This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XC01163
Publication of the communication of an approved standard amendment to a product specification of a geographical indication in accordance with Article 5(4) of Commission Delegated Regulation (EU) 2025/27
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún
PUB/2025/1350
IO C, C/2026/1163, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1163/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1163 |
26.2.2026 |
Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)
(C/2026/1163)
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH
(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)
‘Haut-Médoc’
Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0710-AM06 — 3.12.2025
1. Ainm an táirge
‘Haut-Médoc’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☑ |
ATFC |
|
☐ |
TGFC |
|
☐ |
TG |
3. Earnáil
|
☐ |
Táirgí talmhaíochta |
|
☑ |
Fíonta |
|
☐ |
Deochanna biotáilleacha |
4. Tír ar léi an limistéar geografach
An Fhrainc
5. Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
Ainm
An Aireacht Talmhaíochta agus Bhiafhlaithis, Ard-Stiúrthóireacht Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus Chomhshaoil na bhFiontar
6. Incháilitheacht mar leasú caighdeánach
Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143.
Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge sin mar a shainmhínítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.
Níl i gceist leis an iarratas ar leasú ar ATFC ‘Haut-Médoc’ aon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:
|
(a) |
níl i gceist leis athrú ar an ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar na táirgí nó ar na catagóirí táirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach; |
|
(b) |
níl baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; |
|
(c) |
níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis. |
Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.
7. Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta
Teideal
Aigéad malach
Tuairisc
Méadaíodh an cion aigéid mhalaigh ó 0,20 gram in aghaidh an lítir go 0,30 gram in aghaidh an lítir.
Rinneadh sin chun comhchuibhiú agus comhsheasmhacht idir ATFCanna Gironde a áirithiú.
Leasaíodh an pointe seo a leanas den doiciméad aonair: Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta.
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Neart alcóil iomlán de réir toirte tar éis saibhrithe
Tuairisc
Rinneadh an neart alcóil iomlán de réir toirte tar éis an tsaibhrithe a mhéadú ó 13 % go 13,5 %.
Rinneadh sin freisin chun comhchuibhiú leis an ATFC réigiúnach agus idir ATFCanna áitiúla Médoc a áirithiú.
Leasaíodh an pointe seo a leanas den doiciméad aonair: Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta.
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Forálacha coiteanna nua a chur isteach
Tuairisc
Ba mhaith le grúpa táirgeoirí an ainmniúcháin go gcuirfí an ceanglas deimhniúcháin comhshaoil seo a leanas leis an tsonraíocht táirge:
Ní mór táirgí ar a bhfuil an marc cáilíochta agus aitheantais tionscnaimh ‘Haut-Médoc’ (signe d’identification de la qualité et de l’origine, SIQO) teacht ó cheann amháin de na gabháltais seo a leanas:
|
— |
gabháltas atá deimhnithe le haghaidh feirmeoireacht orgánach, ar gabháltas é lena ngabhann saoráid táirgeachta a bhfuil an marc cáilíochta agus sainaitheantais tionscnaimh atá i gceist eisithe chuici; |
|
— |
gabháltas a bhfuil deimhniú comhshaoil leibhéal 3 aige de bhun an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí (Code rural et de la pêche maritime, CRPM); |
|
— |
gabháltas a bhfuil deimhniú comhshaoil leibhéal 2 aige de bhun an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí (CRPM); |
|
— |
gabháltas a chomhlíonann nós imeachta a aithnítear go hiomlán mar nós imeachta atá coibhéiseach le deimhniú comhshaoil leibhéal 2 de bhun an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí (CRPM); |
|
— |
gabháltas a chomhlíonann nós imeachta a aithnítear go páirteach mar nós imeachta atá coibhéiseach le deimhniú comhshaoil leibhéal 2 le haghaidh saoráide i gcás ina gcomhlíonann táirgeadh ceanglais an mhairc cáilíochta agus aitheantais tionscnaimh de bhun an Chóid Tuaithe agus Iascaireachta Muirí (CRPM). |
Tá an méid sin i gcomhréir leis an aidhm inbhuanaitheacht an ainmniúcháin a áirithiú mar chuid de chur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a chomhlíonann ionchais tomhaltóirí.
Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.
|
☐ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
An Cód Geografach don limistéar díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta
Tuairisc
Rinneadh na bardais a áirítear sa limistéar díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2024. Ní athraíonn an leasú sin limistéar geografach an ainmniúcháin.
Leasaíodh an pointe seo a leanas den doiciméad aonair: Tuilleadh ceanglas is infheidhme.
|
☑ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
Teideal
Tagairtí
Tuairisc
Tugadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité, INAO) cothrom le dáta.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
|
☐ |
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair. |
DOICIMÉAD AONAIR
Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíonta
‘Haut-Médoc’
Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0710-AM06 — 3.12.2025
1. Ainm (nó ainmneacha)
‘Haut-Médoc’
2. Cineál an táisc gheografaigh
|
☑ |
ATFC |
|
☐ |
TGFC |
|
☐ |
TG |
3. Tír ar léi an limistéar geografach sainithe
An Fhrainc
4. Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód de chuid na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009
5. Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
|
1. |
Fíon |
6. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
Táirge fíniúna
Fíonta dearga
Saintréithe orgánaileipteacha
Is fíonta socra iad sin a mbíonn dath dúdhearg orthu.
Bíonn na fíonta tainneach agus is gnách go bhfaightear iad trí chumasc, agus is é Cabernet Sauvignon N an príomhchineál fíniúna go hiondúil. Is lú an méid Merlot N a bhíonn sna fíonta sin ná mar bhíonn i bhfíonta an ATFC ‘Médoc’. Bíonn fíonta níos saibhre mar thoradh ar na cineálacha Cabernet Franc N agus Petit Verdot N agus, cé nach n-úsáidtear iad chomh minic céanna, mar thoradh ar na cineálacha Cot N agus Carmenère N.
Is cineál é Cabernet Sauvignon N a fhástar go traidisiúnta agus a thugann mionbholaithe spíosracha d’fhíonta ‘Haut-Médoc’ a chumascann go foirfe leis na mionbholaithe fanaile a tháirgtear trí aosú i mbairillí, ar cleachtas é atá níos forleithne ná mar atá i gceist i gcás fhíonta an ATFC ‘Médoc’. Leis an gcineál Merlot N faightear fíonta maothlacha, boga ar a mbíonn dea-bholaithe torthaí dearga. Cuireann Cabernet Franc N agus Petit Verdot N le struchtúr agus le castacht na bhfíonta, agus cuireann siad úire leo freisin i mblianta dea-aibíochta i gcás Petit Verdot N.
Déantar na fíniúnacha a bhainistiú chun fíonchaora an-aibí agus sláintiúla a fháil lena ngabhann táirgeacht rialaithe. Is féidir fíonta níos tiubhaithe a fháil mar thoradh ar thréimhsí fada maothaithe. Tá aosú fíor-riachtanach mar sin chun blas níos séimhe a bhaint amach. Tá cáilíochtaí aosaithe den scoth ag fíonta ‘Haut-Médoc’.
Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha
—
Saintréithe anailíseacha
|
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
— |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) |
— |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
— |
|
Aonad aigéadachta iomláine íosta |
milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
— |
|
Dé—ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
— |
Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha
Tá neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte ag na fíonta. Níl an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag na fíonta tar éis saibhrithe níos mó ná 13,5 %. Tá méid siúcra choipthigh (glúcós + fruchtós) 3 ghram, nó níos lú, in aghaidh an lítir ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Tá cion aigéadachta luainí 12,25 milleachoibhéis, nó níos lú, in aghaidh an lítir (0,60 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar H2SO4) ag gach baisc fíona a dhíoltar, ar an mórchóir nó i bpacáistíocht, roimh an 1 Deireadh Fómhair sa bhliain tar éis bhliain na buainte. Tar éis an dáta sin, tá an cion uasta aigéadachta luainí socraithe ag 16,33 milleachoibhéis in aghaidh an lítir (0,80 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar H2SO4). Tá cion SO2 iomlán 140 milleagram in aghaidh an lítir nó níos lú ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir. Tá cion aigéid mhalaigh 0,30 gram, nó níos lú, in aghaidh an lítir ag gach baisc fíona a dhíoltar ar an mórchóir nó i bpacáistíocht. Comhlíonann na luachanna anailíseacha eile, mar réamhshocrú, reachtaíocht an Aontais.
|
☑ |
Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme. |
7. Cleachtais fhíoneolaíocha
7.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh
Cleachtas fíoneolaíoch
Dlús plandaithe agus scaradh plandaí
Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch
Modh fáis
Tuairisc
Is é dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha 6 500 planda in aghaidh an heicteáir. Is é 1,80 méadar nó níos lú an t-achar idir na sraitheanna, agus is é 0,70 méadar ar a laghad an spás idir plandaí sa tsraith chéanna.
Cleachtas fíoneolaíoch
Rialacha maidir le prúnáil
Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch
Modh fáis
Tuairisc
Tá an phrúnáil sainordaitheach. Déantar í ag céim na nduilleog oscailte (céim 9 Lorenz) ar a dhéanaí. Déantar fíniúnacha a chuirtear níos faide ná 0,80 méadar óna chéile i sraith a phrúnáil ag úsáid na modhanna seo a leanas leo: - prúnáil dhá chána, prúnáil Guyot dhúbailte nó prúnáil Médoc, agus cúig bhachlóg ar a mhéad i gceist in aghaidh an chána; - prúnáil Guyot shimplí nó prúnáil Guyot mheasctha, agus seacht mbachlóg ar a mhéad i gceist in aghaidh na fíniúna; - prúnáil spoir, feanphrúnáil chuig ceithre ghéag nó dhá thródam, agus 12 bhachlóg ar a mhéad i gceist in aghaidh na fíniúna, nó chuig tródam amháin, agus seacht mbachlóg ar a mhéad i gceist in aghaidh na fíniúna. I gcás fíniúnacha a chuirtear idir 0,70 m agus 0,80 m óna chéile i sraith, ceadaítear prúnáil chuig tródam amháin, feanphrúnáil chuig ceithre ghéag ar a mhéad agus prúnáil Guyot shimplí. Anuas air sin, níor cheart níos mó ná seacht mbachlóg a bheith i gceist in aghaidh na fíniúna.
Cleachtas fíoneolaíoch
Saibhriú
Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Tuairisc
Ceadaítear teicnící laghdúcháin saibhrithe suas le ráta tiúchana 15 %. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13 %.
7.2. Uastáirgeacht
Gach fíon / catagóir / cineál / cineál
Gach fíon
Uastáirgeacht:
|
Uastáirgeacht |
65 |
|
Aonad uastáirgeachta |
heictilítir in aghaidh an heicteáir |
8. Léiriú ar an gcineál nó ar na cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta
|
— |
Cabernet Franc N |
|
— |
Cabernet Sauvignon N |
|
— |
Carmenère N |
|
— |
Cot N — Malbec |
|
— |
Merlot N |
|
— |
Petit Verdot N |
9. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach sainithe
1. Limistéar geografach
Déantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus na fíonta a tháirgeadh agus a aosú ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2022: Arcins, Arsac, Avensan, Blanquefort, Castelnau-de-Médoc, Cissac-Médoc, Cussac-Fort-Médoc, Labarde, Lamarque, Listrac-Médoc, Ludon-Médoc, Macau, Margaux-Cantenac, Moulis-en-Médoc, Parempuyre, Pauillac, Le Pian-Médoc, Saint-Aubin-de-Médoc, Saint-Estèphe, Saint-Julien-Beychevelle, Saint-Laurent-Médoc, Saint-Médard-en-Jalles, Saint-Sauveur, Saint-Seurin-de-Cadourne, Sainte-Hélène, Soussans, Le Taillan-Médoc agus Vertheuil.
2. Limistéar dáileachta talún críochaithe
Ní mór na fíonta a dhéanamh as fíonchaora a fhástar ar dháileachtaí talún atá lonnaithe sa limistéar táirgeachta arna fhormheas ag an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité) ag cruinnithe an choiste náisiúnta ábhartha an 1 Meitheamh 1990, an 8 Meán Fómhair 1994, an 11 Feabhra 2004, an 16 Márta 2007, an 28 Meán Fómhair 2011, an 11 Meán Fómhair 2014, an 9 Meitheamh 2015, an 8 Meitheamh 2016, an 23 Samhain 2016, an 15 Feabhra 2018 agus an 3 Meitheamh 2021 agus ag a bhuanchoiste an 25 Márta 2014.
Cuireann an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta na léarscáileanna lena mbunaítear teorainneacha dháileachtaí talún an limistéir táirgeachta a formheasadh ar an gcaoi sin faoi bhráid hallaí baile na mbardas a liostaítear i mír 1.
10. Nasc leis an limistéar geografach
Catagóir an táirge fíniúna
|
1. |
Fíon |
Achoimre ar an nasc
Cumhdaítear leis an ATFC ‘Haut-Médoc’ bruach clé an Garonne agus an Gironde ag síneadh ó cheirtleán uirbeach Bordeaux. Síneann an limistéar ar feadh beagnach 50 ciliméadar idir Le Taillan-Médoc sa deisceart agus Saint-Seurin-de-Cadourne sa tuaisceart, agus thart ar 10 gciliméadar ón oirthear go dtí an iarthar. Mar sin tá cuid den limistéar geografach ag forluí ar limistéar geografach an ATFC ‘Médoc’ agus cumhdaítear leis na bardais taobh thuas d’inbhear Gironde, agus is as sin a fhaigheann sé a ainm. Cuimsíonn an limistéar 28 mbardas de roinn Gironde. Cé go bhfuil aeráid Atlantach ann den chuid is mó, tá bruacha aibhneacha ‘Haut-Médoc’ éagsúil ó bhardais Médoc atá suite níos faide ó thuaidh sa mhéid go mbíonn na luaineachtaí séasúracha agus an bháisteach níos measartha. Baineann na dálaí fabhracha aeráide sin leis an Aigéan Atlantach agus le Gironde, ar dobharlaigh iad atá ábalta teochtaí a rialú. Cruthaíonn an aeráid mhuirí, in éineacht le tréimhsí báistí agus brú íseal san fhómhar i gcás roinnt blianta, nó os a choinne sin, séasúir dhéanacha theo agus an-ghrianmhara, ‘éifeacht na bliana fíona’. Baineann príomhthréithe an limistéir, áfach, thar aon rud eile leis an ngeolaíocht ar saintréith í de chuid an imchuach dhríodair sin, agus le stair gheolaíochta faoi leith ithreacha an limistéir, lena thírdhreach agus a thopagrafaíocht, agus le comhdhéanamh ithreach reatha na bhfíonghort. Tá clú bainte amach ag fíonta Medoc ar fud an domhain a bhuí leis na glúnta fíonsaothraithe a bhain tairbhe go paiteanta as saintréithe speisialta na talún. Le himeacht ama, chuir mioneolas na saothróirí fíniúna ar na hithreacha, agus an sainúsáid a bhain siad as teicnící draenála chun tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht na n-ithreacha, ar a gcumas dóibh na modhanna fáis is fearr a fhorbairt chun fíonta dearga a tháirgeadh atá oiriúnach d’aosú. Níor athraigh an dul chun cinn atá déanta maidir le sláinte plandaí agus meicniúchán fíonghort diongbháilteacht na saothróirí fíniúna modhanna fáis a choinneáil ar bun a chuireann ar a gcumas dóibh fíonta dearga ar leith a bhfuil deacháilíochtaí coinneála i gceist leo a tháirgeadh. Go stairiúil, roghnaíodh na cineálacha fíniúna a úsáidtear chun fíonta ‘Haut-Médoc’ a tháirgeadh mar gheall ar a n-oiriúnacht chun fíonta a bhfuil deacháilíochtaí coinneála i gceist leo a tháirgeadh, trí chumasc cúramach. Mar sin coinníonn fíonsaothraithe Médoc cineálacha fíniúna sonracha le haghaidh cineálacha ithreach ar leith: Merlot N le haghaidh ithreach snaíochair, Carmenère N le haghaidh na n-ithreacha bochta tirime gairbhéil, Cabernet Franc N le haghaidh borrthaí cailcreacha nó ithreacha tirime gainmheacha, atá oiriúnach freisin don chineál Cot N, agus Petit Verdot N le haghaidh ithreacha láiste donna. Bíonn an-rath ar Cabernet Sauvignon N, an príomhchineál sa chumasc, in ithreacha doimhne gairbhéil. Éilíonn an éagsúlacht sin cur chuige roghnaitheach i leith bainistiú fíonghort, i dtéarmaí an spás idir sraitheanna a theorannú agus an t-ualach uasta in aghaidh na dáileachta talún agus in aghaidh an phlanda a rialú. Tá clú agus cáil fhíonta ‘Haut-Médoc’ nasctha go bunúsach lena aicmithe éagsúla traidisiúnta, is iad sin ‘cru’, ‘château’ agus fíonta ar ardchaighdeáin ar leibhéil éagsúla. In 1647, nuair a d’eisigh an ‘Jurade de Bordeaux’ an chéad rangú maidir le fíonta Guyenne riamh, bhí cáil na bhfíonta ó na paróistí Medoc bunaithe cheana féin. Rinneadh an rangú sin a bheachtú de réir réigiúin, faoi Louis XV, roinnte ar dtús de réir paróiste agus ansin de réir ‘cru’. Sa 19ú céad, tráth Thaispeántas Domhanda 1855, cuireadh rangú ‘crus’ Bordeaux ar bhonn foirmiúil le hAicmiú fhíonta Bordeaux. I measc nithe eile, tá clú fhíonta ‘Haut-Médoc’ nasctha leis na cúig ‘crus aicmithe’ a tháirgtear laistigh de limistéar geografach an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint. Sa 20ú céad, le haicmiú 1932 ‘crus bourgeois’ Médoc, áiríodh 444 fhíon a aicmíodh mar ‘cru’, 153 díobh a bhaineann leis an ATFC ‘Haut-Médoc’. Is fíonta tainneacha iad fíonta ‘Haut-Médoc’ a mbíonn dath dúdhearg orthu, déantar iad de ghnáth trí chineálacha fíniúna éagsúla a chumasc. Tugann Cabernet Sauvignon N, arb é an príomhchineál é de ghnáth, mionbholaithe spíosracha don fhíon a chumascann go foirfe leis na mionbholaithe fanaile a tháirgtear trí aosú i mbairillí, ar cleachtas é atá níos forleithne ná mar atá i gceist i gcás fhíonta an ATFC ‘Médoc’. Leis an gcineál Merlot N faightear fíonta maothlacha, boga ar a mbíonn dea-bholaithe torthaí dearga. Cuireann Cabernet Franc N agus Petit Verdot N le struchtúr agus le castacht na bhfíonta, agus cuireann siad úire leo freisin i mblianta dea-aibíochta i gcás Petit Verdot N. Déantar na fíniúnacha a bhainistiú chun fíonchaora an-aibí agus sláintiúla a fháil lena ngabhann táirgeacht rialaithe. Is féidir fíonta níos tiubhaithe a fháil mar thoradh ar thréimhsí fada maothaithe. Tá aosú fíor-riachtanach mar sin chun blas níos séimhe a bhaint amach. Tá cáilíochtaí aosaithe den scoth ag fíonta ‘Haut-Médoc’.
11. Tuilleadh ceanglas is infheidhme
Teideal an cheanglais/an mhaolaithe
An limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe
Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú
Tá an limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir le fíonóireacht, chomhdhéanta de chríoch na mbardas seo a leanas de roinn Gironde, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil atá i bhfeidhm an 1 Márta 2024: Bégadan, Blaignan-Prignac, Civrac-en-Médoc, Couquèques, Gaillan-en-Médoc, Jau-Dignac-et-Loirac, Lesparre-Médoc, Naujac-sur-Mer, Ordonnac, Queyrac, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Yzans-de-Médoc, Valeyrac agus Vensac.
Teideal an cheanglais/an mhaolaithe
An limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe
Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú
Is éard atá sa limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir le forbairt agus aosú na bhfíonta, críoch na mbardas seo a leanas i roinn Aude, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024: Abzac, Aillas, Ambarès-et-Lagrave, Ambès, Anglade, Arbanats, Les Artigues-de-Lussac, Artigues-près-Bordeaux, Arveyres, Asques, Aubiac, Auriolles, Auros, Ayguemorte-Les-Graves, Bagas, Baigneaux, Barie, Baron, Barsac, Bassanne, Bassens, Baurech, Bayas, Bayon-sur-Gironde, Bazas, Beautiran, Bégadan, Bègles, Béguey, Bellebat, Bellefond, Belvès-de-Castillon, Bernos-Beaulac, Berson, Berthez, Beychac-et-Caillau, Bieujac, Les Billaux, Birac, Blaignac, Blaignan-Prignac, Blasimon, Blaye, Blésignac, Bommes, Bonnetan, Bonzac, Bordeaux, Bossugan, Bouliac, Bourdelles, Bourg, Le Bouscat, Branne, Brannens, Braud-et-Saint-Louis, La Brède, Brouqueyran, Bruges, Budos, Cabanac-et-Villagrains, Cabara, Cadarsac, Cadaujac, Cadillac, Cadillac-en-Fronsadais, Camarsac, Cambes, Camblanes-et-Meynac, Camiac-et-Saint-Denis, Camiran, Camps-sur-l’Isle, Campugnan, Canéjan, Capian, Caplong, Carbon-Blanc, Cardan, Carignan-de-Bordeaux, Cars, Cartelègue, Casseuil, Castelmoron-d’Albret, Castelviel, Castets et Castillon, Castillon-la-Bataille, Castres-Gironde, Caudrot, Caumont, Cauvignac, Cavignac, Cazats, Cazaugitat, Cénac, Cenon, Cérons, Cessac, Cestas, Cézac, Chamadelle, Civrac-de-Blaye, Civrac-sur-Dordogne, Civrac-en-Médoc, Cleyrac, Coimères, Coirac, Comps, Coubeyrac, Couquèques, Courpiac, Cours-de-Monségur, Cours-les-Bains, Coutras, Coutures, Créon, Croignon, Cubnezais, Cubzac-les-Ponts, Cudos, Cursan, Daignac, Dardenac, Daubèze, Dieulivol, Donnezac, Donzac, Doulezon, Les Eglisottes-et-Chalaures, Escoussans, Espiet, Les Esseintes, Etauliers, Eynesse, Eyrans, Eysines, Faleyras, Fargues, Fargues-Saint-Hilaire, Le Fieu, Flaujagues, Floirac, Floudès, Fontet, Fossés-et-Baleyssac, Fours, Francs, Fronsac, Frontenac, Gabarnac, Gaillan-en-Médoc, Gajac, Galgon, Gans, Gardegan-et-Tourtirac, Gauriac, Gauriaguet, Générac, Génissac, Gensac, Gironde-sur-Dropt, Gornac, Gours, Gradignan, Grayan-et-l’Hôpital, Grézillac, Grignols, Guillac, Guillos, Guîtres, Le Haillan, Haux, Hure, Illats, Isle-Saint-Georges, Izon, Jau-Dignac-et-Loirac, Jugazan, Juillac, Labescau, Ladaux, Lados, Lagorce, Lalande-de-Pomerol, Lamothe-Landerron, La Lande-de-Fronsac, Landerrouat, Landerrouet-sur-Ségur, Landiras, Langoiran, Langon, Lansac, Lapouyade, Laroque, Laruscade, Latresne, Lavazan, Léogeats, Léognan, Lesparre-Médoc, Lestiac-sur-Garonne, Les Lèves-et-Thoumeyragues, Libourne, Lignan-de-Bazas, Lignan-de-Bordeaux, Ligueux, Listrac-de-Durèze, Lormont, Loubens, Loupes, Loupiac, Loupiac-de-la-Réole, Lugaignac, Lugasson, Lugon-et-l’Ile-du-Carnay, Lussac, Madirac, Maransin, Marcenais, Margueron, Marimbault, Marions, Marsas, Martignas-sur-Jalle, Martillac, Martres, Masseilles, Massugas, Mauriac, Mazères, Mazion, Mérignac, Mérignas, Mesterrieux, Mombrier, Mongauzy, Monprimblanc, Monségur, Montagne, Montagoudin, Montignac, Montussan, Morizès, Mouillac, Mouliets-et-Villemartin, Moulon, Mourens, Naujac-sur-Mer, Naujan-et-Postiac, Néac, Nérigean, Neuffons, Le Nizan, Noaillac, Noaillan, Omet, Ordonnac, Paillet, Les Peintures, Pellegrue, Périssac, Pessac, Pessac-sur-Dordogne, Petit-Palais-et-Cornemps, Peujard, Le Pian-sur-Garonne, Pineuilh, Plassac, Pleine-Selve, Podensac, Pomerol, Pompéjac, Pompignac, Pondaurat, Porchères, Porte-de-Benauge, Portets, Le Pout, Préchac, Preignac, Prignac-et-Marcamps, Pugnac, Puisseguin, Pujols, Pujols-sur-Ciron, Le Puy, Puybarban, Puynormand, Queyrac, Quinsac, Rauzan, Reignac, La Réole, Rimons, Riocaud, Rions, La Rivière, Roaillan, Romagne, Roquebrune, La Roquille, Ruch, Sablons, Sadirac, Saillans, Saint-Aignan, Saint-André-de-Cubzac, Saint-André-du-Bois, Saint-André-et-Appelles, Saint-Androny, Saint-Antoine-du-Queyret, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Saint-Aubin-de-Branne, Saint-Avit-de-Soulège, Saint-Avit-Saint-Nazaire, Saint-Brice, Saint-Caprais-de-Bordeaux, Saint-Christoly-de-Blaye, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Christophe-des-Bardes, Saint-Cibard, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-de-Canesse, Saint-Ciers-sur-Gironde, Saint-Côme, Saint-Denis-de-Pile, Saint-Emilion, Saint-Etienne-de-Lisse, Saint-Exupéry, Saint-Félix-de-Foncaude, Saint-Ferme, Saint-Genès-de-Blaye, Saint-Genès-de-Castillon, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Genès-de-Lombaud, Saint-Genis-du-Bois, Saint-Germain-de-Grave, Saint-Germain-de-la-Rivière, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Germain-du-Puch, Saint-Gervais, Saint-Girons-d’Aiguevives, Saint-Hilaire-de-la-Noaille, Saint-Hilaire-du-Bois, Saint-Hippolyte, Saint-Jean-de-Blaignac, Saint-Jean-d’Illac, Saint-Laurent-d’Arce, Saint-Laurent-des-Combes, Saint-Laurent-du-Bois, Saint-Laurent-du-Plan, Saint-Léon, Saint-Loubert, Saint-Loubès, Saint-Louis-de-Montferrand, Saint-Macaire, Saint-Magne-de-Castillon, Saint-Maixant, Saint-Mariens, Saint-Martial, Saint-Martin-de-Laye, Saint-Martin-de-Lerm, Saint-Martin-de-Sescas, Saint-Martin-du-Bois, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Martin-Lacaussade, Saint-Médard-de-Guizières, Saint-Médard-d’Eyrans, Saint-Michel-de-Fronsac, Saint-Michel-de-Lapujade, Saint-Michel-de-Rieufret, Saint-Morillon, Saint-Palais, Saint-Pardon-de-Conques, Saint-Paul, Saint-Pey-d’Armens, Saint-Pey-de-Castets, Saint-Philippe-d’Aiguille, Saint-Philippe-du-Seignal, Saint-Pierre-d’Aurillac, Saint-Pierre-de-Bat, Saint-Pierre-de-Mons, Saint-Quentin-de-Baron, Saint-Quentin-de-Caplong, Saint-Romain-la-Virvée, Saint-Sauveur-de-Puynormand, Saint-Savin, Saint-Selve, Saint-Seurin-de-Bourg, Saint-Seurin-de-Cursac, Saint-Seurin-sur-l’Isle, Saint-Sève, Saint-Sulpice-de-Faleyrens, Saint-Sulpice-de-Guilleragues, Saint-Sulpice-de-Pommiers, Saint-Sulpice-et-Cameyrac, Saint-Trojan, Saint-Vincent-de-Paul, Saint-Vincent-de-Pertignas, Saint-Vivien-de-Blaye, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Vivien-de-Monségur, Saint-Yzan-de-Soudiac, Saint-Yzans-de-Médoc, Sainte-Colombe, Sainte-Croix-du-Mont, Sainte-Eulalie, Sainte-Florence, Sainte-Foy-la-Grande, Sainte-Foy-la-Longue, Sainte-Gemme, Sainte-Radegonde, Sainte-Terre, Salaunes, Salleboeuf, Les Salles-de-Castillon, Samonac, Saucats, Saugon, Sauternes, La Sauve, Sauveterre-de-Guyenne, Sauviac, Savignac, Savignac-de-l’Isle, Semens, Sendets, Sigalens, Sillas, Soulac-sur-Mer, Soulignac, Soussac, Tabanac, Taillecavat, Talais, Talence, Targon, Tarnès, Tauriac, Tayac, Teuillac, Tizac-de-Curton, Tizac-de-Lapouyade, Toulenne, Le Tourne, Tresses, Uzeste, Val-de-Livenne, Val de Virvée, Valeyrac, Vayres, Vendays-Montalivet, Vensac, Vérac, Verdelais, Le Verdon-sur-Mer, Vignonet, Villandraut, Villegouge, Villenave-de-Rions, Villenave-d’Ornon, Villeneuve, Virelade, Virsac agus Yvrac.
Teideal an cheanglais/an mhaolaithe
Aonad geografach níos mó
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú
Féadfar an t-aonad geografach níos mó ‘Vin de Bordeaux – Médoc’ nó ‘Grand Vin de Bordeaux – Médoc’ a shonrú ar an lipéad. Ní fhéadfaidh méid na litreacha a úsáidtear a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena litrítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint.
Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-f1b84e6a-7c8c-4bdb-916f-9cae0b31ba08
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1163/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)