Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC03200

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/3818

IO C, C/2026/3200, 12.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3200/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3200/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3200

12.6.2026

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2026/3200)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

IARRATAS AR LEASÚ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Coteaux de l’Auxois’

PGI-FR-A1233-AM02 — 20.7.2018

Cineál an leasaithe

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarratasóir agus leas dlisteanach

Association des Coteaux Burgonds [Comhlachas Fhánaí Fíonsaothrúcháin na Burgúine]

Tuairisc ar an leasú agus na cúiseanna leis

1.   Tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach – fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán

Leasaíodh pointe 7, ‘Nasc leis an limistéar geografach’, de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge le haghaidh TGFC ‘Coteaux de l’Auxois’ chun cinneadh an 14 Nollaig 2016 ón gComhairle Stáit a chur i bhfeidhm, cinneadh a bhain an fhéidearthacht fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh faoin ainm sin.

Scriosadh an mhír seo a leanas ó Chaibidil 1, pointe 7.2, den tsonraíocht táirge:

‘Ó bhí na 1990idí ann, tá fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán á ndéanamh ag táirgeoirí in Auxois, ar féidir iad a tháirgeadh i ngach ceann de na trí dhath a bhuí leis na cineálacha fíniúna áitiúla agus i gcomhréir le saineolas réigiúnach. Mar gheall ar na cineálacha a úsáidtear, is féidir leis na fíonta súilíneacha sin a dtorthaíocht agus a n-úire a chur in iúl sa bhéal. Thart ar 10 % den táirgeacht iomlán atá i gceist leo.’

Scriosadh an mhír seo a leanas ó Chaibidil 1, pointe 7.3, den tsonraíocht táirge:

‘A bhuí lena shuíomh geografach idéalach agus le cineál créúil a ithreacha, cumasaíonn Auxois freisin fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh a bhfuil bonn aigéadach agus úire aramatach acu agus iarbhlas fada orthu. Tá an saineolas sin maidir le táirgeadh fíona shúilínigh le fáil sna fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán i ngach ceann de na trí dhath.’

Déanann an cinneadh sin ón gComhairle Stáit difear do na pointí seo a leanas den doiciméad aonair, ar scriosadh na forálacha a bhaineann le fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán uathu: catagóir an táirge, tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta, cleachtais fhíoneolaíocha agus nasc leis an limistéar geografach.

2.   Tuairisc ar an nasc leis an limistéar geografach

Leasaíodh pointe 7, ‘Nasc leis an limistéar geografach’, de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge le haghaidh TGFC ‘Coteaux de l’Auxois’ chun an tuairisc ar an nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht na dtáirgí a bheachtú.

Cuireadh an tuairisc i gCaibidil 1, pointe 3.3, den tsonraíocht táirge le pointe 7.2, ‘Sainiúlacht an táirge’ freisin, faoin roinn ‘Nasc leis an limistéar geografach’ de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge.

Tar éis an chúigiú mír de phointe 7.2 de Roinn 7, cuireadh an méid seo a leanas in ionad na míreanna:

‘Is é an nós fíonta aonchineálacha a dhéanamh.

Tugann na hithreacha cré-aolchloiche úire agus mianracht do na fíonta geala, agus bíonn dath buí an-éadrom le himireacha glasa orthu. Tá gnáth-chastacht aramatach agus gnáth-thoirt sa bhéal ag gach cineál ag gabháil lena struchtúr, lena ráthaítear acmhainneacht mhaith aosaithe, atá, mar shampla, an-andúchasach do chineálacha amhail Auxerrois, Pinot Gris, etc. agus níos simplí do Chardonnay agus Aligoté. Tar éis cúpla bliain, bíonn imireacha níos déine orthu agus dath órbhuí ag teacht orthu.

Bíonn fíonta rosé ó Auxois úr agus torthaíoch. Tá réimse fordhathanna orthu, ó oráiste an-éadrom nó bándearg corcairghorm go bándearg domhain níos déine. A bhuí lena mianracht agus lena struchtúr, is féidir iad a ól freisin mar ghreadóg nó iad a phéireáil le bia. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí andúchasacha orthu ina luathbhlianta, ansin forbraíonn siad dea-bholaithe de thorthaí cócaráilte agus éiríonn siad maothlach.

Leis an bpróiseas fíonóireachta is féidir dhá chineál éagsúla fíona dheirg a fháil: próiseas fíonóireachta gearr i ndabhcha, atá beartaithe chun fíonta boga a tháirgeadh atá an-torthaíoch, a bhfuil dath dearg éadrom orthu agus a bhfuil cuma gheal orthu, agus atá le hól laistigh de 2 bhliain, nó próiseas fíonóireachta traidisiúnta na Burgúine, lena mbaineann tréimhse níos faide i ndabhach, fáscadh agus aosú i mbairillí ansin, rud a fhágann gur féidir fíonta cumhachtacha láidre a tháirgeadh a bhfuil struchtúr tainneach álainn acu lena ráthaítear fad saoil áirithe, ina dtagann dath dúdhearg le himireacha corcairghorma orthu. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga agus dubha ar na fíonta dearga, agus bíonn mionbholaithe piobaracha orthu uaireanta.

Déantar roinnt cuvée as fíonchaora ró-aibí. Déantar an bhuaint thart ar mhí amháin tar éis bhuaint na bhfíonchaor atá beartaithe le haghaidh fíonta socra. Saintréith d’fhíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí is ea dea-bholaithe de thorthaí triomaithe leasaithe a bhfuil dathanna órga orthu le haghaidh na bhfíonta geala agus dathanna níos ómra le haghaidh na bhfíonta dearga agus rosé.’

Leagadh amach tuairisc amhairc ar gach catagóir fíona (fíonta socra agus fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí) agus le haghaidh gach ceann de na trí dhath i bpointe 2.8, ‘Nasc leis an limistéar geografach’, den doiciméad aonair.

Cuireadh an fhaisnéis lena bhfianaítear an nasc le haghaidh chatagóir na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí leis an tsonraíocht.

Cuireadh na habairtí seo a leanas isteach le pointe 7.3:

‘Inniu, tá na fíniúnacha lonnaithe ar thaobhanna na gcnoc dea-nochta, ar ithreacha clochacha dea-dhraenáilte, áit a n-aimsíonn siad dálaí fabhracha chun go n-aibeoidh a mbuaint go maith’;

Is é an toradh a bhíonn ar an aeráid réigiúnach agus ar chineál créúil na n-ithreacha fíonta a mbíonn tóir leanúnach ar a n-úire. Trí shuíomhanna faoi fhothain ina bhfuil ithreacha dea-dhraenáilte a roghnú, is féidir leibhéil aibíochta a bhaint amach le haghaidh fíonta socra a léirítear i maothlachas áirithe le haghaidh na bhfíonta geala agus i struchtúr maith tainneach le haghaidh na bhfíonta dearga.’

Ina theannta sin, forlíontar an abairt ‘Is de thionscnamh na Burgúine iad na cineálacha a chuirtear go traidisiúnta in Auxois’ leis na focail ‘agus dá bhrí sin tá siad oiriúnaithe go maith do na dálaí áitiúla’.

Cuireadh an mhír leathdheireanach seo a leanas le Caibidil 1, pointe 7.3:

‘In Auxois, is féidir, i limistéir áirithe ina bhfuil ithreacha dea-dhraenáilte agus nochtaí an-fhabhrach, agus ag brath ar na dálaí aimsire i mbliain an fhíona agus ar stádas sláinte na buainte, fíonta a tháirgeadh ó fhíonchaora ró-aibí i ngach ceann de na trí dhath. Le suíomh sonrach na bhfíniúnacha sin, is féidir leo fíonta a tháirgeadh a bhfuil dea-bholaithe torthaí triomaithe agus leasaithe orthu.’

Dá bhrí sin, rinneadh pointe 2.8 den doiciméad aonair a fhorlíonadh.

3.   Tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta

Leasaíodh an tsonraíocht táirge le haghaidh TGFC ‘Côteaux de l’Auxois’ chun an tuairisc ar thréithe orgánaileipteacha na bhfíonta socra a tháirgtear faoin ainm sin a fhorlíonadh.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 1, pointe 3.3:

‘Tá dhá chineál fíonta dearga ann ag brath ar an bpróiseas fíonóireachta: bog, an-torthaíoch agus le hól laistigh de 2 bhliain, nó cumhachtach agus láidir le struchtúr tainneach álainn a thugann acmhainneacht mhaith aosaithe dóibh.

I bhfianaise an réimse cineálacha a úsáidtear, tairgeann na fíonta seo raon dathanna le himireacha idir dearg geal éadrom agus dúdhearg le himireacha corcairghorma. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga agus dubha ar na fíonta dearga, agus bíonn mionbholaithe piobaracha orthu uaireanta.

Tá raon fordhathanna ar na fíonta rosé, idir dath oráiste an-éadrom nó dath bándearg corcairghorm agus dath bándearg domhain níos déine. Tá siad blasta agus torthaíoch. Agus dea-bholaithe de thorthaí andúchasacha orthu agus iad óg, forbraíonn siad dea-bholaithe de thorthaí cócaráilte ansin agus éiríonn siad maothlach.

Bíonn dath idir buí an-éadrom le himireacha glasa go buí órga ar na fíonta geala. Cuireann siad iad féin in iúl go príomha trína n-úire agus trína mianracht. Léiríonn a struchtúr agus a dtoirt sa bhéal acmhainneacht mhaith aosaithe. Cuireann na fíonta sin gnáth-chastacht aramatach álainn atá ag gach cineál ar fáil, ós rud é, mar shampla, go bhfuil siad an-andúchasach do chineálacha amhail Auxerrois, Pinot Gris, etc. agus go bhfuil siad níos simplí agus níos torthaíche do Chardonnay agus Aligoté.

Bíonn dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, subh i gceist leis an mboladh atá ar fhíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, le dathanna órga le haghaidh na bhfíonta geala agus dathanna níos ómra le haghaidh na bhfíonta dearga agus rosé.’

Leagadh amach tuairisc amhairc ar gach catagóir fíona (fíonta socra agus fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí) agus le haghaidh gach ceann de na trí dhath i bpointe 2.4, ‘Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta’, den doiciméad aonair.

Cuireadh an abairt seo a leanas leis an dara mír de Chaibidil 1, pointe 3.3, ‘Tréithe orgánaileipteacha’: ‘Bíonn dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga agus dubha ar na fíonta dearga, agus bíonn mionbholaithe piobaracha orthu uaireanta.’

Cuireadh an abairt chéanna leis an naoú mír de phointe 7.2, ‘Sainiúlacht an táirge’, den tsonraíocht táirge.

Sa doiciméad aonair, cuireadh an abairt chéanna le pointe 4, ‘Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta’, agus le pointe 8, ‘Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)’.

4.   Saintréithe anailíseacha na bhfíonta

A mhéid a bhaineann leis na saintréithe anailíseacha, rinneadh an fhaisnéis i bpointe 2.4 den doiciméad aonair a dheighilt ina dhá chuid, ceann amháin le haghaidh fíonta socra agus an ceann eile le haghaidh fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí.

I gcás fíonta socra, cuireadh an téacs seo a leanas isteach:

‘Tá feidhm ag na teorainneacha a shonraítear i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta, an aigéadacht iomlán íosta, an aigéadacht luaineach uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta.

‘Bíonn cion aigéadachta luainí nach mó ná 24,48 meq/l i bhfíonta ina bhfuil méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) 45 g/l ar a laghad.’

I gcás fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, cuireadh an téacs seo a leanas isteach:

‘Fíonta a fhaightear gan saibhriú agus ina bhfuil méid siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós) 45 g/l ar a laghad, tá cion aigéadachta luainí nach mó ná 24,48 meq/l iontu.’

5.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Cuireadh tuairisc níos beaichte ar an limistéar geografach san áireamh i bpointe 2.8, ‘Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)’, den doiciméad aonair, bunaithe ar an bhfaisnéis mhionsonraithe sa tsonraíocht táirge (pointe 7.1).

6.   Léiriú ar idirghníomhaíocht chúisíoch

Tá faisnéis sa tsonraíocht táirge lena léirítear an idirghníomhaíocht chúisíoch idir saintréithe an táirge agus saintréithe an limistéir gheografaigh, rud a bhí in easnamh sa doiciméad aonair. Dá bhrí sin, rinneadh an fhaisnéis sin a atáirgeadh i bhfocail éagsúla i bpointe 2.8 den doiciméad aonair chun í a fhorlíonadh.

7.   Limistéar geografach

I bpointe 4.1 de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge, chun teorainn an limistéir gheografaigh a shainiú ar bhealach níos fearr, tugadh ainmneacha na mbardas uile lena mbaineann, in ionad ainmneacha na gcantún ina bhfuil siad.

D’fhéadfadh comhdhéanamh na n-aonad riaracháin náisiúnta dá dtagraítear mar ‘cantúin’ a bheith éagsúil.

Rinneadh an leasú eagarthóireachta sin tríd an limistéar geografach a shainiú le tagairt do leagan 2019 den Chód Geografach Oifigiúil, a fhoilsíonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir gheografaigh.

Níl aon athrú ar theorainn an limistéir gheografaigh óna chríochú bunaidh.

I bpointe 4.1, cuireadh an abairt seo a leanas isteach: ‘Is féidir teacht ar léarscáileanna den limistéar geografach ar shuíomh gréasáin INAO.’

Cuirtear in iúl go soiléir san abairt seo go bhfuil léarscáileanna den limistéar geografach ar fáil ar shuíomh gréasáin INAO.

Leasaíodh pointe 6 den doiciméad aonair.

8.   Limistéar díreach in aice láimhe

I bpointe 4.2 de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge, chun teorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe a shainiú ar bhealach níos fearr, tugadh ainmneacha na gcomhbhardas uile trí ainm gach ceantair a fhorlíonadh le hainmneacha a chomhbhardas.

Leis an leasú eagarthóireachta sin, is féidir an limistéar atá díreach in aice láimhe a shainiú le tagairt do leagan 2019 den Chód Geografach Oifigiúil, a fhoilsíonn INSEE, agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir sin.

D’fhéadfadh comhdhéanamh na n-aonad riaracháin náisiúnta dá dtagraítear mar ‘ceantair’ a bheith éagsúil.

Níl aon athrú ar theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe óna chríochú bunaidh.

Níl na bardais a áirítear sa limistéar geografach sainithe cheana féin sa limistéar díreach in aice láimhe.

Leasaíodh pointe 9 den doiciméad aonair.

9.   Nasc leis an limistéar geografach

Cuireadh an abairt seo a leanas le pointe 7.3, ‘Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge’, de Chaibidil 1 den tsonraíocht táirge: ‘Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar cháil TGFC agus ar na saintréithe sonracha a thugann an timpeallacht gheografach do na fíonta.’

Cuireadh é sin isteach chun bunús an táisc gheografaigh a shoiléiriú.

Cuireadh an abairt chéanna isteach faoi phointe 8.3 den doiciméad aonair freisin.

Athraíodh foclaíocht phointe 8, ‘Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)’, den doiciméad aonair agus forlíonadh an pointe sin, chun feabhas a chur ar a inléiteacht, ar bhonn na faisnéise atá sa tsonraíocht táirge a leasaíodh lena formheas i mí an Mheithimh 2017.

10.   Comhlacht cigireachta

I gCaibidil 3 den tsonraíocht táirge, leasaíodh foclaíocht na roinne maidir leis an gcomhlacht cigireachta chun na rialacha nua maidir le dréachtú le haghaidh na caibidle sin a chomhlíonadh.

Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Coteaux de l’Auxois

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC – tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Fíonta socra geala, dearga agus rosé

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá dhá chineál fíonta dearga ann ag brath ar an bpróiseas fíonóireachta: bog, an-torthaíoch agus le hól laistigh de 2 bhliain, nó cumhachtach agus láidir le struchtúr tainneach álainn a thugann acmhainneacht mhaith aosaithe dóibh. I bhfianaise an réimse cineálacha a úsáidtear, tairgeann na fíonta sin raon dathanna le himireacha idir dearg geal éadrom agus dúdhearg le himireacha corcairghorma. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga agus dubha ar na fíonta dearga, agus bíonn mionbholaithe piobaracha orthu uaireanta.

Tá raon fordhathanna ar na fíonta rosé, idir dath oráiste an-éadrom nó dath bándearg corcairghorm agus dath bándearg domhain níos déine. Tá siad blasta agus torthaíoch. Agus dea-bholaithe de thorthaí andúchasacha orthu agus iad óg, forbraíonn siad dea-bholaithe de thorthaí cócaráilte ansin agus éiríonn siad maothlach.

Bíonn dath idir buí an-éadrom le himireacha glasa go buí órga ar na fíonta geala. Cuireann siad iad féin in iúl go príomha trína n-úire agus trína mianracht. Léiríonn a struchtúr agus a dtoirt sa bhéal acmhainneacht mhaith aosaithe. Cuireann na fíonta gnáth-chastacht aramatach álainn atá ag gach cineál ar fáil, ós rud é, mar shampla, go bhfuil siad an-andúchasach do chineálacha amhail Auxerrois, Pinot Gris, etc. agus go bhfuil siad níos simplí agus níos torthaíche do Chardonnay agus Aligoté.

‘Bíonn cion aigéadachta luainí nach mó ná 24,48 meq/l i bhfíonta ina bhfuil méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) 45 g/l ar a laghad.’

Tá feidhm ag na teorainneacha a shonraítear i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta, an aigéadacht iomlán íosta, an aigéadacht luaineach uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

1.

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

2.

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9

3.

Aigéadacht iomlán íosta: i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

4.

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

5.

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

2.   Fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Bíonn dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, subh i gceist leis an mboladh atá ar fhíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, le dathanna órga le haghaidh na bhfíonta geala agus dathanna níos ómra le haghaidh na bhfíonta dearga agus rosé.

Fíonta a fhaightear gan saibhriú agus ina bhfuil méid siúcra choipthigh (glúcós móide fruchtós) 45 g/l ar a laghad, tá cion aigéadachta luainí nach mó ná 24,48 meq/l iontu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12

Aigéadacht iomlán íosta: —

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): —

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Ní mór do na cleachtais fhíoneolaíocha cloí le hoibleagáidí an Aontais agus leis na hoibleagáidí sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Fíonta socra ag a bhfuil TGFC ‘Coteaux de l’Auxois’

80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíonta TGFC ‘Coteaux de l’Auxois’ a dhéantar as fíonchaora ró-aibí

40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach sainithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Coteaux de l’Auxois’ a dhéanamh agus a phróiseáil i gcríoch na mbardas seo a leanas de roinn Côte d’Or, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2019:

Aisy-sous-Thil, Alise-Sainte-Reine, Allerey, Antheuil, Antigny-la-Ville, Arconcey, Arnay-le-Duc, Arnay-sous-Vitteaux, Arrans, Asnières-en-Montagne, Athie, Aubaine, Auxant, Avosnes, Bard-lès-Epoisses, Bellenot-sous-Pouilly, Benoisey, Bessey-en-Chaume, Bessey-la-Cour, Beurey-Bauguay, Beurizot, Bierre-lès-Semur, Blancey, Source-Seine, Bligny-sur-Ouche, Bouhey, Boussey, Boux-sous-Salmaise, Brain, Braux, Brianny, Buffon, La Bussière-sur-Ouche, Bussy-le-Grand, Chailly-sur-Armançon, Champ-d’Oiseau, Champignolles, Champrenault, Charencey, Charigny, Charny, Chassey, Châteauneuf, Châtellenot, Chaudenay-la-Ville, Chaudenay-le-Château, Chazilly, Chevannay, Civry-en-Montagne, Clamerey, Clomot, Colombier, Commarin, Corpoyer-la-Chapelle, Corrombles, Corsaint, Courcelles-Frémoy, Courcelles-lès-Montbard, Courcelles-lès-Semur, Créancey, Crépand, Crugey, Culètre, Cussy-la-Colonne, Cussy-le-Châtel, Dampierre-en-Montagne, Darcey, Dompierre-en-Morvan, Ecutigny, Eguilly, Epoisses, Eringes, Essey, Fain-lès-Montbard, Fain-lès-Moutiers, Flavigny-sur-Ozerain, Flée, Foissy, Fontangy, Forléans, Fresnes, Frôlois, Genay, Gissey-le-Vieil, Gissey-sous-Flavigny, Grésigny-Sainte-Reine, Grignon, Hauteroche, Jailly-les-Moulins, Jeux-lès-Bard, Jouey, Juilly, Lacanche, Lacour-d’Arcenay, Lantilly, Longecourt-lès-Culêtre, Lucenay-le-Duc, Lusigny-sur-Ouche, Maconge, Magnien, Magny-la-Ville, Maligny, Marcellois, Marcigny-sous-Thil, Marcilly-et-Dracy, Marcilly-Ogny, Marigny-le-Cahouët, Marmagne, Martrois, Massingy-lès-Semur, Massingy-lès-Vitteaux, Meilly-sur-Rouvres, Ménétreux-le-Pitois, Millery, Mimeure, Missery, Montbard, Montberthault, Montceau-et-Echarnant, Montigny-Montfort, Montigny-Saint-Barthélemy, Montigny-sur-Armançon, Mont-Saint-Jean, Moutiers-Saint-Jean, Musigny, Mussy-la-Fosse, Nan-sous-Thil, Nogent-lès-Montbard, Noidan, Normier, Painblanc, Pont-et-Massène, Posanges, Pouillenay, Pouilly-en-Auxois, Précy-sous-Thil, Quincerot, Quincy-le-Vicomte, La Roche-Vanneau, Roilly, Rougemont, Rouvres-sous-Meilly, Saffres, Sainte-Colombe-en-Auxois, Saint-Euphrône, Saint-Germain-lès-Senailly, Saint-Hélier, Saint-Mesmin, Saint-Pierre-en-Vaux, Saint-Prix-lès-Arnay, Saint-Rémy, Sainte-Sabine, Saint-Thibault, Salmaise, Saussey, Seigny, Semarey, Semur-en-Auxois, Senailly, Souhey, Soussey-sur-Brionne, Thenissey, Thoisy-le-Désert, Thomirey, Thorey-sous-Charny, Thorey-sur-Ouche, Thoste, Torcy-et-Pouligny, Touillon, Toutry, Uncey-le-Franc, Vandenesse-en-Auxois, Veilly, Velogny, Venarey-les-Laumes, Verrey-sous-Salmaise, Vesvres, Veuvey-sur-Ouche, Vic-de-Chassenay, Vic-des-Prés, Vic-sous-Thil, Vieux-Château, Viévy, Villaines-les-Prévôtes, Villars-et-Villenotte, Villeberny, Villeferry, Villeneuve-sous-Charigny, Villy-en-Auxois, Viserny, Vitteaux agus Voudenay.

7.   Príomhchineál (nó príomhchineálacha) fíonchaor

Aligoté B

Auxerrois B

Chardonnay B

Chasselas B

Chenin B

César N

César R

Gamaret N

Gamay N

Melon B

Merlot N

Meunier N

Pinot Blanc B

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Saint-Pierre Doré B

Sauvignon B

Sauvignon Gris G

Savagnin Blanc B

Viognier B

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   Tuairisc ar an limistéar geografach

Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do réigiún nádúrtha Auxois, limistéar d’airde mheasartha idir masaíf eibhir an Morvan ar an taobh thiar agus ardchláir aolchloiche ‘Seuil de Bourgogne’ ar an taobh thoir. Tá sé suite in iarthar roinn Côte d’Or sa Bhurgúin.

Is bailiúchán é de ghleannta agus de mhachairí atá créúil den chuid is mó agus iad deighilte le hardchláir aolchloiche ag airde 500 méadar nó níos mó. Tá an réigiún draenáilte ag roinnt aibhneacha beaga a shreabhann siar ó thuaidh i dtreo lár Imchuach Pháras, arb iad Armançon agus Serein na príomhchinn, ar craobh-aibhneacha den Yonne iad araon.

Is éard atá i bhfoshraith na bhfánaí agus na machairí go príomha foirmíochtaí créúla a bhfuil leapacha aolchloiche fite fuaite iontu, agus iad uile ag dul siar go dtí an tréimhse Luath-Iúrasach. Leis na leibhéil arda aolchloiche atá frithsheasmhach in aghaidh creimthe, cruthaítear na laftáin ag mullaí na gcnoc, agus cruthaíonn an Bajocian (an Lár-Iúrasach) ‘calcaire à entroques’ [aolchloch iontrocach] aillte uaireanta a thiteann thar na fánaí agus a shaibhríonn iad le scileach. I gceantair an-logánta ag bun roinnt gleannta, tagann an bonn eibhir chuig an dromchla.

Ó thaobh na moirfeolaíochta de, is féidir Auxois a roinnt in dhá eintiteas:

San iarthar, áit a mbuaileann sé leis an Morvan, machaire ag a bhfuil meán-airde thart ar 300 méadar, le cúpla cnoc scaipthe i bhfad amach, draenáilte ag an Serein agus ag an Armançon.

San oirthear, an ‘Haut-Auxois’, ina bhfuil gleannta móra a bhfuil fánaí géara acu uaireanta a théann i dtreo soir ó dheas nó siar ó thuaidh den chuid is mó. Is féarthalamh den chuid is mó atá sna fánaí, ar féidir leo dul suas le 200 méadar in airde, agus saothraítear iad i limistéir nach bhfuil chomh géar céanna. Úsáidtear na hardchláir, a bhfuil meán-airde níos mó ná 500 méadar acu, chun barra curaíochta a fhás.

Tá na hithreacha ar na fánaí agus ar mhachaire an iarthair thar a bheith créúil, draenáilte go dona agus réasúnta fuar. Is gnách go bhfeabhsaíonn scileach aolchloiche Baiseocach saintréithe teirmeacha agus uisce na bhfánaí arda.

Is aeráid mhuirí fhionnuar den chuid is mó í arb í is príomhthréith di báisteach mheasartha agus thráthrialta, agus gan aon triomach samhraidh (thart ar 750 milliméadar in aghaidh na bliana). Bíonn teochtaí measartha fionnuar ann agus is é 10,5 °C an mheánteocht bhliantúil.

Cuireann an meascán sin d’ithir agus d’aeráid timpeallacht fhabhrach ar fáil do na fíniúnacha.

8.2.   Sainiúlacht an táirge

Breathnaíodh go maith ar fhíonta Auxois san 18ú haois, mar a léirigh an tAthair Courtépée ina thuairisc ar Dhiúcacht na Burgúine a foilsíodh in 1774. Seoladh na fíonta go Páras go tráthrialta.

Bhí na cineálacha traidisiúnta Burgúine ann: Pinot Noir, Gamay agus Chardonnay, chomh maith le Melon de Bourgogne agus Sauvignon.

Tréimhse inar tháinig meath suntasach ar an bhfíonsaothrúchán in Auxois a bhí sa 19ú haois: scrios coincleach chlúmhach, coincleach phúdrach agus fiollocsaeire réigiún fíonsaothrúcháin a bhí faoi bhrú géar cheana féin mar gheall ar fhorbairt chleachtas na n-ainmhithe a bhí á ramhrú ar fhéarach. Mar sin féin, tháinig méid teoranta táirgthe fíona slán, rud a bhí teoranta do na láithreáin is fabhraí, agus tá sé ag forbairt ó bhí deireadh an 20ú haois ann. In 2010, thart ar 1 500 heictilítear a bhí sa táirgeacht.

Is é an nós fíonta aonchineálacha a dhéanamh.

Tugann na hithreacha cré-aolchloiche úire agus mianracht do na fíonta geala, agus bíonn dath buí an-éadrom le himireacha glasa orthu. Tá gnáth-chastacht aramatach agus gnáth-thoirt sa bhéal ag gach cineál ag gabháil lena struchtúr, lena ráthaítear acmhainneacht mhaith aosaithe, atá, mar shampla, an-andúchasach do chineálacha amhail Auxerrois, Pinot Gris, etc. agus níos simplí do Chardonnay agus Aligoté. Tar éis cúpla bliain, bíonn imireacha níos déine orthu agus dath órbhuí ag teacht orthu.

Bíonn fíonta rosé ó Auxois úr agus torthaíoch. Tá réimse fordhathanna orthu, ó oráiste an-éadrom nó bándearg corcairghorm go bándearg domhain níos déine. A bhuí lena mianracht agus lena struchtúr, is féidir iad a ól freisin mar ghreadóg nó iad a phéireáil le bia. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí andúchasacha orthu ina luathbhlianta, ansin forbraíonn siad dea-bholaithe de thorthaí cócaráilte agus éiríonn siad maothlach.

Leis an bpróiseas fíonóireachta is féidir dhá chineál éagsúla fíona dheirg a fháil: próiseas fíonóireachta gearr i ndabhcha, atá beartaithe chun fíonta boga a tháirgeadh atá an-torthaíoch, a bhfuil dath dearg éadrom orthu agus a bhfuil cuma gheal orthu, agus atá le hól laistigh de 2 bhliain, nó próiseas fíonóireachta traidisiúnta na Burgúine, lena mbaineann tréimhse níos faide i ndabhach, fáscadh agus aosú i mbairillí ansin, rud a fhágann gur féidir fíonta cumhachtacha láidre a tháirgeadh a bhfuil struchtúr tainneach álainn acu lena ráthaítear fad saoil áirithe, ina dtagann dath dúdhearg le himireacha corcairghorma orthu. Bíonn dea-bholaithe de thorthaí beaga dearga agus dubha ar na fíonta dearga, agus bíonn mionbholaithe piobaracha orthu uaireanta.

Déantar roinnt cuvée as fíonchaora ró-aibí. Déantar an bhuaint thart ar mhí amháin tar éis bhuaint na bhfíonchaor atá beartaithe le haghaidh fíonta socra. Saintréith d’fhíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí is ea dea-bholaithe de thorthaí triomaithe leasaithe a bhfuil dathanna órga orthu le haghaidh na bhfíonta geala agus dathanna níos ómra le haghaidh na bhfíonta dearga agus rosé.

8.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar cháil an táirge, ach ar na saintréithe céadfacha a thugtar dó freisin leis an timpeallacht gheografach.

Is toradh iad fíonta Auxois ar mheascán de cháil stairiúil agus de thíreolaíocht ar leith lena ndéantar iad a dhealú go soiléir ó fhíonghoirt eile na Burgúine.

San am a chuaigh thart, thug a gcáil go Páras iad agus go margaí thuaisceart na Fraince, ionaid díolacháin nádúrtha a raibh na príomhnaisc iompair tríd an réigiún fabhrach dóibh.

Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do réigiún nádúrtha Auxois, limistéar d’airde mheasartha idir masaíf eibhir an Morvan ar an taobh thiar agus ardchláir aolchloiche ‘Seuil de Bourgogne’ ar an taobh thoir. Tá sé suite in iarthar roinn Côte d’Or sa Bhurgúin.

Saintréith den limistéar geografach is ea geolaíocht agus moirfeolaíocht shonrach, ina bhfuil ithreacha créúla den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann, tá na fíniúnacha lonnaithe ar thaobhanna na gcnoc dea-nochta, agus iad curtha ar ithreacha aolchloiche clochacha dea-dhraenáilte, áit a n-aimsíonn siad dálaí fabhracha chun go n-aibeoidh a bhfíonchaora go maith. Tugann saintréithe an terroir Auxois (ithir, aeráid, etc.) cáilíochtaí sainiúla do na fíonta; bíonn tionchar ag na cineálacha a chuirtear go traidisiúnta orthu sin freisin, ar cineálacha dúchasacha de chuid na Burgúine iad agus, dá bhrí sin, tá siad oiriúnaithe go maith do na dálaí áitiúla.

Mar gheall ar an aeráid agus ar chineál créúil na n-ithreacha, is féidir fíonta a tháirgeadh a bhfuil a n-úire ina saintréith acu, cáilíocht a mbíonn an-tóir ag táirgeoirí uirthi i gcónaí. Roghnaíonn siad suíomhanna faoi fhothain le haghaidh na bhfíniúnacha ina bhfuil ithreacha dea-dhraenáilte, rud a fhágann gur féidir leis na fíonchaora aibíocht a bhaint amach a léirítear sna fíonta geala le maothlachas áirithe a bhaineann le mianracht. Sna fíonta dearga, léirítear é sin i solúbthacht agus torthaíocht na bhfíonta a dhéantar trí úsáid a bhaint as próiseas fíonóireachta gearr, agus struchtúr deas tainneach agus láidir dóibh siúd a dhéantar trí úsáid a bhaint as próiseas fíonóireachta traidisiúnta sa Bhurgúin agus aosú i mbairillí ina dhiaidh sin. Sna fíonta rosé, léirítear aibíocht inmhianaithe na bhfíonchaor in úire agus i dtorthaíocht, in éineacht le dea-bholaithe torthaí andúchasacha nuair a bhíonn na fíonta óg.

I limistéir áirithe ina bhfuil ithreacha an-draenáilte agus nochtaí an-fhabhrach, agus ag brath ar na dálaí aimsire i mbliain an fhíona, is féidir fíonchaora ró-aibí a tháirgeadh. Fágann na fíonchaora áirithe sin gur féidir fíonta a tháirgeadh a bhfuil dea-bholaithe torthaí triomaithe agus leasaithe orthu i ngach ceann de na trí dhath.

Bhí áit ag fíniúnacha i dtírdhreach Auxois riamh anall. Cuireann siad leis an mbithéagsúlacht ach tugann siad saibhreas eacnamaíoch agus cultúrtha leo freisin, rud a d’fhág lorg ar gach sráidbhaile, go háirithe i dtéarmaí ailtireachta agus traidisiúin tíre. Le hoscailt MuséoParc Alésia (Comhairle Ghinearálta Côte d’Or), bhíothas in ann sean-nósanna agus seanmhodhanna maireachtála, lena n-áirítear fíon, a chur i dtábhacht agus a athbheochan.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Rialacha maidir le lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Nuair a chuirtear an nath traidisiúnta ‘Vin de pays’ in ionad an téarma ‘Indication géographique protégée’ (tásc geografach faoi chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Féadfar na nithe a leanas a chur leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Coteaux de l’Auxois’:

an téarma ‘primeur’ nó ‘nouveau’ le haghaidh fíonta socra amháin;

ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

An limistéar díreach in aice láimhe arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint ‘Coteaux de l’Auxois’, áirítear ann na bardais seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2019:

I roinn Côte d’Or:

I gceantar Beaune:

Agencourt, Aloxe-Corton, Arcenant, Argilly, Aubigny-en-Plaine, Aubigny-la-Ronce, Auvillars-sur-Saône, Auxey-Duresses, Bagnot, Bard-le-Régulier, Baubigny, Beaune, Blanot, Bligny-lès-Beaune, Boncourt-le-Bois, Bonnencontre, Bouilland, Bousselange, Bouze-lès-Beaune, Brazey-en-Morvan, Brazey-en-Plaine, Broin, Bussière-sur-Ouche, Censerey, Chamblanc, Charrey-sur-Saône, Chassagne-Montrachet, Chaux, Chevigny-en-Valière, Chivres, Chorey-les-Beaune, Combertault, Comblanchien, Corberon, Corcelles-les-Arts, Corgengoux, Corgoloin, Cormot-le-Grand, Corpeau, Diancey, Ébaty, Échenon, Échevronne, Esbarres, Flagey-Echézeaux, Franxault, Fussey, Gerland, Gilly-lès-Cîteaux, Glanon, Grosbois-lès-Tichey, Ivry-en-Montagne, Jallanges, Jours-en-Vaux, Labergement-lès-Seurre, Labruyère, Lanthes, Laperrière-sur-Saône, Lechâtelet, Levernois, Liernais, Losne, Magny-lès-Aubigny, Magny-lès-Villers, Manlay, Marcheseuil, Marey-lès-Fussey, Marigny-lès-Reullée, Mavilly-Mandelot, Meloisey, Ménessaire, Merceuil, Meuilley, Meursanges, Meursault, Molinot, Montagny-lès-Beaune, Montagny-lès-Seurre, Monthelie, Montmain, Montot, Nantoux, Nolay, Nuits-Saint-Georges, Pagny-la-Ville, Pagny-le-Château, Pernand-Vergelesses, Pommard, Pouilly-sur-Saône, Premeaux-Prissey, Puligny-Montrachet, Quincey, Rochepot, Ruffey-lès-Beaune, Saint-Aubin, Saint-Bernard, Saint-Jean-de-Losne, Sainte-Marie-la-Blanche, Saint-Martin-de-la-Mer, Saint-Nicolas-lès-Cîteaux, Saint-Romain, Saint-Seine-en-Bâche, Saint-Symphorien-sur-Saône, Saint-Usage, Samerey, Santenay, Santosse, Savigny-lès-Beaune, Savilly, Ladoix-Serrigny, Seurre, Sussey, Tailly, Thury, Tichey, Trouhans, Trugny, Vauchignon, Vianges, Vignoles, Villars-Fontaine, Villebichot, Villers-la-Faye, Villiers-en-Morvan, Villy-le-Moutier, Volnay, Vosne-Romanée, Voudenay agus Vougeot.

I gceantar Dijon:

Agey, Ahuy, Aiserey, Ancey, Arceau, Arcey, Arc-sur-Tille, Asnières-lès-Dijon, Athée, Aubigny-lès-Sombernon, Auxonne, Avelanges, Avot, Barbirey-sur-Ouche, Barges, Barjon, Baulme-la-Roche, Beaumont-sur-Vingeanne, Beire-le-Châtel, Beire-le-Fort, Bellefond, Belleneuve, Bessey-lès-Cîteaux, Bévy, Bèze, Bézouotte, Billey, Binges, Blagny-sur-Vingeanne, Blaisy-Bas, Blaisy-Haut, Bligny-le-Sec, Bourberain, Boussenois, Bressey-sur-Tille, Bretenière, Bretigny, Brochon, Brognon, Broindon, Busserotte-et-Montenaille, Bussières, Bussy-la-Pesle, Cessey-sur-Tille, Chaignay, Chambeire, Chamboeuf, Chambolle-Musigny, Champagne-sur-Vingeanne, Champagny, Champdôtre, Chanceaux, Charmes, Chaume-et-Courchamp, Chazeuil, Chenôve, Cheuge, Chevannes, Chevigny-Saint-Sauveur, Cirey-lès-Pontailler, Clémencey, Clénay, Cléry, Collonges-lès-Bévy, Collonges-lès-Premières, Corcelles-lès-Cîteaux, Corcelles-les-Monts, Couchey, Courlon, Courtivron, Couternon, Crécey-sur-Tille, Crimolois, Cuiserey, Curley, Curtil-Saint-Seine, Curtil-Vergy, Cussey-les-Forges, Daix, Dampierre-et-Flée, Darois, Détain-et-Bruant, Diénay, Dijon, Drambon, Drée, Échannay, Échevannes, Échigey, Épagny, Épernay-sous-Gevrey, Étang-Vergy, Étaules, Étevaux, Fauverney, Fénay, Fixin, Flacey, Flagey-lès-Auxonne, Flammerans, Flavignerot, Fleurey-sur-Ouche, Foncegrive, Fontaine-Française, Fontaine-lès-Dijon, Fontenelle, Fraignot-et-Vesvrotte, Francheville, Frénois, Gemeaux, Genlis, Gergueil, Gevrey-Chambertin, Gissey-sur-Ouche, Grancey-le-Château-Neuvelle, Grenant-lès-Sombernon, Grosbois-en-Montagne, Hauteville-lès-Dijon, Heuilley-sur-Saône, Is-sur-Tille, Izeure, Izier, Jancigny, Labergement-Foigney, Labergement-lès-Auxonne, Lamarche-sur-Saône, Lamargelle, Lantenay, Léry, Licey-sur-Vingeanne, Longchamp, Longeault, Longecourt-en-Plaine, Longvic, Lux, Magny-Montarlot, Magny-Saint-Médard, Magny-sur-Tille, Maillys, Mâlain, Marandeuil, Marcilly-sur-Tille, Marey-sur-Tille, Marliens, Marsannay-la-Côte, Marsannay-le-Bois, Maxilly-sur-Saône, Meix, Mesmont, Messanges, Messigny-et-Vantoux, Mirebeau-sur-Bèze, Moloy, Montigny-Mornay-Villeneuve-sur-Vingeanne, Montmançon, Montoillot, Morey-Saint-Denis, Neuilly-lès-Dijon, Noiron-sous-Gevrey, Noiron-sur-Bèze, Norges-la-Ville, Oisilly, Orain, Orgeux, Orville, Ouges, Panges, Pasques, Pellerey, Perrigny-lès-Dijon, Perrigny-sur-l’Ognon, Pichanges, Plombières-lès-Dijon, Pluvault, Pluvet, Poiseul-la-Grange, Poiseul-lès-Saulx, Poncey-lès-Athée, Poncey-sur-l’Ignon, Pont, Pontailler-sur-Saône, Pouilly-sur-Vingeanne, Prâlon, Premières, Prenois, Quemigny-Poisot, Quetigny, Remilly-en-Montagne, Remilly-sur-Tille, Renève, Reulle-Vergy, Rouvres-en-Plaine, Ruffey-lès-Echirey, Sacquenay, Saint-Anthot, Saint-Apollinaire, Saint-Jean-de-Boeuf, Saint-Julien, Saint-Léger-Triey, Sainte-Marie-sur-Ouche, Saint-Martin-du-Mont, Saint-Maurice-sur-Vingeanne, Saint-Philibert, Saint-Sauveur, Saint-Seine-l’Abbaye, Saint-Seine-sur-Vingeanne, Saint-Victor-sur-Ouche, Salives, Saulon-la-Chapelle, Saulon-la-Rue, Saulx-le-Duc, Saussy, Savigny-le-Sec, Savigny-sous-Mâlain, Savolles, Savouges, Segrois, Selongey, Semezanges, Sennecey-lès-Dijon, Soirans, Soissons-sur-Nacey, Sombernon, Spoy, Talant, Talmay, Tanay, Tarsul, Tart-l’Abbaye, Tart-le-Bas, Tart-le-Haut, Tellecey, Ternant, Thorey-en-Plaine, Til-Châtel, Tillenay, Tréclun, Trochères, Trouhaut, Turcey, Urcy, Val-Suzon, Varanges, Varois-et-Chaignot, Vaux-Saules, Velars-sur-Ouche, Vernois-lès-Vesvres, Vernot, Véronnes, Verrey-sous-Drée, Vieilmoulin, Vielverge, Viévigne, Villecomte, Villers-les-Pots, Villers-Rotin, Villey-sur-Tille, Villotte-Saint-Seine agus Vonges.

I gceantar Montbard:

Aignay-le-Duc, Aisey-sur-Seine, Ampilly-les-Bordes, Ampilly-le-Sec, Autricourt, Baigneux-les-Juifs, Balot, Beaulieu, Beaunotte, Belan-sur-Ource, Bellenod-sur-Seine, Beneuvre, Billy-lès-Chanceaux, Bissey-la-Côte, Bissey-la-Pierre, Boudreville, Bouix, Brémur-et-Vaurois, Brion-sur-Ource, Buncey, Bure-les-Templiers, Busseaut, Buxerolles, Cérilly, Chambain, Chamesson, Champeau-en-Morvan, Channay, Charrey-sur-Seine, Châtillon-sur-Seine, Chaugey, Chaume, Chaume-lès-Baigneux, Chaumont-le-Bois, Chemin-d’Aisey, Coulmier-le-Sec, Courban, Duesme, Échalot, Essarois, Étais, Étalante, Étormay, Étrochey, Faverolles-lès-Lucey, Fontaines-en-Duesmois, Fontaines-les-Sèches, Gevrolles, Gomméville, Goulles, Grancey-sur-Ource, Griselles, Gurgy-la-Ville, Gurgy-le-Château, Jours-lès-Baigneux, Juillenay, Laignes, Larrey, Leuglay, Lignerolles, Louesme, Lucey, Magny-Lambert, Maisey-le-Duc, Marcenay, Massingy, Mauvilly, Menesble, Meulson, Minot, Moitron, Molesme, Molphey, Montigny-sur-Aube, Montlay-en-Auxois, Montliot-et-Courcelles, Montmoyen, Mosson, Motte-Ternant, Nesle-et-Massoult, Nicey, Nod-sur-Seine, Noiron-sur-Seine, Obtrée, Oigny, Origny, Orret, Planay, Poinçon-lès-Larrey, Poiseul-la-Ville-et-Laperrière, Pothières, Prusly-sur-Ource, Puits, Quemigny-sur-Seine, Recey-sur-Ource, Riel-les-Eaux, Roche-en-Brenil, Rochefort-sur-Brévon, Rouvray, Saint-Andeux, Saint-Broing-les-Moines, Sainte-Colombe, Sainte-Colombe-sur-Seine, Saint-Didier, Saint-Germain-de-Modéon, Saint-Germain-le-Rocheux, Saint-Marc-sur-Seine, Saulieu, Savoisy, Semond, Sincey-lès-Rouvray, Terrefondrée, Thoires, Thoisy-la-Berchère, Vannaire, Vanvey, Verdonnet, Vertault, Veuxhaulles-sur-Aube, Villaines-en-Duesmois, Villargoix, Villedieu, Villeneuve-les-Convers, Villers-Patras, Villiers-le-Duc agus Villotte-sur-Ource.

I roinn Saône-et-Loire:

I gceantar Autun:

Anost, Antully, Autun, Auxy, Barnay, Bizots, Blanzy, Boulaye, Breuil, Brion, Broye, Change, Chapelle-sous-Uchon, Charbonnat, Charmoy, Cheilly-lès-Maranges, Chissey-en-Morvan, Collonge-la-Madeleine, Comelle, Cordesse, Couches, Créot, Cressy-sur-Somme, Creusot, Curgy, Cussy-en-Morvan, Cuzy, Dettey, Dezize-lès-Maranges, Dracy-lès-Couches, Dracy-Saint-Loup, Épertully, Épinac, Essertenne, Étang-sur-Arroux, Grande-Verrière, Grury, Igornay, Issy-l’Évêque, Laizy, Lucenay-l’Évêque, Marly-sous-Issy, Marmagne, Mesvres, Montcenis, Monthelon, Montmort, Morlet, Paris-l’Hôpital, Perreuil, Petite-Verrière, Reclesne, Roussillon-en-Morvan, Saint-Berain-sous-Sanvignes, Saint-Didier-sur-Arroux, Saint-Émiland, Saint-Eugène, Saint-Firmin, Saint-Forgeot, Saint-Gervais-sur-Couches, Saint-Jean-de-Trézy, Saint-Léger-du-Bois, Saint-Léger-sous-Beuvray, Saint-Martin-de-Commune, Saint-Maurice-lès-Couches, Saint-Nizier-sur-Arroux, Saint-Pierre-de-Varennes, Saint-Prix, Sainte-Radegonde, Saint-Sernin-du-Bois, Saint-Sernin-du-Plain, Saint-Symphorien-de-Marmagne, Saisy, Sampigny-lès-Maranges, Celle-en-Morvan, Sommant, Sully, Tagnière, Tavernay, Thil-sur-Arroux, Tintry, Torcy agus Uchon.

I roinn Yonne:

I gceantar Avallon:

Accolay, Aigremont, Aillant-sur-Tholon, Andryes, Appoigny, Arcy-sur-Cure, Augy, Auxerre, Bassou, Bazarnes, Beaumont, Beauvoir, Beine, Bellechaume, Béon, Bessy-sur-Cure, Bleigny-le-Carreau, Bléneau, Bois-d’Arcy, Bonnard, Branches, Brienon-sur-Armançon, Brion, Bussy-en-Othe, Cézy, Chablis, Chailley, Chambeugle, Champcevrais, Champignelles, Champlay, Champlost, Champs-sur-Yonne, Champvallon, Chamvres, Chapelle-Vaupelteigne, Charbuy, Charentenay, Charmoy, Charny, Chassy, Chemilly-sur-Serein, Chemilly-sur-Yonne, Chêne-Arnoult, Cheny, Chéu, Chevannes, Chevillon, Chichée, Chichery, Chitry, Coulangeron, Coulanges-la-Vineuse, Coulanges-sur-Yonne, Courgis, Courson-les-Carrières, Crain, Cravant, Dicy, Diges, Dracy, Druyes-les-Belles-Fontaines, Égleny, Épineau-les-Voves, Escamps, Escolives-Sainte-Camille, Esnon, Étais-la-Sauvin, Ferté-Loupière, Festigny, Fleury-la-Vallée, Fontaines, Fontenailles, Fontenay-près-Chablis, Fontenay-sous-Fouronnes, Fontenouilles, Fontenoy, Fouronnes, Germigny, Grandchamp, Guerchy, Gurgy, Gy-l’Évêque, Hauterive, Héry, Irancy, Jaulges, Joigny, Jussy, Laduz, Lain, Lainsecq, Lalande, Laroche-Saint-Cydroine, Lavau, Leugny, Levis, Lichères-près-Aigremont, Lignorelles, Ligny-le-Châtel, Lindry, Looze, Lucy-sur-Cure, Lucy-sur-Yonne, Mailly-la-Ville, Mailly-le-Château, Malicorne, Maligny, Marchais-Beton, Mercy, Méré, Merry-la-Vallée, Merry-Sec, Merry-sur-Yonne, Mézilles, Migé, Migennes, Molesmes, Monéteau, Montigny-la-Resle, Mont-Saint-Sulpice, Mouffy, Moulins-sur-Ouanne, Moutiers-en-Puisaye, Neuilly, Ormes, Ormoy, Ouanne, Parly, Paroy-en-Othe, Paroy-sur-Tholon, Perreux, Perrigny, Poilly-sur-Tholon, Pontigny, Pourrain, Prégilbert, Préhy, Prunoy, Quenne, Rogny-les-Sept-Écluses, Ronchères, Rouvray, Sacy, Sainpuits, Saint-Aubin-Château-Neuf, Saint-Aubin-sur-Yonne, Saint-Bris-le-Vineux, Sainte-Colombe-sur-Loing, Saint-Cyr-les-Colons, Saint-Denis-sur-Ouanne, Saint-Fargeau, Saint-Florentin, Saint-Georges-sur-Baulche, Saint-Martin-des-Champs, Saint-Martin-sur-Ocre, Saint-Martin-sur-Ouanne, Saint-Maurice-le-Vieil, Saint-Maurice-Thizouaille, Sainte-Pallaye, Saint-Privé, Saints, Saint-Sauveur-en-Puisaye, Seignelay, Sementron, Senan, Sery, Sommecaise, Sougères-en-Puisaye, Taingy, Tannerre-en-Puisaye, Thury, Toucy, Treigny, Trucy-sur-Yonne, Turny, Val-de-Mercy, Vallan, Varennes, Venizy, Venouse, Venoy, Vergigny, Vermenton, Villecien, Villefargeau, Villefranche, Villemer, Villeneuve-les-Genêts, Villeneuve-Saint-Salves, Villevallier, Villiers-Saint-Benoît, Villiers-sur-Tholon, Villy, Vincelles, Vincelottes agus Volgré.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-63064547-9b28-4efe-b225-1db2ba6fca6f


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3200/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top