Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG03371

Fógra le haghaidh na ndaoine aonair atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle, agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin.

ST/9707/2026/INIT

IO C, C/2026/3371, 23.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3371/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3371/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3371

23.6.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine aonair atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle, agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin.

(C/2026/3371)

Dírítear aird QUIJANO BECERRA, Alvaro Andres, DUQUE BOTERO Mateo Andres, DAGALO MUSA, Algony Hamdan, OLIVEROS FORERO agus Claudia Viviana, ar daoine iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390 ón gComhairle (2), agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 ón gComhairle (3) an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle (5) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle (6) an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

An 28 Aibreán 2026, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 1591 (2005) ó CSNA ceathrar le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha.

De thoradh an chinnidh ó na Náisiúin Aontaithe, tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/450/CBES, arna chur chun feidhme le gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1390, agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1049 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, agus i Rialachán (AE) Uimh. 747/2014, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin, ar an bhfaisnéis seo a leanas. Luaitear na forais chun na daoine lena mbaineann a liostú sna hiontrálacha ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 agus tá siad ar fáil freisin ag Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Cuirtear in iúl don na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 6 den Rialachán).

Ina theannta sin, féadfaidh na daoine aonair lena mbaineann, tráth ar bith, athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh iad a áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó CSNA. Ba cheart an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Pointe Fócasach um Dhíliostú

Brainse Fho-Orgáin na Comhairle Slándála

Seomra DC2 2034

Na Náisiúin Aontaithe

Nua Eabhrac, N.Y. 10017

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Teil.: +1 917 367 9448

Facs: +1 917 367 0460

Ríomhphost: delisting@un.org

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: https://main.un.org/securitycouncil/en/sanctions/1591

Féadfaidh na daoine aonair lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine aonair lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/450/oj.

(2)   IO L, 2026/1390, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1390/oj.

(3)   IO L, 2026/1049, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1049/oj.

(4)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/747/oj.

(5)   IO L, 2026/1393, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1393/oj.

(6)   IO L, 2026/1051, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1051/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3371/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top