Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026IP0003

P10_TA(2026)0003 — Treoir maidir leis an aistriú cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 le moltaí don Choimisiún ar an treoir maidir leis an aistriú cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan (2025/2131(INL))

IO C, C/2026/3682, 5.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3682/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3682/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3682

5.8.2026

P10_TA(2026)0003

Treoir maidir leis an aistriú cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 le moltaí don Choimisiún ar an treoir maidir leis an aistriú cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan (2025/2131(INL))

(C/2026/3682)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 153 agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,

ag féachaint do Rialacha 47 agus 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint d’Airteagail 4, 9, 46, 149, 151, 153, 162, 164, 174 go 178 agus 349 de CFAE,

ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ (COM(2021)0102),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1) (STA),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (2) (CUAC),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (5),

ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (6),

ag féachaint d’fhaisnéisiú an Mheasúnaithe Breisluacha Eorpaigh ó mhí Mheán Fómhair 2025, dar teideal ‘An Treoir maidir leis an Aistriú Cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan,

ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le cruthú post – an t-aistriú cóir agus infheistíochtaí tionchair,

ag féachaint do rún maidir le haistriú cóir i dtreo geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do chách de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (7),

ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘Much more than a market’, [I bhfad níos mó ná margadh]

ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Tuarascáil maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (‘Tuarascáil Draghi’),

ag féachaint don Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán,

ag féachaint do rún uaithi an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le Ról an bheartais chomhtháthaithe chun tacú leis an aistriú cóir,

ag féachaint don Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta ó 2022,

ag féachaint don Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta ó 2022 agus do na príomhtheachtaireachtaí ó EMCO agus SPC maidir lena chur chun feidhme,

ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le hEoraip shóisialta láidir d’Aistrithe Córa,

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2025 ar an soláthar poiblí,

ag féachaint do na treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024–2029,

ag féachaint do theachtaireacht an 26 Feabhra 2025 ón gCoimisiún i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (COM(2025)0085),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún ó mhí Iúil 2025 dar teideal Creat le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (C/2025/3602),

ag féachaint do Dhearbhú La Hulpe maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an 16 Aibreán 2024,

ag féachaint don Tuairim ó Choiste Fostaíochta (EMCO) Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 6 Meitheamh 2025 maidir leis na gnéithe de cháilíocht poist,

ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le I dtreo togra reachtach um aistriú cóir agus uirlisí beartais AE lena gcumasaítear Comhaontú Glas don Eoraip níos sóisialta an 4 Nollaig 2024,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0261/2025),

A.

de bhrí go bhfuil éifeacht mhór chlaochlaitheach ag na haistrithe glasa agus digiteacha ar gheilleagair, sochaithe, réigiúin agus ionaid oibre na hEorpa ar bhealaí éagsúla, lena n-éilítear bearta cuimsitheacha beartais shóisialta agus fostaíochta chun drochthionchair a chosc agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach aistriú éifeachtach chuig geilleagar aeráidneodrach agus digitithe agus laghdú ar spleáchais soláthair fuinnimh a áirithiú d’inbhuanaitheacht, d’fhás agus d’iomaíochas na hEorpa; de bhrí go mbeidh rath deiridh an dá aistriú ag brath go mór ar a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach d’oibrithe, do ghnólachtaí agus do réigiúin agus go rannchuideoidh sé leis an gceartas sóisialta do chách, agus béim ar leith á leagan ar na daoine is leochailí, chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár; de bhrí go bhféadfadh tairbhí 261 bhilliún euro in aghaidh na bliana a bheith mar thoradh ar aistriú cóir amháin, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta agus ar éagothromaíochtaí réigiúnacha (8); de bhrí go mbeidh conairí gach réigiúin dá ndéantar difear éagsúil, bunaithe ar a réaltachtaí eacnamaíocha agus sóisialta;

B.

de bhrí go bhfuil éifeachtaí an dá aistriú ar an bhfostaíocht neamhshiméadrach ar fud an Aontais agus go bhfuil éagsúlacht mhór sa tionchar socheacnamaíoch ar fud réigiúin éagsúla; de bhrí go dtagann dúshlán spásúil chun cinn, ós rud é go bhféadfaí poist sa gheilleagar nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch a chruthú i réigiúin éagsúla seachas na réigiúin sin a bhfuil caillteanais post acu;

C.

de bhrí nach mór na haistrithe a bhainistiú ar bhealach chun cuimsiú sóisialta a áirithiú, chun bochtaineacht agus neamhionannais a laghdú, agus chun an acmhainneacht a thapú chun poist ardcháilíochta a chruthú, chun daonlathas ag an obair a chothú, chun cearta oibrithe a chosaint agus chun caighdeáin saothair a ardú ar fud na n-earnálacha lena mbaineann;

D.

de bhrí go bhfuil margaí saothair an Aontais fós deighilte ó thaobh críche de agus de bhrí go léiríonn conarthaí cáilíochta poist agus fostaíochta méadú ar fhoirmeacha neamhchaighdeánacha, go háirithe i measc na hóige;

E.

de bhrí gur cheart go dtacódh bainistiú an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de ní hamháin le haistrithe chuig poist nua ardcháilíochta in earnálacha atá ag teacht chun cinn ach freisin le poist agus earnálacha atá ann cheana a choinneáil agus a oiriúnú do thionscail agus teicneolaíochtaí níos inbhuanaithe agus níos glaine do dhaoine, go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí i gcríocha a bhfuil níos mó tionchair orthu; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach díriú go háirithe ar réigiúin agus ar thionscail atá ag brath ar bhreoslaí iontaise ós rud é go gcaithfear iad sin a athdhearadh chun gealltanais aeráide an Aontais a chomhlíonadh; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go dtacófar le gach duine, lena n-áirítear oibrithe agus cuardaitheoirí poist, aistrithe a bhainistiú chun tuiscint agus glacadh agus éifeachtacht spriocanna straitéis fhadtéarmach 2050 a chothú; de bhrí, mar a léirítear le taighde Eurofound (9), go bhfuil rannpháirtíocht leathan na sochaí sibhialta, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-údarás poiblí sa phróiseas aistrithe ríthábhachtach chun na torthaí ó ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ó acmhainní eacnamaíocha a áirithiú agus a dháileadh go cothrom, chomh maith le dul i ngleic le coinbhleachtaí;

F.

de bhrí go n-éilíonn claochlú eacnamaíoch na hEorpa fócas láidir ar iomaíochas agus ar fhás; de bhrí nach mór na dálaí cearta a thabhairt d’fhiontraithe agus do chruthaitheoirí post chun infheistíocht agus leathnú a dhéanamh, agus go bhfuil sé ríthábhachtach úsáid éifeachtúil cistí a áirithiú chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh saoránaigh, i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, rannpháirteach in aistriú cóir lena ndéantar an t-iomaíochas a chothromú leis an dlúthpháirtíocht agus go dtacóidh siad leis an aistriú sin, agus gur féidir leo a bheith muiníneach go ndéanfar a bpost, a n-ioncam agus a modh maireachtála a choimirciú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár;

G.

de bhrí, cé go bhfuil sé d’aidhm ag roinnt tionscnamh tábhachtach reachtach agus neamhreachtach de chuid an Aontais aghaidh a thabhairt ar thionchair an dá aistriú (go háirithe, an Sásra um Aistriú Cóir, CUAC, CED, Aontas na Scileanna, an Ciste Aeráide Sóisialta, CSE+ agus STA) agus gur féidir leo cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na tionchair sin agus feabhas a chur ar an iomaíochas, go bhfuil bearnaí fós sa chreat reachtach agus beartais a mhéid a bhaineann le suaitheadh san ionad oibre, cearta oibrithe, cosaint shóisialta, idirphlé sóisialta agus deiseanna oideachais agus oiliúna; de bhrí nach féidir ach le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais fíor-bhreisluach agus cóineasú sóisialta aníos comhthráthach a áirithiú chun an gealltanas ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a fhíorú, agus samhlacha agus traidisiúin náisiúnta mhargadh an tsaothair á gcur san áireamh ag an am céanna;

H.

de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi ganntanais leanúnacha scileanna mar bhacainn ar nuálaíocht, ar ghlacadh teicneolaíochta agus ar iarrachtaí dícharbónaithe, rud a chuireann bac ar an bhfás agus ar an iomaíochas; de bhrí go dtuairiscíonn beagnach ceithre as gach cúig ghnólacht bheaga agus mheánmhéide san Aontas deacrachtaí maidir le hoibrithe a bhfuil an tacar scileanna ceart acu a aimsiú; de bhrí go bhfuil meath ar chórais oideachais agus oiliúna, go háirithe oideachas agus oiliúint aosach, ag mainneachtain an lucht saothair a ullmhú don dá aistriú; de bhrí nach leor fós rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach toisc nach dtéann ach 39,5 % de dhaoine fásta i mbun oiliúna gach bliain (10), i bhfad faoi bhun sprioc 2030 de 60 % ar a laghad agus go mbeadh ar thart ar 50 milliún oibrí breise oiliúint a fháil chun í a bhaint amach (11);

I.

de bhrí, trí infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt ardscileanna, gur féidir leis an Aontas fáinne óir de tháirgiúlacht mhéadaithe, pá níos airde, agus comhionannas eacnamaíoch níos fearr a chothú; de bhrí go bhféadfadh uas-sciliú nó athsciliú a bheith ag teastáil ó bheagnach 50 % de dhaoine fásta (12); de bhrí go mbeidh ar a laghad 145 000 oibrí oilte ag teastáil ó earnáil fuinnimh an Aontais amháin faoi 2030 (13); de bhrí go bhfuil an teicneolaíocht ghlan ar cheann de na nithe is cúis leis an rathúnas eacnamaíoch san Eoraip, rud a chuireann le 30 % d’fhás an Aontais agus a chruthaíonn na milliúin post in 2023 amháin (14);

J.

de bhrí gur cheart go gcruthódh straitéisí na hEorpa maidir le scileanna, iomaíochas agus infheistíocht deiseanna do chuideachtaí móra agus do FBManna araon, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar riachtanais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; de bhrí go bhfuil beartais lena dtreisítear an acmhainneacht thionsclaíoch, lena spreagtar fiontraíocht agus lena dtógtar lucht saothair ag a bhfuil scileanna atá curtha in oiriúint do réaltachtaí áitiúla bunriachtanach chun a áirithiú gur féidir le gach Eorpach tairbhe a bhaint as fás agus nuálaíocht;

K.

de bhrí gur réamhriachtanas iad córais leasa agus cosanta sóisialta arna gcistiú go leormhaith chun aistriú cothrom agus cóir i dtreo na haeráidneodrachta agus an chlaochlaithe dhigitigh a áirithiú; de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil Draghi freisin ar an ngá le háirithiú go mbeidh fás táirgiúlachta agus cuimsiú sóisialta fite fuaite ina chéile, agus a ríthábhachtachaí atá córais leasa na mBallstát chun seirbhísí poiblí láidre, cosaint shóisialta, tithíocht, iompar agus cúram leanaí a sholáthar le linn an aistrithe; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag poist ardcháilíochta, dálaí oibre cuibhiúla, rochtain ar chosaint shóisialta, idirphlé sóisialta agus cómhargáil chun an lucht saothair a mhealladh agus a choinneáil agus go bhfuil siad tábhachtach d’iomaíochas an Aontais agus do dhaonlathas an ionaid oibre;

L.

de bhrí, de réir na tuarascála ón gCoimisiún maidir le Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2024 (ESDE 2024) (15), go gcuirtear srianta ar rannpháirtíocht san oideachas aosach agus san oiliúint aosach i leith bacainní amhail easpa riachtanais a mheastar a bheith ann, soláthar neamhleor nó deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar oiliúint ábhartha ardcháilíochta, coinbhleachtaí sceidil, freagrachtaí teaghlaigh a chothromú agus srianta airgeadais; de bhrí go n-iarrtar i dtuarascáil Draghi ar an Aontas a áirithiú go mbeidh an ceart chun oideachais agus athoiliúna ag gach oibrí, rud a chuirfidh ar a gcumas dul i mbun róil nua de réir mar a ghlacann a gcuideachtaí teicneolaíocht, nó i bpoist ardcháilíochta in earnálacha nua (16);

M.

de bhrí gur príomhchumasóir d’iomaíochas, d’athléimneacht shóisialta agus do chothroime na hEorpa, d’uathriail straitéiseach, d’infheistíocht agus do chruthú inbhuanaithe post é meascán comhtháite beartais lena gcomhcheanglaítear oideachas agus forbairt scileanna, beartas airgeadais agus tionsclaíoch; de bhrí go n-éilíonn an t-aistriú glas agus digiteach infheistíochtaí suntasacha in athsciliú, uas-sciliú, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil chun na scileanna teicniúla a bhaineann go sonrach le gach gairm agus na croíscileanna boga is gá a thabhairt d’oibrithe; de bhrí go bhféadfadh bacainní níos mó a bheith roimh oibrithe scothaosta, oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe baineanna maidir le ‘uas-sciliú’ agus maidir le dul in iomaíocht le haghaidh poist nua; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, dlúthnasc a bheith idir iarrachtaí oideachais agus oiliúna agus beartais um aistriú cóir; de bhrí go mbeidh tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar oibrithe agus ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste chun a áirithiú nach bhfágfar ar lár iad;

N.

de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí eacnamaíocha tábhachtacha fós ann idir Ballstáit agus réigiúin an Aontais, agus go bhfuil difríochtaí móra ann ó thaobh OTI de ó 2012 i leith, atá nasctha le sciar na tionsclaíochta sa ghníomhaíocht eacnamaíoch;

O.

de bhrí go meastar i dtuarascáil Letta gur dhá thaobh den bhonn céanna iad an tsaoirse gluaiseachta agus an ‘saoirse fanachta’ agus nach mór iad a fhorbairt le chéile; de bhrí go meastar i dtuarascáil Letta gur cheart saoirse gluaiseachta a bheith ina saor-rogha, seachas ina riachtanas chun an easpa post i roinnt réigiún a chúiteamh; de bhrí go leagtar béim sa tuarascáil ar an ngá atá le deiseanna a chur ar fáil do shaoránaigh i ngach réigiún, go háirithe i gceantair thuaithe, lena n-áirítear an gá atá le poist ardcháilíochta, agus an gá atá le dul i ngleic le neamhionannais laistigh de thíortha agus eatarthu (17); de bhrí go bhféadfadh an t-aistriú glas, mura ndéantar é a dhearadh agus a thacú go leormhaith, difear díréireach níos mó (18) a dhéanamh do réigiúin leochaileacha in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa ó thaobh rioscaí dífhostaíochta agus caillteanas post de; de bhrí go gcuireann críocha atá spleách ar ghual sraith leochaileachta bhreise le rátaí fostaíochta 10-15 % faoi bhun mheán an Aontais (19);

P.

de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfear chun cinn leis an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán bearta a thacaíonn leis na Ballstáit agus le tionscail dálaí oibre cuibhiúla agus rochtain ar oiliúint a sholáthar, ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta ag an obair a leagan síos, aistrithe cothroma post a áirithiú d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe go háirithe agus cómhargáil, d’fhonn tallann a mhealladh agus rannchuidiú le hiomaíochas thionscail na hEorpa; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go bhfuiltear ag dréim leis go bpléifidh an Coimisiún creat le comhpháirtithe sóisialta chun tacú le próisis athstruchtúraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; de bhrí go mbeidh an creat sin dírithe ar aistriú cóir, ar réamhaíocht ar athrú, ar luath-idirghabháil nuair a bhíonn bagairt athstruchtúraithe ann, agus ar fhaisnéis agus comhairliúchán feabhsaithe;

Q.

de bhrí gur gá acmhainneacht riaracháin agus theicniúil na ngeallsealbhóirí áitiúla a bhfuil baint acu le dearadh agus cur chun feidhme an Aistrithe Chóir a neartú; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha fós roimh na Ballstáit maidir le cistí an Aontais a bhainistiú agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal áitiúil agus maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchair éagsúla na mbeartas aeráide; de bhrí go raibh cur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir mall, mar a léirítear leis an ráta íocaíochta 32,2 % faoi dheireadh 2024 (20); de bhrí nach bhfuil líon na bpost a chruthaítear le CUAC ar an mbóthar ceart chun líon na bpost a thuartar a chaillfear a chumhdach de réir mar a aistríonn tionscail atá dian ar charbón chuig teicneolaíochtaí níos glaine; de bhrí gurb iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa agus go gcruthaíonn siad sciar mór de phoist bhuana áitiúla; de bhrí go bhfuil gá le forálacha sonracha do FBManna chun a ról san Aistriú Cóir a neartú;

1.

á thabhairt chun suntais go mbeidh ról tábhachtach ag an aistriú rathúil chuig foinsí fuinnimh níos inbhuanaithe, agus chuig tionscail nuachóirithe agus chuig geilleagar níos digitithe in iomaíochas fadtéarmach ghnólachtaí an Aontais ar an margadh domhanda agus nach mór go gcruthófaí poist dea-cháilíochta san Aontas mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh gnólachtaí agus oibrithe breá ábalta leas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an aistriú chuig réitigh nua agus nuálacha agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá obair chuibhiúil agus poist chuibhiúla a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna, atá fíor-riachtanach chun dul chun cinn sóisialta agus glacadh leis an aistriú a áirithiú; á chreidiúint go bhfuil creat reachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le haistriú cóir san ionad oibre bunriachtanach chun íoschaighdeáin leormhaithe a áirithiú lena soláthraítear soiléireacht agus struchtúr d’oibrithe agus d’fhostóirí araon maidir le hathrú a thuar agus a bhainistiú agus, ar deireadh, feabhas a chur ar athléimneacht, iomaíochas agus cóineasú sóisialta aníos an Aontais agus ceartas sóisialta; á chur i bhfáth gur féidir le réigiúin tacú leis an aistriú cóir trí chosaint shóisialta, éagsúlú eacnamaíoch agus comhordú críochach a chomhcheangal chun tionchair dhiúltacha a laghdú, geilleagair áitiúla a neartú agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn;

2.

á thabhairt chun suntais go dtéann tionchar an dícharbónaithe ar an bhfostaíocht níos faide ná laghduithe in earnálacha na mbreoslaí iontaise agus go mbeidh tionchar níos leithne aige ó thaobh athshainiú poist agus aistriú foriomlán i margadh an tsaothair; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur fógraíodh Gníomh um Poist Dea-cháilíochta agus é mar aidhm leis a áirithiú go gcoinneoidh cleachtais fostaíochta suas le forbairtí sa gheilleagar nua-aimseartha; á chur i bhfáth gur gá go n-áireofaí leis an nGníomh sin mar aon leis an nuashonrú atá le tarlú ar Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an Treochlár nua um Poist Dea-cháilíochta sraith beart nithiúil lena gcuirfear feabhas follasach ar dhálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht, daonlathas ag an obair, cumhdach cómhargála agus oiliúint agus scileanna oibrithe agus daoine féinfhostaithe, chomh maith le forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht an Aontais maidir le fostaíocht agus beartas sóisialta a áirithiú; á chur i bhfáth go dtugtar deis leis na bearta sin freisin chun tacú le fostóirí an Aontais, go háirithe FBManna, a n-iomaíochas a choinneáil agus a fheabhsú trí chreat soiléir a chur ar fáil, lena n-áirítear treoir phraiticiúil agus uirlisí tacaíochta chun athrú a thuar agus a bhainistiú i gcomhpháirtíocht le hoibrithe agus chun infheistíocht a dhéanamh i ngairmoideachas agus gairmoiliúint (VET), in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair a chuireann bac ar tháirgiúlacht agus fás agus ar ionchais amach anseo d’oibrithe;

3.

á chur i bhfáth nach mór an digitiú a chur chun feidhme ar bhealach duinelárnach, lena gcuirtear cosc ar fhaireachas iomarcach ar oibrithe agus lena n-áirithítear an ceart chun dícheangail, chomh maith le socruithe cothroma maidir le ham oibre.

4.

á thabhairt chun suntais go bhfuil réamhaíocht agus bainistiú an athraithe ríthábhachtach d’fhostóirí agus oibrithe araon, agus d’údaráis agus pobail réigiúnacha agus áitiúla chun an t-aistriú glas agus digiteach a stiúradh go rathúil agus chun déileáil go héifeachtach leis na dúshláin eacnamaíocha a eascraíonn as teagmhais dhíobhálacha gheopholaitiúla agus chun deiseanna a dhéanamh díobh sin; á chur i bhfáth gur féidir le pleanáil chun cinn don aistriú iomarcaíochtaí a chosc go réamhghníomhach agus cruthú post a bheith mar thoradh uirthi, athléimneacht fhadtéarmach a chothú i ngnó agus an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn pleananna den sórt sin cinntí ar dócha go mbeidh athruithe suntasacha ar eagrú na hoibre mar thoradh orthu agus, dá bhrí sin, nach mór iad a fhorbairt i gcomhpháirtíocht fhorleathan faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta agus na cómhargála, agus lánurraim á tabhairt don cheart chun faisnéise agus comhairliúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme iomlán an chreata a leagtar amach i dTreoir 2002/14/CE agus an cur chun feidhme sin a fhorfheidhmiú; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit idirphlé sóisialta a chumasú ar na leibhéil ábhartha chun aistrithe ó phost go post a éascú, go háirithe i gcás gairmeacha a d’fhéadfadh deireadh teacht leo nó a d’fhéadfaí a laghdú go suntasach; ag meabhrú na n-uirlisí luathrabhaidh dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/1023 agus á chreidiúint go n-áiritheofaí brath agus freagairt níos fearr ar athruithe atá ar na bacáin in oibríochtaí gnólachtaí dá ndéanfaí uirlisí den sórt sin a oiriúnú chun imthosca atá ábhartha don dá aistriú a áireamh freisin; á chur i bhfáth gur gá dreasachtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí chun a bpleananna aistrithe féin a bhunú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do gheallsealbhóirí agus don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach ó na céimeanna is luaithe den phleanáil aistrithe, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht fhóinteach seachas comhairliúchán ag céim dhéanach;

5.

á thabhairt chun suntais nach féidir an ganntanas oibrithe oilte a laghdú go fóinteach ach amháin trí aghaidh a thabhairt ar infhaighteacht agus inrochtaineacht oideachais, (ath)cháilíochta agus deiseanna oiliúna, agus trí dhálaí oibre a fheabhsú; á chur i bhfáth a bhunriachtanaí atá idirphlé sóisialta idir oibrithe agus fostóirí maidir le módúlachtaí na ndeiseanna oiliúna atá ailínithe le riachtanais mhargadh an tsaothair agus a urramaíonn an chothromaíocht oibre is saoil, agus gur cheart an t-idirphlé sin a éascú (21); á chreidiúint go láidir, le ceart aonair chun oiliúna d’oibrithe le linn uaireanta oibre, ceart lena dtugtar aghaidh ar na príomhbhacainní ar oiliúint a shaothrú, gur féidir uas-sciliú nó athsciliú dea-cháilíochta, oiliúint fostaithe agus tacaíocht forbartha gairme a áirithiú le haghaidh soláthar intuartha agus cobhsaí oibrithe oilte d’fhostóirí; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis an mbacainn chostais trína áirithiú go mbeidh oiliúint saor ó chostas d’oibrithe, agus go mbeidh tacaíocht ann trí bhíthin cistiú, dreasachtaí cánach agus comhpháirtíochtaí; á chur i bhfáth go bhfuil institiúidí náisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta freagrach as oiliúint a chur ar fhostaithe agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach acu i gcur chun feidhme an chirt chun oiliúna; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do scéimeanna oiliúna arna bhforbairt go comhpháirteach ag oibrithe agus ag a bhfostóirí agus na scéimeanna sin a chur chun cinn, lena n-áiritheofar go bhfreagróidh uas-sciliú agus athsciliú don fhíoréileamh agus go rannchuideoidh siad le dul chun cinn gairme;

6.

á chur i bhfios go láidir gur gá rannpháirt fhóinteach a thabhairt do dhaoine óga i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na mbeartas a bhaineann le haistriú cothrom agus cóir; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí neartaithe chun an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go ndéanfaidh na Ballstáit cur in áirithe a mhéadú chun 15 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus athchóirithe struchtúracha lena dtacaítear le fostaíocht dea-cháilíochta don aos óg, le gairmoideachas agus gairmoiliúint – go háirithe trí thréimhsí oiliúna agus printíseachtaí dea-cháilíochta ar íocaíocht – agus lena n-éascaítear aistrithe ón scoil go dtí an obair, athimeascadh san oideachas nó san oiliúint, agus oideachas an dara deis;

7.

á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit, le rannpháirtíocht na réigiún, tacú le gnólachtaí agus le hoibrithe trí straitéisí agus beartais aistrithe a fhorbairt le haghaidh aistriú cóir ar an leibhéal náisiúnta atá saincheaptha do shainiúlachtaí áitiúla; á thabhairt chun suntais gur cheart do na straitéisí náisiúnta sin tionchar na n-aistrithe ar réigiúin, ar earnálacha aonair agus ar an lucht saothair faoi seach a shainaithint agus gur cheart plean cuimsitheach agus trasearnálach a leagan amach iontu chun an tionchar a mhaolú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé fís fhadtéarmach agus straitéis fhadtéarmach a fhorbairt don aistriú eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach trí rannpháirt a thabhairt do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha, don tsochaí shibhialta agus don gheilleagar sóisialta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí díreacha sa nuálaíocht agus le tarraingteacht réigiúnach a fheabhsú trí bhonneagar, seirbhísí poiblí agus áiseanna atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana a uasghrádú agus a chur ar fáil chun oibrithe a choinneáil agus poist dea-cháilíochta a chruthú;

8.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach inmharthanacht eacnamaíoch chuideachtaí tionsclaíocha na hEorpa a chur chun cinn agus, a mhéid is féidir, dúnadh agus iomarcaíochtaí éigeantacha a chosc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le fiontair, go háirithe FBManna, chun iomarcaíochtaí éigeantacha a chosc, amhail trí chláir thacaíochta sealadaí chun fostaíocht a chosaint le linn aistrithe, agus chun cailliúint acmhainneachta tionsclaíche straitéisí agus cailliúint lucht saothair oilte a sheachaint; ag tabhairt dá haire, i gcás ina bhfuil gá le haistriú ó phost go post, go bhfuil sé ríthábhachtach oibrithe a choinneáil sa réigiún céanna agus am leordhóthanach a thabhairt dóibh le haghaidh ationtú agus caillteanais airgeadais phearsanta a theorannú ag an am céanna; á éileamh go ndéanfaí cosaint níos láidre ar dhífhostú éagórach agus á iarraidh go n-áiritheofaí rochtain ar chúiteamh leormhaith, ar dheiseanna athoiliúna agus ar thacaíocht chun fostaíocht nua a fháil d’oibrithe a ndéanann an t-athstruchtúrú difear dóibh;

9.

á chur i bhfáth go léirítear i réamh-mheastacháin réigiúnacha de chuid Eurostat laghdú leanúnach ar an daonra in aois oibre ar fud go leor críoch le linn na 2020idí agus na 2030idí, go háirithe i réigiúin atá buailte cheana féin ag an aosú agus ag an tsoghluaisteacht gheografach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go lagóidh treochtaí den sórt sin an soláthar saothair, agus, dá réir sin, go gcuirfidh siad an fhorbairt fhadtéarmach i mbaol, tráth a mbeidh oibrithe oilte bunriachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ‘ceart fanachta’ na ndaoine ina réigiúin nó ina gceantair áitiúla agus ar an ngá atá le straitéisí spriocdhírithe do cheantair thuaithe agus fhorimeallacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le beartais áitbhunaithe lena gcruthaítear deiseanna eacnamaíocha do dhaoine agus do chuideachtaí araon i réigiúin thuaithe, lena mealltar infheistíocht phríobháideach, agus lena ngintear poist áitiúla; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis na straitéisí sin chun deiseanna eacnamaíocha a neartú i gceantair thuaithe, chun tacú le cruthú post dea-cháilíochta, leis an nuálaíocht, le hathnuachan thionsclaíoch áitiúil agus, ar deireadh, chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh a dtodhchaí a thógáil ina bpobail;

10.

á mheabhrú gurb iad FBManna na príomhghineadóirí d’fhostaíocht áitiúil mharthanach; á chur i bhfáth gur gá rochtain shimplithe, chomhréireach agus fabhrach a éascú do FBManna ar chistiú aistrithe, lena n-áirítear trí shocruithe braislithe a lamháil maidir le rochtain a fháil ar chistí agus maidir le oibleagáidí tuairiscithe, ar ionaid ilfhreastail dhigiteacha agus ar chúnamh teicniúil éigeantach chun dearadh agus comhlíonadh tionscadal a threorú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha cláir tacaíochta gnó a bhunú agus a neartú sna réigiúin atá buailte chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna fás agus rath a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur féidir le dreasachtaí infheistíochta in éineacht le coinníollachtaí sóisialta cabhrú le gnólachtaí a mhealladh chuig réigiúin leochaileacha agus forbairt inbhuanaithe an gheilleagair áitiúil á háirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá cabhrú le cuideachtaí, go háirithe FBManna, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna san Aontas agus athsciliú agus uas-sciliú a chur chun cinn, rud a chuideoidh le daoine na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist dea-cháilíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht thiomnaithe a áirithiú do FBManna faoin maoiniú um aistriú cóir a bheidh ann amach anseo; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún Eorpach taifead a choinneáil ar rannpháirtíocht FBManna i gcláir um aistriú cóir;

11.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngeilleagar sóisialta, go háirithe fiontair shóisialta lánpháirtíochta oibre, maidir le haistrithe cuimsitheacha agus cothroma a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht i dtaobh rochtain a fháil ar chistiú, ar fhothú acmhainneachta agus ar chúnamh teicniúil;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí ar mhórscála agus ar mhionscála araon a éascú agus beartais a cheapadh lena gcuirfear deiseanna eacnamaíocha ar fáil don earnáil phríobháideach, go háirithe do FBManna, tríd an ualach riaracháin a laghdú, trí cheanglais chómhaoinithe a ísliú agus trí rochtain ar chistiú a shimpliú agus cearta cosanta oibrithe agus tomhaltóirí á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go bhfuil infheistíocht den sórt sin bunriachtanach chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú, chun poist dea-cháilíochta a chruthú, agus chun lucht saothair oilte atá curtha in oiriúint do réaltachtaí áitiúla, acmhainní áitiúla agus riachtanais shonracha áitiúla a áirithiú, ar mhaithe le leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht réigiúnach agus iomaíochas, fás inbhuanaithe agus cruthú luacha fadtéarmach a spreagadh; á chur i bhfáth go bhfuil fiontraithe agus cuideachtaí beaga lárnach don infheistíocht, don nuálaíocht agus do chruthú post, go háirithe i réigiúin thuaithe agus i réigiúin bheagfhorbartha, agus nach mór ionuithe cistiúcháin agus cúnamh teicniúil a chur in oiriúint dá riachtanais chun leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht sa gheilleagar glas agus digiteach agus chun fás inbhuanaithe agus cruthú luacha fadtéarmach a spreagadh;

13.

ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa sonraí díchomhiomlánaithe cruinne ann maidir le líon na bpost a cailleadh, a cruthaíodh nó a raibh tionchar ag an dá aistriú orthu; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athruithe i margadh an tsaothair agus treochtaí i riachtanais scileanna a thuar le haghaidh beartas éifeachtach agus freagairtí tráthúla; á chur i bhfáth gur gá dea-chleachtais a shainaithint, a mhalartú agus a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí bailiú sonraí ábhartha a chomhdhlúthú agus anailís a dhéanamh ar thionchar na mbeartas aistrithe; á chur i bhfáth gur cheart táscairí bochtaineachta fuinnimh agus iompair a chomhtháthú go córasach i struchtúir faireacháin um aistriú cóir chun a áirithiú go ndíreofar cistiú agus bearta cruthaithe post ar theaghlaigh leochaileacha ar dtús;

14.

ag spreagadh scéimeanna athchóirithe ar leibhéal an phobail lena ndéantar comharsanachtaí nó sráidbhailte a chumhdach, costais a laghdú, comhtháthú a neartú, agus dlús a chur leis an aistriú.

15.

á chur in iúl gur oth léi nach n-áirítear sa togra le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034 ionstraim neamhspleách chun aghaidh a thabhairt ar an Aistriú Cóir; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá fós le cistiú tiomnaithe chun tacú leis na réigiúin atá buailte aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an Aistriú Glas; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh Ciste um Aistriú Cóir leathnaithe agus méadaithe ann don chlárthréimhse tar éis 2027, lena n-áiritheofar go n-oibreoidh sé faoi phrionsabail na bainistíochta comhroinnte agus na comhpháirtíochta faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe agus go mbeidh buiséad méadaithe aige; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh an Ciste nua le fostóirí ceart na n-oibrithe chun oiliúna a chur ar fáil chomh maith le pleananna aistrithe a chur i bhfeidhm ar leibhéal na bhfiontar; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an oiliúint ar ardchaighdeán, ailínithe le riachtanais mhargadh an tsaothair, agus go mbeadh cáilíochtaí agus dintiúir mar thoradh uirthi a bhailíochtaítear trí chórais deimhniúcháin thrédhearcacha agus shoiléire lena lamháiltear aitheantas frithpháirteach idir na Ballstáit; ag tathant go n-áireofaí coinníollachtaí sóisialta sa chistiú aistrithe chun tacú leis an gcuimsiú;

16.

á mheabhrú, in ainneoin a uaillmhianta claochlaitheacha, go raibh dúshláin shuntasacha roimh CUAC maidir lena chuspóirí a bhaint amach, go háirithe maidir le torthaí cothroma a áirithiú agus rochtain ar an gciste a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (22); á iarraidh go mbeadh rochtain shimplithe ar an gCiste um Aistriú Cóir do FBManna trí chúnamh teicniúil a sholáthar agus ualaí riaracháin a laghdú;

17.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá forbairt scileanna digiteacha d’oibrithe ar an mbunleibhéal agus ar an ardleibhéal araon; á chur i bhfios go láidir gur gá litearthacht dhigiteach bhunriachtanach, feasacht sonraí agus úsáid shábháilte uirlisí ar líne a thabhairt do shaoránaigh chun go leanfaidh siad de bheith infhostaithe agus inoiriúnaithe, agus inniúlachtaí níos forbartha á gcothú ag an am céanna;

18.

á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí oideachais agus oiliúna ábharthacht a n-oiliúna a fheabhsú chun freastal ar riachtanais iomaíocha mhargadh an tsaothair agus foghlaimeoirí, oiliúnóirí agus múinteoirí a bhfuil an t-eolas agus na scileanna ábhartha acu a ullmhú le bheith ina ngníomhaithe gníomhacha don athrú in aistriú cóir i dtreo geilleagair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus i dtreo sochaí do chách; ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann oiliúint éifeachtach ar infhaighteacht múinteoirí agus oiliúnóirí a bhfuil an t-eolas reatha acu ar an ngeilleagar inbhuanaithe agus glas, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar theicneolaíochtaí glasa agus digiteacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil a ról ríthábhachtach maidir leis na scileanna agus na hinniúlachtaí cearta a chur chun cinn do ghlúnta níos óige agus níos sine oibrithe araon agus maidir le hoiliúint iomchuí athscilithe agus uas-scilithe do na daoine a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh; á chur i bhfáth gur cheart, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt d’oideachas agus d’oiliúint na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí sin in aon straitéis freagartha scileanna ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

19.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht dhíreach phoiblí agus phríobháideach i mbonneagar glan, i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite agus i ngníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh chun geilleagair áitiúla a athbheochan agus chun rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú; á thabhairt chun suntais gur gá sócmhainní réigiúnacha a ghiaráil trí infheistíocht a dhéanamh in earnálacha ina bhfuil láidreachtaí nó buntáistí comparáideacha ag réigiúin cheana féin; á chreidiúint gur féidir le speisialtóireacht réigiúnach a bheith mar bhonn do bhraislí tionsclaíocha glasa; á thabhairt chun suntais gur féidir samhlacha gnó inbhuanaithe nua a spreagadh trí thacú le taighde agus nuálaíocht agus trí chomhar idir ollscoileanna agus gnólachtaí a spreagadh;

20.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le meascán comhtháite comhleanúnach beartais chun cuspóirí an aistrithe chóir a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas bearta aeráide agus tionsclaíocha chun cuspóirí cuimsithe, cosanta sóisialta agus scileanna a chur san áireamh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-úsáidfear cistí Eorpacha agus náisiúnta chun an t-aistriú glas agus digiteach a éascú, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus cómhargáil a chur chun cinn; ag iarraidh go ndéanfaí maoiniú AE agus cúnamh Stáit ó na Ballstáit a ailíniú le beartas tionsclaíoch Eorpach, chun poist ardchaighdeáin a thairiscint, chun cómhargáil a chur chun cinn, chun cearta agus caighdeáin saothair AE a urramú, chun iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a fheabhsú, agus dálaí oibre feabhsaithe a áirithiú;

21.

á iarraidh ar na Ballstáit cistiú leordhóthanach a áirithiú do scileanna ar ardchaighdeán agus do chláir ghairmoiliúna mar infheistíocht fhadtéarmach i dtáirgiúlacht, i bhfás agus in iomaíochas oibrithe agus gnólachtaí; á iarraidh ar na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, ionstraimí an Aontais atá ann cheana a ghiaráil go straitéiseach chun Aontas na Scileanna a chur chun feidhme, go háirithe an Ráthaíocht Scileanna; á iarraidh ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ioncam ón Scéim Trádála Astaíochtaí náisiúnta chun oiliúint a chur ar oibrithe agus chun saothar athdháileadh go háirithe d’oibrithe i réigiúin ar mór a lorg carbóin; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh agus treoir a eisiúint maidir leis an gcaoi ar féidir le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha idir na Ballstáit agus fiontair oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe a chistiú, go háirithe an ceart chun oiliúna d’oibrithe aonair;

22.

á mheabhrú a thábhachtaí atá príomhshruthú míchumais agus cur chuige trasnach lena dtugtar aghaidh ar oibrithe óga, scothaosta, ar bheagán oiliúna agus ar oibrithe baineanna ar fud na mbeart beartais lena dtugtar aghaidh ar an dá aistriú amhail cóiríocht réasúnta a chur ar fáil san oideachas agus san oiliúint;

23.

á mheabhrú go bhfuil ról ag an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) maidir le tacú le hoibrithe a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh le linn na clárthréimhse atá fágtha agus ag spreagadh na mBallstát, le tacaíocht ón gCoimisiún, leas iomlán a bhaint as an gCiste; á chur in iúl gur geal léi aidhm an athbhreithnithe atá beartaithe ar CED reatha tacú go réamhghníomhach le hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh agus dlús a chur leis an nós imeachta formheasa le haghaidh iarratas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú, áfach, go ndéanfaidh fiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gCiste amhlaidh i gcomhairle iomlán le hoibrithe agus lena n-ionadaithe, lena n-áirítear i ndearadh an phacáiste phearsantaithe beart; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur scoireadh de CED sa togra le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta gníomhacha maidir le margadh an tsaothair agus cosaint shóisialta chun oibrithe iomarcacha a athimeascadh i margadh an tsaothair tar éis mórtheagmhais athstruchtúraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht thiomnaithe leanúnach a áirithiú d’oibrithe atá i mbaol ó mhórtheagmhais athstruchtúraithe nó a easáitíodh mar gheall ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe sa chéad CAI eile;

24.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ardleibhéal sláinte agus sábháilteachta ceirde oibrithe a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar rioscaí OSH atá ag teacht chun cinn do chúraimí oibre, do phatrúin agus d’ionaid oibre, go háirithe rioscaí comhshaoil agus síceasóisialta, i gcomhthéacs an dá aistriú; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat straitéiseach atá ann faoi láthair maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus ar an gcreat reachtach OSH atá ann cheana d’fhonn bearnaí atá fós ann a shainaithint agus d’fhonn a áirithiú go leanfaidh acquis an Aontais de bheith oiriúnach dá fheidhm chomh maith le cur le dearadh an chreata straitéisigh tar éis 2027;

25.

á chur i bhfáth go bhféadfadh claochluithe agus athstruchtúrú san ionad oibre le linn an dá aistriú a bheith ina gcúis le rioscaí síceasóisialta amhail strus, éiginnteacht, agus an bhagairt go gcaillfí poist; á thabhairt chun suntais gur gá meabhairshláinte agus folláine shíceasóisialta oibrithe a chosaint le linn aistrithe, lena n-áirítear trí mheasúnuithe riosca san ionad oibre agus trí sheirbhísí tacaíochta; á iarraidh go ndéanfaí cláir tacaíochta meabhairshláinte, lena n-áirítear comhairleoireacht, bainistiú struis, agus scéimeanna cothromaíochta oibre is saoil, a chomhtháthú i bpleananna aistrithe ar leibhéal na cuideachta;

26.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le hoibrithe a scileanna claochlaitheacha, lárnacha agus cognaíocha a neartú amhail smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil, fadbhreathnaitheacht, athléimneacht, solúbthacht agus lúfaireacht, spreagadh agus féinfheasacht, fiosracht agus foghlaim ar feadh an tsaoil – mar aitheantas ar a thábhachtaí atá cumas oibrithe oiriúnú d’ionaid oibre a gcuirtear isteach orthu, féinéifeachtúlacht, agus réitigh nua a ghiniúint a éilíonn na claochluithe glasa agus digiteacha;

27.

á chur in iúl gur geal léi achoimre bheartais Cedefop maidir le léarscáil Eorpach um cháilíochtaí a thógáil, lena neartaítear trédhearcacht, inchomparáideacht agus inaistritheacht cáilíochtaí ar fud na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór do léarscáil den sórt sin dul níos faide ná cleachtadh acadúil agus feidhmiú mar uirlis phraiticiúil don iomaíochas, d’ábharthacht don mhargadh saothair agus don tsoghluaisteacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an creat Eorpach um cháilíochtaí nasctha go daingean le riachtanais eacnamaíocha, leis an mbeartas tionsclaíoch agus le hinfheistíocht i scileanna agus an bhearna scileanna atá ann faoi láthair ar an leibhéal réigiúnach a mhapáil go críochnúil agus go córasach chomh maith leis an éileamh ar scileanna a bheidh ann amach anseo a thuar; á chur i bhfios go láidir gur cheart anailís tionchair a áireamh sa mhapáil sin agus gur cheart bearta earnála agus críochacha a bheith mar thoradh uirthi chun tairbhe acmhainneacht an aistrithe ghlais ar fud na réigiún uile;

28.

á thabhairt chun suntais go bhfuil líontáin sábhála shóisialta agus córais cosanta sóisialta láidre bunriachtanach chun tacú le hoibrithe agus chun comhtháthú sóisialta a áirithiú le linn tréimhsí aistrithe; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, a gcórais cosanta sóisialta agus a seirbhísí poiblí bunriachtanacha a nuachóiriú agus a neartú agus a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach á háirithiú agus gan an t-ualach airgeadais ar FBManna a mhéadú, agus béim ar leith á leagan ar chúram sláinte, ar iompar, ar oideachas, ar bheartais maidir le cuimsiú sóisialta, ar thacaíocht ioncaim agus ar thithíocht inacmhainne chomh maith le tacaíocht do sholáthraithe seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis, chun athléimneacht a áirithiú i gcoinne suaití a eascraíonn as an dá aistriú a mbeidh tionchar acu ar mhargadh an tsaothair agus gur féidir le fostaithe a ndéanann caillteanas post difear dóibh a gcaighdeán maireachtála a choinneáil a mhéid is féidir;

29.

ag tathant ar na Ballstáit an Moladh ón gComhairle maidir le cosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar rioscaí agus ar dhul chun cinn i dtreo na ngníomhaíochtaí sin tríd an Scórchlár Sóisialta agus tríd an gCreat um Chóineasú Sóisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh tairiscintí náisiúnta Seirbhísí Poiblí Fostaíochta ábhartha d’fhorbairtí athraitheacha i margadh an tsaothair chun tacaíocht a áirithiú do dhaoine a athraíonn poist mar gheall ar aistrithe agus chun iad a éascú;

30.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá beartais spriocdhírithe chun tacú leis na daoine is mó a ndéanann an dá aistriú difear dóibh, agus go háirithe iad siúd atá i staideanna leochaileacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht ghníomhach agus idirghabhálacha luatha chun cosc a chur ar dhaoine atá i staideanna leochaileacha titim isteach i dtréimhsí fada dífhostaíochta nó a bheith ina n-oibrithe díspreagtha; á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht ghníomhach d’fhostaíocht ardcháilíochta a mhéadú go suntasach, go háirithe trí thacú le rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta agus í a chaomhnú, tríd an bhfiontraíocht a chur chun cinn agus trí chruthú post ardcháilíochta a spreagadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag cláir lánpháirtíochta oibre, ag soláthar spriocdhírithe agus ag oibreacha poiblí áitiúla maidir le poist idirthréimhseacha a ghiniúint; á chur i bhfáth go bhfuil gá le fothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun infheistíocht a shlógadh go rathúil, chun dul i dteagmháil le spriocghrúpaí maidir le scéimeanna tacaíochta sóisialta a fhorbairt agus a sholáthar agus chun éifeachtaí dáileacháin a thomhas;

31.

á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le scéimeanna oibre gearr-ama agus a thábhachtaí atá tacaíocht spriocdhírithe d’oibrithe a ndéanann aistrithe difear dóibh, ag tógáil ar thaithí dhearfach SURE; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra SURE treisithe a mholadh a bheidh dírithe ar an aistriú glas agus digiteach, ós rud é gur féidir caiteachas poiblí atá tiomnaithe do bheartais fostaíochta agus do bhearta um aistriú cóir a chobhsú trí thacú leis na bearta sealadacha cosanta fostaíochta sin le linn géarchéimeanna chun na tionchair láithreacha ar phoist a bhaineann leis an gclaochlú riachtanach ar gheilleagar AE a mhaolú i gcomhréir leis na spriocanna a bhaineann le haistriú cóir;

32.

á chur i bhfáth go mbeidh an tionchar ar an bhfostaíocht éagsúil ar fud na réigiún agus na bpobal; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gur gá saoránaigh agus geallsealbhóirí áitiúla a tharraingt isteach agus a chumhachtú, lena n-áirítear eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, chun bheith ina ngníomhaithe gníomhacha san aistriú; á chur i bhfáth gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach go díreach i ndearadh, roghnú agus faireachán tionscadal chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh le cistiú ar riachtanais áitiúla shonracha agus go dtacófar le héagsúlú na ngeilleagar réigiúnach; á chur i bhfáth nach mór d’údaráis phoiblí dul i mbun comhairliúchán agus comhar straitéiseach leis na comhpháirtithe sóisialta le linn bhainistiú an aistrithe; á chur i bhfáth gur féidir rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú trí chomhairliúcháin luathchéime agus trí shainorduithe soiléire agus cearta vótála do chomhpháirtithe sóisialta, do FBManna, don tsochaí shibhialta, don gheilleagar sóisialta agus don óige i gcomhlachtaí comhordaithe réigiúnacha;

33.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil cómhargáil lárnach i bpá cothrom, i gceartas sóisialta agus i ndaonlathas ag an obair, ach go bhfuil cumhdach fós míchothrom; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála faoi bhun 80 % acu pleananna gníomhaíochta náisiúnta a bhunú ina mbeidh amlínte soiléire agus bearta sonracha chun cumhdach a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit chun córais mhargála a neartú, go háirithe ar an leibhéal earnála, le rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú le cistiú le haghaidh fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, mar chuid de chur chun feidhme an mholta ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú chun páirt a ghlacadh in idirphlé sóisialta struchtúrtha agus i gcómhargáil maidir le pleananna aistrithe ar leibhéal an fhiontair;

34.

á mheas gur cheart na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag an togra atá iarrtha a chumhdach leis na leithdháiltí buiséadacha atá ann cheana;

35.

á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.


(1)   IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

(2)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.

(3)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 21.

(4)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(5)   IO L 130, 16.5.2023, lch. 1.

(6)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32 .

(7)  ILC.111/Rún V, an 16 Meitheamh 2023.

(8)   https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2025/774668/EPRS_BRI(2025)774668_EN.pdf.

(9)  Eurofound, Creating a new social contract for the just transition: [Conradh sóisialta nua a chruthú le haghaidh an aistrithe chóir: Is partnership working? [an bhfuil comhpháirtíocht ag obair?] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.

(10)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX%3A52025DC0090.

(11)  Tuarascáil Draghi, lch. 37.

(12)   https://www.cedefop.europa.eu/en/publications/4223#group-downloads.

(13)   https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/4826f429-0545-11f0-b1a3-01aa75ed71a1/language-en.

(14)   https://www.cedefop.europa.eu/en/news/green-transition-creates-more-jobs-it-destroys.

(15)   https://employment-social-affairs.ec.europa.eu/employment-and-social-developments-europe-2024-upward-social-convergence-eu-and-role-social_en.

(16)  Tuarascáil Draghi, lch. 19.

(17)   https://cohesiondata.ec.europa.eu/stories/s/py4s-5ad4.

(18)   https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/24c7aa49-2451-11ee-94cb-01aa75ed71a1/language-en.

(19)   https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2025/759354/CASP_STU(2025)759354_EN.pdf.

(20)  An Sásra um Aistriú Cóir – Feidhmíocht 2025, an Coimisiún Eorpach.

(21)  Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2024, an Coimisiún Eorpach, lch. 20.

(22)   Just Transition in the World of Work [Aistriú Cóir i Saol na hOibre], EPRS, Meán Fómhair 2025 https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2025/774668/EPRS_BRI(2025)774668_EN.pdf.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN: MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH

Treoir Eorpach maidir leis an aistriú cóir sa domhan oibre: cruthú post a áirithiú agus geilleagair áitiúla a athbheochan

Measann Parlaimint na hEorpa gur cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir leis na prionsabail agus na haidhmeanna seo a leanas:

Moladh 1: Cuspóir ginearálta an togra

Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta ag an togra creat Aontais de bhearta beartais a bhunú is féidir a chur i bhfeidhm i réigiúin a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh d’fhonn aistriú atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta agus cruthú agus cosaint post ar ardchaighdeán a áirithiú.

Moladh 2: Foirm an togra

Mar gheall ar an ngá atá le pacáiste cuimsitheach beart is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart go n-áireofaí sa togra gnéithe sna réimsí seo a leanas:

(a)

dálaí oibre;

(b)

lánpháirtiú daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair;

(c)

oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(d)

an timpeallacht oibre a fheabhsú d’fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

Moladh 3: Ábhar an togra

Ba cheart don togra díriú ar na bearta beartais seo a leanas:

(a)

creat tiomnaithe a bhunú chun athruithe sna réigiúin agus sna hearnálacha a bhfuil aistrithe rompu a réamh-mheas agus a bhainistiú ar bhonn phrionsabail na faisnéise éigeantaí tráthúla agus an chomhairliúcháin thráthúil le hoibrithe agus lena n-ionadaithe, an idirphlé shóisialta agus na cómhargála;

(b)

a áirithiú go ndéanfar an ceart chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle le hoibrithe agus lena n-ionadaithe, mar a leagtar síos i dTreoir 2002/14/CE agus i bhforálacha náisiúnta, a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhthéacs na n-aistrithe;

(c)

ceart aonair chun oiliúint a fháil d’oibrithe le linn uaireanta oibre a bhunú;

(d)

straitéisí náisiúnta um aistriú cóir a bhunú, agus béim ar leith á leagan ar fhís fhadtéarmach a fhorbairt do gheilleagair áitiúla agus don lucht saothair i ngach réigiún agus earnáil lena mbaineann, a bheidh le ceapadh agus le cur chun feidhme trí rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngníomhaithe áitiúla;

(e)

cláir thacaíochta a fhorbairt do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus gníomhaithe áitiúla chun cruthú post áitiúil a spreagadh;

(f)

a áirithiú go ndéanfar soláthar agus éileamh saothair agus scileanna a mheaitseáil trí úsáid chomhcheangailte a bhaint as faisnéis faoin margadh saothair, comhar feabhsaithe gníomhaithe áitiúla agus comhpháirtithe sóisialta le soláthraithe oiliúna, agus pleananna um aistriú ar leibhéal cuideachta a chur chun cinn;

(g)

struchtúr faireacháin a fhorbairt chun fadbhreathnaitheacht straitéiseach a sholáthar maidir le tionchair aistrithe agus forbairtí i margadh an tsaothair.

Moladh 4: Cur chun feidhme agus forfheidhmiú

1.

Ba cheart don togra urraim a thabhairt do shaincheart an Bhallstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm, agus níor cheart gur forais bhailí iad chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2.

Leis an togra, ba cheart neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú, lena n-áirítear an ceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích agus ba cheart a cheadú go gcuirfí de chúram orthu, arna iarraidh sin go comhpháirteach, é a chur chun feidhme, ar choinníoll gur féidir leis an gcóras náisiúnta na torthaí atá á lorg faoin togra a ráthú i gcónaí.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3682/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top