This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026H01687
Council Recommendation of 9 March 2026 on human capital in the European Union
Moladh ón gComhairle an 9 Márta 2026 maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach
Moladh ón gComhairle an 9 Márta 2026 maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach
ST/6081/2026/REV/1
IO C, C/2026/1687, 13.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1687/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1687 |
13.3.2026 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Márta 2026
maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach
(C/2026/1687)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in 2017 (1), tugtar treoir maidir le cóineasú aníos i ndálaí oibre agus maireachtála san Aontas. Sa chéad phrionsabal den Cholún, dearbhaítear go bhfuil ‘an ceart ag gach duine oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a fháil chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil’ [aistriúchán neamhoifigiúil]. |
|
(2) |
Sa Teachtaireacht maidir leis an gCompás Iomaíochais, a ghlac an Coimisiún i mí Eanáir 2025 (2), leagtar amach treochlár chun dinimiceas eacnamaíoch an Aontais a athbhunú agus chun borradh a chur faoin bhfás. Sainaithnítear cur chun cinn scileanna mar chumasóir straitéiseach, agus aithnítear gurb é lucht saothair ardoilte cnámh droma gheilleagar na hEorpa, gur spreagthóir táirgiúlachta, nuálaíochta agus post ardcháilíochta é, agus gur fearrde a fhéadfar aistriú glas agus digiteach a dhéanamh go cothrom. I mí an Mhárta 2025, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna (3), ina leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag caipiteal daonna agus scileanna atá dírithe ar an todhchaí chun iomaíochas agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú, an ullmhacht a neartú agus tacú le rathúnas inbhuanaithe. In 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá Theachtaireacht maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) freisin, ina gcuirtear i dtábhacht go bhfuil ról ríthábhachtach ag daoine agus scileanna (4) (5). |
|
(3) |
Mar a aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAontas na Scileanna (6), leis an gcur chuige comhtháite maidir le comhordú beartais agus faireachas iltaobhach feabhsaithe faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, soláthraítear creat treoraithe na n-athchóirithe struchtúracha is gá a dhéanamh ar na margaí saothair, a bhfuil córais oideachais agus oiliúna agus infheistíochtaí i bhforbairt caipitil dhaonna mar bhonn taca leo. |
|
(4) |
Cuirtear san áireamh sa mholadh seo roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, agus go háirithe freagracht na mBallstát as ábhar an teagaisc agus as eagrú a gcóras oideachais agus oiliúna, mar a leagtar amach in Airteagail 165 agus 166 CFAE. Ag gníomhú dó i gcomhréir le ról an Aontais agus leis an gcuspóir faoi na Conarthaí, tacaíonn an Coimisiún Eorpach le forbairt an oideachais ar ardchaighdeán sna Ballstáit, spreagann sé an comhar eatarthu agus éascaíonn sé an fhoghlaim fhrithpháirteach, rud a chuireann leis an ngníomhaíocht a dhéanann siad. |
|
(5) |
Ó bhí 2021 ann, is é uaillmhian uileghabhálach an chomhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, chun acmhainneacht iomlán daoine aonair agus na sochaí a bhaint amach, glactar dearcadh iomlánaíoch i leith an oideachais agus na hoiliúna. Léiríonn an fhianaise is déanaí gur éirigh le comhar an Aontais i leith LEO gníomhaíochtaí tábhachtacha nua a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais, tacú le hathchóirithe náisiúnta, agus conairí inbhuanaithe a bhunú chun comhar Eorpach níos doimhne a chothú idir institiúidí oideachais. Dá bhrí sin, cuireann an comhar sin le forbairt an chaipitil dhaonna freisin. |
|
(6) |
Tá an moladh seo ceaptha chun na Treoirlínte do Bheartais Fostaíochta na mBallstát a chomhlánú, go háirithe trí ghné an chaipitil dhaonna sna beartais fostaíochta sin a mheas. Sainaithnítear ann réimsí leasa choitinn don Aontas. I gcás inarb ábhartha i gcomhthéacs gach Ballstáit, déanfar anailís ar na réimsí sin tráth níos déanaí sna tuarascálacha tíre agus féadfar aghaidh a thabhairt orthu sna moltaí tírshonracha arna n-eisiúint mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh. Tá gné chríochach thábhachtach ag baint leis na réimsí leasa sin freisin, agus tá difríochtaí suntasacha críochacha ar fud na hEorpa maidir le scileanna agus maoiniú caipitil dhaonna. |
|
(7) |
Gach gné a bhaineann le torthaí fostaíochta san Aontas, scrúdaíonn na Ballstáit gach bliain iad sa Choiste Fostaíochta faoi Airteagal 150 CFAE, i bhfianaise na tuarascála bliantúla comhpháirtí ar staid na fostaíochta san Aontas agus ar chur chun feidhme na dTreoirlínte don fhostaíocht (Airteagal 148(5) CFAE) agus i bhfianaise na faisnéise a fhaightear ó na Ballstáit trína dTuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn (a fhónann chun críocha Airteagal 148(3) CFAE freisin). |
|
(8) |
Tá ganntanais leanúnacha oibrithe agus scileanna ag an Aontas. Tá na ganntanais sin suntasach ar fud na mBallstát, na réigiún agus na n-earnálacha agus baineann siad do chuideachtaí de gach méid. Tá an ráta folúntas san Aontas, athróg ionadach chun ganntanais lucht saothair a thomhas, fós ard ag 2,0 % (R3-2025) agus gar don leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim (7). Cuireann an easpa lucht saothair oilte bac freisin ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht: thuairiscigh 68 % de chuideachtaí meánmhéide gur saincheist thromchúiseach iad ganntanais scileanna in 2023 (8), agus thug 77 % de chuideachtaí le fios go raibh ganntanais scileanna ina mbac ar an infheistíocht fhadtéarmach in 2024 (9). |
|
(9) |
Tá ganntanais mhóra lucht saothair agus scileanna i roinnt earnálacha agus gairmeacha ar fud an Aontais Eorpaigh. In 2024, bhain na ganntanais oibrithe is forleithne san Aontas le próifílí teicniúla sa mhonaraíocht agus sa tógáil (lena n-áirítear táthairí agus gearrthóirí le lasair, leictreoirí tógála agus leictreoirí gaolmhara, pluiméirí agus feisteoirí píopaí, oibrithe leathán miotail) agus gairmeacha sláinte (gairmithe altranais, liachleachtóirí ginearálta agus speisialaithe, cúntóirí cúraim sláinte agus fisiteiripeoirí, agus meastar go raibh ganntanas 1,2 milliún dochtúir, altra agus cnáimhseach ann in 2022 san Aontas (10)). An tráth céanna, níl ach 12 % d’fheirmeoirí an Aontais faoi bhun 40 bliain d’aois, rud a d’fhéadfadh slándáil bia an Aontais a chur i mbaol. Ar an gcaoi chéanna, tá ganntanais fhorleathana lucht saothair san earnáil iompair, ar fud na modhanna iompair uile, ó thaobh gairmithe oilte de (tiománaithe trucailí troma, leoraithe, busanna agus tramanna, chomh maith le maraithe, go háirithe oifigigh) (11) (12). Tá ganntanais fhorleathana ann freisin i dtaobh speisialtóirí TFC, innealtóirí sibhialta agus oibrithe teagaisc. Ní raibh i speisialtóirí TFC ach 5,0 % den lucht saothair, sciar atá i bhfad faoi bhun sprioc 2030 na Deacáide Digití, is é sin 10 %, agus bhí míchothromaíochtaí móra inscne ann. I ndáil leis an aistriú glas, sainaithníodh 24 ghairm ina bhfuil ganntanas oibrithe i roinnt Ballstát, lena n-áirítear oibrithe inslithe, innealtóirí sibhialta agus meicneoirí aerchóiriúcháin agus cuisniúcháin (i 14 Bhallstát), teicneoirí innealtóireachta sibhialta (in 12 Bhallstát) agus díonadóirí (in 11 Bhallstát). Beidh ar an Eoraip acmhainneacht a fhorbairt i bpríomhchúraimí ciorclacha nach mór a oiriúnú ó chórais líneacha go córais chiorclacha agus ó mhargaí líneacha go margaí ciorclacha. Tá na scileanna sin ar gach leibhéal, ó ailtirí agus innealtóirí go bailitheoirí agus sórtálaithe dramhaíola. |
|
(10) |
Leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, méadófar a thuilleadh an t-éileamh ar scileanna nua agus cuirfear leis na ganntanais agus na mímheaitseálacha atá ann cheana. Mar gheall ar theacht chun cinn na hintleachta saorga, na dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, na bith-theicneolaíochta, na riachtanas cosanta, spáis agus slándála, chomh maith le hanailísíocht sonraí casta, tá an t-éileamh ar ghairmithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) ag dul i méid. |
|
(11) |
Léirítear i Staid na Deacáide Digití 2025 go bhfuil an bhearna idir éileamh an mhargaidh saothair agus an tallann atá ar fáil ag leathnú i gcónaí, go háirithe san intleachta shaorga, sa chibearshlándáil, san anailísiú sonraí, sna teicneolaíochtaí leathsheoltóra, agus i réimsí eile nach iad. Beidh idir 6,2 agus 7 milliún oibrí a ghabhann don intleacht shaorga ag teastáil ón Aontas faoi 2027, agus beidh scileanna intleachta saorga ag teastáil ó thart ar 60 % den lucht saothair (13). Sa chibearshlándáil, sainaithníodh ganntanas 300 000 speisialtóir, agus i réimse na leathsheoltóirí ní mór aghaidh a thabhairt ar ghanntanas 100 000 gairmí nua, nach mór, de réir na dtreochtaí atá ann faoi láthair. Léirítear i dtreochláir náisiúnta na mBallstát go bhfuiltear ag díriú níos mó ar an oideachas digiteach agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, ach tá na hiarrachtaí fós ilroinnte agus míchothrom, agus tá for-rochtain theoranta ann do na grúpaí ar bheagán oiliúna agus do na grúpaí faoi ghannionadaíocht. Léirítear sna réamh-mheastacháin nach mbainfidh an tAontas na spriocanna maidir le scileanna digiteacha amach gan gníomhaíocht chomhpháirteach níos láidre agus infheistíocht mharthanach (14). |
|
(12) |
Ó bhí 2023 ann, tá méadú tagtha de réir a chéile ar líon na dteagmhas athstruchtúrúcháin agus na laghduithe beartaithe ar phoist. Mar gheall ar theagmhais athstruchtúrúcháin éagsúla agus athruithe gearrthéarmacha, is mó an fheasacht atá ann anois go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach. In 2024, thart ar 65 000 a bhí i líon na laghduithe beartaithe ar phoist ar fud an Aontais agus tá siad comhchruinnithe in earnálacha sonracha agus réigiúin shonracha (15). Rinneadh an difear is mó don earnáil mótarfheithiclí, don teileachumarsáid agus do sheirbhísí poist. Idir 2019 agus 2024, cailleadh thart ar 240 000 post san earnáil monaraíochta mótarfheithiclí ar fud an Aontais (16). Tá méadú ag teacht ar an mbrú ar earnáil cruach na hEorpa freisin, inar cailleadh 18 000 post in 2024, agus cailleadh 15 000 post in earnáil na gceimiceán in 2023 agus 2024. Is ábhar imní é sin go háirithe i bhfianaise ról ríthábhachtach na hearnála i dtáirgeadh na gcumas cosanta agus spáis. Ar an iomlán, bíonn tionchar diúltach ag an suaitheadh i sreafaí trádála, éileamh domhanda lagaithe agus costais fuinnimh níos airde ar an margadh saothair. |
|
(13) |
Leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta, a bhfuil tionchar aige cheana féin ar fhás na fostaíochta, meastar go gcruthófar idir 1 mhilliún agus 2,5 milliún post breise faoi 2030, má tá beartais éifeachtacha ag gabháil leis. Meastar sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta (17) go mbeidh méadú 350 000 post monaraíochta i dtionscail ghlan-nialasachta faoi 2030. Thairis sin, chun spriocanna 2030 an Aontais maidir le fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh a bhaint amach, tá gá le thart ar 130 000 go 145 000 oibrí oilte breise agus le hinfheistíocht ghaolmhar i scileanna dar luach EUR 1,1 go 1,4 billiún faoi 2030. Meastar go mbeidh 4,2 milliún folúntas tógála ann faoi 2035. Áirítear orthu sin oibrithe a fhágfaidh an earnáil a ionadú agus 88 000 post nua, arb é athchóiriú foirgneamh is cúis leo freisin. (18) Chomh maith leis sin, meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na ndaoine atá fostaithe sna fórsaí armtha agus sa tionscal cosanta, go háirithe i gcás daoine a bhfuil cúlra ETIM agus Gairmoideachais agus Gairmoiliúna acu. |
|
(14) |
Is dócha go rachaidh na ganntanais mhóra lucht saothair agus scileanna sna hearnálacha thuasluaite agus i réigiúin ar fud an Aontais in olcas sna blianta amach romhainn, de dheasca aosú an daonra agus éileamh méadaitheach ar lucht saothair in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas, mar shampla (i) ardteicneolaíochtaí digiteacha; (ii) an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan agus dícharbónú tionsclaíoch, lena n-áirítear an geilleagar ciorclach; (iii) an tsláinte agus an bhith-theicneolaíocht, an talmhaíocht, an t-iascach agus an dobharshaothrú, agus an bithgheilleagar; agus (iv) an tionscal cosanta agus an spás. Cuirfidh na dúshláin sin brú mór ar gheilleagair agus ar mhargaí saothair, rud a léiríonn an géarghá atá le gníomh réamhghníomhach. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach caipiteal daonna an Aontais a chothú agus a fheabhsú sa lá atá inniu ann trí bheartais agus infheistíochtaí spriocdhírithe san oideachas, san oiliúint, san uas-sciliú agus san athsciliú, i gcomhréir le beartais tionsclaíocha ábhartha. Trí lucht saothair a chothú atá in ann glacadh le dul chun cinn teicneolaíoch, oiriúnú do riachtanais tionsclaíochta athraitheacha, agus leas a bhaint as deiseanna atá ag teacht chun cinn, ní hamháin gur féidir leis an Aontas bearnaí saothair agus scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a mhaolú ach is féidir leis a athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach agus a iomaíochas domhanda a neartú freisin. Ina theannta sin, is féidir le rochtain ar thithíocht inacmhainne soghluaisteacht saothair agus oideachais a éascú freisin agus a bheith mar bhonn taca faoi fhorbairt an chaipitil dhaonna agus an iomaíochais. |
|
(15) |
Tá dúshláin roimh chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa maidir le bunchlocha láidre scileanna a chur ar fáil do gach foghlaimeoir, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste acu, chomh maith le daoine nach bhfuil mórán cáilíochtaí acu, imircigh, daoine faoi mhíchumas agus Romaigh, chun go mbeidh sé ar a gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh saothair. Tá laghdú tagtha ar an bhfeidhmíocht sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht le blianta beaga anuas, agus thart ar 30 % de dhaoine 15 bliana d’aois ag tearcghnóthachtáil sa mhatamaitic chomh maith le 25 % ag tearcghnóthachtáil sa léitheoireacht agus san eolaíocht in 2022. Níor éirigh go maith ach le 16 % de mhic léinn faoi mhíbhuntáiste sa léitheoireacht, sa mhatamaitic nó san eolaíocht in 2022, laghdú ó 21 % in 2015. (19) Tá dhá oiread seans ann go bhfágfaidh mic léinn a mbaineann cúlra imirceach leo an córas oideachais agus oiliúna gan mórán cáilíochtaí nó gan aon cháilíocht (20). Is measa fós na dúshláin sin mar gheall ar éagothromaíochtaí sa rochtain ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta i réigiúin bheagfhorbartha agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste, ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta. Níl bunscileanna digiteacha ag níos mó ná 40 % de dhaoine atá san ochtú grád (21). Tá sé ríthábhachtach scileanna digiteacha a neartú chun claochlú digiteach rathúil a bhaint amach, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as an bhfoghlaim dhigiteach, as uirlisí tástála agus trí úsáid éifeachtach, fhreagrach, chuimsitheach agus eiticiúil a bhaint as an intleacht shaorga. Ag an am céanna, beidh sé tábhachtach aird a thabhairt ar na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid gléasanna digiteacha, go háirithe d’fhoghlaimeoirí óga. Leanann deacrachtaí le linn na hóige isteach san aosacht freisin: bíonn duine amháin as gach cúigear fásta ag streachailt leis an léamh agus an scríobh. Tá ról lárnach ag an oideachas agus ag an oiliúint maidir le foghlaimeoirí a ullmhú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha, páirt a ghlacadh sa saol daonlathach, mífhaisnéis a aithint agus dul i ngleic go sábháilte, go freagrach agus go hinbhuanaithe le teicneolaíochtaí digiteacha. Dhearbhaigh 73 % de dhaoine óga (15-30) go raibh an leibhéal scileanna is gá acu mar gheall ar a n-oideachas chun bréagaisnéis a shainaithint. |
|
(16) |
D’ainneoin ráta ard fostaíochta na gcéimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna le déanaí (ceathrar as gach cúigear in 2024), tá dúshláin fós roimh an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus roimh phrintíseachtaí ó thaobh na tarraingteachta de, i bhfianaise na steiréitíopaí agus an aitheantais theoranta ón tsochaí i gcoitinne a chuireann isteach ar chláir ghairme go leor. In 2023, bhí 3,75 milliún mac léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna ar fud an Aontais cláraithe i gcláir ETIM, líon atá cothrom le 36,3 % de na mic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna meánleibhéil uile. Tá sé sin fós i bhfad ó sprioc an Aontais, a moladh sa Phlean Straitéiseach um Oideachas ETIM de chuid an Choimisiúin, is é sin 45 % ar a laghad a bhaint amach faoi 2030; bunaithe ar na leibhéil chlárúcháin atá ann faoi láthair, is é a bheadh i gceist leis sin 900 000 mac léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna breise a bheith ag bogadh isteach i réimse ETIM. Sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint mheánleibhéil, tá iníonacha léinn go mór faoi thearcionadaíocht i réimsí ETIM. |
|
(17) |
Ar leibhéal an oideachais threasaigh, d’ainneoin an éilimh mhóir in go leor réimsí ETIM, thaifead thart ar leath de na Ballstáit laghdú ar chlárú ETIM idir 2015 agus 2023, ráta atá cothrom le 26,9 % de mhic léinn faoi láthair, méid atá i bhfad ó sprioc 2030 a mhol an Coimisiún sa Phlean Straitéiseach um Oideachas ETIM, is é sin go mbeadh 32 % ar a laghad de mhic léinn i réimsí ETIM sa tríú leibhéal. I gcomparáid le geilleagair shárfhorbartha eile, is san Aontas atá an dara cóimheas is ísle de chéimithe treasacha ETIM in aghaidh an mhíle duine óig (14,3 %). Ar leibhéal na dochtúireachta, tá beagnach ceathrar as gach deichniúr mac léinn cláraithe i réimsí ETIM, ach níl ach sciar an-bheag acu in TFC. Cuireann tearcionadaíocht na mban in ETIM leis an bhfadhb. Is é TFC an réimse ina bhfuil an rannpháirtíocht is ísle ag mná as measc gach réimse oideachais, agus níl ach mac léinn amháin as gach cúigear ina bhean. Is ábhar imní fós í an luathfhágáil ón ardoideachas, go háirithe ar an leibhéal baitsiléara, agus ní bhaineann ach 63 % de mhic léinn threasacha céim ETIM amach laistigh de 3 bliana ón deireadh teoiriciúil. |
|
(18) |
Tá riosca suntasach do cháilíocht an oideachais ag baint leis an nganntanas múinteoirí cáilithe ar fud go leor Ballstát, réigiún, cathracha agus ceantair iargúlta agus thuaithe. In 2024, bhí thart ar mhúinteoir amháin as gach cúigear (22) ag obair i scoileanna ina raibh ganntanas múinteoirí cáilithe, rud a chuir teorainn leis an teagasc ardcháilíochta. Thairis sin, i bhfianaise an lucht saothair múinteoirí atá ag dul in aois, laghdóidh líon na múinteoirí a bheidh ar fáil sna blianta amach romhainn. In 2023, 25 % de mhúinteoirí sa seomra ranga ó leibhéal na bunscoile go dtí leibhéal na meánscoile uachtaraí, bhí siad 55 bliana d’aois nó os a chionn (níos mó ná 1 300 000 múinteoir). Thairis sin, cuireann an easpa tarraingteachta agus tuisceana sochaíche a shamhlaítear leis an ngairm, chomh maith leis an tuilleamh íseal (i gcomparáid le gairmeacha eile ar féidir leis an gcéim rochtain a thabhairt orthu) leis na ganntanais múinteoirí ar fud an Aontais. Cuireann an easpa ghéar múinteoirí ETIM leis na dúshláin. D’fhéadfadh easpa tarraingteachta críoch áirithe tionchar a imirt freisin ar choinneáil múinteoirí i gceantair faoi mhíbhuntáiste, i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta. Ábhar imní eile is ea ullmhacht múinteoirí chun déileáil le daltaí faoi mhíchumas agus/nó le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus/nó míbhuntáiste socheacnamaíoch acu. Ina theannta sin, chuir úsáid neamhréireach na teicneolaíochta i scoileanna, measúnaithe neamhleora ar scileanna digiteacha, agus ullmhacht éagsúil múinteoirí bac ar fheabhsuithe ar leibhéil scileanna digiteacha daoine óga, d’ainneoin infheistíochtaí méadaithe i mbonneagar digiteach agus in oideachas digiteach ar fud na mBallstát agus na réigiún. |
|
(19) |
Is dúshlán fós do chórais oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais é cláir oideachais agus oiliúna a ailíniú le héileamh athraitheach an mhargaidh saothair. D’fhéadfadh acadaimh scileanna earnála agus tionscnaimh chomhchosúla, mar a iarradh freisin sa Teachtaireacht i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (23), tacú le forbairt an ábhair foghlama ábhartha agus na gclár foghlama ábhartha (24). Tá athchóirithe curaclaim ábhartha déanta ag roinnt Ballstát, ach tá bearnaí suntasacha fós ann idir na hinniúlachtaí a fhaigheann mic léinn agus na hinniúlachtaí a éilíonn fostóirí. Mar shampla, cé go n-éilíonn 90 % de phoist bunscileanna digiteacha, níl na scileanna sin ach ag 55,6 % de dhaoine fásta san Aontas. Is dúshlán é sin freisin i measc daoine óga san Aontas. Ós rud é nach bhfuil bunscileanna digiteacha leordhóthanacha ag 42,5 % de dhaltaí san ochtú grád, tá gá le go leor dul chun cinn chun sprioc an Aontais a bhaint amach, mar atá, níos lú ná 15 % (25). Le teacht chun cinn na hintleachta saorga, ní leor an litearthacht dhigiteach bhunúsach agus tá ardscileanna agus scileanna criticiúla intleachta saorga agus smaointeoireacht straitéiseach de dhíth ar níos mó agus níos mó post nua ar leibhéal iontrála le haghaidh céimithe óga. I gcomhthéacs na mímheaitseála sin idir na scileanna a theastaíonn ón margadh saothair agus na scileanna atá ar fáil, tá sé ríthábhachtach ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna don mhargadh saothair a áirithiú, le rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta freisin, agus is amhlaidh atá i gcás an ardoideachais. Tá ról tábhachtach ag cláir staidéir má táthar le freagairt d’éabhlóid na riachtanas le scileanna atá dírithe ar an todhchaí, ildisciplíneach agus idirearnálach, rud atá fíor-riachtanach chun eolas agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a shaothrú. Agus breithniú á dhéanamh ar dhaoine óga, is iondúil go méadaíonn comhtháthú na foghlama obairbhunaithe sna cláir oideachais agus oiliúna infhostaitheacht céimithe: ba é 84,3 % ráta fostaíochta na ndaoine a bhain céim ghairmoideachais agus ghairmoiliúna amach le déanaí agus a fuair taithí ar fhoghlaim obairbhunaithe in 2024, i gcomparáid le 69,7 % díobh siúd nach bhfuair an taithí sin (26). |
|
(20) |
Tá foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú, ríthábhachtach do dhaoine aonair chun coinneáil suas le margadh saothair atá ag athrú go tapa, lena n-áirítear aistriú ó earnálacha atá ag meath chuig earnálacha atá ag fás. Mar sin féin, in 2022 níor ghlac ach 39,5 % de dhaoine fásta páirt san fhoghlaim sa bhliain roimhe sin, níos mó ná 20 pointe céatadáin faoi bhun phríomhsprioc an Aontais, mar atá, 60 % faoi 2030. (27) Maidir le daoine fásta ar bheagán oiliúna, arb iad is mó a bhainfeadh tairbhe as oiliúint, glacann siadsan páirt i bhfad níos lú (11,3 %). Tá rannpháirtíocht níos ísle i réigiúin bheagfhorbartha agus i gceantair atá ag titim ar gcúl, lena n-áirítear ceantair thuaithe agus iargúlta, chomh maith le grúpaí leochaileacha a bhfuil bacainní breise rompu maidir le rochtain a fháil ar oiliúint. Tá sé ríthábhachtach an bhearna sin a dhúnadh chun go mbeidh an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ina réaltacht inláimhsithe do chách agus tá gá le gníomhaíocht luathaithe chomhordaithe ó na Ballstáit, ó ghnólachtaí agus ó chomhpháirtithe sóisialta, agus a ról agus a neamhspleáchas á n-urramú. Tá leibhéil na litearthachta airgeadais san Aontas Eorpach an-íseal faoi láthair. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair 2023, tá ardleibhéal eolais airgeadais ag thart ar aon cheathrú (26 %) de shaoránaigh an Aontais. |
|
(21) |
Tá ról cinntitheach ag an treoir ar feadh an tsaoil maidir lena chur ar chumas daoine aonair aistrithe gairme a bhainistiú agus oiriúnú do dhálaí athraitheacha sa mhargadh saothair. Is próiseas leanúnach í an treoir ar feadh an tsaoil lena gcumhachtaítear saoránaigh ag aois ar bith a n-acmhainneachtaí, a n-inniúlachtaí agus a leasanna a shainaithint, cinntí eolasacha oideachais, oiliúna agus gairme a dhéanamh, agus a gconairí saoil aonair a bhainistiú. Trí threoir ar feadh an tsaoil a chomhtháthú i straitéisí foghlama ar feadh an tsaoil, neartaítear scileanna bainistithe gairme, éascaítear rochtain ar sheirbhísí treorach do gach saoránach, agus áirithítear dearbhú cáilíochta agus comhordú i measc páirtithe leasmhara. Tá na prionsabail sin ríthábhachtach chun tacú forbairt an chaipitil dhaonna agus chun athléimneacht agus inoiriúnaitheacht a chothú i bhfianaise na n-aistrithe teicneolaíochta, glasa agus déimeagrafacha. De réir ráiteas atá sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair, tá an treoir ina cuid de choinníollacha creata cumasúcháin níos leithne chun teidlíochtaí oiliúna aonair a ghlacadh go héifeachtach. Áirítear príomhphrionsabal maidir le treoir sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr. |
|
(22) |
Tá maoiniú leordhóthanach de dhíth chun córais oideachais agus oiliúna a bheidh slán i bhfad na haimsire a áirithiú. Íoctar go daor as an easpa gníomhaíochta: beidh na costais shóisialta bhliantúla a bhaineann le luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint ar fud an domhain cothrom le USD 6 thrilliún faoi 2030 (28). Dá laghdófaí leibhéil na mbunscileanna i measc daoine óga, d’fhéadfaí an fás fadtéarmach ar tháirgiúlacht ilfhachtóiriúil a laghdú thart ar 3 % ar fud thíortha ECFE. Le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna, lena n-áirítear infheistíocht i sláinte an daonra agus i mbeartais a thacaíonn léi, rannchuidítear le táirgiúlacht níos airde agus le fás eacnamaíoch inbhuanaithe. |
|
(23) |
Ní féidir leis an gcaiteachas poiblí amháin scála na riachtanas uas-scilithe agus athscilithe a chomhlíonadh i bhfianaise na ndúshlán claochlaitheach atá roimh an Aontas. I gcás daoine fásta, is é oiliúint a bhaineann leis an bpost an príomhchineál foghlama (ceathrar as gach cúigear foghlaimeoirí fásta in 2022). Is iad na fostóirí den chuid is mó a mhaoiníonn an oiliúint sin (beagnach 90 % den fhoghlaim aosach ar fad a bhaineann leis an bpost). Mar sin féin, ní chuireann cuideachta amháin as gach trí chuideachta cúrsaí ná cineálacha eile oiliúna ar fáil d’aon duine dá bhfoireann, agus tá an costas ar cheann de na príomhchonstaicí a luaitear (mar aon le srianta ualaigh oibre agus ama). Trí chaiteachas príobháideach éifeachtach ar scileanna a dhreasú, lena n-áirítear trí sholáthar poiblí a nascadh le gealltanais oiliúna, spreagtar cuideachtaí chun freagracht níos mó a ghlacadh as scileanna a lucht saothair a fhorbairt. Leis na rialacha maidir le státchabhair, ceadaítear do sholáthraithe seirbhísí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, tacaíocht a thabhairt le haghaidh na hoiliúna, an uas-scilithe agus an athscilithe tar éis dóibh coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh. Iarrtar sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna go ndéanfaí measúnú ar na forálacha ábhartha, chun a áirithiú go gcuirfear dreasachtaí níos fearr ar fáil leo le haghaidh na tionsclaíochta, lena n-áirítear an geilleagar sóisialta, chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe. Is féidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí infheistíocht bhreise i scileanna a shlógadh agus comhar a chur chun cinn agus dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil le haghaidh na tionsclaíochta, lena n-áirítear an geilleagar sóisialta, chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus chun comhar a chur chun cinn. |
|
(24) |
D’ainneoin infheistíochtaí suntasacha poiblí san oideachas foirmiúil le blianta beaga anuas, tá cáilíocht an oideachais i roinnt Ballstát agus réigiún ag titim ar gcúl nó ag dul in olcas. Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-infheistíochtaí san oideachas, san oiliúint agus i scileanna a uasmhéadú, is den ríthábhacht measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí a dhéanamh go hidéalach roimh an gcur chun feidhme, ach freisin lena linn agus ina dhiaidh, agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile á rannpháirtiú, agus sonraí riaracháin tráthúla agus iontaofa á n-úsáid nuair is féidir (29). Trí Mhol Eolais maidir le hInfheistíocht Shóisialta a bhunú agus trí Chuntais Satailíte um Oideachas agus Oiliúint (CEE-NA) (30) arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a chomhtháthú sna cuntais náisiúnta, is féidir feabhas a chur ar an meastóireacht ar bheartais agus cainníochtú níos cruinne a dhéanamh ar na torthaí ar an infheistíocht i gcaipiteal daonna. Tá an tSaotharlann Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán (31) cruthaithe ag an gCoimisiún freisin, lena dtacaítear leis na Ballstáit meastóireachtaí ar bheartais a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint chun a gcaiteachas poiblí sna réimsí sin a dhéanamh níos costéifeachtaí agus níos fianaise-shaibhrithe. |
|
(25) |
Tá faisnéis scileanna inrochtana, shothuigthe, spriocdhírithe agus cothrom le dáta ríthábhachtach le haghaidh beartais oideachais agus oiliúna atá éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire. Mar sin féin, tá faisnéis scileanna san Aontas fós ilroinnte, rud a chuireann bac ar an gcinnteoireacht fheasach. D’ainneoin úsáid modhanna réamhaisnéise scileanna ar fud na mBallstát, tá dúshláin mhóra fós ann, lena n-áirítear éagsúlacht tacsanomaíochtaí, castacht foinsí agus modhanna sonraí, agus teorainneacha i dtaobh iontaofacht agus gráinneacht sonraí, rud a d’fhéadfadh srian a chur ar inúsáidteacht na faisnéise. Is gnách go mbíonn difríocht mhór idir réamhaisnéisí maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo ar ghairm ar leith, rud a léiríonn toimhdí éagsúla maidir lena mhéid a dhéanfar cúraimí a uathoibriú agus maidir leis an mór-chomhthéacs eacnamaíoch agus déimeagrafach. Is gá na foinsí sin a chur i gcomparáid agus a chomhcheangal ar mhaithe le beartas níos eolaí. |
|
(26) |
Tá beagnach fostaí amháin as gach triúr san Aontas ag obair i bpoist nach bhfuil ag teacht lena gcuid scileanna, rud a thugann le fios go bhfuil úsáid fho-optamach á baint as an acmhainneacht saothair. Cé go n-aithnítear a thábhachtaí atá sé caighdeáin cháilíochta a choinneáil chun cuspóirí leasa ghinearálta a chosaint, agus a thábhachtaí atá sé dlí an Aontais a chomhlíonadh, cruthaíonn rialáil ródhian ar ghairmeacha áirithe agus ar nósanna imeachta aitheantais anásta bacainní ar iontráil agus laghdaítear an tsoghluaisteacht i margadh an tsaothair. Cuireann sé sin le mímheaitseálacha scileanna agus le ganntanas lucht saothair ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
|
(27) |
Bíonn deacrachtaí ag fostóirí Eorpacha oibrithe a earcú ó lasmuigh den Aontas Eorpach. D’earcaigh níos lú ná fiontar beag agus meánmhéide amháin as gach deich gcinn oibrithe ó thríú tíortha mar fhreagairt ar ghanntanais scileanna, agus bhí deacrachtaí ag an gcuid is mó acu é sin a dhéanamh. Is minic a bhaineann nósanna imeachta ilroinnte agus fadálacha do náisiúnaigh tríú tír maidir le haitheantas a fháil dá gcáilíochtaí agus bíonn fadhbanna acu maidir le rócháilíocht agus mímheaitseálacha scileanna. Is féidir leis na rátaí rócháilíochta do náisiúnaigh tríú tír a bheith dhá oiread níos airde ná mar atá do náisiúnaigh an Aontais. |
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhóidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí náisiúnta agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh acu, sa tréimhse 2026-2027, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1. Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna in earnálacha straitéiseacha
|
— |
Gníomhaíochtaí a stiúradh chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, agus béim á leagan ar ghairmeacha, go háirithe gairmeacha lena n-éilítear scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM), lena n-airítear TFC agus IS, in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo ó thaobh an iomaíochais agus na hathléimneachta de (mar shampla: an teicneolaíocht dhigiteach agus ghlan, an geilleagar ciorclach agus an dícharbónú tionsclaíoch, an tsláinte agus an bhith-theicneolaíocht, an talmhaíocht, an t-iascach agus an dobharshaothrú, an bithgheilleagar, an tionscal cosanta agus an spás). |
|
— |
Soláthar mear marthanach na scileanna a sheasfaidh an aimsir agus atá ábhartha don mhargadh saothair a neartú i réimsí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, trí chomhpháirtíochtaí a chothú idir soláthraithe oideachais agus oiliúna, seirbhísí fostaíochta poiblí, comhpháirtithe sóisialta agus gnólachtaí aonair chomh maith le comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ag leibhéil réigiúnacha agus áitiúla. |
|
— |
Bacainní iontrála ar ghairmeacha rialáilte a laghdú agus bearta a dhéanamh chun aitheantas níos tapúla do cháilíochtaí in earnálacha straitéiseacha a chur chun cinn do náisiúnaigh an Aontais agus do náisiúnaigh tríú tír, agus na caighdeáin cháilíochta á gcoinneáil ag an am céanna. |
2. Bunscileanna a neartú chun bonn láidir a thógáil le haghaidh iomaíochas níos airde
|
— |
Sealbhú scileanna litearthachta, matamaitice (lena n-áirítear litearthacht airgeadais), eolaíochta, digiteacha agus saoránachta a neartú ó aois óg agus ar feadh na haosachta agus ar fud gach leibhéil agus cineáil oideachais agus oiliúna agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus ar dhaoine faoi mhíchumas, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do na daoine is cumasaí. Bearta a dhéanamh chun na spriocanna ar leibhéal an Aontais a comhaontaíodh faoin Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach maidir le mic léinn suas go dtí 15 bliana d’aois a mbaineann tearcghnóthachtáil leo sna bunscileanna. |
|
— |
Rochtain chothrom ar oideachas agus cúram luath-óige ar ardchaighdeán a áirithiú mar bhealach chun bearnaí gnóthachtála a laghdú. |
|
— |
Dreasachtaí leordhóthanacha a áirithiú chun gairm na múinteoireachta a dhéanamh níos tarraingtí, go háirithe d’ábhair ETIM. Tacú leis an bhforbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach ar gach leibhéal, lena n-áirítear cineálacha cur chuige teagaisc atá cuimsitheach agus a chuireann tosca inscne san áireamh. |
|
— |
Scileanna digiteacha mac léinn, printíseach agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil a neartú, lena n-áirítear litearthacht san intleacht shaorga, chomh maith le smaointeoireacht chriticiúil; uirlisí tástála digiteacha a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn; agus oiliúint a chur ar mhúinteoirí le haghaidh foghlaim arna feabhsú leis an teicneolaíocht. Úsáid éifeachtach, freagrach, chuimsitheach agus eiticiúil IS a spreagadh. |
|
— |
Dúshláin a aithint agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag úsáid gléasanna digiteacha ar an bhfeidhmíocht acadúil, agus ar an bhfolláine mheabhrach agus coirp. |
3. An Gairmoideachas agus an Ghairmoiliúint a neartú
|
— |
Borradh a chur faoi cháilíocht agus tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus na bprintíseachtaí, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le tuairimí diúltacha, trí chuimsitheacht a neartú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus trí aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne, go háirithe i gcláir ETIM. |
|
— |
Beartais nó straitéisí a chruthú agus a chur chun feidhme chun cion na bhfoghlaimeoirí meánleibhéil tosaigh gairmoideachais agus gairmoiliúna atá cláraithe i réimsí ETIM a mhéadú, go háirithe cion na n-iníonacha léinn, agus chun 12 % (32) ar a laghad d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna atá rannpháirteach i dtaithí foghlama ar an gcoigríoch a bhaint amach. |
|
— |
Soláthar leordhóthanach múinteoirí agus oiliúnóirí ETIM, go háirithe, a chur chun cinn agus foghlaim obairbhunaithe a dhreasú i gcomhar le cuideachtaí. |
4. Feabhas a chur ar thorthaí oideachais threasaigh in ETIM
|
— |
Acmhainneacht, ábharthacht agus tarraingteacht a mhéadú le haghaidh daoine óga maidir le cláir ETIM oideachais threasaigh (lena n-áirítear cláir ghairme ardleibhéil), go háirithe i réimsí TFC agus IS, i réimsí ina bhfuil bearnaí móra saothair agus scileanna agus i réimsí straitéiseacha. Bearta a chur chun cinn chun iníonacha léinn a chumhachtú sna réimsí sin. |
|
— |
Litearthacht intleachta saorga agus smaointeoireacht chriticiúil agus straitéiseach na gcéimnithe a chur chun cinn, cuir chuige thrasdisciplíneacha a chothú agus idirnáisiúnú clár ETIM tríú leibhéal a fheabhsú (lena n-áirítear cláir ghairme ardleibhéil), go háirithe trí chláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha. |
5. Infheistíocht san oideachas, san oiliúint agus i scileanna
|
— |
Caiteachas poiblí éifeachtach agus éifeachtúil ar oideachas agus scileanna a chur chun cinn, i gcomhréir leis na dúshláin a sainaithníodh agus na cuspóirí agus na spriocanna a comhaontaíodh, mar shampla trí chistí an bheartais comhtháthaithe a ghiaráil, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus. |
|
— |
Infheistíocht phríobháideach san uas-sciliú agus san athsciliú ar ardchaighdeán agus úsáid réimse beartais na infheistíochta sóisialta agus na scileanna, faoi chuimsiú InvestEU, a chur chun cinn agus sineirgí leis an infheistíocht phoiblí a áirithiú. |
|
— |
Faireachán agus meastóireacht tráthrialta a dhéanamh ar an infheistíocht san oideachas agus i scileanna ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí láidre saincheaptha measúnaithe tionchair agus meastóireachta, agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis á sheachaint. Dul i muinín, i gcás ina meastar go bhfuil sé úsáideach, na dTreoirphrionsabal Deonach arna bhformhuiniú ag an gComhairle (33), chun bonn eolais a chur faoin gceapadh beartas fianaisebhunaithe. |
|
— |
Úsáid sonraí riaracháin a áirithiú chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí agus phríobháidigh san oideachas agus san oiliúint. |
6. Faisnéis scileanna a áirithiú chun smacht a choinneáil ar aistrithe sa mhargadh saothair
|
— |
Modheolaíochtaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le húsáid mórshonraí agus IS, chun faisnéis scileanna níos fearr agus níos tráthúla a sholáthar, rud a chuireann leis na foinsí faisnéise scileanna cainníochtúla agus cáilíochtúla atá ann cheana, agus a chomhlánaíonn na foinsí sin. |
|
— |
Úsáid rialta faisnéise scileanna a chomhtháthú agus a mhéadú a thuilleadh i ndearadh/athdhearadh straitéisí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla scileanna agus forbartha eacnamaíche, i réimsí na gairmthreorach ar feadh an tsaoil, an atreoraithe agus na n-aistrithe poist, agus san fhéachaint chuige go seasfaidh dearadh agus forbairt clár oideachais agus oiliúna an aimsir. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MOUSHOUTTAS
(1) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM/2025/30 final).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025) 90 final).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2025 ‘Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga’ (COM(2025) 165 final)
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 ‘Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga’ (COM(2025) 723 final), lena gcuirtear chun tosaigh gníomhaíochtaí earnála agus trasearnála, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir le litearthacht IS, uas-sciliú agus athsciliú agus faisnéis scileanna, chun glacadh IS i bpríomhthionscail agus san earnáil phoiblí a mhéadú.
(6) I gcomhréir leis an Rún ón gComhairle maidir le hoideachas agus oiliúint sa Seimeastar Eorpach: díospóireachtaí eolasacha ar athchóirithe agus infheistíochtaí a áirithiú, 2020/C 64/01.
(7) Bhí an meánráta folúntas ar 1,7 % idir 2013 agus 2019.
(8) Eorabharaiméadar uimh. 537 11/2023.
(9) EIB Investment Survey 2024: Forléargas ar an Aontas Eorpach https://www.eib.org/attachments/lucalli/20240238_econ_eibis_2024_eu_en.pdf
(10) Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach/ECFE dar teideal Health at a Glance in Europe 2024 [Sracfhéachaint ar an tSláinte san Eoraip 2024].
(11) EURES_Report_on_labour_shortages_and_surpluses_2024 [Tuarascáil EURES maidir le ganntanais agus barrachais lucht saothair 2024].
(12) Maraithe - Soghluaisteacht agus Iompar – An Coimisiún Eorpach.
(13) Tallann IS na hEorpa a mhúnlú agus a neartú, 2025.
(14) Measadh i dtuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití nach mbeadh bunscileanna digiteacha ar a laghad ach ag 59,8 % den daonra fásta faoi 2030 gan tuilleadh gníomhaíochta, méid atá i bhfad faoi bhun na sprice, is é sin 80 %.
(15) An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Labour market and wage developments in Europe – Annual Review 2025 [Forbairtí sa mhargadh saothair agus forbairtí pá san Eoraip – Athbhreithniú bliantúil 2025] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2767/1810636.
(16) Eurostat, [lfsa_egan22d] Employed persons by detailed economic activity (NACE Rev. 2 two-digit level) (2008-2026) [Daoine fostaithe de réir gníomhaíocht eacnamaíoch mhionsonraithe (an dara hathbhreithniú ar NACE, leibhéal dhá dhigit (2008-2026)].
(17) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724.
(18) Cedefop. (2023). The greening of the EU construction sector: skills intelligence. Data insights series [Earnáil tógála an Aontais a ghlasú: faisnéis scileanna. Sraith léargas sonraí].
(19) Féach an Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) de chuid ECFE.
(20) Eurostat, [edat_lfse_02] Early leavers from education and training by country of birth [Luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint de réir tír bhreithe].
(21) Féach International Computer and Information Literacy Study [an Staidéar Idirnáisiúnta ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise].
(22) Sna 22 Bhallstát den Aontas a bhí rannpháirteach in TALIS 2024. ECFE (2025), Torthaí ó TALIS 2024: The State of Teaching, TALIS, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/90df6235-en.
(23) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’, (COM(2025) 85 final).
(24) Leagtar amach i dtuarascálacha bliantúla chlár na Deacáide Digití na príomh-athchóirithe atá le déanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sa réimse sin.
(25) Staidéar Idirnáisiúnta 2023 ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise, arna dhéanamh ag an gComhlachas Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar Ghnóthachtáil san Oideachas.
(26) Bunaithe ar an Suirbhé Eorpach ar an bhFórsa Saothair, asbhaint sonraí speisialta.
(27) Rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach, gan oiliúint threoraithe ar an láthair oibre a áireamh, de réir an tSuirbhé ar an Oideachas Aosach.
(28) Brunello, G., Rocco, L., Eck, M., 2024, The price of inaction: the global private, fiscal and social costs of children and youth not learning, UNESCO
(29) Féach Conclúidí ón gComhairle, An ról atá ag beartais mhargadh an tsaothair, beartais scileanna agus beartais shóisialta maidir le geilleagair athléimneacha, an 20 Meitheamh 2024, agus na Treoirphrionsabail Dheonacha do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí eacnamaíocha athchóirithe agus infheistíochtaí i réimsí an mhargaidh saothair, na scileanna agus an bheartais shóisialta. Mí an Mheithimh 2024.
(30) Is é is cuntais satailíte ann creataí forlíontacha a chuireann leis na bunchuntais náisiúnta trí shonraí breise a sholáthar maidir le réimsí sonracha. Leis na Cuntais Satailíte um Oideachas agus Oiliúint, déantar infheistíocht i gcaipiteal daonna a chainníochtú trí chaiteachas ar oideachas foirmiúil, ar ghairmoiliúint agus ar fhoghlaim sheachfhoirmiúil a thomhas.
(31) https://education.ec.europa.eu/focus-topics/improving-quality/learning-lab
(32) Féach Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 ‘An Eoraip ag Bogadh’ – deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách.
(33) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10779-2024-INIT/ga/pdf.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1687/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)