Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG02995

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1176 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/12925/2025/INIT

IO C, C/2026/2995, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2995/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2995/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2995

29.5.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1176 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

(C/2026/2995)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1176 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle (3) arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1177 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2020/1999 agus i Rialachán (AE) 2020/1998. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Lúnasa 2026 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Gnóthaí Cothrománacha agus Domhanda

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an athbhreithnithe thréimhsiúil a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2020/1999, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá ainmnithe.


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj.

(2)   IO L, 2026/1176, 28.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1176/oj.

(3)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.

(4)   IO L, 2026/1177, 28.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1177/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2995/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top