Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026AT40840

Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — Cás AT.40840 – Gucci

C/2025/6810

IO C, C/2026/1006, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1006/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1006/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1006

23.2.2026

Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)

Cás AT.40840 – Gucci

(C/2026/1006)

(1)   

Baineann an dréachtchinneadh a dhírítear chuig Guccio Gucci S.p.A. agus a mháthairchuideachta Kering S.A. (dá ngairtear ‘Gucci’ go comhpháirteach sa tuarascáil seo) le sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101 CFAE agus ar Airteagal 53 de Chomhaontú LEE in earnáil an fhaisin ardleibhéil, trí (a) straitéis cothabhála praghsanna athdhíola uile-chuideachta a chur chun feidhme i leith miondíoltóirí neamhspleácha ar líne agus as líne, sa tréimhse ón 30 Aibreán 2015 go dtí an 18 Aibreán 2023 agus (b) srianta díolacháin ar líne a fhorchur ar mhiondíoltóirí maidir leis an mála láimhe ‘Diana’, mar a thugtar air, sa tréimhse ón 8 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021.

(2)   

Le cinneadh an 4 Iúil 2024, thionscain an Coimisiún imeachtaí de bhun Airteagal 11(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 agus Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún2 (2) sa chás seo.

(3)   

An [...], tar éis roinnt babhtaí malartuithe leis an Ard-Stiúrthóireacht um Iomaíocht sa Choimisiún, chuir Gucci iarraidh fhoirmiúil isteach ar shocraíocht faoin nós imeachta comhair (an ‘Aighneacht’). Bhí an méid seo a leanas san Aighneacht:

admháil, i dtéarmaí soiléire agus doshéanta, ar dhliteanas comhpháirteach agus leithleach Guccio Gucci S.p.A. agus Kering S.A. i leith an tsáraithe a thuairiscítear san Aighneacht,

léiriú ar an bhfíneáil uasta lena nglacfadh Gucci i gcomhthéacs an nós imeachta comhair,

ráiteas gur cuireadh Gucci ar an eolas go leordhóthanach faoi na hagóidí a bhí beartaithe ag an gCoimisiún a ardú ina aghaidh agus gur tugadh deis leordhóthanach dó a thuairimí a chur in iúl don Choimisiún le linn na bpléití roimhe sin,

ráiteas go raibh rochtain ag Gucci ar an bhfianaise a thacaíonn leis na hagóidí agus go raibh deis leordhóthanach aige rochtain a fháil ar aon doiciméid eile i gcomhad an Choimisiúin, agus nach raibh sé beartaithe aige tuilleadh rochtana ar na doiciméid sa chomhad a iarraidh ná éisteacht a fháil arís i bhfoirm éisteacht ó bhéal, ach amháin murar léiríodh ábhar na hAighneachta i gconclúidí an Choimisiúin a leagtar amach sa ráiteas agóidí atá le teacht, agus

comhaontú Gucci an ráiteas agóidí agus an cinneadh deiridh de bhun Airteagail 7 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a fháil i mBéarla.

(4)   

An 3 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí a díríodh chuig Gucci. D’fhreagair Gucci an 15 Iúil 2025 agus dheimhnigh sé go gcomhfhreagraíonn an ráiteas agóidí d’ábhar a Aighneachta agus d’athdhearbhaigh sé a ghealltanas an nós imeachta comhair a leanúint.

(5)   

Tá an sárú a aimsíodh agus an fhíneáil a gearradh sa dréachtchinneadh ag freagairt don sárú a admhaíodh agus don fhíneáil ar glacadh léi san Aighneacht. Laghdaítear méid na fíneála ar an bhforas gur chomhoibrigh Gucci leis an gCoimisiún ar bhealaí éagsúla.

(6)   

Níor chuir Gucci aon ghearán ná aon iarraidh chugam i ndáil leis na himeachtaí seo.

(7)   

De bhun Airteagal 16 de Chinneadh 2011/695/AE, tá scrúdú déanta agam an mbaineann an dréachtchinneadh le hagóidí a bhfuil an deis tugtha do Gucci a chuid tuairimí a chur in iúl ina leith, agus leis na hagóidí sin amháin. Tháinig mé ar an gconclúid go mbaineann.

(8)   

Mar gheall ar an méid thuas, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach na gceart nós imeachta sa chás seo.

An Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2025

Dorothe DALHEIMER

An tOifigeach Éisteachta


(1)  De bhun Airteagal 16 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le stiúradh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1006/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top