Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0299

P10_TA(2025)0299 — Cosaint mionaoiseach ar líne — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 maidir le cosaint mionaoiseach ar líne (2025/2060(INI))

IO C, C/2026/1708, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1708/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1708/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1708

24.4.2026

P10_TA(2025)0299

Cosaint mionaoiseach ar líne

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 maidir le cosaint mionaoiseach ar líne (2025/2060(INI))

(C/2026/1708)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (1),

—

ag féachaint do rún uaithi an 12 Nollaig 2023 maidir le dearadh andúile seirbhísí ar líne agus cosaint tomhaltóirí i margadh aonair an Aontais Eorpaigh (2),

—

ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint, go háirithe mionaoisigh, i ndáil le físchluichí a úsáid (3),

—

ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 ar chosaint tomhaltóirí i bhfíschluichí ar líne cur chuige don mhargadh aonair Eorpach (4),

—

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989, agus do Bharúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 2 Márta 2021 maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (5),

—

ag féachaint do Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (6),

—

ag féachaint do sheiceáil oiriúnachta an Choimisiúin ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach (7),

—

ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 dar teideal ‘Guidance on the interpretation and application of Directive 2005/29/EC of the European Parliament and of the Council concerning unfair business-to-consumer commercial practices in the internal market’ [Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach] (8) (An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha),

—

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Treoirlínte maidir le bearta chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála ar líne a áirithiú do mhionaoisigh, de bhun Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2022/2065’ (9),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (10) (An Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí),

—

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (11),

—

ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a chur chun feidhme (12),

—

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+)’ (COM(2022)0212),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (13) (Rialachán eIDAS2),

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2024 maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (COM(2024)0060),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (14),

—

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0213/2025),

A.

de bhrí go n-úsáideann 97 % de dhaoine óga an t-idirlíon gach lá; de bhrí go dtuairiscíonn 78 % de dhaoine idir 13 agus 17 mbliana d’aois go seiceálann siad a bhfeistí gach uair an chloig ar a laghad agus go dtuairiscíonn 46 % díobh go mbíonn siad á seiceáil beagnach go seasta (15); de bhrí go gcaitheann daoine idir 16 agus 24 bliana d’aois ar an meán os cionn seacht n-uaire an chloig in aghaidh an lae ar an idirlíon (16); de bhrí go mbíonn níos mó ná leath de thomhaltóirí AE ag imirt físchluichí go rialta agus i measc leanaí idir 11 agus 14 bliana d’aois, go bhfuil an sciar sin chomh hard le 84 % (17); de bhrí, i measc mionaoiseach a imríonn físchluichí, go gcaitheann 64 % díobh EUR 1-20 ar chluichí ar an meán in aghaidh na míosa, agus go bhfuil meánmhéadú foriomlán míosúil caiteachais ag leanaí agus ag tomhaltóirí i gcoitinne, ó EUR 33 in 2020 go EUR 39 in 2023 (18);

B.

de bhrí go bhfuil úsáid fóin chliste ‘fhadhbach’ nó ‘mhífheidhmiúil’ i gceist le duine as gach ceathrar leanaí agus daoine óga, rud a chiallaíonn patrúin iompraíochta lena léirítear andúil (19); de bhrí go bhfuil mionaoisigh níos leochailí d’inneachar arna ghiniúint le IS, do chompánaigh IS agus do bhotaí comhrá, ós rud é go bhfuil a gcumais chognaíocha fós ag forbairt; de bhrí go léiríonn taighde go bhféadfadh baint a bheith ag seiceáil rialta na meán sóisialta i ndéagóirí le hathruithe ar íogaireacht néarach maidir le réamhghabháil luaíochtaí agus pionós sóisialta; de bhrí go dtugann taighde le fios go bhféadfadh baint a bheith ag an méadú ar fhadhbanna meabhairshláinte i ndéagóirí le húsáid iomarcach na meán sóisialta agus gur sainaithníodh brú ó na meáin shóisialta mar cheann de na cúig chúis is mó le deacrachtaí meabhairshláinte do mhionaoisigh, amhail méadú ar imní agus dúlagar; de bhrí go n-aithníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte andúil i gcluichí mar neamhord meabhairshláinte; de bhrí go bhfuil sé léirithe i staidéir gur féidir le húsáid iomarcach na meán sóisialta tionchar a imirt ar fhorbairt inchinne agus ar acmhainneacht inchinne mionaoiseach; de bhrí gur aimsíodh comhghaolta idir úsáid iomarcach na meán sóisialta agus easpa rialú ríge;

C.

de bhrí go bhfuil saoránaigh, go háirithe mionaoisigh, ag éirí níos rannpháirtí leis na meáin shóisialta, le hardáin comhroinnte físeán agus inneachair, agus le comhbhailitheoirí ar líne, lena n-áirítear le haghaidh tomhaltas nuachta; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag pearsana poiblí agus tionchairí atá gníomhach ar na hardáin ar líne sin maidir leis an dioscúrsa poiblí a mhúnlú; de bhrí go mbíonn sé dúshlánach do go leor úsáideoirí, lena n-áirítear mionaoisigh, idirdhealú a dhéanamh idir fíorfhaisnéis agus faisnéis bhréagach sa nuacht ar líne; de bhrí nach mór tús áite a thabhairt d’oibriú agus dearadh freagrach na n-ardán sin, in éineacht le smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn i measc mionaoiseach;

D.

de bhrí go bhfuil oideachas digiteach agus litearthacht sna meáin bunriachtanach chun athléimneacht mionaoiseach i leith rioscaí ar líne a neartú, lena n-áirítear bréagaisnéis agus ábhar díobhálach, agus na scileanna á dtabhairt dóibh chun nascleanúint a dhéanamh, rannchuidiú leis an domhan digiteach agus é a mhúnlú go freagrach agus go muiníneach; de bhrí go bhfuil cláir oideachais agus feachtais feasachta chuimsitheacha bunriachtanach chun mionaoisigh, tuismitheoirí, caomhnóirí agus oideoirí a chur ar an eolas faoi rioscaí agus cleachtais shábháilte ar líne; de bhrí go n-áirítear leis sin bearta spriocdhírithe do mhionaoisigh, tuismitheoirí, caomhnóirí agus oideoirí, teicnící coisctheacha, feachtais feasachta agus feachtais litearthachta sna meáin agus sa litearthacht dhigiteach, agus faisnéis maidir le huirlisí chun rochtain ar ábhar atá mí-oiriúnach ó thaobh aoise de nó díobhálach a theorannú;

E.

de bhrí gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus seirbhísí ar líne tairbhí a chur ar fáil do mhionaoisigh trí dheiseanna nua a thabhairt maidir le taibhiú, cruthaitheacht agus iad féin a chur in iúl agus trí thacú leis an oideachas; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach ceart rochtana mionaoiseach ar an idirlíon a ráthú toisc go gcuireann sé lena saoirse chun tuairimí a nochtadh, chun foghlama, chun faisnéis a fháil agus lena saoirse tuairimíochta; de bhrí nár cheart go mbeadh mionaoisigh ina dtomhaltóirí teicneolaíochta éighníomhacha, ach go mbeadh smacht gníomhach acu ar na teicneolaíochtaí a úsáideann siad; de bhrí go bhfuil litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach ina bpríomhchumasóirí ag an am céanna maidir le rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus shibhialta leanaí ar líne, lena dtugtar na cumais dóibh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa domhan digiteach go freagrach agus go muiníneach, thar chosc riosca amháin;

F.

de bhrí go bhfuil fás suntasach tagtha ar mhargadh fógraíochta na dtionchairí san Eoraip le blianta beaga anuas, mar gheall ar thábhacht mhéadaitheach ardáin na meán sóisialta, méadú ar bhuiséid fógraíochta digití agus go bhfuil sé ag tarlú níos minice gur fearr le brandaí foirmeacha margaíochta níos barántúla; de bhrí, agus gnólachtaí ag iarraidh dul i dteagmháil le tomhaltóirí óga a thuigeann cúrsaí teicneolaíochta, go bhfuil margaíocht tionchairí tagtha chun cinn mar phríomhstraitéis chun feasacht, muinín agus creidiúnacht branda a fhorbairt; de bhrí go meastar go bhfásfaidh margadh na hEorpa le haghaidh margaíocht tionchairí ag ráta fáis iolraithe bliantúil de thart ar 12 % sna cúig bliana amach romhainn, agus go meastar go sáróidh méid an mhargaidh EUR 6,4 billiún faoi 2030, rud a léireoidh ionchais láidre fáis; de bhrí nach léiríonn ach 20 % de thionchairí cineál tráchtála an inneachair a roinneann siad go córasach;

G.

de bhrí go bhfuil níos mó agus níos mó mionaoiseach ina gcruthaitheoirí inneachair nó ina dtionchairí linbh, lena mbaineann tráchtálú nó luathnochtadh poiblí uaireanta, rud a d’fhéadfadh dúshaothrú a bheith mar thoradh air gan toiliú;

H.

de bhrí, faoi láthair, nach dtugtar aghaidh go cuimsitheach le haon reachtaíocht AE ar chosaint mionaoiseach ar fud na n-éiceachóras digiteach; de bhrí gur cheart go mbeadh leibhéil chomhionanna cosanta ag mionaoisigh gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu; de bhrí go bhfuil críocha agus seirbhísí éagsúla ag ardáin agus feidhmchláir ar líne a bhfuil dearaí, comhéadain agus gnéithe éagsúla acu, a bhféadfadh rioscaí éagsúla do mhionaoisigh a bheith mar thoradh orthu, agus, dá bhrí sin, gur cheart comhréireacht agus measúnú rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm; de bhrí gur cheart go mbeadh leibhéal níos airde cosanta ar líne ag mionaoisigh, lena n-éilítear cur chuige comhchuibhithe AE; de bhrí gur gá cothromaíocht a aimsiú idir leibhéil níos airde cosanta do mhionaoisigh a áirithiú agus a gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus páirt a ghlacadh i bpobail ar líne a urramú;

I.

de bhrí go n-aithnítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) cosaint mionaoiseach mar chuspóir tábhachtach beartais de chuid an Aontais agus go n-áirítear ann príomhfhorálacha chun cosaint níos fearr do mhionaoisigh ar líne a áirithiú, amhail Airteagal 14(3), Airteagal 28, Airteagal 34(1)(d), Airteagal 35(1)(j) agus Airteagal 44(1)(j); de bhrí, leis na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le bearta chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do mhionaoisigh ar líne, de bhun Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, go ndéantar na rialacha maidir le cosaint mionaoiseach ar líne a shoiléiriú tuilleadh;

J.

de bhrí go sainaithnítear i dTreoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD) cosaint mionaoiseach mar phríomhchuspóir beartais agus go leagtar síos inti forálacha chun a sábháilteacht ar líne a neartú, go háirithe ar ardáin comhroinnte físeán;

K.

de bhrí gur féidir leis an gCóras Uile-Eorpach Faisnéise maidir le Cluichí (PEGI), mar chóras rátála Eorpach d’ábhar físchluichí, cabhrú le tomhaltóirí – go háirithe tuismitheoirí – cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hoiriúnacht físchluichí agus aipeanna d’aoisghrúpaí éagsúla;

L.

de bhrí go léirítear le fianaise ó roinnt tír san Aontas Eorpach go bhfuil rochtain ag mionaoisigh ar ábhar pornagrafach, uaireanta go neamhdheonach, ag aois an-óg; de bhrí, trí bhreathnú ar phornagrafaíocht, gur féidir leanaí a nochtadh d’ábhar foréigneach agus mí-oiriúnach ó thaobh aoise de, a bhfuil sé cruthaithe ina leith go méadaíonn sé ionsaitheacht agus foréigean gnéasach agus go bhféadfadh sé iompraíochtaí díobhálacha gnéis a spreagadh i measc leanaí agus déagóirí;

M.

de bhrí go n-aithníonn GSD go bhfuil uirlisí rialaithe tuismitheora i measc bearta maolaithe riosca d’ardáin ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu, mar a fhoráiltear in Airteagal 35(1)(j), agus, dá bhrí sin, go bhfuil ról acu maidir leis na rioscaí do shábháilteacht, príobháideachas agus folláine mionaoiseach sa timpeallacht dhigiteach a bhainistiú;

N.

de bhrí go bhfuil méadú bliain ar bhliain ag teacht ar líon na mban óg atá faoi réir foréigean inscnebhunaithe, go háirithe sa réimse ar líne; de bhrí go gcuireann an easpa gníomhaíochta agus marthanacht drochíde ar líne mná óga as an réimse digiteach agus go mbíonn tionchar ag an méid sin ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh;

O.

de bhrí go bhfuil géarghá le reachtaíocht reatha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá fós gan réiteach chun timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú do gach úsáideoir, go háirithe mionaoisigh; de bhrí go bhfuil gá le comhar leis na Ballstáit chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhsheasmhach beart cosanta a áirithiú ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil forfheidhmiú reachtaíocht AE atá ann cheana fós gann ar acmhainní ar fud na mBallstát, rud a fhágann go bhfuil cur chun feidhme ilroinnte agus éagothromaíochtaí ann maidir leis an gcosaint ar líne is gá do mhionaoisigh; de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta le tíortha nach de chuid an Aontais iad agus le heagraíochtaí domhanda bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chineál trasteorann na rioscaí agus na ndíobhálacha ar líne;

P.

de bhrí gur iarr roinnt Ballstát cur chuige comhchoiteann maidir le tromlach digiteach agus go bhfuil dlíthe náisiúnta glactha acu cheana féin ina leith sin;

Q.

de bhrí go bhfuil cosaint sonraí mionaoiseach ríthábhachtach, lena n-áirítear a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as a gcuid sonraí ná nach saothrófar iad, agus go ndéanfar ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a choimirciú i ngach idirghníomhú ar líne, i gcomhréir le GSD;

R.

de bhrí nach gcuireann an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, mar a ráthaítear le GSD, bac ar chur chun feidhme beart éifeachtach chun mionaoisigh a chosaint ar líne;

S.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, ina litreacha misin agus ina éisteachtaí, gníomh um chothroime dhigiteach a mholadh lena rachfaí i ngleic le teicnící mí-eiticiúla agus cleachtais tráchtála a bhaineann le patrúin dhorcha, margaíocht ag tionchairí meán sóisialta, dearadh andúile táirgí agus seirbhísí digiteacha, agus próifíliú ar líne, go háirithe nuair a bhaintear leas as leochaileachtaí tomhaltóirí chun críoch tráchtála do gach tomhaltóir, lena n-áirítear mionaoisigh;

Reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú

1.

á chur i bhfáth go gceanglaítear le GSD ar ardáin ar líne atá inrochtana do mhionaoisigh bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbainfidh mionaoisigh tairbhe as ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála agus a seirbhísí á n-úsáid acu;

2.

ag tabhairt dá haire na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le bearta chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do mhionaoisigh ar líne, de bhun Airteagal 28(4) de GSD; á chur in iúl gur geal léi raon feidhme leathan na dtreoirlínte, lena n-áirítear prionsabail amhail príobháideachas agus slándáil trí dhearadh agus treoir phraiticiúil maidir le sásraí dearbhaithe a chur i bhfeidhm de réir cur chuige rioscabhunaithe, lena n-áirítear an moladh go nglacfadh ardáin ardriosca sásraí dearbhaithe aoise atá cruinn, láidir agus lena gcaomhnaítear príobháideachas; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, tacaíocht na dtreoirlínte do réamhshocruithe cosantacha, an fhreagracht athdhearbhaithe atá ar sholáthraithe aipeanna, gan beann ar tharmligean chuig oibreoirí córais oibriúcháin, agus cur chun cinn na n-uirlisí atá ann cheana amhail na cóid sábháilteachta trí dhearadh ar líne agus Measúnuithe Tionchair ar Chearta Leanaí;

3.

á mheas go bhféadfaí treoirlínte an Choimisiúin a fheabhsú tuilleadh, go háirithe maidir le mionaoisigh a chosaint ar dhearadh andúile, ar mholtaí bunaithe ar phróifíliú agus ar mholtaí atá bunaithe ar rannpháirtíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach bhfuil na treoirlínte sin ceangailteach ó thaobh dlí de agus go bhféadfadh gá a bheith le tuilleadh gníomhaíochta reachtaí;

4.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé GSD a chur chun feidhme go pras agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear AVMSD, agus a chur i bhfeidhm go hiomlán ar an leibhéal náisiúnta, chun an cuspóir maidir le timpeallacht shábháilte ar líne a ráthú do mhionaoisigh a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi imscrúduithe an Choimisiúin faoi GSD i réimse na cosanta do mhionaoisigh ar líne, lena ndírítear, go háirithe, ar iompar andúile, ar fheiniméan an ‘phoill coinín’, ar shásraí dearbhaithe aoise agus ar chórais moltaí; ag tathant ar an gCoimisiún a chuid imscrúduithe a thabhairt i gcrích go luath agus aon bhearta breise is gá a dhéanamh, lena n-áirítear fíneálacha agus bearta ceartaitheacha éifeachtacha, i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh faoi GSD;

5.

á mheabhrú gur thionscain an Coimisiún, an 27 Bealtaine 2025, imeachtaí foirmiúla i gcoinne mórardáin phornagrafacha mar gheall ar sháruithe ar oibleagáidí a eascraíonn as GSD; ag cur béim ar an bhfíoras go ndíríonn imscrúduithe an Choimisiúin go sonrach ar mhionaoisigh a chosaint ar líne agus ar an easpa beart éifeachtach chun aois úsáideoirí a dheimhniú; á mheabhrú gur féidir le hinneachar pornagrafach, chomh maith le hinneachar foréigneach agus inneachar lena mbuanaítear tuairimí frithbhanda, ciníocha nó homafóbacha, iarmhairtí fíor-thromchúiseacha fisiciúla, sóisialta agus mothúchánacha a chruthú do mhionaoisigh, agus go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige sin ar a bhforbairt shíceolaíoch;

6.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí comhordaithe an Líonra um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CPC) i réimse na cosanta do mhionaoisigh ar líne, lena ndírítear, go háirithe, ar iarrachtí díreacha chun leanaí a mhealladh i bhfógraí, ar chleachtais tráchtála ionsaitheacha a úsáid, ar easpa faisnéise atá soiléir agus trédhearcach agus ar mhargú tionchairí;

7.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di treochtaí agus dúshlán chontúirteacha a bheith á scaipeadh ar ardáin ar líne, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe, ag tabhairt dá haire go bhféadfadh siad sin dochar a dhéanamh do mhionaoisigh; á thabhairt chun suntais an easpa feasachta i measc tuismitheoirí agus caomhnóirí, a mbíonn cumas teoranta acu go minic freagairt sula ndéantar dochar; ag tathant ar ardáin ar líne measúnú réamhghníomhach a dhéanamh ar rioscaí do mhionaoisigh, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana, agus treochtaí agus dúshláin chontúirteacha atá ag teacht chun cinn a bhrath; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra mear-rabhaidh éifeachtúil a bhunú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na hIonaid d’Idirlíon Níos Sábháilte, chun na saincheisteanna sin a bhrath agus chun ceangal a chur ar ardáin na saincheisteanna sin a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go dtaispeánfaidh ardáin painéil acmhainní géarchéime le huimhreacha teagmhála do sheirbhísí tacaíochta tríú páirtí, amhail carthanais neamhord itheacháin nó carthanais um fhéinmharú a chosc;

8.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di earcú mionaoiseach ag líonraí coiriúla ar ardáin ar líne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa beart maolaithe níos uaillmhianaí chun mionaoisigh a chosaint, go háirithe a mhéid a bhaineann le fógra agus gníomhaíocht, algartaim mholtacha hipearphearsantaithe agus bunaithe ar rannpháirtíocht as a n-eascraíonn iompraíocht andúile, agus patrúin dhorcha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an treocht a bhí ag roinnt ardán mór ar líne le déanaí ina léirítear maolú ar chleachtais dhiana modhnóireachta inneachair ar a n-ardáin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh aistriú den sórt sin nochtadh mionaoiseach agus úsáideoirí leochaileacha eile d’inneachar díobhálach, neamhdhleathach nó míchuí a mhéadú, rud a bhainfeadh an bonn d’iarrachtaí chun timpeallacht shábháilte ar líne a áirithiú;

9.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá forálacha measúnaithe riosca in GSD agus á chur i bhfáth gur minic nach leor na measúnuithe riosca a dhéanann ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne faoi GSD maidir le sábháilteacht mionaoiseach ar líne, nach dtugtar mionsronraí leordhóthanacha leo thar an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí, nach bhfuil maoirseacht neamhspleách chuí acu agus go ndéantar gannmheastachán ar na rioscaí a bhaineann le mionaoisigh; á iarraidh ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil faoi GSD chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán na hoibleagáidí maidir le measúnuithe riosca agus bearta maolaithe gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid dá chumhachtaí forfheidhmithe faoi GSD, a fhíorú freisin go bhfuil a dtéarmaí agus a gcoinníollacha féin á gcomhlíonadh ag ardáin ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh, mar rogha dheireanach, ar shuíomhanna nó ar fheidhmchláir atá neamhchomhlíontach go leanúnach a thoirmeasc; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir, critéir, tagarmharcanna agus creat soiléir a chur ar fáil d’iniúchtaí neamhspleácha;

10.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe riosca a dhéanamh níos láidre tríd an bhfaisnéis, na sonraí agus na measúnuithe nach mór a áireamh i measúnuithe riosca sistéamacha a shonrú, amhail sonraí ioncaim ó fhógraí pearsantaithe i gcomparáid le fógraí neamhphearsanta do leanaí agus measúnú ar aon riosca do mhionaoisigh agus ar éifeacht na n-algartam ar eispéireas úsáideoirí mionaoiseach, go háirithe an chaoi a bhféadfadh algartaim mionaoisigh a nochtadh d’ábhar neamhdhleathach nó do ghnéithe dearaidh andúile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé mionaoisigh, caomhnóirí agus na saineolaithe ábhartha uile a áireamh i measúnuithe riosca chun a áirithiú go gcuirfear leas agus riachtanais mionaoiseach san áireamh go cuí agus an tseirbhís á dearadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di mainneachtain leanúnach na mórardán digiteach mionaoisigh a chosaint go leormhaith ar a gcuid seirbhísí, mar atá nochta ag sceithirí a nocht sáruithe tromchúiseacha agus cleachtais dhíobhálacha; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go gníomhach le sceithirí a bhfuil ábhair imní nochta acu a bhaineann le mionaoisigh a chosaint ar ardáin dhigiteacha, chun tairbhe a bhaint as a saineolas agus a léargas d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht bheartais AE agus sásraí forfheidhmiúcháin atá dírithe ar mhionaoisigh a chosaint ar líne;

11.

á mheabhrú go bhfuil freagracht chomhroinnte ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú GSD; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil moilleanna suntasacha ann maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha (DSCanna) a ainmniú agus/nó a chumhachtú i roinnt Ballstát, lena mbaintear an bonn go suntasach ó chosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear mionaoisigh, ar fud an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na nósanna imeachta um shárú a tionscnaíodh i gcoinne roinnt Ballstát a mhainnigh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a ainmniú agus/nó a chumhachtú; ag tathant ar na Ballstáit nach bhfuil sé sin déanta acu go fóill Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a ainmniú agus a chumhachtú gan mhoill agus acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus ar údaráis ábhartha eile a bhfuil baint acu le forfheidhmiú GSD; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú, sa chreat airgeadais ilbhliantúil, go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag na húdaráis chun a gcuid oibre a dhéanamh go cuí agus go héifeachtach;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i leith gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ag na Ballstáit, lena n-áirítear trí nósanna imeachta oibríochtúla comhchuibhithe do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Chomhordaitheoirí an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha agus ar na húdaráis náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dhéanann ardáin ar líne chun mionaoisigh a chosaint; ag tathant ar an gCoimisiún comhar a éascú idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis CPC ar leibhéal na mBallstát agus treoir a chur ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit an comhar sin a struchtúrú;

13.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí forfheidhmiúcháin atá déanta ag Gréasán CPC i réimse na cosanta tomhaltóirí, go háirithe ríomhthráchtáil agus físchluichí, chun mionaoisigh a chosaint ar chleachtais dhíobhálacha, chomh maith leis an idirphlé leanúnach le hearnáil na bhfíschluichí; ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú ar Rialachán CPC a mholadh chun a áirithiú go mbeidh cumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin láraithe ag an gCoimisiún ar fud an Aontais i gcásanna sárú forleathan ar dhlíthe tomhaltóirí AE;

14.

á chur in iúl gur geal léi seiceáil oiriúnachta ‘cothroime digití’ an Choimisiúin ar dhlí na dtomhaltóirí; á chur i bhfios go láidir nár tugadh aghaidh fós ar shaincheisteanna maidir le tomhaltóirí a chosaint ar líne, agus go sainaithnítear mionaoisigh mar dhaoine atá an-leochaileach i leith cleachtais éagóracha agus ionramhálacha ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún cosaint mionaoiseach ar líne a neartú tríd an ngníomh um chothroime dhigiteach atá ar na bacáin; á chreidiúint gur cheart teicneolaíochtaí áititheacha a úsáideann gníomhaithe ar líne, amhail fógraíocht spriocdhírithe, margaíocht tionchairí, dearadh andúile, boscaí éadála, airgeadraí ionaipe i bhfíschluichí, agus patrúin dhorcha, teacht faoin ngníomh um chothroime dhigiteach, ar cheart dó lúba ar lár dlíthiúla a dhúnadh agus a bheith comhsheasmhach leis na hionstraimí dlí atá ann faoi láthair chun cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí ar líne, go háirithie mionaoisigh, agus an gá le hualaí rialála neamhriachtanacha a sheachaint á thabhairt san áireamh;

Fíorú aoise

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chuige ilroinnte ann faoi láthair maidir le bearta dearbhaithe aoise (fíorú aoise, meastachán aoise agus féindearbhú) ar fud an Aontais, agus go mbíonn ilroinnt sa mhargadh inmheánach mar thoradh air sin; á aithint go bhfuil ardbhearta curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar chosaint mionaoiseach ar líne; á chur in iúl gur oth léi go bhféadfadh leibhéal míchothrom cosanta do mhionaoisigh ar líne ar fud an Aontais a bheith mar thoradh ar na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta; aithníonn sí a thábhachtaí atá an plé leanúnach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon maidir leis an tsaincheist sin, d’fhonn a chinneadh conas is fearr aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin ar leibhéal an Aontais;

16.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir noirm chultúrtha, luachanna sochaíocha agus íogaireachtaí poiblí maidir le huirlisí digiteacha agus úsáid sonraí ar fud na mBallstát, rud a imríonn tionchar ar an gcaoi a mbraitheann sochaithe ar bhearta amhail fíorú aoise, ar an gcaoi a nglacann siad leo agus ar an muinín atá acu astu; á chur i bhfáth nach mór na difríochtaí sin a mheas go cúramach chun a áirithiú go n-urramóidh aon tionscnaimh ar an leibhéal Eorpach comhthéacsanna náisiúnta agus muinín an phobail, agus uirlisí éifeachtacha á gcur ar fáil ag an am céanna chun mionaoisigh a chosaint;

17.

á chur in iúl gur geal léi cur chuige rioscabhunaithe an Choimisiúin a glacadh ina threoirlínte maidir le sásraí chun mionaoisigh a chosaint ar líne atá éifeachtach, comhréireach agus lena gcosnaítear príobháideachas, i gcomhréir le DSA; á thabhairt chun suntais go measann an Coimisiún gur beart iomchuí agus comhréireach é úsáid srianta rochtana arna dtacú le modhanna fíoraithe aoise chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do mhionaoisigh; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta reachtacha iomchuí a thíolacadh, más gá, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le sásraí dearbhaithe aoise atá sábháilte agus iontaofa, agus treoirlínte an Choimisiúin maidir le mionaoisigh a chosaint ar fud AE á gcur san áireamh, agus leibhéal comhionann cosanta do mhionaoisigh san Aontas á ráthú;

18.

ag cur suntas, áfach, sna hábhair imní a bhaineann le sásraí dearbhaithe aoise maidir le hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne shaoirsí agus chearta an linbh; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí measúnú críochnúil ar aon bhearta reachtacha a bhaineann le sásraí dearbhaithe aoise maidir lena dtionchar ar chearta bunúsacha, chun cumhdach cleachtas faireachais a sheachaint, agus chun a áirithiú go dtabharfar tús áite d’aon réitigh a mholtar do na bearta is éifeachtaí agus is fearr ó thaobh caomhnú príobháideachais de, agus nach nglacfar iad ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis, ina bhfuil siad comhréireach agus ina mbeidh coimircí láidre ag gabháil leo;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhsheasmhacht a áirithiú i réimse shábháilteacht na mionaoiseach ar líne ar fud phíosaí éagsúla reachtaíocht AE sa réimse sin;

20.

á chur i bhfáth nach piléar airgid iad sásraí dearbhaithe aoise chun mionaoisigh a chosaint ar an iliomad rioscaí a bhíonn rompu ar líne; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leis na huirlisí sin deireadh a chur le cuntasacht na n-ardán chun a áirithiú go bhfuil a dtáirgí sábháilte agus iomchuí do mhionaoisigh trí dhearadh agus mar réamhshocrú; ag spreagadh forbairt leaganacha de sheirbhísí meán sóisialta atá oiriúnach ó thaobh aoise de do mhionaoisigh;

21.

ag tarraingt aird ar an tionscnamh ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen chun painéal saineolaithe a chruthú chun measúnú a dhéanamh go pras, i measc saincheisteanna eile, ar cheist na dteorainneacha aoise digití agus ar na seirbhísí ar líne ba cheart a chumhdach;

22.

á mheas, agus deimhniú aoise na n-úsáideoirí ag teastáil, nár cheart don Choimisiún a cheangal ach go n-úsáidfí na sásraí is cruinne, is láidre agus is fearr ó thaobh caomhnú príobháideachais de; á mheas gur cheart sásraí den sórt sin a chur chun feidhme go córasach d’ardáin ar líne nó do sheirbhísí digiteacha a dhíolann táirgí nó seirbhísí a thagann faoi shrian aoise faoi reachtaíocht AE nó faoi reachtaíocht náisiúnta agus d’ardáin meán sóisialta, d’ardáin comhroinnte físeán agus do chompánaigh IS, a bhfuil riosca ag baint leo do mhionaoisigh;

23.

ag spreagadh comhar idir na Ballstáit a bhfuil uirlisí digiteacha forbartha acu cheana féin chun aois a fhíorú go héifeachtach agus an Coimisiún chun uirlis láidir agus éifeachtach fíoraithe aoise a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, lena n-áiritheofar lánurraim do na sonraíochtaí teicniúla a eascraíonn as Rialachán eIDAS2;

24.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin réiteach uile-Aontais a chur ar fáil trí fheidhmchlár fíoraithe aoise agus Tiachóg na Céannachta Digití AE (eID) a fhorbairt; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún tuilleadh infheistíochta i gcórais caomhnaithe príobháideachais, amhail prótacail cruthaithe dífhianaise, ag tógáil ar phrionsabail an nochta íosta agus an íoslaghdaithe sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí dearbhaithe aoise a úsáidtear cruinn, éifeachtach, iontaofa, láidir, neamh-ionsáiteach, go gcaomhnaítear príobháideachais leo agus go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach trí dhearadh, agus nach ndreasóidh siad forbairt teicneolaíochtaí a bhraitheann ar fhaireachas úsáideoirí, go háirithe mionaoisigh, ná ar úsáid cleachtas teicneolaíochta mí-eiticiúil eile;

25.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart rochtain a thabhairt do dhaoine aonair ar ardáin ar líne a úsáideann an rogha is éasca, is sábháilte agus is fabhraí don phríobháideachas mar réamhshocrú; á mheas, go dtí seo, go gcomhlíonann Tiachóg na Céannachta Digití na cuspóirí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh aon sásraí dearbhaithe aoise a chuirtear ar an margadh chun rochtain ar sheirbhísí ar líne a cheadú bunaithe ar rianú nó próifíliú daoine aonair, agus go gcomhlíonfaidh siad uasleibhéal príobháideachais agus cruinnis chun aois na n-úsáideoirí a fhíorú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach bhfaighidh ardáin ar líne ach freagra ‘tá’ nó ‘níl’ ar chuardach maidir le cé acu atá nó nach bhfuil úsáideoir ag aois áirithe, seachas úsáideoir a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal neamh-inrianaitheachta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach féidir le rialtais ná le hardáin ar líne rianú a dhéanamh ar cé na húsáideoirí seirbhíse a bhfuil úsáid bainte acu as a n-uirlis dearbhaithe aoise;

26.

á chur i bhfáth gurb é príomhfhreagracht an tsoláthraí dearbhú aoise éifeachtach a áirithiú do mhionaoisigh a bhfuil rochtain á fáil acu ar a seirbhís; á chur in iúl gur geal léi go measann an Coimisiún gurb é an soláthraí i gcónaí atá freagrach as a áirithiú go mbeidh an modh a úsáideann tríú páirtí éifeachtach;

27.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sásraí curtha i bhfeidhm ag roinnt soláthraithe ardán ar líne chun rialú agus/nó fíorú a dhéanamh ar cé atá in ann rochtain a fháil ar a gcuid seirbhísí, a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha ag cuid acu maidir lena gcruinneas agus a bpríobháideachas nó a bhraitheann ar shásraí atá claonta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé ráite cheana féin ina dtéarmaí agus coinníollacha ag roinnt ardán ar líne nach féidir le mionaoisigh faoi bhun 13 bliana d’aois a seirbhísí a úsáid; á chur i bhfáth, in ainneoin na sásraí sin, go bhfuil mionaoisigh, den chuid is mó, neamhchosanta ar inneachar nach bhfuil oiriúnach ó thaobh aoise de nó atá neamhchosanta ar rioscaí amhail andúil ar na meáin shóisialta, ar ardáin comhroinnte físeán nó ar fhíschluichí, go ndéantar iad a mholadh go gníomhach nó a spriocdhíriú orthu; á chur i bhfáth gur féidir dul timpeall ar na sásraí atá ann faoi láthair go héasca agus gur gá a n-úsáid a chomhlánú le coimircí láidre agus iomchuí chun leibhéal leordhóthanach cosanta do mhionaoisigh ar líne a ráthú;

28.

á iarraidh go mbunófaí teorainn chomhchuibhithe Eorpach 16 bliana d’aois mar an tairseach réamhshocraithe nár cheart rochtain ar ardáin meán sóisialta ar líne a cheadú ach amháin má tá a leanaí údaraithe ar shlí eile ag tuismitheoirí nó caomhnóirí; á iarraidh go mbeadh feidhm ag an teorainn aoise chéanna maidir le hardáin comhroinnte físeán agus compánaigh IS a bhfuil rioscaí ag baint leo do mhionaoisigh; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh teorainn aoise digití Eorpach chomhchuibithe de 13 bliana d’aois ann, nach féidir le haon mhionaoiseach rochtain a fháil ar ardáin na meán sóisialta fúithi; á iarraidh ar an bpainéal saineolaithe arna choimisiúnú ag an Uachtarán von der Leyen measúnú a dhéanamh, mar chuid dá sainordú, ar chur i bhfeidhm teorann aoise 13 maidir le seirbhísí comhroinnte físeán agus compánaigh IS; á chur i bhfáth go bhfónfadh sé sin mar bheart cosanta chun tacú le tuismitheoirí láithreacht dhigiteach a leanaí a bhainistiú agus rannpháirtíocht ar líne atá oiriúnach ó thaobh aoise de a áirithiú;

29.

á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar dhliteanas pearsanta a thabhairt isteach don bhainistíocht shinsearach i gcásanna neamhchomhlíonadh tromchúiseach agus leanúnach na bhforálacha cosanta a bhaineann le mionaoisigh in Airteagail 34-35 de GSD, chun comhlíonadh níos fearr a dhreasú;

30.

á chur i bhfios go láidir, cé go gcuireann ardáin ar líne sásraí dearbhaithe aoise i bhfeidhm, go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun seirbhísí ar líne a dhéanamh sábháilte do mhionaoisigh go háirithe, agus don chuid eile den tsochaí; á mheas nach féidir le gnéithe andúile agus sásraí fadhbacha eile fanacht agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu go práinneach;

Rialú tuismitheora

31.

á iarraidh go mbeadh comhar níos fearr ann idir tuismitheoirí, soláthraithe cumarsáide, cuideachtaí meán, foilsitheoirí agus forbróirí físchluichí, agus ardáin ar líne maidir le bagairtí ar shábháilteacht leanaí ar líne a shainaithint agus maidir le malartú dea-chleachtais sa réimse sin;

32.

á chur i bhfáth go gceanglaítear le GSD ar ardáin ar líne a áirithiú go bhfuil coimircí éifeachtacha i bhfeidhm chun grúpaí leochaileacha, amhail mionaoisigh, a chosaint; á thabhairt chun suntais gur féidir le soláthraithe ardán ar líne atá inrochtana do mhionaoisigh bearta rialaithe tuismitheora atá sothuigthe agus soláimhsithe a chur i bhfeidhm chun ligean do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí cabhrú le mionaoisigh a chosaint ar an riosca neamhchosanta d’inneachar díobhálach; á mheabhrú go leagtar amach in AVMSD oibleagáidí comhchosúla d’ardáin comhroinnte físeán; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh bearta rialaithe tuismitheoirí éifeachtach agus deartha agus príobháideachas á chur san áireamh, agus gur cheart faireachán iomarcach ar ghníomhaíochtaí ar líne mionaoiseach a sheachaint leo; á mheas gur cheart go mbeadh úsáid na n-uirlisí sin roghnach do thuismitheoirí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil uirlisí rialaithe tuismitheoirí gan dochar don fhreagracht atá ar ardáin ar líne a áirithiú go bhfuil a dtáirgí sábháilte agus iomchuí do mhionaoisigh trí dhearadh nó mar réamhshocrú, mar shampla trí na socruithe slándála agus príobháideachais is airde a shocrú maidir le cuntais atá i seilbh mionaoiseach mar réamhshocrú, nó trí shásraí tuairiscithe soiléire agus achomaire atá éasca le haimsiú a dhearadh, go háirithe do mhionaoisigh;

33.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur minic nach mbíonn an t-eolas, na hinniúlachtaí ná na huirlisí leormhaithe agus éifeachtúla ag tuismitheoirí chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar líne mionaoiseach nó nach mbíonn siad ar an eolas faoi na huirlisí atá ar fáil dóibh; ag tabhairt dá haire, fiú nuair a úsáidtear uirlisí rialaithe tuismitheora, nach mbíonn sé éasca i gcónaí iad a aimsiú nó a nascleanúint, agus gur féidir le mionaoisigh dul timpeall orthu go héasca; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh na huirlisí sin soláimhsithe, iomasach, agus go bhfaighidh agus go dtuigfidh gach tuismitheoir agus caomhnóir iad go héasca, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas; ag tathant ar na hardáin freagracht níos mó a ghlacadh maidir le héifeachtacht na gcóras rialaithe tuismitheoirí a chur chun cinn agus a fheabhsú, agus á iarraidh orthu sonraí ábhartha a fhoilsiú maidir le héifeachtacht na gcóras sin;

34.

á chreidiúint, cé go gcuireann uirlisí rialaithe tuismitheoirí réiteach ar fáil chun teorainn a chur le nochtadh leanaí d’ábhar míchuí, do sheirbhísí míchuí nó d’am iomarcach scáileáin, go bhfuil siad fós ilroinnte ar fud ardáin agus feistí éagsúla, agus gur minic a bhíonn sé deacair ar an ngnáththuismitheoir nó ar an ngnáthchaomhnóir úsáid éifeachtach a bhaint astu; á iarraidh ar an gCoimisiún ardáin ar líne agus seirbhísí digiteacha eile a spreagadh chun uirlisí rialaithe tuismitheora idir-inoibritheacha a fhorbairt, lena n-áirítear tacar bunúsach de ghnéithe idir-inoibritheacha, chun ilroinnt an chórais oibriúcháin agus na bhfeistí a shárú agus chun a chur ar chumas tuismitheoirí bainistiú a dhéanamh ar ghléas agus ar fheidhmchlár a leanaí gan beann ar bhranda nó ar chóras oibriúcháin; á chreidiúint gur cheart an cur chuige sin a bheith mar chuid de threoirlínte nuashonraithe an Choimisiúin maidir le mionaoisigh a chosaint;

35.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscnaimh feasachta poiblí atá ann cheana ag Ballstáit áirithe chun tacú le tuismitheoirí agus caomhnóirí chun sábháilteacht mionaoiseach ar an idirlíon agus ar ardáin na meán sóisialta a áirithiú trí fhaisnéis agus feasacht a chur ar fáil maidir le húsáid uirlisí le haghaidh rialú tuismitheoirí;

Na bearnaí i reachtaíocht reatha an Aontais a líonadh

Andúil dhigiteach

36.

aithníonn sí go bhféadfadh roinnt buntáistí a bheith ag baint le gnéithe dearaidh áirithe freisin, amhail cabhrú le húsáideoirí ábhar ábhartha ardcháilíochta a aimsiú, agus measúnú faoi stiúir an úsáideora ar cháilíocht an ábhair a chumasú; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil baol díobhála eacnamaíche, fisiciúla agus meabhrach ag baint le húsáid andúile táirgí agus seirbhísí digiteacha do mhionaoisigh; á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn gnéithe dearaidh andúile ina ndlúthchuid de shamhail ghnó na n-ardán, go háirithe na meáin shóisialta, chomh maith le seirbhísí áirithe ar líne agus cluichí ar líne, ach go n-úsáideann soláthraithe seirbhísí iad freisin nach dtagann faoi raon feidhme GSD, rud a fhágann go ndéantar mionaoisigh a dhúshaothrú ar bhonn tráchtála; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhféadfadh roinnt gnéithe dearaidh andúile iad féin a léiriú freisin i gcórais mholtóra algartamacha lena dtugtar tús áite d’inneachar meabhrach, foircneach, míchuí nó (hipear)pearsantaithe chun rannpháirtíocht úsáideoirí a uasmhéadú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh ardáin ar líne mionaoisigh a bhrú i ‘nduibheagáin’ d’ábhar tocsaineach nó leas a bhaint as leochaileachtaí mionaoiseach trí fhógraíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil imscrúduithe seolta cheana féin ag an gCoimisiún maidir le dearaí andúile faoi GSD; á iarraidh go ndéanfaí na forálacha atá ann cheana faoi GSD lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe deartha andúile a fhorfheidhmiú go héifeachtach mar chuid de na hoibleagáidí measúnaithe riosca agus maolaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh lena sainordaítear dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de, agus sábháilteacht trí dhearadh agus mar réamhshocrú, lena n-iarrtar ar gach ardán agus trádálaí eile na coimircí rioscabhunaithe is gá a áireamh ina gcórais mholtóra, cosc a chur ar algartaim mholtóra bunaithe ar rannpháirtíocht do mhionaoisigh, cosc a chur ar na cleachtais andúile is díobhálaí agus gnéithe dearaidh andúile eile a dhíchumasú mar réamhshocrú do mhionaoisigh, i gcás inarb iomchuí;

37.

á chur i bhfáth go bhfuil gnéithe amhail ‘scrolláil gan teorainn’ (20), ‘uathsheinm’ (21), ‘tarraingt chun athnuachana’, scéalta a théann i léig, luaíochtaí agus gnéithe dreasachta as úsáid leanúnach nó úsáid arís is arís agus pionóis as neamhghníomhaíocht, stríoca agus brúfhógraí iomarcacha, sásraí atá cosúil le cearrbhachas (boscaí éadála) agus cleachtais chluichithe dhíobhálacha dírithe, trí dhearadh, ar thionchar a imirt ar chinnteoireacht mionaoiseach, agus iad á dtarraingt le straitéisí ionramhála atá dírithe ar a rannpháirtíocht agus an méid ama agus airgid a chaitheann siad ar líne a mhéadú agus ar féidir leo andúil a mhéadú; á chur i bhfáth gur féidir le gnéithe den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar chumas mionaoiseach díriú ar inneachar ar líne agus idirghníomhú leis go sláintiúil; á chur i bhfáth go n-úsáidtear gnéithe amhail uathsheinm cheana féin le haghaidh inneachar físe atá dírithe ar mhionaoisigh; ag athdhearbhú iarraidh na Parlaiminte dul i ngleic go héifeachtach le dearadh andúile i ngach seirbhís ar líne agus do gach aois san athbhreithniú ar dhlí cosanta tomhaltóirí, agus á iarraidh go práinneach go ndéanfaí gníomhaíocht uaillmhianach ar leibhéal an Aontais i ndáil leis sin;

38.

á chur i bhfáth gur féidir gnéithe áirithe de sheirbhísí digiteacha, amhail an sásra ‘is maith liom’, lúba bailíochtaithe shóisialta agus ‘admhálacha léite’ a mheas iompraíocht a lorgaíonn formheas agus comparáid shóisialta a chur chun cinn agus go mbaineann siad an bonn ó fhéinghlacadh agus ón bhféinfhiúntas nuair nach bhfaightear an t-aiseolas inmhianaithe, agus á thabhairt chun suntais go n-úsáideann ardáin agus trádálaithe ar líne iad mar spreagadh cumhachtach le haghaidh rannpháirtíochta, go háirithe do mhionaoisigh;

39.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh soláthraithe na meán sóisialta agus córais mholtóra ardáin comhroinnte físeán inneachar a chur i láthair do mhionaoisigh bunaithe ar phróifíliú; á chur i bhfáth go gcuidíonn sé sin le meabhairshláinte mionaoiseach a chosaint, le hiompraíochtaí andúile a laghdú agus le heispéiris níos fónta as líne a spreagadh;

40.

ag leagan béim ar na héifeachtaí meabhracha agus fisiceacha a bhíonn ag am iomarcach scáileáin agus ag úsáid fhadhbach fón cliste; á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais 2025 maidir le painéal saineolaithe a thionól maidir le rochtain leanaí ar na meáin shóisialta roimh dheireadh na bliana; á iarraidh ar an gCoimisiún painéal den sórt sin a thionól go práinneach agus a áirithiú go n-oibreoidh sé i gcomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus le húdaráis sláinte náisiúnta na mBallstát, chomh maith le hionadaithe óige agus tuismitheoirí, chun treoirlínte Eorpacha fianaisebhunaithe úrscothacha a eisiúint maidir le ham scáileáin do mhionaoisigh chun feabhas a chur ar chosaint mionaoiseach mar thomhaltóirí ar líne, ag tógáil ar an obair atá déanta cheana sa Fhrainc, sa tSualainn agus san Ísiltír; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí sna treoirlínte sin treoir maidir le húsáid scáileáin atá oiriúnach ó thaobh aoise de, lena n-áirítear uas-am de réir aoise, moltaí de réir an chineáil seirbhíse ar líne arna miondealú de réir catagóirí aoise éagsúla, aois íosta mholta chun fóin chliste a úsáid agus, i gcás inarb ábhartha, gléasanna eile, agus mar shampla moltaí maidir le húsáid fón cliste i scoileanna; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé dul chun cinn a dhéanamh maidir le torthaí an fhiosrúcháin uile-Aontais ar thionchair níos leithne na meán sóisialta, lenar cheart am scáileáin a chumhdach ar bhealach níos cuimsithí, agus a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn do ghníomhaíocht bhreise chun mionaoisigh a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le rialú úsáideoirí a dhoiléiriú maidir le ham a chaitear ar líne agus maidir le ham iomarcach scáileáin agus feasacht tuismitheoirí a mhúscailt maidir leis na héifeachtaí agus na rioscaí a bhaineann le ham iomarcach scáileáin, agus úsáid fhadhbach an idirlín, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na dtreoirlínte sin;

41.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil fadhb mhéadaitheach ann maidir le scaipeadh ábhar foircneach ar líne a d’fhéadfaí a mheas mar inneachar neamhdhleathach; á mheas gur minic a bhíonn dlúthbhaint aige sin le dearadh tráchtála ardán áirithe ar líne, lena bhféadfaí gnéithe a áireamh lena gcothaítear andúil dhigiteach, lena n-uasmhéadaítear rannpháirtíocht agus lena ndéantar difear diúltach don dioscúrsa sibhialta; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh mionaoisigh a bheith an-leochaileach i leith inneachar den sórt sin mar gheall ar thosca forbraíochta, amhail imoibríocht mhothúchánach mhéadaithe, easpa breithiúnais chriticiúil agus rialú teoranta ríge; á thabhairt chun suntais, ós rud é go gcaitheann mionaoisigh go leor ama ar líne, gur féidir lena nochtadh d’ábhar foircneach ar líne rannchuidiú de réir a chéile le cineálacha áirithe antoisceachais a normalú; á mheas gur cheart aghaidh a thabhairt go práinneach ar fhadhb den sórt sin atá ag dul i méid mar chuid de na measúnuithe riosca agus de na bearta maolaithe faoi Airteagail 34 agus 35 de GSD, ina luaitear go sainráite foréigean inscnebhunaithe, cosaint mionaoiseach, folláine mheabhrach agus an tábhacht a bhaineann le modhnú inneachair agus aimpliú algartamach i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar ghníomhaíocht antoisceach i measc mionaoiseach le blianta beaga anuas;

Patrúin dhorcha

42.

á chur i bhfáth go n-úsáideann 97 % (22) de na suíomhanna gréasáin agus na haipeanna is mó a úsáideann tomhaltóirí an Aontais patrún dorcha amháin ar a laghad; á chur i bhfáth go bhfuil mionaoisigh an-leochaileach do phatrúin dhorcha; á chur i bhfios go láidir, mar gheall ar a gcéim forbartha agus a leochaileachtaí síceolaíocha, go ndéantar ionramháil níos éasca ar mhionaoisigh, mar shampla, chun sonraí pearsanta a chomhroinnt, ceannacháin neamhbheartaithe ar líne a dhéanamh nó feidhmchláir a shuiteáil; á chur i bhfios go láidir gur gá an reachtaíocht ábhartha a fhorfheidhmiú go láidir, go háirithe forálacha UCPD agus GSD, chun dearadh comhéadain ionramhála a chosc, go háirithe nuair a dhírítear ar úsáideoirí leochaileacha;

43.

á chur i bhfáth nach bhfuil aon rialachán cuimsitheach aonair de chuid an Aontais ann maidir le patrúin dhorcha; á mheabhrú go bhfuil bearta déanta ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar phatrúin dhorcha trí ionstraimí dlíthiúla éagsúla, amhail UCPD agus GSD; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil raon feidhme an toirmisc ar phatrúin dhorcha in GSD teoranta d’ardáin ar líne ach go n-úsáidtear patrúin dhorcha go forleathan ar fud na n-earnálacha uile; á mheabhrú go gcuireann UCPD toirmeasc ginearálta ar phatrúin dhorcha agus nach bhfuil toirmeasc díreach ach ar phatrúin dhorcha áirithe ag dúliosta UCPD agus nach dtagraíonn aon cheann de na toirmisc atá ann faoi láthair go sonrach do chomhéadain dhigiteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann do thomhaltóirí, lena n-áirítear mionaoisigh, gnólachtaí agus údaráis mar thoradh air sin;

44.

ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an t-idirghníomhú idir an reachtaíocht atá ann cheana lena rialaítear patrúin dhorcha a shoiléiriú agus machnamh a dhéanamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na gcleachtas tráchtála éagórach faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le UCPD chun tuilleadh bearnaí dlíthiúla a dhúnadh i gcás inarb iomchuí; ag cur béim go háirithe ar chleachtais amhail níos mó tábhachta a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar thomhaltóirí, roghanna a réamhroghnú, a iarraidh ar thomhaltóirí rogha a rinneadh cheana a dhéanamh, bac a chur ar shaor-rogha, amhail trí dheireadh a chur le gach cosc, é a dhéanamh deacair na réamhshocruithe a athrú, teanga mhothúchánach a úsáid chun tomhaltóirí a stiúradh i dtreo roghanna áirithe, teanga dhébhríoch a úsáid chun mearbhall a chur ar thomhaltóirí agus cinneadh á iarraidh orthu, agus braistint phráinne a chruthú trína chur in iúl go bréagach go bhfuil spéis ag úsáideoirí eile i dtáirgí nó i seirbhísí áirithe faoi láthair nó nach bhfuil ach cúpla ítim fágtha, nó á chur in iúl go bréagach gur cheannaigh go leor úsáideoirí táirge ar leith le déanaí;

Físchluichí

45.

á thabhairt chun suntais go dtagann físchluichí ar líne faoi raon feidhme GSD a mhéid atá siad cáilithe mar sheirbhís idirghabhálach nó mar ardán; á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha ábhartha GSD a fhorfheidhmiú go láidir; á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil soláthraithe físchluichí ar líne nach bhfuil cáilithe mar sheirbhísí nó ardáin idirghabhálacha faoi réir na rialacha a leagtar síos in GSD; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme, oibleagáidí íosta atá coibhéiseach le GSD a áirithiú do gach físchluiche ar líne gan beann ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn siad mar ardán ar líne faoi GSD; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair leanaí a éileamh le haghaidh cluichí ar líne atá dírithe ar mhionaoisigh, chun rioscaí do leanaí a shainaithint agus a mhaolú go leanúnach;

46.

á thabhairt chun suntais tiomantas thionscal na bhfíschluichí don fhéinrialáil, mar a léirítear le cur chun feidhme na gcóras moltaí aoise, a bhfuil ról acu maidir le lucht féachana níos óige a chosaint agus cleachtais chearrbhachais fhreagracha a chur chun cinn; á mheabhrú gur cheart do na físchluichí uile a sholáthraítear san Eoraip cloí le rialacha chód iompair PEGI;

47.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur timpeallacht atá ag éirí níos tráchtála do mhionaoisigh iad físchluichí, agus gur minic a spreagann siad caiteachas neamh-inmhianaithe agus go mbaineann díol ítimí fíorúla leo, lena n-áirítear luaíochtaí atá bunaithe ar neamhchinnteacht agus sásraí atá cosúil le cearrbhachas amhail boscaí éadála, agus úsáid airgeadraí fíorúla idirmheánacha ionaipe, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh deacair measúnú a dhéanamh ar fhíorluach an idirbhirt agus fíorphraghas gach ceannaigh aonair;

48.

á thabhairt chun suntais go bhfuil baol do leanaí ag baint le físchluichí ina bhfuil boscaí comhrá lena gcumasaítear cumarsáid úsáideoir ar úsáideoir agus a fhágann go bhfuil siad leochaileach ó thaobh iallach a chur orthu earraí a cheannach agus sonraí pearsanta a chomhroinnt, lena n-áirítear sonraí baincéireachta;

49.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon reachtaíocht de chuid an Aontais ann lena rialaítear go sonrach gnéithe amhail ítimí fíorúla nó airgeadraí ionaipe; á chur i bhfáth go bhfuil dlíthe náisiúnta glactha ag roinnt Ballstát chun cearrbhachas a rialáil tuilleadh agus go mbíonn ilroinnt an mhargaidh mar thoradh air sin, rud a dhéanann dochar do thomhaltóirí agus do chuideachtaí de chuid an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh náisiúnta sin chun a chinneadh an bhfuil gá le tionscnamh ar leibhéal an Aontais chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus chun ardleibhéal comhchuibhithe cosanta a áirithiú ar fud an Aontais;

50.

ag tabhairt dá haire go bhféachann go leor mionaoiseach ar chomórtais ríomhspóirt; á chur in iúl gur oth léi, seachas urraíocht dhlisteanach ar fhoirne nó comórtais ríomhspóirt, an méadú ar urraíocht ar ghníomhaithe ríomhspóirt, ar fhoirne nó ar chomórtais ag suíomhanna gréasáin tríú páirtí lena gceadaítear míreanna fíorúla a mhalartú nó a cheannach agus a dhíol ar fhíor-airgead trí bhogearraí uathoibrithe (botaí) a úsáid, rud a shaobhann geilleagair i gcluiche agus a bhaineann an bonn den iomaíocht chóir; á mheabhrú gur minic a sháraíonn an cleachtas sin téarmaí agus coinníollacha foilsitheoirí físchluichí; á iarraidh ar fhoilsitheoirí físchluichí bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar na cleachtais sin i gcás ina sáraítear na téarmaí agus na coinníollacha;

51.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh mionaoisigh faoi mhíchumas in ann físchluichí ar líne a imirt; ag cur sonrú sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cuideachtaí físchluichí i dtreo inrochtaineachta agus ag spreagadh cuideachtaí físchluichí leanúint dá n-iarrachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le foilsitheoirí físchluichí, tionscnaimh a thíolacadh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht físchluichí ar líne do dhaoine faoi mhíchumas;

52.

ag tathant ar an gCoimisiún ardleibhéal cosanta a ráthú do mhionaoisigh a imríonn físchluichí, go háirithe trí thoirmeasc a chur ar bhoscaí éadála agus ar inneachar randamaithe eile amhail rothaí daingne, rothaí duaise, pacáistí cártaí mar mhalairt ar fhíor-airgead i gcluichí ar dócha go mbeidh rochtain ag mionaoisigh orthu, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le hairgeadraí ionaipe, micrea-idirbhearta, sásraí íoc le dul chun cinn agus sásraí íoc le buachan atá inrochtana do mhionaoisigh agus ar féidir iad a chur i láthair ar bhealach a spreagann iompraíochtaí róchaiteachais nó cearrbhachais nó atá leabaithe sa phríomhdhinimic imeartha cluichí, agus dá bhrí sin a bhrúitear ar na húsáideoirí;

Bréagáin

53.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh baol a bheith ag baint le bréagáin lena n-ionchorpraítear an intleacht shaorga (IS) do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach leanaí, agus don phríobháideachas, do chosaint sonraí agus don tslándáil; á chur i bhfios go láidir, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Bréagán atá ar na bacáin (23), go meastar gur córais ardriosca IS iad bréagáin ina bhfuil córais IS mar chomhpháirteanna sábháilteachta agus go n-éilítear measúnú comhréireachta tríú páirtí leo mura rud é gur cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm; á iarraidh ar mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán maidir le Sábháilteacht Bréagán agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga), lena gcuirfear chun feidhme bainistiú riosca éifeachtach, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna agus rialachas láidir sonraí chun mionaoisigh a choimirciú ar líne;

Fógraíocht spriocdhírithe

54.

á chur i bhfáth go méadaíonn rianú agus spriocdhíriú an neamhshiméadracht idir mionaoisigh ar thaobh amháin agus trádálaithe agus soláthraithe seirbhíse digití ar an taobh eile, agus go méadaíonn sé an baol go mbeadh cleachtais tráchtála éagóracha ann, go háirithe cúbláil; ag tabhairt dá haire gur féidir riosca slándála a bheith ag baint le rianú mionaoiseach ar líne freisin, mar shampla trí iad a dhéanamh níos leochailí i leith calaoise, ionramhála nó tionchair eachtraigh má úsáidtear na sonraí a bhailítear fúthu ina n-aghaidh; á chur i bhfios go bhfuil mionaoisigh an-leochaileach ina leith sin toisc gur fusa teacht i dtír orthu nó iad a mheabhlú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar mharthanacht na rioscaí sin, go háirithe i dtionscnaimh atá ar na bacáin;

55.

á thabhairt chun suntais, in ainneoin na gcosaintí dlíthiúla atá ann cheana in DSA, gur léiríodh i staidéir gur féidir fógraí a dhíriú ar mhionaoisigh fós trí sheachchatagóirí; á chur i bhfios go láidir go bhfuarthas amach i dtaighde go raibh go leor cleachtas fógraíochta i bhfolach agus calaoiseach agus go bhféadfaidís, dá bhrí sin, dallamullóg a chur ar mhionaoisigh go háirithe (24); á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar na himchéimnithe sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar UCPD a mhéid a bhaineann le mionaoisigh a chosaint agus na forálacha ábhartha faoi DSA á bhforfheidhmiú aige agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann;

56.

á thabhairt chun suntais go dteastaíonn níos mó cosanta ó fhaireachán iompraíochta, ó phróifíliú agus ó thionchar a imirt ar mhionaoisigh; á chur i bhfáth go gcuireann GSD cosc ar fhógraíocht spriocdhírithe do mhionaoisigh bunaithe ar phróifíliú ar ardáin ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúduithe a sheoladh nuair a sháraítear an toirmeasc sin; á chur i bhfáth nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc sin faoi láthair maidir le trádálaithe agus seirbhísí digiteacha eile a d’fhéadfadh dul i mbun fógraíocht phearsantaithe; á chur i bhfáth gur cheart leibhéal ard agus comhsheasmhach cosanta a bheith ag mionaoisigh gan beann ar an gcineál seirbhíse; á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáidí coibhéiseacha a thabhairt isteach a bheadh infheidhme maidir le gach seirbhís dhigiteach agus gach trádálaí;

57.

á thabhairt chun suntais, cé go bhféadfadh cumarsáid ar mhaithe le leas an phobail, amhail línte cabhrach cosanta a chur chun cinn do mhionaoisigh, bealaí agus teicnící atá cosúil leis an bhfógraíocht a úsáid, nach fógraíocht iad i gcónaí, go háirithe más é is príomhchuspóir dóibh an pobal a chur ar an eolas nó tairbhe a bhaint as seachas gnóthachan tráchtála a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh an toirmeasc ar fhógraíocht spriocdhírithe do mhionaoisigh mar a leagtar amach in DSA teachtaireachtaí den sórt sin a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tsaincheist sin agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leanúint de chumarsáid leasa phoiblí den sórt sin a bhfuil sé d’aidhm acu mionaoisigh a chosaint a scaipeadh go héifeachtach;

Margaíocht tionchairí

58.

á thabhairt chun suntais nach dtugann dlí tomhaltóirí AE aghaidh ach go páirteach ar na saincheisteanna a bhaineann le margaíocht tionchairí, agus go bhfuil cur chun cinn stíl mhaireachtála neamhréalaíoch, táirgí nó seirbhísí contúirteacha nó míshláintiúla do mhionaoisigh ag tionchairí agus na cleachtais tráchtála dhíobhálacha a bhaineann le margaíocht tionchairí fós ann;

59.

á chur i bhfáth freisin go mbaineann sé le húsáid íomhánna mionaoiseach ag ‘tionchairí tuismitheora’ nó ‘tionchairí teaghlaigh’ lasmuigh d’aon chreat dlíthiúil nó eiticiúil, go minic mar mhalairt ar luach saothair airgeadais, lena n-ardaítear ceisteanna tromchúiseacha maidir le toiliú, príobháideachas agus dúshaothrú tráchtála mionaoiseach;

60.

á thabhairt chun suntais, in ainneoin riachtanais aoise íosta ardáin na meán sóisialta, go bhfuil mionaoisigh faoi bhun na haoise sin gníomhach ar na hardáin sin agus go n-oibríonn siad mar thionchairí leanaí; ag tabhairt chun suntais an láithreacht fhorleathan sin faoi aois agus an treocht mhéadaitheach a bhaineann le tionchar a bheith ag leanaí de gach aois i measc mionaoiseach de gach aois;

61.

ag cur béim ar an bhfíoras gur mionaoisigh iad leantóirí tionchairí leanaí iad féin de ghnáth; á chur i bhfáth gur rídhócha go dtarlóidh gríosú díreach do mhionaoisigh chun táirgí fógartha a cheannach nó chun a chur ina luí ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine fásta eile táirgí fógartha a cheannach dóibh trí mhargaíocht na dtionchairí leanaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé contrártha le UCPD (25); á chur i bhfáth go bhfuil amhras ann faoin eolas atá ag tionchairí leanaí ar na rialacha dlíthiúla lena rialaítear a n-oibríochtaí;

62.

ag tabhairt chun suntais na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith roimh mhionaoisigh mar thionchairí nó mar phríomhphearsana an ábhair a ghineann tionchairí eile (i.e. comhroinnt arna déanamh ag tuismitheoirí); á chur i bhfáth go bhfágann an ghníomhaíocht sin go mbíonn tionchairí leanaí ag brath ar ardáin, ar aiseolas pobail amhail ‘is maith liom’, ar shonraí/rátálacha féachana agus ar an mbrú ábhar a chruthú i gcónaí ar mhaithe le gnóthachan tráchtála;

63.

á iarraidh ar an gCoimisiún mionaoisigh a chosaint ar shaothrú tráchtála, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar ardáin luach airgid a chur orthu nó dreasachtaí airgeadais nó ábhartha a sholáthar ar bhealach eile le haghaidh tionchar a imirt ar leanaí; á thabhairt chun suntais go bhfuil Ballstáit áirithe tar éis na córais dlí náisiúnta atá acu cheana lena gcosnaítear gníomhaithe leanaí a leathnú chuig tionchairí ar mionaoisigh iad; á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar leibhéil choibhéiseacha chosanta a bhunú do mhionaoisigh trí chreat comhchosúil cur chuige rialála a chur i bhfeidhm;

64.

á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa trédhearcachta roimh thomhaltóirí, lena n-áirítear mionaoisigh, maidir le cur chun cinn íoctha táirgí a bheith á dhéanamh ag tionchairí na meán sóisialta agus go bhfuil deacracht acu idirdhealú a dhéanamh idir inneachar tráchtála agus neamhthráchtála; á thabhairt chun suntais go bhfuil tús curtha ag roinnt Ballstát le rialacha a chur chun feidhme maidir le tionchairí ar an leibhéal náisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sásra trédhearcachta agus nochta uile-Aontais le haghaidh inneachar fógraíochta arna chur chun cinn ag tionchairí; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú ilroinnte na rialacha atá ann cheana a laghdú agus rialacha tomhaltóirí AE a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur cheart rialacha soiléire a bheith ag gabháil le hoibleagáidí trédhearcachta maidir le conas inneachar íoctha a thaispeáint do thomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh, lena léirítear aitheantas méadaitheach ar an ngá atá le tuilleadh oibleagáidí trédhearcachta agus le comhchuibhiú níos fearr ar fud an mhargaidh aonair;

65.

á chur in iúl gur geal léi Mol Dlí an Choimisiúin maidir le Tionchairí, lena gcuirtear acmhainní agus oiliúint ar fáil chun cabhrú le tionchairí agus le páirtithe ábhartha eile dlíthe tomhaltóirí agus fógraíochta an Aontais a thuiscint agus a chomhlíonadh;

66.

á iarraidh ar an gCoimisiún brandaí a spreagadh chun oibriú i gcomhar le tionchairí ar féidir iad a dheimhniú go deonach chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas acu ar na rialacha dlíthiúla is infheidhme maidir lena ngníomhaíochtaí, lena dtugtar dearbhú do bhrandaí a chomhoibríonn le tionchairí deimhnithe go ndéantar a dtáirgí a mhargú ar bhealach atá comhlíontach ó thaobh an dlí de agus lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí muinín níos mó a bheith acu i dtionchairí;

67.

á mheabhrú go dtugann AVMSD cosaint do mhionaoisigh ar chumarsáid tráchtála lena spreagtar iompraíocht atá dochrach do shláinte nó do shábháilteacht duine; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil feidhm ag AVMSD maidir le tionchairí a mhéid a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhíse meán; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, nach gcumhdaítear gach tionchaire le AVMSD; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur soiléiríodh i dtreoir 2021 ón gCoimisiún maidir le UCPD gur féidir tionchairí a chumhdach le UCPD, lena n-áirítear toirmeasc ar chleachtais tráchtála mhíthreoracha agus éagóracha; ag tabhairt dá haire, áfach, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i Seiceáil Oiriúnachta 2024 ar Chothroime Dhigiteach go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil fós ann maidir leis na rialacha is infheidhme agus go bhfuil riosca ilroinnte rialála ann; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear trí shainmhíniú comhchuibhithe a bheith ann ar ‘mhargú tionchairí’, agus neartú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála lena n-áirítear cur chun cinn táirgí, treochtaí, dúshlán nó iompraíochtaí ag tionchairí a d’fhéadfadh mionaoisigh a chur i mbaol, lena n-áirítear riosca sláinte nó airgeadais;

68.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di scaipeadh tapa inneachair arna ghiniúint ag IS lena ndéantar pearsana cáiliúla, cruthaitheoirí inneachair ar líne agus brandaí a phearsanú, a bhaineann leas as muinín úsáideoirí ar mhaithe le gnóthachan tráchtála nó chun bréagaisnéis a scaipeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún camscéimeanna agus pearsanú bréagach a aicmiú mar chuid de rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann faoi DSA agus faoi Ghníomh IS agus breithniú a dhéanamh ar bhearta a ghlacadh chun mionaoisigh a chosaint ar mhíthreoir agus ar mheabhlaireacht agus chun go bhféadfar dul i muinín gnólachtaí agus tomhaltóirí a ndéanann na camscéimeanna agus na pearsana bréagacha sin difear dóibh;

69.

á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha an Aontais a oiriúnú, lena n-áirítear trí fhreagrachtaí na n-ardán, na dtionchairí agus na ngníomhaithe eile sa slabhra luacha a shoiléiriú, i gcás inar gá, amhail a ngníomhaireachtaí agus na brandaí a bhfuil a dtáirgí agus a seirbhísí á gcur chun cinn;

An Intleacht Shaorga

70.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ag éirí níos éasca rochtain a fháil ar uirlisí intleachta saorga giniúnaí (IS) atá inrochtana do mhionaoisigh; á thabhairt chun suntais na rioscaí maidir le trédhearcacht, sonraí oiliúna, ionramháil agus antrapamorfachas IS, domhainbhrionnuithe, botaí comhrá coimhdeachta agus gníomhairí IS, a bhféadfadh saobhadh réaltachta agus mífhaisnéise a bheith mar thoradh orthu go léir, nó dochar a dhéanamh don mheabhairshláinte, as ar eascair tragóidí tromchúiseacha cheana féin, lena n-áirítear féinmharuithe, nó a d’fhág ar úsáideoirí ceannacháin neamhbheartaithe ar líne a dhéanamh agus sonraí pearsanta a chomhroinnt; ag tabhairt rabhadh, go háirithe, i gcoinne mhí-úsáid íomhánna leanaí atá ar fáil ar líne, ar féidir le teicneolaíochtaí IS leas a bhaint astu chun críoch míchuí nó díobhálach, lena n-áirítear inneachar cúbláilte nó mí-úsáideach a chruthú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil tús curtha ag cuideachtaí lena n-iarrachtaí samhlacha IS (26) a thástáil maidir le sábháilteacht agus cearta bunúsacha, rud a chuireann mionaoisigh i mbaol ar leith agus iad ag idirghníomhú le IS; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i ndáil leis sin;

71.

á chur i bhfáth go bhféadfadh feidhmchláir atá cumhachtaithe ag IS sonraí leanaí a bhailiú agus a phróiseáil gan toiliú feasach nó feasacht an linbh nó a gcaomhnóirí dlíthiúla, go háirithe maidir le cearta an linbh mar ábhar sonraí;

72.

á chur i bhfáth go bhféadfadh rioscaí a bheith ann go n-úsáidfí cláir ghiniúnacha IS chun mealltóireacht mí-úsáide gnéasaí leanaí ag creachadóirí a éascú, ach ábhar gnéasaithe domhainbhrionnaithe mionaoiseach freisin, a úsáideann piaraí sa chibearbhulaíocht, agus á chur i bhfáth gur gá cur i gcoinne an mhéid sin ó thaobh soláthraithe seirbhísí agus ardán a chuireann na huirlisí sin ar fáil;

73.

ag aithint na bagartha suntasaí a bhaineann le feidhmchláir lomnochtachta atá cumhachtaithe ag IS, lena gceadaítear d’úsáideoirí íomhánna cúbláilte de dhaoine aonair a ghiniúint gan a dtoiliú, rud a sháraíonn príobháideachas agus dínit phearsanta; á aithint go bhféadfadh na teicneolaíochtaí sin cibearfhoréigean inscnebhunaithe a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go práinneach ar na dúshláin eiticiúla agus dhlíthiúla a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin;

74.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil mionaoisigh an-leochaileach i leith gnéithe deartha andúile d’fheidhmchláir agus cluichí idirghníomhacha IS a d’fhéadfaí a fhorbairt d’aon ghnó go minic chun rannpháirtíocht a uasmhéadú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh algartaim mholta atá faoi thionchar IS a bheith ina chúis le ham iomarcach scáileáin agus spleáchas a chruthú, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt chognaíoch, mhothúchánach agus shóisialta i mionaoisigh agus a chuirfeadh bac ar fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí aonair;

75.

á thabhairt chun suntais gur ionstraim thábhachtach é an Gníomh um an Intleacht Shaorga chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann le córais IS, go háirithe don tsláinte phoiblí, don tsábháilteacht, don tslándáil phoiblí, do chearta bunúsacha nó don tsochaí ina hiomláine (27), agus chun íosleibhéal sábháilteachta agus iontaofachta a bhunú le haghaidh IS san Aontas, lena n-áirítear na córais IS a úsáidtear chun inneachar a ghiniúint, córais mholta agus idirghníomhaíocht úsáideoirí ar ardáin ar líne; á iarraidh go ndéanfaí na hoibleagáidí a eascraíonn as an nGníomh um an Intleacht Shaorga a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go pras, chun IS sábháilte agus iontaofa a áirithiú atá sábháilte do mhionaoisigh freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na mBallstát forálacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga lena dtugtar aghaidh ar bhotaí comhrá ionramhálacha agus meabhlacha a fhorfheidhmiú go daingean;

76.

á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá an Cód Cleachtais um an Intleacht Shaorga Ilchuspóireach (GPAI) mar bhunchloch do chur chun feidhme éifeachtach oibleagáidí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga maidir le maolú riosca sistéamach, go háirithe maidir le cearta bunúsacha a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le mionaoisigh;

77.

ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhairí IS, compánaigh agus botaí comhrá do mhionaoisigh ag éirí níos coitianta ar líne agus gur féidir leo rioscaí suntasacha a chruthú do chearta mionaoiseach agus d’fhorbairt shláintiúil; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún, mar chuid dá mheastóireacht leanúnach ar reachtaíocht tomhaltóirí, breithniú a dhéanamh ar choimircí breise, ar chaighdeáin trédhearcachta agus ar thoirmeasc ar ghnéithe atá cosúil leis an duine, chun nach spreagfar leanaí chun ceannacháin a dhéanamh, agus chun a áirithiú go mbeidh leanaí in ann díscor go héasca ó bhotaí comhrá IS;

78.

á iarraidh ar na Ballstáit údaráis inniúla a cheapadh go práinneach atá i gceannas ar thoirmisc ar chleachtais thoirmiscthe a fhorfheidhmiú agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga a fhorfheidhmiú ar bhealach uaillmhianach agus éifeachtach, go háirithe ach gan a bheith teoranta d’fhorálacha a bhaineann le mionaoisigh a chosaint; á thabhairt chun suntais gur cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar chórais IS, go háirithe iad siúd arna n-imscaradh ag ardáin na meán sóisialta, agus imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an mbaineann aon chórais IS ar dócha go n-idirghníomhóidh siad le mionaoisigh leas as leochaileachtaí mionaoiseach nó a n-iompar a shaobhadh ar bhealach arb é is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis leis sin, mar a thoirmisctear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga;

79.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le taighde ar IS do leanaí agus le leanaí, chomh maith le dreasachtaí a chur chun cinn chun an deighilt dhigiteach a laghdú;

Litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach agus oideachas

80.

ag aithint a thábhachtaí atá litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach chun mionaoisigh a chumhachtú chun dul i ngleic le timpeallachtaí ar líne go sábháilte agus go freagrach agus chun smaointeoireacht chriticiúil a chur i bhfeidhm; á mheabhrú go bhfuil na hinniúlachtaí ag na Ballstáit agus ag an Aontas Eorpach bearta sonracha a ghlacadh sa réimse sin, lena n-áirítear i suíomhanna oideachais; á mholadh go n-áireofaí litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach i gcuraclaim náisiúnta agus go bhforbrófaí cláir oiliúna do mhúinteoirí agus d’oideoirí ar bhonn rialta; á chur i bhfáth gur gá litearthacht sna meáin a nascadh le bunscileanna, amhail tuiscint léitheoireachta, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá litearthacht IS agus litearthacht dhigiteach mar réamhriachtanais chun timpeallacht idirlín níos sábháilte a chruthú agus chun rioscaí ar líne a aithint; á chur i bhfáth gur gá measúnú a dhéanamh ar an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar na huirlisí maolaithe atá ar fáil, agus iniúchadh á dhéanamh ag an ar an ról dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag timpeallachtaí digiteacha maidir le rochtain ar fhaisnéis, ar oideachas agus ar rannpháirtíocht shibhialta; ag aithint ról na meán seirbhíse poiblí maidir le hábhar éagsúil ardcháilíochta a chur ar fáil do mhionaoisigh, chun cuspóirí oideachais agus cultúrtha a threisiú; á mholadh go ndéanfadh ardáin dhigiteacha ábhair oideachais agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn, go háirithe ó chruthaitheoirí Eorpacha agus ó institiúidí poiblí;

81.

á chur i bhfios go láidir gur freagracht chomhroinnte é mionaoisigh a chosaint ar líne lena n-éilítear rannpháirtíocht tuismitheoirí, caomhnóirí, údarás poiblí, ardán agus scoileanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hacmhainní leormhaithe, agus á iarraidh go mbeadh comhar struchtúrtha ann idir córais oideachais, ardáin dhigiteacha agus údaráis rialála chun cláir ardcháilíochta maidir le litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chur ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas agus comhar trasteorann a spreagadh chun timpeallachtaí sábháilte agus freagracha ar líne a áirithiú;

82.

á chur i bhfáth gur gá oiliúint agus treoir leormhaith a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí chun cabhrú leo tacú le heispéireas digiteach a leanaí; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh oiliúna agus feasachta ann arna gcistiú ag AE do thuismitheoirí, caomhnóirí, múinteoirí agus oideoirí, lena n-áirítear maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le húsáid iomarcach na meán sóisialta, nochtadh d’ábhar díobhálach, agus andúil ar líne; á chur i bhfáth go bhfuil mionaoisigh an-leochaileach don bhréagaisnéis ar líne, mar gheall ar a gcéim forbartha agus cineál athraitheach a litearthachta sna meáin agus a scileanna smaointeoireachta criticiúla; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le feachtais feasachta atá oiriúnach ó thaobh aoise de i scoileanna chun mionaoisigh a chumhachtú chun rioscaí ar líne a aithint agus a thuairisciú; ag spreagadh ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhíse digití chun bearta agus uirlisí deonacha a ghlacadh a chuidíonn le scileanna digiteacha, smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht dhigiteach mionaoiseach a neartú agus lena dtacaítear le tuismitheoirí nó caomhnóirí a dtaithí ar líne a threorú; á mheabhrú gur minic gurb iad na leanaí is leochailí as líne na leanaí is leochailí ar líne freisin agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht spriocdhírithe do leanaí leochaileacha, lena n-áirítear iad siúd ó chúlraí ísealioncaim nó faoi mhíchumas; ag moladh tacaíocht litearthachta atá oiriúnach ó thaobh aoise de do mhionaoisigh atá ag gníomhú mar chruthaitheoirí ábhair dhigitigh, le treoir do mhúinteoirí agus d’oibrithe óige, agus treoirlínte eiticiúla d’íomhánna agus d’insintí leanaí ar líne;

°

° °

83.

á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.


(1)   IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj.

(2)   IO C, C/2024/4164, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4164/oj.

(3)   IO C 87 E, 1.4.2010, lch. 122.

(4)   IO C 214, 16.6.2023, lch. 15.

(5)   IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.

(6)   IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj.

(7)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 3 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Fitness Check of EU consumer law on digital fairness’ [Seiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir leis an gcothroime dhigiteach] (SWD(2024)0230).

(8)   IO C 526, 29.12.2021, lch. 1.

(9)   IO C, C/2025/5519, 10.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5519/oj.

(10)   IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj.

(11)   IO L 303, 28.11.2018, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1808/oj.

(12)   IO C, C/2023/1062, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1062/oj.

(13)   IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj.

(14)   IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.

(15)  Maza, M, T., Fox, K., A., Kwon, S., J., Flannery, J., E., Lindquist, K., A., et al., Association of Habitual Checking Behaviors on Social Media With Longitudinal Functional Brain Development, Líonra JAMA, (2023), https://jamanetwork.com/journals/jamapediatrics/fullarticle/2799812.

(16)  Statista, Average daily time spent using the internet by 3rd quarter 2024, by age and gender, an 22 Bealtaine 2023, https://www.statista.com/statistics/1378510/daily-time-spent-online-worldwide-by-age-and-gender/.

(17)  Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, Consumer groups denounce video games’ manipulative spending tactics, 2024, https://www.beuc.eu/press-releases/consumer-groups-denounce-video-games-manipulative-spending-tactics.

(18)  Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí, Monetising Play – Regulating in-Game and in-APP Premium currencies, 2024, https://www.beuc.eu/sites/default/files/publications/BEUC-X-2024-061_Monetising_play_Regulating_in_game_and_in_app_premium_currencies.pdf.

(19)  Lopez-Fernandez, O. agus Kuss, D., Harmful Internet Use Part I: Internet addiction and problematic use’ [Úsáid Dhíobhálach Idirlín Cuid I: Andúil ar an Idirlíon agus úsáid fhadhbach], staidéar a rinneadh arna iarraidh sin d’Aonad um Fhadbhreathnaitheacht Eolaíoch Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, an 31 Eanáir 2019, lch. 51.

(20)  Deireadh a chur le pointí staid nádúrtha trí ábhar nua a thaispeáint go huathoibríoch agus go leanúnach de réir mar a scrollaíonn an tomhaltóir síos.

(21)  Ábhar nua a sheinm go huathoibríoch.

(22)  an Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, Lupiáñez-Villanueva, F. et al, Behavioural study on unfair commercial practices in the digital environment – Dark patterns and manipulationive personalisation – Final report [Staidéar iompraíochta ar chleachtais tráchtála éagóracha sa timpeallacht dhigiteach — Patrúin Dhorcha agus pearsantú cúblála — Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(23)  Togra ón gCoimisiún an 28 Iúil 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE (COM(2023)0462), a comhaontaíodh go sealadach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle i mí Aibreáin 2025.

(24)  Auer, V., Krickl, J., Hölzl, I., Beltzung, L., ‘#KEINEWERBUNG? Schleichwerbung und problematische Marketingkommunikation auf TikTok’ [#FÓGRAÍOCHTARBITH? Fógraíocht fholaitheach agus cumarsáid mhargaíochta fhadhbach ar TikTok], 2025, https://wien.arbeiterkammer.at/beratung/konsumentenschutz/achtungfalle/Schleichwerbung_auf_Tiktok_202505.pdf.

(25)  Pointe 28 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le UCPD.

(26)  Once, L., ‘OpenAI slashes AI model safety testing time’ [Gearrann OpenAI am tástála sábháilteachta shamhail IS], 2025, https://news.outsourceaccelerator.com/openai-safety-testing-time/#:~:text=CALIFORNIA%2C%20UNITED%20STATES%20%E2%80%94%20OpenAI%20has,being%20rushed%20without%20adequate%20safeguards.

(27)  Airteagal 3(65) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1708/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top