

Forálacha ginearálta

Is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha. Is é 2,20 méadar nó níos lú an spásáil idir na sraitheanna;

I gcás gurb airde ná 8 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandaithe, is é 0,50 méadar ar a laghad an spásáil idir na plandaí sa tsraith chéanna;

I gcás gurb é 8 000 planda nó níos ísle in aghaidh an heicteáir an dlús plandaithe, is é 0,80 méadar ar a laghad an spásáil idir na plandaí sa tsraith chéanna;

Ní mór dlús plandaithe íosta 9 000 planda in aghaidh an heicteáir a bheith ag fíniúnacha nach gcuirtear i sraitheanna, agus spásáil níos mó ná 0,50 méadar idir plandaí sa tsraith chéanna.

Forálacha speisialta

Sna fíonghoirt atá críochaithe le haghaidh an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Bourgogne’ agus na tásca geografacha forlíontacha ‘Hautes Côtes de Beaune’ agus ‘Hautes Côtes de Nuits’ ina dhiaidh, is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha agus is é 3 mhéadar nó níos lú an spásáil idir na sraitheanna.

3.   Rialacha maidir le prúnáil

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

prúnáil spoir (fíniúnacha arna dtreorú le prúnáil Royat, tródam déthaobhach, cuachphrúnáil nó feanphrúnáil), agus 10 mbachlóg nó níos lú i gceist in aghaidh an mhéadair chearnaigh;

nó prúnáil chána agus modh aonair nó dúbailte Guyot in úsáid, agus 8,5 bachlóg nó níos lú i gceist in aghaidh an mhéadair chearnaigh.

Rialacha speisialta maidir le fíniúnacha i bhfíonghoirt arna gcríochú le haghaidh an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Bourgogne’ agus ina dhiaidh sin na tásca geografacha forlíontacha ‘Hautes Côtes de Beaune’ agus ‘Hautes Côtes de Nuits’ (fíniúnacha ‘leathana’)

Prúnáiltear na fíniúnacha mar a leanas:

prúnáil spoir (fíniúnacha arna dtreorú le prúnáil Royat nó le prúnáil dhéthaobhach);

nó prúnáil chána agus modh aonair nó dúbailte Guyot in úsáid.

Bíonn sé bhachlóg nó níos lú in aghaidh an mhéadair chearnaigh.

Tá toirmeasc ar chánaí a bheith ag forluí ar a chéile ar an tsreang chéanna.

4.   Rialacha maidir le prúnáil

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Is féidir prúnáil aonair Guyot a oiriúnú:

trí bhíthin spor eile lenar féidir suíomh an chána a athrú ó bhliain go chéile;

le cána a bhearrtar go dtí trí bhachlóg ar a mhéad agus spor atá teoranta do dhá bhachlóg.

Gan beann ar an modh prúnála, is féidir na fíniúnacha a phrúnáil agus bachlóga breise ann ar choinníoll, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog, nach mó an líon buinneog a thugann torthaí in aghaidh na bliana ná an líon bachlóg a bhunaítear leis na rialacha maidir le prúnáil.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   ATFC Bourgogne Aligoté

77 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Buantar na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta sna bardais seo a leanas: - Roinn Côte-d’Or: Aloxe-Corton, Ancey, Arcenant, Auxey-Duresses, Baubigny, Beaune, Belan-sur-Ource, Bévy, Bissey-la-Côte, Bligny-lès-Beaune, Boncourt-le-Bois, Bouix, Bouze-lès-Beaune, Brion-sur-Ource, Brochon, Chambolle-Musigny, Charrey-sur-Seine, Chassagne-Montrachet, Chaumont-le-Bois, Chaux, Chenôve, Chevannes, Chorey-lès-Beaune, Collonges-lès-Bévy, Comblanchien, Corcelles-les-Monts, Corgoloin, Cormot-le-Grand, Corpeau, Couchey, Curtil-Vergy, Daix, Dijon, Echevronne, L’Etang-Vergy, Fixin, Flagey-Echézeaux, Fussey, Gevrey-Chambertin, Gilly-lès-Cîteaux, Gomméville, Griselles, Ladoix-Serrigny, Larrey, Magny-lès-Villers, Mâlain, Marcenay, Marey-lès-Fussey, Marsannay-la-Côte, Massingy, Mavilly-Mandelot, Meloisey, Messanges, Meuilley, Meursault, Molesme, Monthelie, Montliot-et-Courcelles, Morey-Saint-Denis, Mosson, Nantoux, Noiron-sur-Seine, Nolay, Nuits-Saint-Georges, Obtrée, Pernand-Vergelesses, Plombières-lès-Dijon, Poinçon-lès-Larrey, Pommard, Pothières, Premeaux-Prissey, Puligny-Montrachet, Reulle-Vergy, La Rochepot, Saint-Aubin, Saint-Romain, Santenay, Savigny-lès-Beaune, Segrois, Talant, Thoires, Vannaire, Vauchignon, Villars-Fontaine, Villedieu, Villers-la-Faye, Villers-Patras, Vix, Volnay, Vosne-Romanée agus Vougeot; - Roinn Saône-et-Loire: Aluze, Ameugny, Azé, Barizey, Berzé-la-Ville, Berzé-le-Châtel, Bissey-sous-Cruchaud, Bissy-la-Mâconnaise, Bissy-sous-Uxelles, Bissy-sur-Fley, Blanot, Bonnay, Bouzeron, Boyer, Bray, Bresse-sur-Grosne, Burgy, Burnand, Bussières, Buxy, Cersot, Chagny, Chaintré, Chamilly, Champagny-sous-Uxelles, Chânes, Change, Chapaize, La Chapelle-sous-Brancion, Charbonnières, Chardonnay, Charnay-lès-Mâcon, Charrecey, Chasselas, Chassey-le-Camp, Château, Cheilly-lès-Maranges, Chenôves, Chevagny-lès-Chevrières, Chissey-lès-Mâcon, Clessé, Cortambert, Cortevaix, Couches, Crêches-sur-Saône, Créot, Cruzille, Culles-les-Roches, Curtil-sous-Burnand, Davayé, Dennevy, Dezize-lès-Maranges, Donzy-le-National, Dracy-lès-Couches, Dracy-le-Fort, Epertully, Etrigny, Farges-lès-Mâcon, Fleurville, Fley, Fontaines, Fuissé, Genouilly, Germagny, Givry, Grevilly, Hurigny, Igé, Jalogny, Jambles, Jugy, Jully-lès-Buxy, Lacrost, Laives, Laizé, Leynes, Lournand, Lugny, Mâcon, Malay, Mancey, Martailly-lès-Brancion, Massy, Mellecey, Mercurey, Milly-Lamartine, Montagny-lès-Buxy, Montbellet, Montceaux-Ragny, Moroges, Nanton, Ozenay, Paris-l’Hôpital, Péronne, Pierreclos, Plottes, Préty, Prissé, Remigny, La Roche-Vineuse, Rosey, Royer, Rully, Saint-Albain, Saint-Boil, Saint-Clément-sur-Guye, Saint-Denis-de-Vaux, Saint-Désert, Saint-Gengoux-de-Scissé, Saint-Gengoux-le-National, Saint-Gilles, Saint-Jean-de-Trézy, Saint-Jean-de-Vaux, Saint-Léger-sur-Dheune, Saint-Mard-de-Vaux, Saint-Martin-Belle-Roche, Saint-Martin-du-Tartre, Saint-Martin-sous-Montaigu, Saint-Maurice-des-Champs, Saint-Maurice-de-Satonnay, Saint-Maurice-lès-Couches, Saint-Pierre-de-Varennes, Saint-Sernin-du-Plain, Saint-Vallerin, Saint-Vérand, Saint-Ythaire, La Salle, Salornay-sur-Guye, Sampigny-lès-Maranges, Santilly, Sassangy, Saules, Savigny-sur-Grosne, Sennecey-le-Grand, Senozan, Sercy, Serrières, Sigy-le-Châtel, Sologny, Solutré-Pouilly, Tournus, Uchizy, Vaux-en-Pré, Vergisson, Vers, Verzé, Le Villars, La Vineuse, Vinzelles agus Viré; - Roinn Yonne: Accolay, Asquins, Augy, Auxerre, Beine, Bernouil, Béru, Bleigny-le-Carreau, Chablis, Champvallon, La Chapelle-Vaupelteigne, Charentenay, Chemilly-sur-Serein, Cheney, Chichée, Chitry, Collan, Coulanges-la-Vineuse, Courgis, Cravant, Dannemoine, Dyé, Epineuil, Escolives-Sainte-Camille, Fleys, Fontenay-près-Chablis, Irancy, Joigny, Junay, Jussy, Lignorelles, Ligny-le-Châtel, Maligny, Migé, Molosmes, Mouffy, Poilly-sur-Serein, Préhy, Quenne, Saint-Bris-le-Vineux, Saint-Cyr-les-Colons, Saint-Père, Serrigny, Tharoiseau, Tonnerre, Tronchoy, Val-de-Mercy, Venoy, Vermenton, Vézelay, Vézinnes, Villy, Vincelottes, Viviers agus Volgré.

7.   Cineál nó cineálacha fíonchaor

Aligoté B

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Tá an limistéar geografach suite ar fhánaí atá tiomnaithe go traidisiúnta d’fhás fíniúnacha i ranna Yonne, Côte-d’Or, Saône-et-Loire agus Rhône. Tugtar le chéile sa limistéar grúpa fíonghort atá scartha, a bheag nó a mhór, agus atá scaipthe thar thart ar 250 ciliméadar ón tuaisceart go dtí an deisceart. Tá breis agus 300 bardas sa limistéar. Tá tírdhreach, geolaíocht agus aeráid ar leith dá gcuid féin ag gach ceann de na fíonghoirt. Tá fíonghoirt Yonne agus ‘Châtillonnais’, lastuaidh de ‘Côte d’Or’, plandaithe ar chuaistí imchuach Pháras, ar dhríodar ón tréimhse Iúrasach Dhéanach, cé is moite de ‘Vézelien’, atá plandaithe ar fhoirmíochtaí Iúrasacha Íochtaracha go Iúrasacha Meánacha, agus ‘Jovinien’, atá plandaithe ar fhoirmíochtaí Cailceacha Uachtaracha. Tá na substráití marla den chuid is mó (cré-aolchloch), le lomáin aolchloiche. Níl na fíonghoirt ach ar na fánaí is oscailte ar na cuaistí, feadh na bpríomhghleannta a dtéann uisce an réigiúin isteach iontu, an Yonne agus a craobh-aibhneacha agus an tSéin agus a craobh-aibhneacha. Tá airdí idir 150 agus 300 méadar sa limistéar. Ó Dijon go himeall Lyon, tá na fíonghoirt ar shraith cnoc díreach, gan bhriseadh nach mór, a chomhfhreagraíonn do theorainn thiar mhachaire Bresse, ar struchtúr mór teicteonach é a thit le linn ardú na nAlp. Tá na foshraitheanna dríodrach, cailcreach nó marlach den chuid is mó, ag dul siar go dtí an tréimhse Iúrasach go ginearálta, ach go dtí an tréimhse Thriasach freisin in áiteanna. In Saône-et-Loire den chuid is mó, tá lomáin aonair de bhuncharraig mheiteamorfach nó eibhir ón ré Phailéasóch a chruthaíonn ithreacha aigéadacha chun fíon a tháirgeadh. Cé go mbíonn na cnoic sa chúlchríoch ard uaireanta (650 méadar in Côte-d’Or, 1 000 méadar in ‘Beaujolais’), cuirtear fíniúnacha ag airde idir 250 agus 400 méadar. Tá tírdhreach, geolaíocht, aeráid agus moirfeolaíocht uathúil dá gcuid féin ag gach ceann de na fíonghoirt: - gleannta leathana atá lonnaithe ar phlátaí aolchloiche imchuach Pháras; - stráice tanaí leanúnach atá suite ag an teorainn idir an machaire agus an t-ardchlár le haghaidh ‘la Côte’; - sraith cnoc comhthreomhar ón tuaisceart go dtí an deisceart, ar a dtugtar na ‘chaînons’ (na ‘raonta’) in ‘Mâconnais’. Tá aeráid mhuirí fhionnuar den chuid is mó i limistéar fíonsaothrúcháin na Burgúine. Is saintréith den aeráid sin báisteach mheasartha a thiteann go tráthrialta, gan triomach suntasach ann sa samhradh. Léirítear leis na teochtaí go bhfuil aeráid fhionnuar ann, lena mbaineann meán bliantúil 11 °C. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás roinn Yonne, ach tá sé laghdaithe beagán in oirdheisceart an limistéir gheografaigh mar gheall ar an gcosaint a chuireann cnoic Morvan agus Charolais ar fáil, rud a chruthaíonn éifeacht Foehn, a laghdaíonn taise agus a thugann an teocht os cionn an mheáin réigiúnaigh. Bíonn tionchair ilchríochacha le brath sa chuid thoir den limistéar geografach, lena ngabhann teochtaí réasúnta íseal le linn an gheimhridh, tréimhsí seaca a d’fhéadfadh a bheith fada agus dian agus aimsir an-tirim agus ghrianmhar freisin amach sa séasúr scaití. Bíonn teochtaí arda le brath go sealadach sa samhradh, go háirithe sa chuid ó dheas den limistéar geografach, mar gheall ar thionchair an deiscirt, agus déantar aer te na farraige a threorú, rud is cúis le stoirmeacha samhraidh. Is éard atá sna dáileachtaí talún a roghnaítear le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor gach earnáil a aithnítear go traidisiúnta mar earnáil a oireann don fhíonsaothrúchán. Tá sé níos fabhraí iad a bheith suite ar fhánaí oscailte na bpríomhchnoc chomh maith le bunchnoic, ardchláir fhionnuara agus cúlfhánaí a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh agus siar, ar suíomhanna iad uile ag a bhfuil draenáil optamach mar aon le hithir a théann go maith.

8.2.   Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

Is féidir fás fíniúnacha a rianú siar go dtí tréimhse na nGall-agus na Rómhánach. Faoi na Meánaoiseanna, bhí tábhacht eacnamaíoch ag baint le fíonghoirt ‘Burgundy’ cheana féin agus bhí cáil orthu i bhfad agus i gcéin. Táirgtear fíonta ‘Basse Bourgogne’ (an Bhurgúin Íochtarach) in Auxerre, agus tá cáil ar Côte d’Or agus ar chuid den Côte Châlonnaise mar gheall ar a ‘Vins de Beaune’. Tá eolas maith ar ról na huaisleachta agus an chliarlathais (mainistreacha, deoisí) maidir le clú fhíonta ‘Burgundy’ a fhorbairt. Chuidigh Cluny, Cîteaux, Pontigny, Chapitre de Langres, Chapitre d’Autun agus Ducs de Bourgogne uile ar a mbealach féin le fíonghoirt agus fíonta mór le rá a bhfuil clú maith orthu a chruthú. San 18ú céad, chruthaigh fás mór na trádála fíona cumhacht eacnamaíoch úr. Díoladh fíonta ‘Burgundy’ i gcainníochtaí nach beag i dtuaisceart na Fraince agus na hEorpa, agus go deimhin chuig ilchríocha eile. D’fhorbair fíonsaothrúchán ‘Burgundy’ a fhéiniúlacht féin go mór le linn an 19ú céad. Bhí na hiar-rannáin riaracháin nó na rannáin riaracháin a bhí ann le déanaí (cúigí nó ranna) measctha ar leibhéal eacnamaíoch. Dháil lárionaid uirbeacha, amhail Auxerre, Dijon, Beaune, Chalon-sur-Saône nó Mâcon na fíonta ón réigiún. Bhí baint ag tuaisceart an ‘Beaujolais’ le fíonta Mâcon an tráth sin. Áiríodh ‘Tonnerrois’ agus ‘Châtillonnais’, ar imeall réigiún Champagne, faoin Bhurgúin freisin. Is as ‘Bourgogne Aligoté’ a tháinig táirgeadh ‘vins grands ordinaires’. Bhí ról tábhachtach ag na fíonta sin sa gheilleagar fíona réigiúnach. Sholáthair siad fíonta de cháilíocht idirmheánach don mhargadh áitiúil idir ‘fíonta fíneáilte’ agus táirgeadh laethúil. Sa 19ú céad agus ag tús an 20ú céad, bhí fíonta a rinneadh as cineál Aligoté B éagsúil de réir a chéile ó ‘vins grands ordinaires’ eile. Idir 1919 agus 1930, rialaíodh táirgeadh de réir a chéile le breithiúnais éagsúla, sular aithníodh ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Bourgogne Aligoté’ le foraithne an 31 Iúil 1937. Táirgtear na fíonta ón gcineál Aligoté B, seanchineál na Burgúine ar dócha gur de thionscnamh ‘Hautes Côtes’ é. In 2008, bhí achar thart ar 1 600 heicteár ann sna fíonghoirt agus bhí beagnach 100 000 heictilítear á dtáirgeadh sa bhliain.

8.3.   Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge

Saintréith de na fíonta is ea imireacha glasa glana sa dath agus dea-bholaithe ina bhfuil siollaí aigéadacha den chuid is mó. Tugtar na saintréithe sin amach trí aibiú gearr a tháirgeann fíonta atá le hól agus iad óg de ghnáth. Tá pearsantacht agus fad saoil ag na fíonta ó dháileachtaí talún atá suite ar fhánaí thaobh an chnoic, a bhfuil táirgeacht íseal acu.

8.4.   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Cruthaíonn suíomh thuaidh fhíonghoirt na Burgúine srianta móra a bhaineann leis an aeráid le haghaidh na bhfíniúnacha. Mar gheall air sin, ní dhéantar an plandú ach amháin i suíomhanna níos fabhraí, is iad sin fánaí ag a bhfuil méasaeráid atá níos tirime agus níos teo ná an aeráid réigiúnach i gceist leo, agus ina bhfuil ithreacha dea-dhraenáilte atá in ann fáil réidh le barraíocht uisce, ina bhfuil torthúlacht mhaith agus a théann go tapa. Fíonghoirt atá beartaithe chun fíonta a tháirgeadh ag a bhfuil suíomhanna dhuais an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Bourgogne Aligoté’ atá fabhrach d’úire áirithe a chaomhnú, rud atá riachtanach chun dea-bholaithe fíona thorthaíoch a ól agus é óg. Dá bhrí sin, cuirtear iad ar dháileachtaí talún ina bhfuil ithreacha bunchnoic réasúnta trom, go háirithe in ‘Côte d’Or’, áit a dtáirgeann siad fíonta éadroma bríomhara atá ina gcomhartha sóirt den ‘Bourgogne Aligoté’ úr. Cuirtear ar dháileachtaí ar thaobhanna na gcnoc iad freisin, áit nach bhfuil na hithreacha chomh torthúil céanna agus táirgeann siad fíonta níos casta is féidir a aosú ar feadh 2 bhliain go 3 bliana nó níos mó. Tá fíonghoirt in ‘Hautes Côtes de Nuits’, ‘Hautes Côtes de Beaune’, ‘Côte Châlonnaise’ agus Yonne. Go stairiúil, bhí áit ag fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Bourgogne Aligoté’ acu idir fíonta fíneáilte, atá beartaithe do chustaiméirí saibhre agus lena n-onnmhairiú, agus ‘vins ordinaires’ lena n-ól go háitiúil laethúil. Is sa Fhrainc den chuid is mó a óltar na fíonta agus tá clú na bhfíonta ar ardcháilíocht. Tá clú dearfach agus sách casta orthu. Is iondúil go mbíonn na fíonta éadrom agus briosc agus go mbíonn siad oiriúnach mar ghreadóg. Is féidir béile a phéireáil le roinnt acu in éineacht le fíonta níos méithe agus níos casta. Tá fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Bourgogne Aligoté’ acu fós ina sampla íocónach d’fhíonta na Burgúine. Síneann a gcáil thar theorainneacha réigiúnacha áit a gcuireann siad íomhá de thraidisiún réigiúnach bunaidh in iúl. Bhain siad cáil amach sa réigiún freisin, mar chomhábhar fíor-riachtanach den ghreadóg cháiliúil cuiríní dubha ‘Kir’. Bhí cáil ar an deoch mar gheall ar an gCanónach Félix Kir, méara agus comhalta parlaiminte Dijon ó 1945 go 1967 agus mar gheall ar shaintréith ildaite. A bhuí lena gcáilíochtaí aramatacha, tá meas orthu mar fhíonta geala tirime ar ardchaighdeán astu féin.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is éard atá sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú ar tháirgeadh agus ar fhorbairt na bhfíonta, críoch na mbardas seo a leanas:

Roinn Côte-d’Or: Agencourt, Argilly, Autricourt, Cérilly, Chambœuf, Channay, Châtillon-sur-Seine, Clémencey, Combertault, Corcelles-les-Arts, Curley, Ebaty, Epernay-sous-Gevrey, Etrochey, Flavignerot, Fleurey-sur-Ouche, Gerland, Grancey-sur-Ource, Lantenay, Levernois, Merceuil, Meursanges, Montagny-lès-Beaune, Nicey, Perrigny-lès-Dijon, Prusly-sur-Ource, Quincey, Ruffey-lès-Beaune, Saint-Bernard, Saint-Philibert, Sainte-Colombe-sur-Seine, Sainte-Marie-la-Blanche, Tailly, Velars-sur-Ouche, Vertault, Vignoles, Villebichot agus Villy-le-Moutier;

Roinn na Róine: Alix, Anse, L’Arbresle, Les Ardillats, Arnas, Bagnols, Beaujeu, Belleville, Belmont-d’Azergues, Blacé, Le Bois-d’Oingt, Le Breuil, Bully, Cercié, Chambost-Allières, Chamelet, Charentay, Charnay, Châtillon, Chazay-d’Azergues, Chénas, Chessy, Chiroubles, Cogny, Corcelles-en-Beaujolais, Dareizé, Denicé, Dracé, Emeringes, Fleurie, Frontenas, Gleizé, Jarnioux, Juliénas, Jullié, Lacenas, Lachassagne, Lancié, Lantignié, Légny, Létra, Liergues, Limas, Lozanne, Lucenay, Marchampt, Marcy, Moiré, Montmelas-Saint-Sorlin, Morancé, Nuelles, Odenas, Oingt, Les Olmes, Le Perréon, Pommiers, Pouilly-le-Monial, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Saint-Clément-sur-Valsonne, Saint-Cyr-le-Chatoux, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Georges-de-Reneins, Saint-Germain-sur-l’Arbresle, Saint-Jean-d’Ardières, Saint-Jean-des-Vignes, Saint-Julien, Saint-Just-d’Avray, Saint-Lager, Saint-Laurent-d’Oingt, Saint-Loup, Saint-Romain-de-Popey, Saint-Vérand, Sainte-Paule, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Sarcey, Taponas, Ternand, Theizé, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard, Vernay, Villefranche-sur-Saône, Ville-sur-Jarnioux agus Villié-Morgon;

Roinn Saône-et-Loire: Beaumont-sur-Grosne, Chalon-sur-Saône, Champforgeuil, La Chapelle-de-Bragny, La-Chapelle-de-Guinchay, La Charmée, Châtenoy-le-Royal, Chaudenay, Cluny, Cormatin, Demigny, Donzy-le-Pertuis, Farges-lès-Chalon, Flagy, Granges, Lalheue, La Loyère, Massilly, Messey-sur-Grosne, Pruzilly, Romanèche-Thorins, Saint-Ambreuil, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Germain-les-Buxy, Saint-Gervais-sur-Couches, Saint-Rémy, Saint-Symphorien-d’Ancelles, Saisy, Sancé, Taizé agus Varennes-lès-Macon;

Roinn Yonne: Aigremont, Annay-sur-Serein, Arcy-sur-Cure, Avallon, Bazarnes, Bessy-sur-Cure, Censy, Champlay, Champs-sur-Yonne, Chamvres, Châtel-Gérard, Chevannes, Coulangeron, Cruzy-le-Châtel, Escamps, Gy-l’Evêque, Hery, Island, Jouancy, Lichères-près-Aigremont, Lucy-sur-Cure, Mélisey, Merry-Sec, Môlay, Montigny-la-Resle, Moulins-en-Tonnerois, Nitry, Noyers, Ouanne, Paroy-sur-Tholon, Pasilly, Pierre-Perthuis, Pontigny, Roffey, Rouvray, Sacy, Sainte-Pallaye, Sainte-Vertu, Sarry, Senan, Tissey, Vallan, Venouse, Vézannes, Villeneuve-Saint-Salves, Villiers-sur-Tholon, Vincelles agus Yrouerre.

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

(a)

Féadfar na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’ a chur i ndiaidh ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó é a fhorlíonadh i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha táirgthe a leagtar síos le haghaidh na dtéarmaí sin.

Ní mór d’fhíonta ar a bhfuil na téarmaí ‘primeur’ nó ‘nouveau’ bliain an fhíona a lua ar an lipéad ar a bhfuil an fhaisnéis shainordaitheach uile freisin.

(b)

Féadfaidh ainm aonaid gheografaigh níos lú a bheith le feiceáil ar lipéadú fíonta a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, ar choinníoll:

gur ainm áite sa chlár talún é;

go bhfuil sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Ní mór an logainm mar a liostaítear sa chlár talún a phriontáil i litreacha nach mó, ar airde ná ar leithead, ná leath de mhéid na litreacha lena scríobhtar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-708b9519-983e-44fd-be43-3ff4134b3bb0


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3893/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top