Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC02834

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2026/275

IO C, C/2026/2834, 27.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2834/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2834/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2834

27.5.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/2834)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Roquefort’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-0131-AM06 — 4.3.2026

1.   Ainm an táirge

‘Roquefort’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

☑

ATFC

☐

TGFC

☐

TG

3.   Earnáil

☑

Táirgí talmhaíochta

☐

Fíonta

☐

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Fhrainc

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Agraibhia agus Bhiafhlaithis

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Níl i gceist leis an iarratas ar leasú ar ATFC ‘Roquefort’ aon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:

(a)

níl i gceist leis athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Údarás inniúil sa Bhallstát

Tuairisc

Tugadh sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit cothrom le dáta.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Grúpa iarrthach

Tuairisc

Tugadh sonraí teagmhála an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Cineál an táirge

Tuairisc

Scriosadh an roinn a bhaineann leis an gcineál táirge, a bhí sainithe de réir a aicme roimhe seo.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Sainiú an limistéir gheografaigh

Tuairisc

Tugadh liosta na mbardas a áirítear laistigh den limistéar geografach cothrom le dáta ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil is déanaí, gan teorainneacha an limistéir sin a athrú.

An abairt maidir le léarscáileanna a chur isteach ina leagtar amach teorainneacha an limistéir gheografaigh chuig hallaí baile na mbardas ar áiríodh go páirteach, scriosadh í toisc gur féidir na doiciméid sin a cheadú ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil.

☑

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh an táirge

Tuairisc

Cuireadh foráil isteach lena gceanglaítear ar tháirgeoirí bainne an chéad lá bliantúil de sheachadadh nó de phróiseáil a mbainne a thaifeadadh, leis an toirt chomhfhreagrach, mar chuid den leasú faoin gceannteideal ‘Modh táirgthe’.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Modh táirgthe

Tuairisc

Tugadh isteach an fhéidearthacht do tháirgeoir bainne caorach a sheachadadh ó aon bhleán amháin in aghaidh an lae seachas ó dhá bhleán, chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcleachtas sin mar atá ‘bleán uair amháin sa lá’ roimh údarú ginearálta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bleán uair amháin sa lá sa tsonraíocht ATFC.

Ní fhéadfar bleán uair amháin sa lá a chur chun feidhme ach amháin sna cásanna seo a leanas:

—

ón 150ú lá a sheachadfaidh nó a phróiseálfaidh an táirgeoir an bainne;

—

ar feadh 90 lá as a chéile ar a mhéad.

I gcomhthéacs na meastóireachta sin, maidir le toirt an bhainne a fhaightear ó bhleán uair amháin sa lá a phróiseáiltear chun cáis ATFC ‘Roquefort’ a dhéanamh sa bhliain bhainne dar tús an 1 Deireadh Fómhair de bhliain n agus dar críoch an 30 Meán Fómhair de bhliain n+ 1, níor cheart í a bheith níos mó ná 20 % de thoirt iomlán an bhainne a phróiseálann oibreoir chun cáis ATFC ‘Roquefort’ a dhéanamh.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Mionsonraí an chomhlachta cigireachta

Tuairisc

Tugadh sonraí teagmhála na gcomhlachtaí cigireachta cothrom le dáta.

☐

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

‘Roquefort’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-0131-AM06 — 4.3.2026

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Roquefort’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

☑

ATFC

☐

TGFC

☐

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Fhrainc

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

0406 — Cáis agus gruth

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

Is cáis ghormfhéitheach é ‘Roquefort’ a ullmhaítear agus a tháirgtear go heisiach ó bhainne caorach amh iomlán i gcomhréir le cleachtais áitiúla chóra thraidisiúnta.

Sula mbrúitear í, bíonn íosmhéid 52 g saill in aghaidh gach 100 g d’ábhar tirim agus íosmhéid 55 g saill in aghaidh gach 100 g de cháis aibithe sa cháis amh, agus í saothraithe le spóir de Penicillium roqueforti, coipthe agus saillte agus craiceann tais uirthi.

Is cáis sorcóireach í, atá 19-20 cm ar trastomhas agus 8,5-11,5 cm ar airde agus tá meáchan 2,5-3 kg inti.

Bíonn an taos mín agus dlúth, agus féitheacha glasa-gorma scaipthe go cothrom ann chomh maithe le dea-bholadh ar leith lena mbaineann boladh beag múscáin, agus blas breá láidir.

Déantar an cháis a aibiú ar feadh 90 lá ar a laghad ó dháta a monaraithe.

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le tásc geografach faoi chosaint agus sa chás sin amháin)

Tógtar na caoirigh ar bhealach traidisiúnta le haiste bia atá bunaithe ar fhéar, farae agus gránaigh, agus ba cheart do thrí cheathrú ar a laghad den mhéid sin de réir ábhair thirim teacht ón limistéar geografach táirgeachta.

Ní gá go dtiocfaidh an bheatha go léir, go háirithe an bheatha bhreise, ón limistéar geografach, toisc nach bhfuil mórán talún ann atá oiriúnach do bharra, agus cuireann na dálaí aeráide, lena mbaineann triomaigh rialta i rith an tsamhraidh, srian ar a dtáirgeadh.

Gan beann ar a thionscnamh, ní sháróidh beatha a cheannaítear lasmuigh den fheirm, seachas beatha thuí agus beatha shainmheilte nó a macasamhail, ach lena n-áirítear farae, gránach agus beatha bhreise, atá beartaithe le haghaidh caorach agus uain ionadaithe, in aghaidh an tréada agus in aghaidh na bliana, meán de 200 kg d’ábhar tirim in aghaidh na caorach déiríochta atá i láthair ar an bhfeirm.

Nuair a bhíonn féar ar fáil, bíonn innilt laethúil sainordaitheach, a luaithe is féidir de réir na haimsire.

Le linn na tréimhse stáblaíochta, is éard atá sa chiondáil laethúil aonair aon chileagram amháin d’ábhar féir thirim ar an meán don tréad uile.

Tagann an bainne a úsáidtear ó chaoirigh dhéiríochta de phór Lacaune.

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Tarlaíonn na céimeanna uile, idir tháirgeadh bainne agus aibiú cáise, sa limistéar geografach.

Déantar an cháis a aibiú sna siléir atá suite i scileach shliabh Combalou (bardas Roquefort-sur-Soulzon), arna sainiú le breithiúnas Chúirt Réigiúnach Millau an 12 Iúil 1961.

I ndiaidh na gcéimeanna tosaigh aibithe, is i mbardas Roquefort-sur-Soulzon amháin a tharlaíonn an t-aibiú.

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ceadaítear ‘Roquefort’ a ghearradh.

Stóráiltear an cháis sula ndéantar í a phacáistiú, a ghearradh, a réamhphacáil agus a phacáil agus is i mbardas Roquefort-sur-Soulzon amháin a thugtar faoi na céimeanna sin ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)

Chun sláine ‘Roquefort’ a ráthú, agus na coinníollacha aibithe maidir leis an gcáis i mbardas Roquefort-sur-Soulzon ag íosteocht -5 °C á gcur san áireamh, tá sé ríthábhachtach go ngearrfar agus go bpacálfar é sula seolfar é agus aird ar leith á tabhairt ar an slabhra fuar a choinneáil ar bun trí athrú tobann ar bith i dteocht cháis ‘Roquefort’ a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le meath an táirge.

(b)

Is trí phacáistiú na cáise a dhéanamh chomh tapa agus is féidir i ndiaidh di na seomraí teochtrialaithe a fhágáil amháin a dhéantar na hairíonna fisiceacha agus orgánaileipteacha ‘Roquefort’ a choinneáil ó aibiú, go dtí go sroichfidh an cháis an tomhaltóir. Chun an aidhm sin a bhaint amach, tá na saoráidí pacáistithe suite sa bhardas céanna ina bhfuil na seomraí teochtrialaithe. Is táirge sobhriste é cáis ‘Roquefort’ a aibíonn go han-mhall sa dorchadas. Nuair atá sí aibí agus dá bhrí sin réidh lena caitheamh, ní féidir leis an gcáis ach láimhsiú teoranta a sheasamh ag foireann a bhfuil eolas sonrach aici faoin táirge chun é a phacáistiú chomh tapa agus is féidir, chun baol díhiodráitithe, ocsaídithe agus dath mínormálta a sheachaint.

(c)

Chun sábháilteacht mhicribhitheolaíoch ‘Roquefort’ a ráthú go dtí go sroicheann sé an tomhaltóir, tá sé tábhachtach gur féidir an cháis a rianú agus a sheiceáil i rith chéimeanna gearrtha, pacáistithe, réamhphacála agus pacála an táirge deiridh atá réidh don tomhaltóir tríd an gcomhartha sainaitheantais do gach baisc táirgthe (arna mharcáil ar bharr na cáise) a úsáid. Tá gá le saineolas sonrach i dtaca leis na céimeanna sin agus bíonn éifeacht dhíreach acu ar cháilíocht na cáise seo ó bhainne amh.

Níl feidhm ag na rialacha maidir le gearradh agus pacáistiú a leagtar amach thuas maidir le siopaí a ghearrann cáis arna iarraidh sin ag tomhaltóirí nó a ghearrann nó a phacáistíonn cáis le haghaidh díolacháin dírigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 an 25 Deireadh Fómhair 2011.

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Chomh maith leis na sonraí sainordaitheacha arna leagadh síos sna rialacha maidir le lipéadú agus le cur i láthair earraí bia, bíonn an méid a leanas ar phacáistíocht cháis ‘Roquefort’, is cuma í a bheith iomlán nó gearrtha agus í á cur ar an margadh:

—

ainm an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Roquefort’ scríofa i gcarachtair atá dhá thrian de mhéid na gcarachtar is mó ar an lipéad ar a laghad;

—

sa réimse radhairc céanna, siombail ATFC an Aontais Eorpaigh.

Bíonn an fhaisnéis sin ar na cliathbhoscaí freisin, nó ar an bpacáistiú eile ina bhfuil na cáiseanna.

Ar an lipéad freisin bíonn trádmharc roinnte an ghrúpa iarrthaigh, ar a dtugtar ‘Brebis Rouge’ [caora dhearg]. Ar na lipéid sin ar a dtaispeántar an tsiombail ATFC agus í daite, bíonn an trádmharc roinnte daite freisin; ar na lipéid sin ar a dtaispeántar an tsiombail ATFC i ndubh agus bán nó i gclaonchló, bíonn an trádmharc roinnte i ndubh agus bán nó i gclaonchló freisin.

Cé is moite den trádmharc roinnte agus marcanna trádála agus monaraíochta nó siombailí agus ainmneacha corparáideacha speisialta eile, ní ceadmhach ainm ‘Roquefort’ a cháiliú ná focail ar bith eile a chur leis ar an lipéadú, ar an bhfógraíocht, sa chumarsáid, ar na sonraisc nó ar dhoiciméid tráchtála.

5.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Roinn Aude:

Bardais Belpech*, Brousses-et-Villaret, Castans, Caudebronde, Cenne-Monestiés, Cuxac-Cabardès, Fanjeaux*, Fontiers-Cabardès, Fraisse-Cabardès, Labastide-Esparbairenque, Lacombe, Laprade, Lespinassière, Les Martys, Mas-Cabardès, Mayreville, Miraval-Cabardès, Montolieu, Pradelles-Cabardès, Roquefère, Saint-Denis, Saissac, La Tourette-Cabardès, Verdun-en-Lauragais, Villardonnel, Villemagne.

Roinn Aveyron:

Cantúin Causse-Comtal, Causses-Rougiers, Ceor-Ségala, Millau-1, Millau-2, Monts du Réquistanais, Nord-Lévezou, Raspes et Lévezou, Rodez-2, Rodez-Onet, Saint-Affrique, Tarn et Causses, Vallon.

Bardais Les Albres, Anglars-Saint-Félix, Asprières, Auzits, Le Bas Ségala, Belcastel, Bertholène, Bessuéjouls, Bor-et-Bar, Bournazel, Brandonnet, La Capelle-Bleys, Castelmary, Castelnau-de-Mandailles*, Compolibat, Conques-en-Rouergue*, Crespin, Drulhe, Escandolières, Espalion, La Fouillade, Gaillac-d’Aveyron, Galgan, Goutrens, Laissac-Sévérac l’Église, Lanuéjouls, Lassouts, Lescure-Jaoul, Lugan, Lunac, Maleville, Mayran, Millau, Montbazens, Morlhon-le-Haut, Najac, Palmas d’Aveyron, Peyrusse-le-Roc, Pierrefiche, Pomayrols, Prades-d’Aubrac*, Prévinquières, Privezac, Rieupeyroux, Rignac, Rodez, Roussennac, Saint-André-de-Najac, Saint-Côme-d’Olt, Saint Geniez d’Olt et d’Aubrac, Sainte-Eulalie-d’Olt, La Salvetat-Peyralès, Sanvensa, Sébrazac, Sonnac, Tayrac, Valzergues, Vaureilles, Villecomtal, Vimenet.

Roinn Gard:

Bardais Alzon, Blandas, Campestre-et-Luc, Causse-Bégon, Dourbies, Lanuéjols, Montdardier, Revens, Rogues, Saint-Sauveur-Camprieu, Trèves, Vissec.

Roinn Hérault:

Bardais Les Aires, Avène, Bédarieux, Le Bousquet-d’Orb, Brenas, Cambon-et-Salvergues, Camplong, Carlencas-et-Levas, Cassagnoles, Castanet-le-Haut, Le Caylar, Ceilhes-et-Rocozels, Colombières-sur-Orb, Combes, Courniou, Le Cros, Ferrals-les-Montagnes, Fraisse-sur-Agout, Graissessac, Hérépian, Joncels, Lamalou-les-Bains, Lauroux, Lavalette, Liausson, Lodève, Lunas-les-Châteaux, Mérifons, Mons, Mourèze, Octon, Olargues, Olmet-et-Villecun, Pégairolles-de-l’Escalette, Pézènes-les-Mines, Les Plans, Le Poujol-sur-Orb, Le Pradal, Prémian, Le Puech, Riols, Les Rives, Romiguières, Roqueredonde, Rosis, Saint-Étienne-d’Albagnan, Saint-Étienne-Estréchoux, Saint-Félix-de-l’Héras, Saint-Geniès-de-Varensal, Saint-Gervais-sur-Mare, Saint-Julien, Saint-Martin-de-l’Arçon, Saint-Maurice-Navacelles, Saint-Michel, Saint-Pierre-de-la-Fage, Saint-Pons-de-Thomières, Saint-Vincent-d’Olargues, Salasc, La Salvetat-sur-Agout, Sorbs, Le Soulié, Taussac-la-Billière, La Tour-sur-Orb, La Vacquerie-et-Saint-Martin-de-Castries, Valmascle, Verreries-de-Moussans, Vieussan, Villemagne-l’Argentière.

Roinn Lozère:

Cantún Bourgs sur Colagne.

Bardais Allenc, Badaroux, Banassac-Canilhac, Les Bondons, Brenoux, La Canourgue, Cans et Cévennes*, Chadenet, Chanac, Florac Trois Rivières*, Fraissinet-de-Fourques, Gatuzières, Gorges du Tarn Causses, Les Hermaux, Hures-la-Parade, Ispagnac, Lachamp-Ribennes*, Lanuéjols, Laval-du-Tarn, La Malène, Marvejols, Mas-Saint-Chély, Massegros Causses Gorges, Mende, Meyrueis, Monts-de-Randon*, Le Rozier, Saint-Bauzile, Saint-Étienne-du-Valdonnez, Saint-Pierre-de-Nogaret, Saint-Pierre-des-Tripiers, Saint-Saturnin, Sainte-Hélène, La Tieule, Trélans, Vebron.

Roinn Tarn:

Cantúin Carmaux-1 Le Ségala, Les Hautes Terres d’Oc, Mazamet-1, Mazamet-2 Vallée du Thoré, La Montagne noire.

Bardais Alban, Amarens*, Ambialet, Arifat, Arthès*, Bellegarde-Marsal*, Bernac*, Brousse, Burlats, Cagnac-les-Mines, Carmaux, Castanet, Castelnau-de-Lévis*, Castres, Cestayrols*, Cordes-sur-Ciel*, Curvalle, Dénat*, Fauch, Le Fraysse, Le Garric, Graulhet*, Labessière-Candeil, Lacapelle-Ségalar, Laparrouquial, Lasgraisses*, Lautrec, Lempaut*, Lescure-d’Albigeois, Lombers, Mailhoc*, Massals, Mazamet, Miolles, Monestiés, Montfa, Montirat, Montredon-Labessonnié, Mont-Roc, Mouzens*, Mouzieys-Panens*, Navès*, Paulinet, Peyregoux*, Poulan-Pouzols, Pratviel*, Puéchoursi*, Puylaurens*, Rayssac, Réalmont, Roquecourbe, Rouffiac, Saint-André, Saint-Christophe, Saint-Jean-de-Vals, Saint-Julien-du-Puy, Saint-Marcel-Campes, Saint-Martin-Laguépie, Saint-Salvy-de-la-Balme, Sainte-Croix, Salles, Le Ségur, Sieurac, Soual, Souel*, Técou*, Teillet, Terre-de-Bancalié, Trévien, Vénès, Villefranche-d’Albigeois, Viviers-lès-Montagnes.

*

Cuid den bhardas.

6.   Nasc leis an limistéar geografach

Achoimre ar an nasc

Déantar ‘Roquefort’ as bainne amh iomlán ó chaoraigh Lacaune, atá oiriúnaithe go foirfe do na coinníollacha comhshaoil sa limistéar geografach. Tá na coinníollacha fíor-riachtanacha chun Penicillium roqueforti a fhorbairt sa cháis, a thugann an blas is dual di, sna siléir aibithe a tógadh sa scileach ar a bhfuil an sráidbhaile den ainm céanna suite. Cinntítear leis an gcéim aibithe mhall ina dhiaidh sin go bhforbraíonn an táirge go dtí go bhfuil uigeacht mhín ann chomh maithe leis na tréithe orgánaileipteacha is fearr.

Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do chodanna de dheisceart Massif Central ina bhfuil bunchnoic agus gleannta sléibhe. Bíonn tionchar ag an Meánmhuir agus ag an Atlantach ar an aeráid lena mbaineann airde níos airde ná 400 m. Mar thoradh air sin bíonn geimhrí fada, a chuireann as d’fhás an fhásra san Earrach agus triomaigh sa samhradh, a bhíonn níos measa go minic mar gheall ar chúltaiscí ísle uisce san ithir. Is minic bhíonn an topagrafaíocht droimneach agus an ithir clochach de thoradh na bhfoshraitheanna geolaíocha ón oraigineas Heircíneach nó an tsil-leagain aolchloiche ón Ré Mhéiseasóch mar aon le creimeadh. Áirítear sa limistéar geografach féarach, talamh le haghaidh innilte agus féarthalamh. Úsáidtear an méid beag talún atá oiriúnach do bharra mar fhéarthalamh sealadach agus fástar gránaigh inti lena gcaitheamh sa limistéar féin.

Tá na siléir aibithe do ‘Roquefort’ atá suite laistigh de shráidbhaile Roquefort-sur-Soulzon, greanta go hiomlán istigh sa scileach i mbunchnoic aillte cailcreacha Combalou, áit a bhfuil an charraig ag briseadh agus ag titim leis na céadta. Is trí na scoilteanna sa scileach, simléir nádúrtha ar a dtugtar ‘fleurines’ a thagann sruth aeir úir thais isteach, ar sruth é atá in ann a bheith lag nó láidir. Scaoileann na fleurines aeir thais fhuair isteach, ag brath ar luaineacht na teochta lasmuigh agus an brú atmaisféarach, mar a bheadh gineadóir ollmhór ann. Déantar an t-aer a thagann isteach sa talamh a fhuarú leis na ballaí fionnuara ó na haillte a bhfuil a n-aghaidheanna thoir ó thuaidh; téann sé síos go bun an sciligh agus piocann sé suas taise nuair a theagmhaíonn sé leis an taiscumar faoi thalamh. Dá bhrí sin déanann na fleurines miocraeráid nádúrtha speisialta a chruthú, a chothromú, agus a choinneáil ar bun sna siléir, áit a bhforbraíonn Penicillium roqueforti.

Tá stair fhada ag ‘Roquefort’. Tá tagairt dó ó 1070 le fáil i gcairtchnuas Abbaye de Conques, in Aveyron. In 1666 dheimhnigh foraithne ó Pharlaimint Tolouse na pribhléidí ríoga uile a deonaíodh ó aimsir Shéarlas VI chun ‘Roquefort’ a chaomhnú agus deonaíodh an ceart eiseach cáis ‘Roquefort’ a aibiú do mhuintir Roquefort-sur-Soulzon. San 18ú haois, dhearbhaigh Diderot agus d’Alembert gurbh é ‘Roquefort’ ‘rí na gcáiseanna’. Ina dhiaidh sin, rinneadh an limistéar aibithe do ‘Roquefort’ a theorannú do scileach Combalou le roinnt breithiúnas. An 26 Iúil 1925, rith Parlaimint na Fraince dlí a thug appellation d’origine do ‘Roquefort’, an chéad cháis sa Fhrainc a fuair an t-ainmniúchán tionscnaimh sin.

Saintréith de ‘Roquefort’ is ea an córas tógála sa limistéar geografach. Tá sé bunaithe ar fheirmeoireacht caorach de phór Lacaune agus úsáid farae ó áiteanna atá an-ghar don fheirm, gan córas buailteachais. Tá an Lacaune oiriúnaithe go han-mhaith dá thimpeallacht. Tugann an lomra olla, atá tiubhaithe ar a dhroim, cosaint ón ngrian i rith an tsamhraidh agus cuidíonn sé leis na caoirigh an teas a sheasamh. Tá a chrúba oiriúnaithe d’ithir clochach. I rith an tséasúir innilte, bíonn sé in ann mar sin an leas is fearr a bhaint as an bhfásra sa limistéar geografach, a bhíonn gann ó thaobh cothaithigh de go minic. Mar thoradh ar an obair a rinneadh i dtaca le roghnú géiniteach sa limistéar geografach le níos mó ná 20 bliain anuas, tá cáil ar an Lacaune mar gheall ar a tháirgeadh bainne. Tógtar na caoirigh ar an mbealach traidisiúnta le haiste bia bunaithe ar an talamh féaraigh agus ar an bhféarthalamh sealadach agus buan sa limistéar geografach, talamh a úsáidtear d’innilt agus chun farae a fhás. Tá srianta ar bheatha a cheannach lasmuigh den fheirm.

Bíonn saineolas sonrach i gceist le monarú ‘Roquefort’. Déantar an cháis as bainne amh iomlán. Ullmhaítear púdair agus saothráin Penicillium roqueforti, a úsáidtear chun an cháis a shíolrú, ó phóir thraidisiúnta a fhaightear i miocraeráid na siléar nádúrtha i mbardas Roquefort-sur-Soulzon. Déantar an cháis a dhraenáil gan í a bhrú. Déantar an cháis a phriocadh d’fhonn í a aerú. Ansin aibítear an ‘Roquefort’ sna siléir atá suite i scileach shliabh Combalou, atá aeráilte go nádúrtha le haer úr agus tais, leis an bhfad ama atá riachtanach chun Penicillium roqueforti a fhorbairt go maith. Ansin clúdaítear é i bpacáistiú cosanta chun moill a chur ar fhás Penicillium roqueforti agus leanann sé ar aghaidh ag forbairt trí aibiú mall.

Is cáis ghormfhéitheach é ‘Roquefort’ a tháirgtear go heisiach ó bhainne caorach amh iomlán agus déantar é a aibiú ar feadh 90 lá ar a laghad ó dháta a mhonaraithe.

Bíonn an taos mín, agus féitheacha glasa-gorma scaipthe go cothrom ann chomh maith le dea-bholadh ar leith lena mbaineann boladh beag múscáin, agus blas breá láidir.

Bíonn tionchar ag úsáid phór Lacaune, ag an gcóras traidisiúnta tógála agus ag an mbeatha bunaithe ar acmhainní sa limistéar geografach ar chomhdhéanamh an bhainne caorach, go háirithe na haigéid shailleacha óna dtagann an blas. Cuireann an bainne seo, agus é amh, le dea-bholadh sainiúil ‘Roquefort’ a thugtar chun cinn le linn an aibithe ag Penicillium roquefort.

Ní mór don cháiseoir a bheith solúbtha agus ‘Roquefort’ á mhonarú ó bhainne amh iomlán. Tá an saineolas a chuirtear i bhfeidhm le linn táirgthe, amhail draenáil gan an cháis a bhrú, a chruthaíonn na hoscailtí rialta sa taos, agus priocadh, a ligeann an t-aer isteach, fíor-riachtanach d’fhorbairt Penicillium roqueforti le linn an aibithe, agus táirgtear taos ina bhfuil féitheacha scaipthe go cothrom.

Tá dálaí nádúrtha bitheolaíocha atá an-fhabhrach d’aibiú ‘Roquefort’ le fáil sna siléir aibithe a tógadh i scileach shliabh Combalou, a bhíonn aeraithe le ‘fleurines’. San aeráid speisialta sin tairbhíonn Penicillium roqueforti de thimpeallacht a chuireann go mór lena fhorbairt. Iolraíonn sé sa cháis, athraíonn sé an taos ó bhonn, tugann sé dath glas-gorm don cháis agus tugann sé an blas ar fad di.

Déantar ‘Roquefort’ a aibiú go mall tar éis an aibithe, a fhágann go bhforbraítear uigeacht mhín an taois agus go dtagann a dhea-bholadh an-sainiúil chun cinn, ar dea-bholadh é lena mbaineann boladh beag múscáin, faoi dheireadh tréimhse 90 lá ar a laghad.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-56d1c189-14dd-4062-9c4e-805d92aa1bc5


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2834/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top